Tuarascáil - A8-0198/2019Tuarascáil
A8-0198/2019

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach

7.5.2019 - (COM(2018)0394 – C8‑0246/2018 – 2018/0218(COD)) - ***I

An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe
Rapóirtéir: Eric Andrieu


Nós Imeachta : 2018/0218(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0198/2019

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach

(COM(2018)0394 – C8‑0246/2018 – 2018/0218(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0394),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 43(2), 114, 118 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0246/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018[1],

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018[2],

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, do na tuairimí agus seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0198/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ (“Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta”) an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta (“CBT”) tar éis 2020. Ar na cuspóirí seo tá, inter alia, an gá atá ann an Comhbheartas Talmhaíochta a bheith dírithe níos mó ar thorthaí a bhaint amach, ar bhorradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena n-áirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, agus ar chuidiú le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin sin a bhíonn ar thairbhithe ar ualach é a thagann de reachtaíocht an Aontais.

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ (“Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta”) an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) todhchaíoch i ndiaidh 2020. Ar na cuspóirí seo áirítear, inter alia, an gá atá ann go mbeadh CBT dírithe níos mó ar thorthaí a bhaint amach agus faoin CBT go ndéanfaí, ag teacht le Clár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe agus le Comhaontú Aeráide Pháras, borradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena n-áirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta, comhshaoil agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe (lena n-áirítear trí fhócas méadaithe ar agrathalmhaíocht), go ndéanfadh sé maolú ar dhramhaíl bia agus oideachas i dtaobh nósanna sláintiúla itheacháin a chur chun cinn, go dtáirgfí bia folláin agus go gcuideofaí le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhíonn ar thairbhithe agus a thagann as reachtaíocht an Aontais. Cuireann an Coimisiún gné dhomhanda CBT i bhfáth freisin agus luann sé gealltanas an Aontais chun Comhtháthú Beartais ar Mhaithe le Forbairt Inbhuanaithe (PCSD) a fheabhsú.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)  Is é an toradh a bheidh ar chomhaontuithe trádála a fhorbairt ná, ar thaobh amháin, iomaíocht mhéadaithe idir táirgeoirí talmhaíochta ar an gcoigríoch ach fós, ag an am céanna, deiseanna nua a bheith á n-oscailt suas dóibh. Chun iomaíocht chóir a choinneáil agus chun cómhalartacht i dtrádáil idirnáisiúnta a áirithiú, ba cheart don Aontas, faoi réir na cómhalartachta, caighdeáin táirgthe atá ag luí leis na caighdeáin sin atá bunaithe dá chuid táirgeoirí féin a fhorfheidhmiú, go háirithe sna réimsí comhshaoil agus sláinte.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt an Chomhbheartais Talmhaíochta do na dúshláin agus do na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus ar leibhéal an Aontais, ní mór rialachas an Chomhbheartais Talmhaíochta a chomhchuibhiú agus an chaoi a seachadann sé cuspóirí an Aontais a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin a laghdú go suntasach. I gComhbheartas Talmhaíochta atá bunaithe ar fheidhmíocht a sheachadadh (“an tsamhail seachadta”), ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus na bunriachtanais, agus san am céanna ba cheart freagracht níos mó a bheith ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus a mbainfidh siad spriocanna amach. Le coimhdeacht fheabhsaithe, féadtar na dálaí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh ar dhóigh níos fearr, agus ar an dóigh sin an tacaíocht a chur in oiriúint ionas go rannchuideofaí, ar an dóigh is mó is féidir, le cuspóirí an Aontais.

(2)  Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt CBT do na dúshláin agus do na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar an leibhéal an Aontais, ar na leibhéil idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus ar leibhéal na feirme, is gá rialachas CBT a shruthlíniú agus feabhas a chur ar an gcaoi a seachadann sé cuspóirí an Aontais, agus an t-ualach riaracháin a laghdú go suntasach. In CBT atá bunaithe ar fheidhmíocht a seachadadh (‘an tsamhail seachadta’), á mheabhrú gurb é an cuspóir atá mar phríomhfhócas ná ioncam inbhuanaithe a sholáthar do tháirgeoirí, ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí CBT agus na bunriachtanais, agus ag an am céanna go mbeadh freagracht níos mó ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus a mbainfidh siad spriocanna amach. Le coimhdeacht fheabhsaithe, is indéanta na dálaí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh ar dhóigh níos fearr tríd an tacaíocht a shainoiriúnú ionas go n-uasmhéadófar an rannchuidiú le cuspóirí an Aontais.

Réasúnú

Cé go bhféadfaí níos mó neamhspleáchais a thabhairt do na Ballstáit maidir leis an gcaoi a leithdháileann siad maoinithe CBT, tá córas míchothrom limistéarbhunaithe fós in úsáid ag cuid díobh, gan aon chuntas orthu siúd is mó ar an anás, na feirmeoirí níos lú.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)  Mar sin féin, le luaineacht mhéadaitheach i bpraghsanna agus titim ar ioncaim na bhfeirmeoirí, atá géaraithe le fócas mhéadaitheach CBT ar margaí, tá gá anois le hionstraimí poiblí nua a chruthú chun soláthar a rialáil ar shlí a fhágfaidh go ndéanfar dáileadh cothrom ar tháirgíocht idir tíortha agus feirmeoirí a áirithiú.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Chun comhleanúnachas an Chomhbheartais Talmhaíocht a áirithiú, ba chóir idirghabhálacha CBT uile na todhchaí a bheith ina gcuid de phlean tacaíochta straitéiseach a mbeadh mar chuid de, freisin, idirghabhálacha áirithe de réir earnála a leagadh síos cheana le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10.

(3)  Chun comhleanúnachas CBT a áirithiú, ba cheart do gach idirghabháil den CBT todhchaíoch prionsabail na forbartha inbhuanaithe, an chomhionannais inscne agus na gceart bunúsach a urramú, agus ba cheart go mbeadh na prionsabail sin ina gcuid de phlean tacaíochta straitéiseach ina mbeadh idirghabhálacha áirithe de réir earnála mar a leagadh síos cheana i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10.

_________________

_________________

10 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007) ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

10 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007) ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)  Chun bunús a chur le cuspóirí CBT arna bhunú le hAirteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus lena áirithiú go rachaidh an tAontas i ngleic go leormhaith leis na dúshláin is déanaí atá roimhe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tacar de chuspóirí ginearálta lena léirítear na treochtaí a thugtar sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta”. Gan dochar do na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpleananna straitéiseacha CBT, ba cheart sraith de chuspóirí sonracha breise i leith chomheagrú na margaí talmhaíochta a bhunú freisin.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo cuspóirí sonracha i leith chomheagrú na margaí talmhaíochta a leagan síos agus ba cheart é a léamh in éineacht leis an moladh le haghaidh Airteagal 1a nua.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Leagtar amach, in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, sainmhínithe áirithe a bhaineann le hearnálacha atá faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Na sainmhínithe a bhaineann leis an earnáil siúcra a leagtar amach i Roinn B de Chuid II den Iarscríbhinn sin, ba chóir iad a scriosadh aisti óir níl siad infheidhme a thuilleadh. Chun nuashonrú a dhéanamh ar shainmhínithe a bhaineann le hearnálacha eile a dtagraítear dóibh san Iarscríbhinn sin, nuashonrú a thabharfadh san áireamh faisnéis nua eolaíochtúil nó nuafhorbairt ar na margaí, ba chóir, ar feadh a mbaineann le leasú na sainmhínithe sin, an chumhacht le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún. Tá tábhacht ar leith leis go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar an leibhéal saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á ndréachtú aige, ba chóir don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach tráthúil iomchuí. Dá bhrí sin, an cumhachtú leithleach sin chun leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar shíoróip ionúiline a tharmligtear don Choimisiúin trí bhíthin phointe 4 de roinn A de Chuid II den Iarscríbhinn sin, ba chóir é a scriosadh.

(4)  In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, leagtar amach sainmhínithe áirithe a bhaineann le hearnálacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Na sainmhínithe a bhaineann leis an earnáil siúcra a leagtar amach i Roinn B de Chuid II den Iarscríbhinn sin, ba chóir iad a scriosadh mar nach bhfuil siad infheidhme a thuilleadh. Chun nuashonrú a dhéanamh ar shainmhínithe a bhaineann le hearnálacha eile dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin, i bhfianaise faisnéis nua eolaíochtúil nó nuafhorbairtí sna margaí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na sainmhínithe sin a nuashonrú, ach gan aon cheann nua a chur isteach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart go scriosfaí an cumhachtú leithleach atá tarmligthe chuig an gCoimisiún i bpointe 4 de Roinn A de chuid II den Iarscríbhinn chun leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar shíoróip ionúiline.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo a shoiléiriú gurb é cuspóir an chumhachtaithe sin ná nuashonrú a dhéanamh ar na sainmhíniú mar léiriú ar fhorbairtí sa mhargadh a mhéid is indéanta sin.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  I bhfianaise an laghdaithe a tháinig sna blianta 2014–2017 ar an achar a bhí faoi phlandáil fíniún i roinnt de na Ballstáit, agus i bhfianaise an chaillteanais táirgeachta a d’fhéadfadh teacht dá dheasca sin, ba chóir go bhféadfadh na Ballstáit, agus an t-achar maidir le húdaruithe i gcomhair planduithe nua dá dtagraítear in Airteagal 63(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 á bhunú, rogha a dhéanamh idir an bonn atá ann agus bonn arbh é a bheadh ann céatadán den achar iomlán a bhí faoi phlandáil fíniún ina gcríocha ar 31 Iúil 2015 agus é sin arna mhéadú leis an achar talún arna shocrú de réir na gcearta plandála a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1234/2007 agus a bhí ar fáil ar 1 Eanáir 2016 lena choinbhéartú ina údaruithe sna Ballstáit lena mbaineann.

