Deiseanna fostaíochta: Conas iarratas a dhéanamh 

Fostaíonn an Pharlaimint baill foirne faoi choinníollacha conarthacha éagsúla, de réir mar a roghnaítear iad agus de réir na hoibre a dhéanann siad: oifigigh, gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh, agus cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe. Léigh ar aghaidh chun tuilleadh eolais a fháil!

  • Is féidir leat na deiseanna gairme reatha uile atá sonrach do Pharlaimint na hEorpa a aimsiú agus iarratas a chur isteach orthu tríd an ardán APPLY4EP atá againn.

    Is féidir leat a chur in iúl dúinn freisin gur spéis leat a bheith ag obair do Pharlaimint na hEorpa trí iarratas gan choinne a dhéanamh ar an ardán APPLY4EP.

    Féadann tú a bheith cinnte de go ndéanfar do shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

    Déanann an Pharlaimint tréimhsí oiliúna cúig mhí a eagrú dhá uair in aghaidh na bliana freisin.