Na seomraí tionóil

Suíonn na 705 Feisire sna Seomraí Tionóil in Strasbourg agus sa Bhruiséil sna seisiúin iomlánacha.

Grianghraf den seomra tionóil

Conas a leagtar amach na suíocháin?

Is í Comhdháil na nUachtarán a chinnfidh na rialacha lena rialaítear cionroinnt na suíochán i ngach seomra tionóil:

  • Déantar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a ghrúpáil de réir a gcleamhnachta polaitíochta agus ní de réir a náisiúntachta.
  • Bíonn ceannairí na ngrúpaí polaitiúla ina suí sa líne tosaigh den chiorcal os comhair Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.
  • Is ar an tríú sraith atá oifigigh áirithe (Leas-Uachtaráin agus Caestóirí).
  • Leanann dáileadh na n-áiteanna eile laistigh de na grúpaí polaitiúla go ginearálta an ord aibítre.

Pleananna do na Seomraí Tionóil

Folaíonn an dá phlean:

  • liosta uimhrithe a léiríonn an comhghaol idir uimhir an tsuíocháin agus ainm an fheisire atá i seilbh an tsuíocháin sin.
  • liosta in ord aibítre de na feisirí agus uimhir an tsuíocháin, a shanntar dóibh.

Bíonn difríocht idir uimhreacha na suíochán in Strasbourg agus sa Bhruiséil agus, ó am go chéile, féadfaidh comhalta suí in áit eile ar chúiseanna teicniúla nó eagrúcháin.

Déantar na liostaí seo a nuashonrú do gach páirtseisiúin.

Teagmháil

Eolas agus doiciméid tosaíochta