Beartas iomaíochta

Bileoga Eolais AE 11-12-2023

Is é is príomhchuspóir le rialacha iomaíochta an Aontais feidhmiú cuí mhargadh inmheánach an Aontais a áirithiú. Is é is aidhm don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) srianta agus saobhadh iomaíochta a chosc, amhail mí-úsáid ceannasachta, comhaontuithe frithiomaíocha agus cumaisc agus éadálacha má laghdaíonn siad an iomaíocht. Thairis sin, tá toirmeasc ar Státchabhair nuair a bhíonn saobhadh ar an iomaíocht dá barr, ach is féidir í a údarú i gcásanna áirithe.