(8)  Gan baint den fhíoras gurb é a leanfadh as méadú ró-mhear ar an líon planduithe fíniúnacha nua chun freastal ar an bhfás atáthar ag dréim leis san éileamh idirnáisiúnta ná, arís eile, cás ina mbeadh barrachas soláthair ann sa mheántéarma, is gá an laghdú a tháinig sna blianta 2014–2017 ar an limistéar iarbhír a bhí faoi phlandáil fíniúnacha i roinnt de na Ballstáit a chur san áireamh, chomh maith leis an gcaillteanais táirgeachta a d’fhéadfadh teacht dá dheasca sin, nuair a bheidh an limistéar le haghaidh údaruithe i gcomhair planduithe nua dá dtagraítear in Airteagal 63(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 á bhunú. Ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann rogha a dhéanamh idir an bonn atá cheana ann agus céatadán den limistéar iomlán a bhí faoi phlandáil fíniúnacha ina gcríoch amhail an 31 Iúil 2015 arna mhéadú leis an achar a fhreagraíonn do na cearta plandála faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus a bhí ar fáil sa Bhallstát i dtrácht an 1 Eanáir 2016 lena thiontú ina údaruithe.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo béim a chur ar an gcás as ar lean cothabháil inbhuanaithe córais le haghaidh planduithe a údarú san earnáil fíona.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a)  Chun freagairt do chásanna d’imchéimniú na rialacha nach bhforáiltear dóibh sa Rialachán seo, ba cheart na Ballstáit a údarú chun bearta a ghlacadh ionas go seachnófar imchéimniú na gcritéar incháilitheachta nó tosaíochta ag iarratasóirí ar údaraithe sa chás nach bhfuil na gníomhaíochtaí cuimsithe cheana sna forálacha sonracha frith-imchéimniúcháin a leagtar síos sa Rialachán seo i ndáil leis na critéir shonracha incháilitheachta agus tosaíochta.

Réasúnú

Ba cheart an leasú seo a léamh in éineacht leis na leasuithe atá tugtha isteach i leith Airteagail 63 agus 64 lena n-údaraítear do na Ballstáit a gcumhacht rialála a fheidhmiú chun a áirithiú nach bhféachfann oibreoirí le bearta sriantacha a imchéimniú, ar láimh amháin, agus critéir incháilitheachta agus tosaíochta, ar na láimh eile.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Ba chóir modhnú a dhéanamh ar na rialacha lena ndéanann na Ballstáit rangú ar chineál na gcaor fíniúna ionas go dtabharfaí san áireamh iontu na cineálacha caor fíniúna Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton agus Herbemont, cineálacha nach raibh san áireamh cheana. Chun a áirithiú gur i méad a rachaidh an fhriotaíocht in aghaidh galair a bhaineann le táirgeadh an fhíona san Aontas agus chun a áirithiú go n-úsáidfear sa táirgeadh sin cineálacha fíniúna a bheidh in oiriúint níos fearr do na hathruithe ar dhálaí aeráide, ba chóir foráil a dhéanamh lena gceadófaí na cineálacha Vitis Labrusca agus cineálacha ó chrosáil Vitis vinifera, Vitis Labrusca le spéicis eile den ghéineas Vitis a phlandáil le haghaidh fíon a tháirgeadh san Aontas.

scriosta

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  Ó tharla comhaontuithe idirnáisiúnta a bheith tugtha i gcrích i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), ba chóir forálacha a chur i bhfeidhm i dtaca le teastais chomhlíonta agus le tuarascálacha anailíse a úsáidtear i ndáil le hallmhairithe fíona.

(11)  Forálacha i dtaca le deimhnithe comhlíontachta agus tuarascálacha anailíse le haghaidh allmhairithe fíona, ba cheart iad a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gcomhaontuithe idirnáisiúnta atá tugtha i gcrích i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), á áirithiú leis sin go bhfuil na caighdeáin Eorpacha á gcomhlíonadh ag na caighdeáin inrianaitheachta agus cáilíochta.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Ba chóir an sainmhíniú ar an rud is sonrúchán tionscnaimh ann a thabhairt chun comhréire leis an sainmhíniú a dhéantar air sa Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil12 (‘Comhaontú TRIPS’), arna fhormheas le Cinneadh 94/800/EC ón gComhairle13, agus go háirithe ba chóir é a thabhairt chun comhréire le hAirteagal 22(1) de, is é sin é a bheith sa chaoi go dtabharfadh an t-ainm tásc ar an réigiún nó ar an áit áirithe inar tionscnaíodh an táirge.

scriosta

__________________

 

12 Babhta Uragua den Chaibidlíocht Iltaobhach Trádála (1986–1994) – Iarscríbhinn 1 – Iarscríbhinn 1C – Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (an Eagraíocht Dhomhanda Trádála) ( IO L 336, 23.12.1994, lch. 214).

 

13 Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála (1986–1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (1986–1994) (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).

 

Réasúnú

Ós rud é go bhfuil an sainmhíniú ar shonrúchán tionscnaimh a thugtar i gComhaontú idirnáisiúnta Liospóin coinnithe againn, ní mheastar go bhfuil an aithris seo iomchuí mar go déantar tagairt inti do shainmhíniú eile ar shonrúchán tionscnaimh atá le fáil sa Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS).

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Chun leanúnachas a áirithiú sa chinnteoireacht a dhéantar maidir le hiarratais ar chosaint agus maidir le hagóidí a chuirtear isteach le linn an nóis imeachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba chóir an Coimisiún a chur ar an eolas, ar mhodh rialta tráthúil, faoi lainseáil nósanna imeachta sna cúirteanna náisiúnta nó faoi bhráid comhlachtaí eile, nuair is nósanna imeachta iad a bhaineann le hiarratais ar chosaint arna gcur ag an mBallstát chuig an gCoimisiún, de réir na tagairte in Airteagal 96(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ba chóir cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiúin chun go mbeadh sé in ann, sna cúinsí sin agus fairis sin nuair ba chuí, an scrúdú ar an iarratas a chur ar fionraí go dtí go mbeadh breithniú na cúirte náisiúnta nó an chomhlachta eile náisiúnta ar fáil i dtaca leis an dúshlán a tugadh faoin measúnú a rinne an Ballstát ar an iarratas sa nós imeachta náisiúnta um réamhrialú.

(13)  Chun cinnteoireacht chomhleanúnach a áirithiú a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint agus le hagóidí a chuirtear isteach sa réamh-nós imeachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas, ar mhodh tráthúil agus rialta, nuair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh os comhair cúirteanna náisiúnta nó comhlachtaí eile i dtaca le hiarratas ar chosaint arna chur ar aghaidh ag an mBallstát chuig an gCoimisiún, amhail dá dtagraítear in Airteagal 96(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm ag an leasú seo diultú dá bhfuil molta ag an gCoimisiún ina leith seo, mar go leanfadh méadú suntasacha i cásanna cúirte a bhaineann le córas PDO/GI as sin agus go bhféadfadh sé an córas ar fad a fhágáil in staic, i bhfianaise an méid ama atá ag teastáil chun imeachtaí dlíthiúla a dhéanamh. Sa bhreis ar éiginnteacht dhlíthiúil a chruthú d’oibreoirí, tá sé sin contrártha don phrionsabal nár cheart go mbeadh éifeacht fionraíochta ag gabháil le caingne le haghaidh neamhniú os comhair cúirteanna náisiúnta nó cúirteanna Eorpacha.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  Ba chóir clárú na sonrúchán tionscnaimh a shimpliú agus a luathú trí dhealú idir an measúnú a dhéantar maidir le comhlíonadh na rialacha um maoin intleachtúil agus an measúnú a dhéantar maidir le ceanglais eile a thagann de chaighdeáin margaíochta agus lipéadaithe a bheith á gcomhlíonadh ag sonraíochtaí an táirge.

scriosta

Réasúnú

Tá sé mar aidhm ag an leasú seo diúltú dá bhfuil molta ag an gCoimisiún ina leith seo, ós rud é nach féidir beartas cáilíochta AE a shainiú go huile agus go hiomlán mar shásra simplí chun cosaint a thabhairt do mhaoin intleachtúil na sonrúchán geografach.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)  Ba cheart na Ballstáit a tháinig in aontachas leis an Aontas ó 2004 a spreagadh le tús a chur le nósanna imeachta chun sonrúcháin gheografacha a chlárú trí mhalartú dea-chleachtas i measc na mBallstát a éascú.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14b)  Ba cheart, ar an gcaoi sin, cabhair a thabhairt do chomhpháirtithe i dtíortha i mbéal forbartha chun córas de thásca geografacha agus de lipéid a fhorbairt. Ba cheart freisin go dtabharfadh an tAontas agus na Ballstáit aitheantas do na tásca agus lipéid sin.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Céim sár-riachtanach sa nós imeachta is ea an measúnú a dheanann na húdaráis inniúla sna Ballstáit. A bhuí leis an eolas agus leis an saineolas atá ag na Ballstáit agus a bhuí leis an rochtain atá acu ar shonraí agus ar fhíorais, is leis na Ballstáit a thig, ar an tslí is fearr, a fhíorú, i dtaca leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil san iarratas, an bhfuil an fhaisnéis sin cruinn agus fírinneach. Ar an ábhar sin, ba chóir do na Ballstáit a ráthú gur beacht agus gurb iontaofa toradh an mheasúnaithe sin, toradh a ndéanfar taifead dílis air i ndoiciméad aonair ina mbeidh cur síos achomair ar eilimintí ábhartha shonraíocht an táirge. Ba chóir don Choimisiún, ag féachaint do phrionsabal na coimhdeachta, grinnscrúdú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na hiarratais lena áirithiú nach mbeidh aon earráidí follasacha iontu agus lena áirithiú gur tugadh san áireamh dlí an Aontais agus leasanna páirtithe leasmhara lasmuigh de Bhallstát an iarratais.

