Na Conarthaí agus Parlaimint na hEorpa 

Leis an gcéad Chonradh a síníodh sa bhliain 1951, cuireadh an Tionól Parlaiminteach ar bun agus athainmníodh ina dhiaidh sin é mar Pharlaimint na hEorpa. Ba é cuspóir an Chonartha bunaidh go n-oibreodh sé thír, a raibh cogadh eatarthu roimhe sin, as lámha a chéile chun comh-aidhmeanna a bhaint amach. Aontaíodh réimsí nua i gConarthaí ina dhiaidh sin ina bhféadfaí oibriú as lámha a chéile nó rinneadh na Conarthaí sin a cheapadh ar shlí a chuirfeadh feabhas ar an gcaoi a raibh institiúidí AE ag oibriú, de réir mar a d'fhás líon na mBallstát ó shé go dtí 28. Mar shampla, tugadh isteach beartas talmhaíochta i gConradh CEE agus rinneadh athchóiriú ar struchtúr institiúideach AE i gConradh Nice.

Feidhmíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Iniúchóirí a gcumhachtaí i gcomhréir leis na Conarthaí. Meastar gurb é an Coimisiún ‘Caomhnóir na gConarthaí’. Nuair atá conradh nua le cruthú, nó nuair atá conradh atá cheana ann le leasú, cuirtear Comhdháil Idir-rialtasach (CIR) ar bun ina dtagann rialtais na mBallstát le chéile. Téitear i gcomhairle leis an bParlaimint agus tugann sí a tuairim uaithi maidir leis an gConradh de réir mar atá sé á mhúnlú agus á fhorbairt.

Tháinig méadú leanúnach ar na cumhachtaí daonlathais, maoirseachta agus reachtacha a fuair an Pharlaimint le gach Conradh nua. Le Conradh na Bruiséile (a síníodh i 1975), fuair an Pharlaimint an ceart cuntais AE a ghrinnscrúdú ag deireadh gach bliana agus a mheas cibé ar chaith an Coimisiún buiséad AE ar bhealach stuama agus ceart. Cuireadh forálacha nua isteach leis an Ionstraim Eorpach Aonair (Conradh a síníodh i 1986), rud a d'áirithigh go raibh aontú na Parlaiminte riachtanach sula bhféadfadh tír nua a theacht isteach in AE. Thug Conradh Amstardam (a síníodh i 1997) seasamh i bhfad níos láidre don Pharlaimint a mhéid a bhain leis an gcomhreachtú leis an gComhairle i raon iomlán réimsí a bhí faoi réir dhlí AE (cosaint an tomhaltóra, an cumas oibriú go dlíthiúil i dtír eile agus saincheisteanna comhshaoil, gan ach cúpla ceann a lua).

Tháinig an conradh is deireanaí, Conradh Liospóin, i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

Neartaíonn sé Parlaimint na hEorpa, tugann sé tuilleadh freagrachta do na parlaimintí náisiúnta a mhéid a bhaineann lena chinneadh cén chúrsa a ghlacfaidh an beartas Eorpach, agus tugann sé an deis do shaoránaigh AE leas a bhaint as cumhacht tionscnaimh i gcás na reachtaíochta. Méadaíonn Conradh Liospóin cumhachtaí na Parlaiminte sa mhéid go ndéantar comhreachtóir lán-aitheanta di ag a bhfuil cumhachtaí buiséadacha méadaithe. Tugann sé ról lárnach don Pharlaimint freisin i dtoghadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Ról na Parlaiminte i mórimeachtaí stairiúla

Céard í an ról a bhí ag Parlaimint na hEorpa i gcinn de na himeachtaí is tábhachtaí i stair an AE? Déan amthaisteal siar agus faigh amach faoi na hathruithe sin: bunú an euro (1998), an chéad uair a raibh fiosrúcháin na Parlaiminte ina gcúis le titim an Choimisiúin Eorpaigh (1999), síniú Chairt um Chearta Bunúsacha an AE (2000) agus méadú an AE sna blianta 2004 agus 2007. Faigh léargas ar na himeachtaí seo le doiciméid ón ré sin.