Ardrúnaíocht 

Is é an Biúró a tharraingíonn suas plean bunaíochta na hArdrúnaíochta agus na rialacha riaracháin inmheánacha d’oifigigh agus do dhaoine eile den fhoireann. De ghnáth, is iad fostaithe na Rúnaíochta na hoifigigh sin a earcaítear ar mhodh comórtais ó gach ceann de thíortha AE. Fónann siad do Pharlaimint na hEorpa.

Is é atá i gcúram na Rúnaíochta ná obair reachtach a chomhordú agus suíonna iomlánacha agus cruinnithe a eagrú. Ina theannta sin, déanann sí cúnamh teicniúil agus cúnamh ó shaineolaithe a sholáthar do chomhlachtaí parlaiminteacha agus d’Fheisirí den Pharlaimint chun tacú leo le linn a sainordú a fheidhmiú. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa seirbhís atá go hiomlán ilteangach a sholáthar freisin do gach suí iomlánach agus do gach cruinniú.

Contact: 

  • Brussels 
    Contact data:  
    • Address:

      Rue Wiertz 60 - Wiertzstraat 60
      B-1047 Bruxelles - B-1047 Brussel
      Building: SPAAK 11B11

    • +32 2 28 4 21 11 (BE) 
  • Luxembourg 
    Contact data:  
    • Address:

      Plateau du Kirchberg
      B.P. 1601
      L-2929 Luxembourg
      Building: ADENAUER 07A010

    • +352 4300 10 (LU) 
  • Strasbourg 
    Contact data:  
    • Address:

      1, Avenue du Président Robert Schuman
      CS 91024
      F-67070 Strasbourg cedex
      Building: WEISS 14064

    • +33 3 88 17 40 10 (FR)