(15)  Is céim shár-riachtanach sa nós imeachta é an measúnú a dhéanann na húdaráis inniúla sna Ballstáit. Tá eolas agus saineolas ag na Ballstáit, chomh maith le rochtain acu ar shonraí agus ar fhíorais, rud a fhágann gurb iad is fearr lena fhíorú an bhfuil an fhaisnéis a thugtar san iarratas ceart agus fírinneach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a ráthú go bhfuil toradh an mheasúnaithe sin, atá le taifead go dílis i ndoiciméad aonair ina dtugtar achoimre ar eilimintí ábhartha shonraíocht an táirge, intaofa agus beacht. Ag féachaint do phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart don Choimisiún, ina dhiaidh sin, inniúchadh a dhéanamh ar na hiarratais lena áirithiú nach bhfuil aon earráidí follasacha iontu agus gur cuireadh dlí an Aontais agus leasanna geallsealbhóirí lasmuigh de Bhallstát an iarratais agus lasmuigh den Aontas san áireamh.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17a)  Is léir ón taithí atá faighte i gcomhthéacs na cosanta do shonrúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha in earnáil na fíona gur féidir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm le haghaidh clárú, leasú agus cealú sonrúchán tionscnaimh agus tásc geografach an Aontais nó tríú tíortha a bheith casta, anásta agus fada. Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 cruthaíodh bealaí éalaithe dlíthiúla, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta atá le leanúint le haghaidh iarrataí ar leasuithe ar shonraíochtaí táirge. Maidir leis na rialacha nós imeachta a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha san earnáil fíona, ní chomhlíonann siad na rialacha is infheidhme maidir le córais cháilíochta sna hearnálacha ábhar bhia, deochanna biotáille agus fíonta cumhraithe faoi dhlí an Aontais. Fágann an staid seo go bhfuil neamhréireachtaí ann sa chaoi ina ndéantar catagóir na gceart maoine intleachtúla a chur i bhfeidhm. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na neamhréireachtaí sin i bhfianaise an chirt chun cosanta cearta intleachtúla a leagtar síos in Airteagal 17(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart don Rialachán seo, dá bhrí sin, na nósanna imeachta i dtrácht a shimpliú, a shoiléiriú, a fhorlíonadh agus a chomhchuibhiú. Ba cheart do na nósanna imeachta, a mhéid is mó is indéanta sin, a bhunú mórán ar an gcaoi chéanna le nósanna imeachta éifeachtacha agus cuí-chruthaithe atá ann do chosaint cearta maoine intleachtúla i ndáil le táirgí talmhaíochta agus ábhair bhia, faoi mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus sna rialacháin cur chun feidhme atá glactha de bhun an Rialacháin sin, ach fós ba cheart sonraíochtaí na hearnála fíona a chur san áireamh.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo téacs an CMO Aonair a ailíniú le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) an 17 Deireadh Fómhair 2018 ag an gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus na prionsabail pholaitiúil is bonn taca don athbhreithniú sin a thabhairt isteach sa bhunghníomh seo. Comhfhreagraíonn an leasú seo le hAithris 2 sa Rialachán Tarmligthe sin.

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17b)  Tá sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha nasctha go dlúth le críoch na mBallstát. Is ag na húdaráis náisiúnta agus áitiúla atá an saineolas is mó i ndáil leis na fíorais ábhartha agus is iad is mó a bhfuil cur amach acu orthu. Ba cheart é sin a chur san áireamh sna rialacha nós imeachta, ag féachaint do phrionsabal na coimhdeachta a bhunaítear le hAirteagal 5(3) CAE.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo téacs an CMO Aonair a ailíniú le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) an 17 Deireadh Fómhair 2018 ag an gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus na prionsabail pholaitiúil is bonn taca don athbhreithniú sin a thabhairt isteach sa bhunghníomh seo. Comhfhreagraíonn an leasú seo le hAithris 3 sa Rialachán Tarmligthe sin.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17c)  Is céim shár-riachtanach sa nós imeachta é an measúnú a dhéanann na húdaráis inniúla sna Ballstáit. Tá eolas agus saineolas ag na Ballstáit, chomh maith le rochtain acu ar shonraí agus ar fhíorais, rud a fhágann gurb iad is fearr lena fhíorú an bhfuil iarratas ar shonrúchán tionscnaimh nó ar thásc geografach ag comhlíonadh na gcoinníollacha le haghaidh cosanta. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil toradh an mheasúnaithe sin, arna thaifeadadh i ndoiciméad aonair ina dtugtar achoimre ar eilimintí ábhartha shonraíocht an táirge, intaofa agus beacht. Ag féachaint do phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart don Choimisiún, ina dhiaidh sin, iniúchadh a dhéanamh ar na hiarratais lena áirithiú nach bhfuil aon earráidí follasacha iontu agus gur cuireadh dlí an Aontais agus leasanna geallsealbhóirí lasmuigh den Bhallstát atá ag déanamh an iarratais san áireamh.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo téacs an CMO Aonair a ailíniú le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) an 17 Deireadh Fómhair 2018 ag an gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus na prionsabail pholaitiúil is bonn taca don athbhreithniú sin a thabhairt isteach sa bhunghníomh seo. Comhfhreagraíonn an leasú seo le hAithris 9 sa Rialachán Tarmligthe sin.

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17d)  Táirgeoirí táirgí fíniúna ar a bhfuil ainm atá cosanta mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, tá siad ag oibriú i margadh atá ag athrú agus atá dian. Cé go bhfuil gá acu le nósanna imeachta a cheadaíonn dóibh oiriúnú go mear d’éilimh an mhargadh, is amhlaidh go bhfuil pionós á chur orthu ina ionad sin mar gheall ar fhad agus chastacht an nós imeachta maidir le leasuithe atá i bhfeidhm faoi láthair agus a chuireann srian orthu ina gcumas chun freagairt don mhargadh. Táirgeoirí táirgí fíniúna ar a bhfuil ainm atá cosanta mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, ba cheart freisin go mbeidís in ann forbairtí in eolas eolaíoch agus teicniúil mar aon le hathruithe comhshaoil a chur san áireamh. Chun an líon céimeanna atá sna nósanna imeachta sin a laghdú, agus chun prionsabal na coimhdeachta a chur i bhfeidhm sa réimse sin, tá sé tábhachtach gur féidir cinntí maidir le leasuithe nach mbaineann le heilimintí bunriachtanacha shonraíocht an táirge a fhormheas ar leibhéal an Bhallstáit. Ba cheart go mbeadh táirgeoirí in ann na leasuithe sin a chur i bhfeidhm a thúisce a bhíonn an nós imeachta náisiúnta tugtha i gcrích. Níor cheart go mbeadh gá ann an t-iarratas a athbhreithniú i gcomhair a fhormheasta ar leibhéal an Aontais.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo téacs an CMO Aonair a ailíniú le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) an 17 Deireadh Fómhair 2018 ag an gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus na prionsabail pholaitiúil is bonn taca don athbhreithniú sin a thabhairt isteach sa bhunghníomh seo. Comhfhreagraíonn an leasú seo le hAithris 15 sa Rialachán Tarmligthe sin.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17e)  Chun leasanna tríú páirtithe atá bunaithe i mBallstáit seachas an ceann ina bhfuil na táirgí fíniúna á dtáirgeadh a chosaint, áfach, tá sé tábhachtach i gcás formheas leasuithe a dteastaíonn nós imeachta agóide ar leibhéal an Aontais lena n-aghaidh go leanfadh an fhreagracht chuige sin de bheith leis an gCoimisiún. Tá sé riachtanach dá bhrí sin, aicmiú nua le haghaidh leasuithe a thabhairt isteach: leasuithe caighdeánacha, nach mbíonn nósanna imeachta agóide ar leibhéal an Aontais ag gabháil leo agus dá bhrí sin a bhfuil feidhm acu a luaithe a bhíonn siad formheasta ag an mBallstát; agus leasuithe ar leibhéal an Aontais, nach mbeidh feidhm acu go dtí go mbeidh siad formheasta ag an gCoimisiún agus tar éis an nós imeachta agóide ar leibhéal an Aontais a bheith tugtha chun críche.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo téacs an CMO Aonair a ailíniú le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) an 17 Deireadh Fómhair 2018 ag an gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus na prionsabail pholaitiúil is bonn taca don athbhreithniú sin a thabhairt isteach sa bhunghníomh seo. Comhfhreagraíonn an leasú seo le hAithris 16 sa Rialachán Tarmligthe sin.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 f (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17f)  Ba cheart an coincheap de ‘leasú sealadach’ a thabhairt isteach ionas gur féidir le táirgí fíniúna ar a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint leanúint de bheith á gcur ar an margadh faoi na hainmneacha cosanta sin i gcás tubaistí nádúrtha nó dálaí drochaimsire nó sa chás go nglactar bearta sláintíochta nó fíteasláintíochta a chuireann cosc go sealadach ar oibreoirí ó shonraíocht an táirge a chomhlíonadh. Mar gheall ar an bpráinn a ghabhann leo, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag leasuithe sealadacha a luaithe a bhíonn siad formheasta ag an mBallstát. Is liosta uileghabhálach atá sa liosta de chúiseanna práinneacha a thugann bonn cirt do leasuithe sealadacha a ghlacadh, mar gheall ar nádúr eisceachtúil na leasuithe sin.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo téacs an CMO Aonair a ailíniú le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) an 17 Deireadh Fómhair 2018 ag an gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus na prionsabail pholaitiúil is bonn taca don athbhreithniú sin a thabhairt isteach sa bhunghníomh seo. Comhfhreagraíonn an leasú seo le hAithris 17 sa Rialachán Tarmligthe sin.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 g (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17g)  Tá sé tábhachtach go leanfadh na leasuithe Aontais nós imeachta lena rialaítear iarratais ar chosaint ionas go mbeidh an éifeachtúlacht chéanna agus na ráthaíochtaí céanna acu. Ba cheart go mbeadh feidhm mutatis mutandis acu, taobh amuigh de chéimeanna áirithe ba cheart a dhíchur chun an t-ualach riaracháin a laghdú. Ba cheart an nós imeachta atá le leanúint le haghaidh leasuithe caighdeánacha agus le haghaidh leasuithe sealadacha a shainiú chun go mbeidh Ballstáit in ann na hiarratais a mheasúnú go hiomchuí agus chun cur chuige comhleanúnach a áirithiú ar fud na mBallstát. Ba cheart go mbeadh an measúnú a dhéanann na Ballstáit coibhéiseach, ó thaobh déine agus iomláine de, leis an measúnú a dhéantar faoin nós imeachta lena rialaítear iarratais ar chosaint.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo téacs an CMO Aonair a ailíniú le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) an 17 Deireadh Fómhair 2018 ag an gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus na prionsabail pholaitiúil is bonn taca don athbhreithniú sin a thabhairt isteach sa bhunghníomh seo. Comhfhreagraíonn an leasú seo le hAithris 18 sa Rialachán Tarmligthe sin.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 h (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17h)  Tá sé tábhachtach i dtaobh leasuithe caighdeánacha agus sealadacha a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint ó thríú tíortha go ndéantar iad i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar síos do na Ballstáit agus go ndéantar cinntí formheas i gcomhréir leis an gcóras atá i bhfeidhm sa tríú tír lena mbaineann.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo téacs an CMO Aonair a ailíniú le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) an 17 Deireadh Fómhair 2018 ag an gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus na prionsabail pholaitiúil is bonn taca don athbhreithniú sin a thabhairt isteach sa bhunghníomh seo. Comhfhreagraíonn an leasú seo le hAithris 19 sa Rialachán Tarmligthe sin.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 i (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17i)  Chun leasanna dlisteanacha oibreoirí a chosaint, agus fós prionsabal na hiomaíochta agus an oibleagáid faisnéis iomchuí a sholáthar do thomhaltóirí a chur san áireamh, ba cheart rialacha a ghlacadh maidir le lipéadú agus cur i láthair sealadach táirgí fíniúna a bhfuil a n-ainm cur faoi réir iarratais ar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo téacs an CMO Aonair a ailíniú le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) an 17 Deireadh Fómhair 2018 ag an gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus na prionsabail pholaitiúil is bonn taca don athbhreithniú sin a thabhairt isteach sa bhunghníomh seo. Comhfhreagraíonn an leasú seo le hAithris 21 sa Rialachán Tarmligthe sin.

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22a)  Nuair a dhéantar pointe gb d’Airteagal 119(1) maidir le liosta de na comhábhair atá i bhfíon a áireamh ar bhonn éigeantach ar an lipéad a chur i bhfeidhm trí bhíthin gníomh tarmligthe, níor cheart an liosta sin a chur isteach de réir luchtóige.

Réasúnú

Nuair a bheidh bearta á ndéanamh chun a fhorfheidhmiú go gcuirtear liosta de an comhábhair atá i bhfíon san áireamh ar an lipéad, ní mór cúram a ghlacadh gan an méid sin a dhéanamh róchasta do shaothróirí fíniúna trína áirithiú go ndéantar an fhaisnéis a sholáthar don táirgeadh iomlán don bhliain agus nach ndéantar é le haghaidh gach luchtóige a dhíoltar ag amanna éagsúla den bhliain.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a)  Chun deimhneacht dhlíthiúil d’fhorbairt inbhuanaithe na táirgeachta bainne san Aontas Eorpa a áirithiú agus chun laghdú an mhargadh aonair ar scór imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach a chur san áireamh, tá gá le nuashonrú a dhéanamh ar na teorainneacha cainníochtúla den Aontas Eorpach is infheidhme chun foráil don fhéidearthacht ag eagraíochtaí táirgeoirí arna gcur ar bun ag táirgeoirí déiríochta nó ag a gcomhlachais caibidliú cómhargála a dhéanamh ó thaobh conarthaí de, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, do chuid de tháirgeacht bainne neamhphróiseáilte a gcomhaltaí, nó don táirgeacht iomlán, le déirí.

Réasúnú

Ba cheart an leasú seo a léamh in éineacht leis na leasuithe atá beartaithe d’Airteagal 149, a bhfuil sé mar aidhm leo coigeartú teicniúil a dhéanamh ar na rialacha a cheadaíonn do tháirgeoirí bainne caibidlíochtaí conarthacha a sheoladh ar choinníoll nach dtéann toirt an bhainne neamhphróiseáilte thar 3,5% de tháirgeacht iomlán an Aontais. Mar thoradh ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas, áfach, beidh an margadh inmheánach níos lú agus dá bhrí sin níl á mholadh anseo ach go ndéanfaí an toirt de bhainne neamhphróiseáilte i margadh inmheánach na 27 mBallstát a choigeartú suas ó 3.5% go dtí 4%.

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23b)  Chun forbairtí reachtacha a tharla le déanaí, faoi mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2393, a chur san áireamh agus chun deireadh a chur le rialacha sonracha áirithe atá faighte sriantach i ndáil leis an gcóras ginearálta, ba cheart a shonrú go bhféadfar eagraíochtaí táirgeoirí atá curtha ar bun ag táirgeoirí déiríochta nó ag a gcomhlachais a aithint faoi Airteagail 152 agus 161 de Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 agus gur cheart na rialacha sonracha a bhaineann le haithint eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, i dtaca lena n-aithint agus leis na rialacha as a dtagann an aithint sin, a scriosadh.

Réasúnú

Ba cheart an leasú seo a léamh in éineacht leis na leasuithe ar Airteagail 150, 157, 158 agus 163, a bhfuil sé mar aidhm leo soiléiriú a thabhairt ar na deiseanna atá ann chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí déiríochta agus chun an córas maidir le maolú a ailíniú go páirteach i gcás eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne leis an gcóras ginearálta atá ann d’eagraíochtaí idirchraoibhe. Maidir leis an idirdhealú deiridh sin atá luaite, a tháinig ar dtús as an bPacáiste Bainne, níl gá leis a thuilleadh agus trína scriosadh cuirfear ar chumas eagraíochta déiríochta idirchraoibhe rochtain a fháil ar chumhachtaí nua áirithe.

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23c)  Maidir leis na rialacha ar aitheantas d’eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachais trasnáisiúnta d’eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe trasnáisiúnta, chomh maith leis na rialacha a shoiléiríonn freagracht na mBallstát atá i gceist, ba cheart iad a chódú. Chun urraim a léiriú don tsaoirse bhunaíochta agus fós a admháil go bhfuil deacrachtaí atá ag eagraíochtaí den sórt sin aitheantas a fháil sa Bhallstát ina bhfuil líon suntasacha comhaltaí acu nó ina bhfuil toirt shuntasach nó luach suntasach de tháirgeadh inmhargtha acu, nó, i gcás eagraíochtaí idirchraoibhe, go ndéanfadh an Ballstát ina bhfuil siad bunaithe cinneadh maidir lena n-aithint, is iomchuí freagracht i leith aithint eagraíochtaí agus comhlachais den sórt sin a dheonú don Choimisiún agus rialacha a leagan síos maidir le soláthar an chúnaimh riaracháin is gá ag an Ballstáit dá chéile agus don Choimisiún ionas gur féidir leis an gCoimisiún a dhéanamh amach cibé a bhfuil na coinníollacha le haghaidh aithinte á gcomhall ag eagraíocht nó comhlachas agus gur féidir leis aghaidh a thabhairt ar chásanna nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh.

Réasúnú

Ba cheart an leasú seo a léamh in éineacht leis an moladh go mbeadh Airteagal 1587b nua ann, a bhfuil sé mar aidhm leis na rialacha i ndáil le heagraíochtaí trasnáisiúnta aitheanta (POnna, PDOnna nó IOnna) atá i Rialachán Tarmligthe Uimh. 2016/232 a chódú sa bhunghníomh. Déanann sé seo athrú tábhachtach, áfach, a bhfuil sé mar aidhm leis an chumhacht a dheonú don Choimisiún cinneadh a dhéanamh i dtaobh na n-eagraíochtaí trasnáisiúnta, ós rud é gur léir nár éirigh le prionsabail an chomhair riaracháin idir Ballstáit i dtaca le haitheantas a thabhairt d’eintitis den sórt sin a bhfiúntas a chruthú.

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23d)  Chun a chur ar chumas táirgeoirí talmhaíochta freagairt do chomhchruinniú méadaitheach na nasc eile ar fud slabhra luach an tsoláthair talmhaíochta, ba cheart go mbeadh sé indéanta ag comhlachais d’eagraíochtaí táirgeoirí a bheith páirteach i gcomhlachais d’eagraíochtaí táirgeoirí a chruthú. Ar an gcaoi chéanna, chun na cuspóirí céanna a chomhlíonadh, ba cheart cead a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe comhlachais d’eagraíocht idirchraoibhe a chur ar bun.

Réasúnú

Ba cheart an leasú seo a léamh in éineacht leis na leasuithe ar Airteagal 156 agus leis an moladh go mbeadh Airteagal 158a nua ann, a bhfuil sé mar aidhm leo údarú a thabhairt do chomhlachais d’eagraíochtaí táirgeoirí a bheith páirteach i gcruthú comhlachas d’eagraíochtaí táirgeoirí, agus chun an fhéidearthacht a thabhairt isteach i Rialacháin Uimh. 1308/2013 aitheantas a thabhairt do chomhlachais d’eagraíochtaí idirchraoibhe ar an tsamhail chéanna le comhlachais d’eagraíochtaí táirgeoirí.

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23e)  I bhfianaise a thábhachtaí atá sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (PDOnna) agus tásca geografacha faoi chosaint (PGInna) i dtáirgeacht talmhaíochta an Aontais, agus i bhfianaise an rath a bhí ar rialacha bainistithe soláthair a thabhairt isteach le haghaidh cáiseanna agus liamháis thirimleasaithe le marcanna cáilíochta chun an bhreisluach a ráthú agus chun cáilíocht na dtáirgí sin a chaomhnú, ba cheart tairbhí na rialacha sin a leathnú amach chuig na táirgí talmhaíochta uile a bhfuil marcanna cáilíochta acu. Ba cheart, dá bhrí sin, Ballstáit a údarú chun na rialacha sin a chur i bhfeidhm ar mhaithe le rialáil a dhéanamh ar sholáthar foriomlán na dtáirgí talmhaíochta ar ardcháilíocht a tháirgtear i limistéar geografach ar leith arna iarraidh sin ag eagraíocht idirchraoibhe nó ag eagraíocht nó grúpa táirgeoirí, faoi mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ar choinníoll go dtacaíonn tromlach mór de tháirgeoirí an táirge sin agus, i gcás inarb infheidhme, de na táirgeoirí talmhaíochta sa limistéar geografach i dtrácht leis na rialacha sin.

Réasúnú

Ba cheart an leasú seo a léamh in éineacht leis na leasuithe atá á dtabhairt isteach in Airteagal 172 agus tá an leasú beartaithe chun aitheantas a thabhairt don rath a bhí ar shásraí chun bainistiú a dhéanamh ar an soláthar cáise agus liamháis dá bhforáiltear in Airteagail 150 agus 172 den Rialachán seo, agus chun na féidearthachtaí dó seo a leathnú amach chuig táirgí talmhaíochta eile ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint faoi Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Coinnítear, áfach, na saintréithe sonracha atá ann do cháiseanna in Airteagal 150.

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 f (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23f)  Chun traschur feabhsaithe ar chomharthaí margaidh a chothú agus chun na naisc idir praghsanna táirgeora agus an bhreisluach a neartú ar fud an tslabhra soláthair, is gá na sásraí le haghaidh comhroinnt luacha idir feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, lena gceannaitheoirí tosaigh a leathnú amach chuig an chuid eile de na hearnálacha táirgi ag a bhfuil marc cáilíochta atá aitheanta ag dlí an Aontais agus ag an dlí náisiúnta. Ba cheart feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, a údarú chun aontú ar chlásail comhroinnte luacha, lena n-áirítear gnóthachain agus caillteanais margaidh, le gníomhaithe atá ag oibriú ag céimeanna éagsúla den táirgeadh, den phróiseáil agus den margáil.

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 g (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23g)  Chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach as an uile chineál clásal comhroinnt luacha, ba cheart a shonrú go bhféadfadh na clásail sin a bheith bunaithe, go háirithe, ar tháscairí eacnamaíocha a bhaineann leis na costais ábhartha táirgeachta agus margaíochta agus lena bhforbairt, ar phraghsanna na dtáirgí talmhaíochta agus bia a dhéantar a thaifeadadh ar an margadh nó na margaí lena mbaineann agus ar a n-éabhlú, nó ar na cainníochtaí, comhdhéanamh, cáilíocht, inrianaitheacht nó, i gcás inarb infheidhme, a mhéid a chomhlíonann siad le sonraíochtaí an táirge.

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27a)  Chun an cuspóir a bhaint amach go rannchuidítear le cobhsaíocht na margaí talmhaíochta, ba cheart na hionstraimí a fhorálann do thrédhearcacht na margaí talmhaíochta a neartú. Ós rud é gur léir go bhfuil taithí na bhfaireachlann éagsúil Eorpach do na margaí talmhaíochta dearfach a mhéid a bhaineann le faisnéisiú a sholáthar le haghaidh roghanna na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-údarás poiblí ar an iomlán, chomh maith le héascú a dhéanamh ar fhaire agus taifeadadh na bhforbairtí sa mhargadh, ba cheart faireachlann Eorpach le haghaidh margaí táirgí talmhaíochta a chur ar bun agus ba cheart córas fógartha trína bhféadfar an fhaisnéis atá riachtanach le haghaidh obair na faireachlainne a thuairisciú a chuir in ionad.

Réasúnú

Ba cheart an leasú seo a léamh in éineacht leis an moladh go mbeadh Airteagal 218a nua ann, a bhfuil sé mar aidhm aige faireachlann ar mhargaí táirgí talmhaíochta bunaithe ar obair na bhfaireachlann earnálach éagsúil a thabhairt isteach sa Rialachán CMO Aonair agus córas fógartha a chur ar bun chun tuairisciú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá riachtanach le haghaidh obair na faireachlainne.

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27b)  Mar fhaisnéisiú go roghanna na gcomhlachtaí agus institiúidí Aontais agus chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na mbeart chun saobhadh sa mhargadh a chosc agus a bhainistiú, ba cheart foráil do shásra luathrabhaidh ina ndéanfadh an Faireachlann Eorpach do Margaí Talmhaíochta fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún i dtaobh bagairt de shaobhadh an mhargaidh agus, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfaí moltaí i dtaobh bearta atá le glacadh. Bheadh 30 lá ag an gCoimisiún, an t-aon chomhlacht a bhfuil cumhacht tionscnaimh aige sa réimse seo, chun na bearta iomchuí chun déileáil leis an saofaí sin sa mhargadh a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó bonn cirt a thabhairt ar gan na bearta sin a bheith ann.

Réasúnú

Ba cheart an leasú seo a léamh in éineacht leis an moladh go ndéanfar Airteagal 218b nua a chruthú ar mhaithe le sásra luathrabhaidh a bhunú trína dtabharfaí foláireamh don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i dtaobh bagairtí de shaofaí margaidh agus chun a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach bearta a mholadh nó easnamh na mbeart sin a réasúnú laistigh de 30 lá ón bhfógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)  I bhfianaise aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 le Rialachán (AE) …/… (an Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT), ba chóir go gcomhtháthófaí, i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, na forálacha a bhaineann le seiceálacha agus pionóis i dtaca le caighdeáin mhargaíochta, i dtaca le cosaint do shonrúcháin tionscnaimh, do thásca geografacha agus do théarmaí traidisiúnta.

(29)  I bhfianaise aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 le Rialachán (AE) …/… (an Rialachán Cothrománach), ba cheart forálacha i dtaca le seiceálacha agus pionóis a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta agus le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus téarmaí traidisiúnta a chomhtháthú i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus fós a shonrú, ar mhaithe le héifeachtúlacht, go bhféadfadh na seiceálacha sin a bheith comhdhéanta de sheiceálacha ar dhoiciméid agus seiceálacha ar an láthair nach mbeadh gá lena ndéanamh ach amháin sa chás go bhfuil ceanglais i sonraíocht an táirge nach féidir a fhíorú ar mhodh slán le seiceáil ar dhoiciméid.

__________________

__________________

17 Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, Rialachán (CE) Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

17 Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, Rialachán (CE) Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

Réasúnú

Is leasú atá go hiomlán teicniúil é seo agus é mar aidhm leis ceartúchán a dhéanamh ar earráid dréachtaithe ag an gCoimisiún agus a shoiléiriú, i dtaca leis an mír 3a nua atá molta i gcomhthéacs Airteagal 116a, go mbeadh na seiceálacha sin, ar mhaithe le héifeachtúlacht, comhdhéanta de sheiceálacha ar dhoiciméid agus de sheiceálacha ar an láthair agus nach mbeadh gá leis na seiceálacha ar an láthair ach amháin sa chás go bhfuil ceanglais i sonraíocht an táirge nach féidir a fhíorú ar mhodh slán le seiceáil ar dhoiciméid.

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(30a)  Chun leanúint de thacaíocht a thabhairt don earnáil siúcra ó thaobh a forbartha agus a trasdula tar éis deireadh a bheith curtha leis an gcóras cuótaí, ba cheart a shonrú i dtaobh fógraí phraghas an mhargaidh go gclúdaíonn siad freisin eatánól agus go n-údaraítear úsáid a bhaint as sásraí comhréitigh agus idirghabhála mar rogha ar eadráin, agus ba cheart an clásal comhroinnte luacha a chódú sa rialachán seo.

Réasúnú

Ba cheart an leasú seo a léamh in éineacht leis na leasuithe atá á dtabhairt isteach in Airteagal 126 agus in Iarscríbhinn X.

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33a)  Ba cheart foráil do shásraí dlíthiúla chun a áirithiú i gcás táirgí ar a bhfuil an téarma cáilíochta roghnach ‘táirge sléibhe’ nach mbeidh siad ar mhargadh tíre eile ach amháin sa chás nach sáraíonn siad na ceanglais le haghaidh úsáid an téarma cáilíochta sin i dtír ar leith, más rud é gur ann do cheanglais den sórt sin.

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34a)  Ba cheart an liosta de tháirgí is féidir a chosaint mar PDO nó PGI a leathnú amach le táirgí a bhfuil éileamh méadaitheach orthu i measc tomhaltóirí an Aontais, amhail céir bheach a bhfuil úsáid i bhfad níos mó á dhéanamh di sa tionscal bia agus cosmaide.

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 35

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35)  Ba chóir nuashonrú chun dáta a dhéanamh ar mhéid na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil le maoiniú a dhéanamh ar bhearta faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/201320 agus (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle21.

(35)  Ba cheart méideanna na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/201320 agus (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle21 a chothabháil.

__________________

__________________

20 Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

20 Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

21 Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

21 Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo na méideanna a leithdháileadh ar na réigiúin is forimeallaí faoi POSEI a athbhunú, i gcomhréir leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2018 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027 – Seasamh Pharlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú agus na tiomantais a thug Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, in Cayenne an 27 Deireadh Fómhair 2017.

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 35 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(35a)  Eagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157 de Rialachán (AE) 1308/2013, is oibreoirí iad a bhfuil ról ríthábhachtach acu i bhforbairt earnálacha talmhaíochta éagsúlaithe sna réigiúin is forimeallaí, go háirithe ó thaobh na n-earnálacha beostoic de. I ngeall ar a méid beag agus a n-oileánachas, tá margaí áitiúla sna réigiún is forimeallaí thar a bheith leochaileach d’athruithe praghsanna a bhaineann leis na sreafaí allmhairithe ón gcuid eile den Aontas nó ó thríú tíortha. Sna heagraíochtaí idirchraoibhe sin, tugtar le chéile na hoibreoirí uile atá gníomhach ar an margadh ag gach céim agus, ar an tslí sin, déanann siad bearta comhchoiteanna, go háirithe le haghaidh sonraí a bhailiú nó faisnéis a scaipeadh, atá ceaptha a áirithiú go bhfanann táirgeacht áitiúil iomaitheach ar an margadh i dtrácht. Chuige sin, in ainneoin Airteagal 28, 29 agus 110 CFAE agus gan dochar d’Airteagail 164 agus 165 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, is iomchuí, i gcomhthéacs comhaontuithe idirchraoibhe leathnaithe, cead a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann, tar éis dul i gcomhairle leis na gníomhaithe lena mbaineann, a áirithiú go mbeidh oibreoirí aonair nó grúpaí d’oibreoirí nach comhaltaí d’eagraíocht iad agus a oibríonn ar an margadh áitiúil a chur faoi dhliteanas, gan beann ar thionscnamh na n-oibreoirí sin, lena n-áirítear i gcásanna ina n-úsáidtear na fáltais a thagann ó na ranníocaíochta sin sa chás amháin go ndéantar táirgeadh áitiúil a chothabháil nó sa chás go ndéantar na ranníocaíochtaí a thobhach ag céim eile sa phróiseas margála.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo oiriúnú a dhéanamh ar na rialacha le haghaidh na rialacha idirchraoibhe a leathnú amach go dtí fírinne an scéil sna réigiúin is forimeallaí. Is oibreoirí bunriachtanacha le haghaidh forbairt na n-earnálacha sna réigiúin is forimeallaí, a bhfuil a gcuid margaí faoi lé ag luaineachtaí i bpraghsanna, atá sna heagraíochtaí sin. Déanann na heagraíochtaí sin gníomhaíochtaí bailiúcháin agus scaipeadh sonraí a chur ar bun agus ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit na ranníocaíochtaí a bhailítear faoi na comhaontaithe sin a leathnú amach go dtí na táirgí talmhaíochta uile a chuirtear ar na margaí áitiúla, gan beann ar a dtionscnamh.

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Aithris 25 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1)  Cuirtear isteach an aithris seo a leanas:

 

“(25a)  Maidir leis na gcúnamh faoin scéim scoile a leithdháiltear le haghaidh scaipeadh an táirge, ba cheart, nuair is indéanta sin, go ndéanfadh sé táirgí sa slabhra soláthair gairid a chur chun cinn,”

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Aithris 127 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1a)  Cuirtear isteach an aithris seo a leanas:

 

“(127a)  Conarthaí i scríbhinn in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne a d’fhéadfadh a bheith éigeantach i mBallstáit áirithe nó a bhfuil an ceart ag táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachas d’eagraíochtaí táirgeoirí iad a iarraidh in aon chás, ba cheart go bhféachfaí leo, i measc eilimintí eile, an praghas is iníoctha ar sheachadadh a leagan amach agus ar cheart go gclúdódh sé sin go hidéalach an costas táirgeachta a d’fhéadfaí a ríomh bunaithe ar tháscairí so-rochtana agus sothuigthe i leith costais táirgeachta agus margaidh a fhéadfaidh na Ballstáit a chinneadh i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus a bheidh bunaithe ar staidéir i dtaobh na táirgeachta agus an tslabhra soláthair.”

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Aithris 139 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1b)  Cuirtear isteach an aithris seo a leanas:

 

“(139a)  Conarthaí i scríbhinn a d’fhéadfadh a bheith éigeantach i mBallstáit áirithe nó a bhfuil an ceart ag táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachas d’eagraíochtaí táirgeoirí iad a iarraidh in aon chás, ba cheart go bhféachfaí leo, i measc eilimintí eile, an praghas is iníoctha ar sheachadadh a leagan amach agus ar cheart go gclúdódh sé sin go hidéalach an costas táirgeachta a d’fhéadfaí a ríomh bunaithe ar tháscairí so-rochtana agus sothuigthe i leith costais táirgeachta agus margaidh a fhéadfaidh na Ballstáit a chinneadh i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus a bheidh bunaithe ar staidéir i dtaobh na táirgeachta agus an tslabhra soláthair.”

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

Airteagal 1

“Airteagal 1

Raon Feidhme

Raon Feidhme

1.  Bunaítear leis an Rialachán seo comheagrú na margaí i gcás táirgí talmhaíochta, lena gcuimseofar na táirgí ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. mar a shainmhínítear iad i gníomhartha reachtacha Aontais maidir le comheagraíocht an mhargaidh i dtáirgí iascaigh agus uisceshaothraithe.

1.  Bunaítear leis an Rialachán seo comheagrú na margaí i gcás táirgí talmhaíochta, lena gcuimseofar na táirgí ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar a shainmhínítear iad i ngníomhartha reachtacha Aontais maidir le comheagrú an mhargaidh i dtáirgí iascaigh agus uisceshaothraithe. Sainíonn an Rialachán seo na caighdeáin phoiblí, na rialacha maidir le trédhearcacht sa mhargadh agus na huirlisí um bainistiú géarchéime a fhágfaidh go bhféadfaidh údaráis phoiblí, go háirithe an Coimisiún, faireachas, bainistiú agus rialáil na margaí talmhaíochta a áirithiú.

2.  Déanfar táirgí talmhaíochta mar atá sainithe i mír 1 a roinnt idir na hearnálacha a leanas mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I:

2.  Déanfar táirgí talmhaíochta mar atá sainithe i mír 1 a roinnt idir na hearnálacha seo a leanas mar atá liostaithe sna codanna ar leith in Iarscríbhinn I:

(a) gránaigh, Cuid I;

(a) gránaigh, Cuid I;

(b) rís, Cuid II;

(b) rís, Cuid II;

(c) siúcra, Cuid III;

(c) Siúcra, biatas siúcra agus cána siúcra, Cuid II;

(d) farae triomaithe, Cuid IV;

(d) farae triomaithe, Cuid IV;

(e) síolta, Cuid V ;

(e) síolta, Cuid V ;

(f) leannlusanna, Cuid VI ;

(f) leannlusanna, Cuid VI ;

(g) ola olóige agus ológa boird, Cuid VII;

(g) ola olóige agus ológa boird, Cuid VII;

(h) líon agus cnáib, Cuid VIII;

(h) líon agus cnáib, Cuid VIII;

(i) torthaí agus glasraí, Cuid IX

(i) torthaí agus glasraí, Cuid IX

(j) táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte, Cuid X;

(j) táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte, Cuid X;

(k) bananaí, Cuid XI;

(k) bananaí, Cuid XI;

(l) fíon, Cuid XII;

(l) fíon, Cuid XII;

(m) crainn bheo agus plandaí eile, bleibeanna, fréamhacha agus rudaí mar iad, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach, Cuid XIII;

(m) crainn bheo agus plandaí eile, bleibeanna, fréamhacha agus rudaí mar iad, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach, Cuid XIII;

(n) tobac, Cuid XIV;

(n) tobac, Cuid XIV;

(o) mairteoil agus laofheoil, Cuid XV;

(o) mairteoil agus laofheoil, Cuid XV;

(p) bainne agus táirgí bainne, Cuid XVI;

(p) bainne agus táirgí bainne, Cuid XVI;

(q) muiceoil, Cuid XVII;

(q) muiceoil, Cuid XVII;

(r) caoireoil agus feoil ghabhair, Cuid XVIII;

(r) caoireoil agus feoil ghabhair, Cuid XVIII;

(s) uibheacha, Cuid XIX;

(s) uibheacha, Cuid XIX;

(t) feoil éanlaithe clóis, Cuid XX;

(t) feoil éanlaithe clóis, Cuid XX;

(u) alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, Cuid XXI;

(u) alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, Cuid XXI;

(v) táirgí beachadóireachta, Cuid XXII;

(v) táirgí beachadóireachta, Cuid XXII;

(w) seiriceáin, Cuid XXIII;

(w) seiriceáin, Cuid XXIII;

(x) táirgí eile, Cuid XXIV.

(x) táirgí eile, Cuid XXIV. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1d)   Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 1a

 

Cuspóirí sonracha

 

Gan dochar do chur i bhfeidhm na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a shainítear in Airteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) .../... [Pleananna Straitéiseacha CBT], agus de bhun Airteagal 39 CFAE, rannchuideoidh comheagrú na margaí i gás táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1 le gnóthú na gcuspóirí sonracha seo a leanas:

 

(a) rannpháirtíocht i gcobhsú margaí talmhaíochta agus a dtrédhearcacht a mhéadú;

 

(b) cuí-fheidhmiú an tslabhra soláthair agraibhia a chur chun cinn agus ioncam cóir a áirithiú do tháirgeoirí talmhaíochta;

 

(c) staid na dtáirgeoirí sa slabhra lua a fheabhsú agus comhchruinniú an tsoláthair talmhaíochta a chur chun cinn;

 

(d) rannchuidiú le feabhsú na ndálaí eacnamaíocha le haghaidh táirgeadh agus margáil táirgí talmhaíochta agus cáilíocht na táirgeachta talmhaíochta Eorpaí a neartú.”

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo cuspóirí a thabhairt isteach le haghaidh Comheagrú Mhargaí CBT, a mbeidh feidhm leo gan dochar do chur i bhfeidhm na gcuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) [Pleananna Straitéiseacha CBT] agus a bheadh ag teacht le hAirteagal 39 CFAE.

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 e (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1e)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

Airteagal 2

“Airteagal 2

Forálacha ginearálta an chomhbheartais talmhaíochta (CBT)

Forálacha ginearálta an chomhbheartais talmhaíochta (CBT)

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) […/...] [an Rialachán Cothrománach] agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Is leasú teicniúil amháin atá sa leasú seo atá nasctha leis an athchóiriú atá ar siúl ar rialachán cothrománach CBT.

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 3 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leasaítear na sainmhínithe a bhaineann leis na hearnálacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, a mhéid is gá chun na sainmhínithe a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena ndéantar, ar mhaithe le nuashonrú agus i bhfianaise forbairtí sa mhargadh, na sainmhínithe a bhaineann leis na hearnálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú, gan aon sainmhínithe nua a chruthú.

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  scriostar Airteagal 6;

scriosta

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 6

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

Airteagal 6

"Airteagal 6

Blianta margaíochta

Blianta margaíochta

Bunófar na blianta margaíochta seo a leanas:

Bunófar na blianta margaíochta seo a leanas:

(a) an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de bhliain áirithe i gcomhair earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí;

(a) an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de bhliain áirithe i gcomhair earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí;

(b) an 1 Aibreán go dtí 31 Márta na bliana dár gcionn i gcomhair d' earnáil an fharae thriomaithe agus d' earnáil na seiriceán:

(b) an 1 Aibreán go dtí 31 Márta na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an fharae thriomaithe agus earnáil na seiriceán;

(c) an 1 Iúil go dtí 30 Meitheamh na bliana dár gcionn i gcomhair:

(c) an 1 Iúil go dtí 30 Meitheamh na bliana dár gcionn i gcomhair:

(i) earnáil na ngránach;

(i) earnáil na ngránach;

(ii) earnáil na síolta;

(ii) earnáil na síolta;

(iii) earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird;

(iii) earnáil an lín agus na cnáibe;

(iv) earnáil an lín agus na cnáibe;

(iv) earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

(v) earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

 

(d) an 1 Lúnasa go dtí 31 Iúil na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an fhíona;

(d) an 1 Lúnasa go dtí 31 Iúil na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an fhíona;

(e) an 1 Meán Fómhair go dtí 31 Lúnasa na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil na ríse;

(e) an 1 Meán Fómhair go dtí 31 Lúnasa na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil na ríse agus earnáil na n-ológ boird;

(f) an 1 Deireadh Fómhair go dtí 30 Meán Fómhair na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an tsiúcra.

(f) an 1 Deireadh Fómhair go dtí 30 Meán Fómhair na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an tsiúcra agus earnáil na hola olóige. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 11

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

Airteagal 11

“Airteagal 11

Táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabhála poiblí

Táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabháil phoiblí

Beidh feidhm ag idirghabháil phoiblí maidir leis na táirgí seo a leanas i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus le haon cheanglas agus coinníoll breise a d'fhéadfaí a bheith le cinneadh ag an gCoimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 19 agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 20,

Beidh feidhm ag idirghabháil phoiblí maidir leis na táirgí seo a leanas i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo agus le haon cheanglais agus coinníollacha breise a d’fhéadfadh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 19 agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 20:

(a) gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua (durum), eorna agus arbhar Indiach;

(a) gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua (durum), eorna agus arbhar Indiach;

(b) rís gan scilligeadh;

(b) rís gan scilligeadh;

(c) feoil úr nó fuaraithe ó earnáil na mairteola agus na laofheola a thagann faoi réim chóid AC 0201 10 00 agus 0201 20 20 go 0201 20 50;

(c) feoil úr nó fuaraithe ó earnáil na mairteola agus na laofheola a thagann faoi réim chóid AC 0201 10 00 agus 0201 20 20 go 0201 20 50;

(d) im a táirgeadh go díreach ó uachtar paistéartha agus uaidh sin amháin a fuarthas go díreach ó bhainne bó agus uaidh sin amháin i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion saille ime íosta 82 % de réir meáchain agus cion uisce uasta 16 % de réir meáchain inti;

(d) im arna tháirgeadh go díreach agus go huathúil ó uachtar paistéartha a fhaightear go díreach agus go huathúil ó bhainne bó i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion saille ime íosta 82 % de réir meáchain agus cion uisce uasta 16 % de réir meáchain ann;

(e) púdar bainne bhearrtha den chaighdeán is airde a táirgeadh trí spraephróiseas ó bhainne bó i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion próitéine íosta 34,0 % de réir meáchain ann san ábhar tirim saor ó shaill.

(e) púdar bainne bhearrtha den cháilíocht is airde arna tháirgeadh trí spraephróiseas ó bhainne bó i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion próitéine íosta 34,0 % ann de réir meáchan an ábhair thirim atá saor ó shaill;

 

(ea) siúcra bán;

 

(eb) caoireoil a thagann faoi réim chóid AC 0104 10 30 nó 0204;

 

(ec) muiceoil, bíodh sí úr, fuaraithe nó reoite, a thagann faoi réim chód AC 0203;

 

(ed) sicín, bíodh sé úr, fuaraithe nó reoite, a thagann faoi réim chód AC 0207. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 12

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

Airteagal 12

“Airteagal 12

Tréimhsí idirghabhála poiblí

Tréimhsí idirghabhála poiblí

Beidh idirghabháil phoiblí ar fáil i gcomhair an méid seo a leanas:

Beidh idirghabháil phoiblí ar fáil ar feadh na bliana do na táirgí a liostaítear in Airteagal 11. "

(a) gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua (durum), eorna agus arbhar indiach, ón 1 Samhain go dtí an 31 Bealtaine;

 

(b) rís gan scilligeadh, ón 1 Aibreán go dtí an 31 Iúil;

 

(c) mairteoil agus laofheoil, ar feadh na bliana;

 

(d) im agus bainne bearrtha triomaithe, ón 1 Márta go 30 Meán Fómhair.

 

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 13

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

Airteagal 13

"Airteagal 13

Idirghabháil phoiblí a oscailt agus a dhúnadh

Idirghabháil phoiblí a oscailt agus a dhúnadh

1.  Maidir le hidirghabháil phoiblí, i gcaitheamh na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 11:

1.  Maidir le hidirghabháil phoiblí, i gcaitheamh na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 12:

(a) beidh sí ar oscailt i gcomhair gnáthchruithneachta, ime agus púdair bhainne bhearrtha;

(a) beidh sí ar oscailt i gcomhair ime agus púdar bainne bhearrtha;

(b) féadfaidh an Coimisiún í a oscailt, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhair cruithneachta crua (durum), eorna, arbhair indigh agus ríse gan scilleagadh (lena n-áirítear cineálacha nó tíopaí sonracha ríse gan scilleagadh), más gá de bharr staid an mhargaidh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2);

(b) féadfaidh an Coimisiún í a oscailt, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhair gnáthchruithneachta, cruithneacht durum, eorna, arbhar Indiach agus rís gan scilleagadh (lena n-áirítear cineálacha nó tíopaí sonracha ríse gan scilleagadh), siúcra bán, caoireola, muiceola nó sicín más gá an méid sin de bharr staid an mhargaidh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2);

(c) féadfaidh an Coimisiún í a oscailt i gcomhair mairteola agus laofheola, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, más rud é gur lú ná 85 % den tairseach tagartha a leagtar síos i bpointe (d) d'Airteagal 7(1) meánphraghas an mhargaidh in imeacht tréimhse ionadaíche arna chinneadh de bhun phointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 20 i mBallstát nó i réigiún i mBallstát agus arna thaifeadadh ar bhonn scála an Aontais um aicmiú conablach bó-ainmhithe dá dtagraítear i bpointe A d'Iarscríbhinn IV.

(c) féadfaidh an Coimisiún í a oscailt i gcomhair earnáil na mairteola agus na laofheola, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, más rud é, in imeacht tréimhse ionadaíoch arna chinneadh de bhun phointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 20, gur lú ná 85 % den tairseach tagartha a leagtar síos i bpointe (d) d’Airteagal 7(1) meánphraghas an mhargaidh i mBallstát nó i réigiún i mBallstát arna thaifeadadh ar bhonn scála an Aontais um aicmiú conablach bó-ainmhithe dá dtagraítear i bpointe A d’Iarscríbhinn IV.

2.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndúntar idirghabháil phoiblí i gcomhair earnáil na mairteola agus na laofheola, i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh, thar thréimhse ionadaíoch arna chinneadh de bhun phointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 20, na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.’;

2.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndúntar idirghabháil phoiblí i gcomhair earnáil na mairteola agus na laofheola, más rud é, thar thréimhse ionadaíoch arna chinneadh de bhun phointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 20, na bhfuil na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 e (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 14

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3e)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

Airteagal 14

Airteagal 14

Ceannach isteach ar phraghas socruithe nó trí thairiscintí

Ceannach isteach ar phraghas socruithe nó trí thairiscintí

I gcás ina bhfuil idirghabháil phoiblí ar oscailt de bhun Airteagal 13(1), déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, bearta chun na praghsanna don cheannach isteach a shocrú do na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus, i gcás inarb iomchuí, bearta maidir le srianta cainníochtúla i gcás ina ndéantar an ceannach isteach ar phraghas socraithe.

‘I gcás ina bhfuil idirghabháil phoiblí ar oscailt de bhun Airteagal 13(1), déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, socruithe le haghaidh socrú na praghsanna do cheannach isteach na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 11.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo feabhas a chur ar an idirghabháil sa mhéid agus go mbeidh na hionstraimí níos freagarthaí agus níos éifeachtúla.

Leasú    56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 f (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 15 – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3f)  In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.  Ciallaíonn praghas idirghabhála poiblí an méid seo a leanas:

‘1.  Ciallaíonn praghas idirghabhála poiblí an t-uasphraghas ag ar féidir táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabháil phoiblí a cheannach isteach i gcás ina ndéantar é sin trí thairiscintí.

(a) an praghas ar a gceannófar táirgí isteach faoi idirghabháil phoiblí i gcás ina ndéanfar sin ar phraghas socruithe; nó

 

(b) an t-uasphraghas ar ar féidir táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabhála poiblí a cheannach isteach i gcás ina ndéanfar sin trí thairiscintí.

 

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo feabhas a chur ar an idirghabháil sa mhéid agus go mbeidh na hionstraimí níos freagarthaí agus níos éifeachtúla.

Leasú    57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 g (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 15 – mír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3g)  In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.  Déanfaidh an Chomhairle na bearta chun leibhéal phraghas na hidirghabhála poiblí a shocrú, lena n-áirítear méid na méaduithe agus na laghduithe, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CAE.

‘2.  Déanfaidh an Chomhairle na socruithe chun leibhéal phraghas na hidirghabhála poiblí a shocrú, lena n-áirítear méid na méaduithe agus na laghduithe, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo feabhas a chur ar an idirghabháil sa mhéid agus go mbeidh na hionstraimí níos freagarthaí agus níos éifeachtúla.

Leasú    58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 h (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 16 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3h)  In Airteagal 16, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

 

“3a.  Déanfaidh na Ballstáit faisnéis i dtaobh chéannacht na ngnólachtaí a bhain úsáid as idirghabháil phoiblí, agus freisin i dtaobh ceannaitheoirí stoc idirghabhála poiblí, a thabhairt don Choimisiún ionas go mbeidh sé in ann freagairt do mhíreanna 1 agus 3.”

Réasúnú

Ní dhéantar faisnéis i dtaobh chéannacht na gceannaitheoirí stoc idirghabhála poiblí a chur in iúl go córas don Choimisiún; dá bhrí sin, níl an Coimisiún in ann saintréithe a lua le héifeachtaí shaobhadh an mhargaidh ná a áirithiú go mbítear ag comhlíonadh comhaontuithe idirnáisiúnta. Is tábhachtaí go mór fada é seo ós rud é gur féidir díol na stoc a chur i gcrích leis na nósanna imeachta tairisceana ar leibhéal atá i bhfad níos ísle ná an praghas ceannaigh, agus gur féidir an difreálach a mheas mar chineál tacaíochta.

Leasú    59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 i (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 17 – mír 1 – pointe b

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3i)  Sa chéad mhír d’Airteagal 17, déantar pointe (b) a leasú mar seo a leanas:

(b) ola olóige;

"(b) ola olóige agus ológa boird; "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 j (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 17 – mír 1 – pointe i a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3j)  Sa chéad mhír d’Airteagal 17, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

"(ia) rís. "

Leasú    61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe c – pointe ii

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 23a – mír 2 – fomhír 3 – an abairt dheireanach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)  sa tríú fomhír de mhír 2, scriostar an dara habairt;

scriosta

Leasú    62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe c – pointe iii – an chuid réamhráiteach

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 23a – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

(iii)  i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

Leasú    63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 61

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(4a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61:

Airteagal 61

"Airteagal 61

Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo, beidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2030, agus déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú meántéarma chun meastóireacht a dhéanamh ar oibriú na scéime agus, más iomchuí, tograí a dhéanamh.

Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha arna bunú sa Chaibidil seo, beidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2050, agus déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú gach deich mbliana, agus den chéad uair an 1 Eanáir 2023, chun meastóireacht a dhéanamh ar oibriú na scéime agus, más iomchuí, chun moltaí a dhéanamh ar mhaithe lena feabhsú. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 62 – mír 4

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(4b)  In Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.  Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le limistéir a phlandú nó a athphlandú, ar limistéir iad atá beartaithe chun críocha turgnamhacha nó do phlandlanna beangaithe, ná maidir le limistéir a bhfuil a gcuid fíona nó a gcuid táirgí fíniúnacha beartaithe lena gcaitheamh ag teaghlach an tsaothróra fíniúna amháin ná maidir le limistéir atá le plandú as an nua mar thoradh ar cheannach éigeantach ar mhaithe le leas an phobail a glacadh faoin dlí náisiúnta.

"4.  Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le plandú nó a athphlandú limistéar atá beartaithe chun críocha turgnamhacha nó do phlandlanna beangaithe, maidir le plandú nó athphlandú limistéar a bhfuil a gcuid táirgí fíniúnacha beartaithe go huile agus go hiomlán le haghaidh táirgeadh sú fíonchaor, maidir le limistéir a bhfuil a gcuid fíona nó a gcuid táirgí fíniúnacha beartaithe lena gcaitheamh ag teaghlach an tsaothróra fíniúna amháin ná maidir le limistéir atá le plandú as an nua mar thoradh ar cheannach éigeantach ar mhaithe le leas an phobail faoin dlí náisiúnta. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 63 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  in Airteagal 63, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

scriosta

‘1.  Cuirfidh na Ballstáit ar fáil, gach bliain, údaruithe le haghaidh plandálacha nua a bheidh de réir ceann amháin díobh seo a leanas:

 

(a)  1 % den achar iomlán dá gcríocha a bheidh plandáilte faoi fhíniúnacha, agus an t-achar sin arna thomhas ar an 31 Iúil an bhliain roimhe sin; nó

 

(b)  1 % de achar arb é a bheidh ann an t-achar dá gcríocha a bheidh plandáilte faoi fhíniúnacha agus an t-achar sin arna thomhas ar an 31 Iúil an bhliain roimhe sin, agus iomlán an achair arna chumhdach ag na cearta plandála a dheontar do tháirgeoirí ina gcríocha i gcomhréir le hAirteagal 85h, le hAirteagal 85i nó le hAirteagal 85k de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus a raibh fáil air le haghaidh údaruithe ar an 1 Eanáir 2016, mar a thagraítear dó in Airteagal 68 den Rialachán seo.; ’

 

Leasú    66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 63

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(5a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63:

Airteagal 63

"Airteagal 63

Sásra cosanta do phlanduithe nua

Sásra cosanta do phlanduithe nua

1.  Cuirfidh na Ballstáit údaruithe i gcomhair planduithe nua ar fáil gach bliain a chomhfhreagraíonn do 1 % den limistéar iomlán atá plandaithe go hiarbhír le fíniúnacha ar a gcríoch, mar a thomhaistear iad an 31 Iúil an bhliain roimhe.

1.  Cuirfidh na Ballstáit ar fáil, gach bliain, údaruithe le haghaidh planduithe nua a bheidh ag comhfhreagairt do cheann díobh seo a leanas:

 

(a) 1 % den limistéar iomlán atá plandaithe go hiarbhír le fíniúnacha ar a gcríoch, faoi mar a bheidh tomhaiste an 31 Iúil den bhliain roimhe sin; nó

 

(b) 1 % den limistéar a chomhdhéanann an limistéar atá plandaithe go hiarbhír le fíniúnacha ar a gcríoch, faoi mar a tomhaiseadh an 31 Iúil 2015, agus an limistéar atá clúdaithe le cearta plandaithe arna ndeonú do tháirgeoirí ina gcríoch i gcomhréir le hAirteagal 85h, le hAirteagal 85i nó le hAirteagal 85k de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus a raibh fáil air le haghaidh tiontú go húdaruithe ar an 1 Eanáir 2016, mar a thagraítear dó in Airteagal 68 den Rialachán seo.

2.  Déanfaidh na Ballstáit:

2.  Féadfaidh na Ballstáit:

(a) céatadán níos ísle a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta ná an céatadán atá leagtha amach i mír 1;

(a) céatadán níos ísle a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta ná an céatadán a leagtar amach i mír 1,

(b) teorainn a chur le húdaruithe a eisiúint ar an leibhéal réigiúnach, do limistéir shonracha atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, do limistéir atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi thásc geografach faoi chosaint, nó do limistéir gan tásc geografach.

(b) teorainn a chur le heisiúint údaruithe ar an leibhéal réigiúnach, do limistéir shonracha atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, do limistéir atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi thásc geografach faoi chosaint, nó do limistéir gan tásc geografach; ba cheart na húdaruithe sin a úsáid sna réigiúin sin.

3.  Aon cheann de na teorainneacha dá dtagraítear i mhír 2, cuideoidh siad le fás ordúil phlanduithe fíniúnacha, socrófar iad ar leibhéal a bheidh os cionn 0 % agus beidh bonn cirt leo ar cheann amháin nó níos mó de na forais sonracha seo a leanas:

3.  Aon cheann de na teorannuithe dá dtagraítear i mír 2, rannchuideoidh siad le fás ordúil phlanduithe fíniúnacha, socrófar iad ar leibhéal a bheidh os cionn 0 % agus beidh bonn cirt leo ar cheann amháin nó níos mó de na forais sonracha seo a leanas:

(a) chun riosca dea-léirithe de rósholáthar táirgí fíona a sheachaint maidir le hionchais don mhargadh i leith na dtáirgí sin, gan níos mó ná an méid a bhfuil gá leis a dhéanamh chun an riachtanas sin a chomhlíonadh;

(a) chun riosca dea-léirithe de rósholáthar táirgí fíona a sheachaint maidir le hionchais don mhargadh i leith na dtáirgí sin, agus gan dul thar an méid a bhfuil gá leis chun an riachtanas sin a chomhlíonadh;

(b) chun riosca dea-léirithe díluachála a sheachaint i gcás sonrúchán tionscnaimh áirithe faoi chosaint nó tásc geografach áirithe faoi chosaint.

(b) chun riosca dea-léirithe de dhíluacháil a sheachaint i gcás sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint áirithe nó tásc geografach faoi chosaint áirithe;

 

(ba) an mhian rannchuidiú le forbairt na dtáirgí lena mbaineann agus san am céanna a gcáilíocht a chaomhnú.

 

3a.  Féadfaidh na Ballstáit aon bhearta rialála is gá a ghlacadh chun imchéimniú ag oibreoirí ar bhearta sriantacha arna nglacadh de bhun mhíreanna 2 agus 3 a sheachaint.

4.  Cuirfidh na Ballstáit in iúl go poiblí aon chinntí a ghlactar de bhun mhír 2, agus tabharfar bonn cirt cuí leis na cinntí sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na cinntí agus na boinn chirt sin.

4.  Déanfaidh na Ballstáit aon chinntí a ghlactar de bhun mhír 2 a phoibliú, agus tabharfar bonn cirt leis na cinntí sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na cinntí agus na boinn chirt sin.

 

4a.  Féadfaidh Ballstáit údaruithe a théann thar na dteorannuithe dá bhforáiltear san Airteagal seo a eisiúint le haghaidh planduithe atá beartaithe le haghaidh acmhainní géiniteacha fíniúnacha a chaomhnú. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 64

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(5b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:

Airteagal 64

“Airteagal 64

Údaruithe a dheonú i gcomhair planduithe nua

Údaruithe a dheonú i gcomhair planduithe nua

1.  Mura rachaidh méid an limistéir iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe i mbliain ar leith thar mhéid an limistéir a chuir an Ballstát ar fáil, glacfar leis na hiarratais sin ar fad.

1.  Mura bhfuil an limistéar iomlán a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe i mbliain ar leith níos mó ná an limistéar a bheidh curtha ar fáil ag an mBallstát, glacfar leis na hiarratais sin ar fad.

Féadfaidh na Ballstáit, chun críche an Airteagail seo, ceann amháin nó níos mó de na critéir incháilitheachta, atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chur i bhfeidhm:

Féadfaidh na Ballstáit, chun críche an Airteagail seo, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, ceann amháin nó níos mó de na critéir incháilitheachta, atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chur i bhfeidhm:

(a) beidh limistéar talmhaíochta ag an iarratasóir nach lú é ná an limistéar a bhfuil an t-údarú á lorg aige ina leith;

(a) beidh limistéar talmhaíochta ag an iarratasóir nach lú é ná an limistéar a bhfuil an t-údarú á lorg aige ina leith;

(b) beidh scileanna gairme agus inniúlacht ghairme leordhóthanach ag an iarratasóir;

(b) beidh scileanna agus inniúlacht ghairme leormhaith ag an iarratasóir;

(c) ní baol go ndéanfar mí-leithreasú ar chlú na sonrúchán tionscnaimh faoi leith atá faoi chosaint i ngeall ar an iarratas, rud a nglactar leis mura léiríonn na húdaráis phoiblí gurb ann don riosca sin;

(c) ní chothóidh an t-iarratas riosca suntasach de mhídhílsiú ar chlú na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ar leith, agus toimhdeofar gurb amhlaidh an cás mura rud é go léiríonn na húdaráis phoiblí gurb ann don riosca sin;

(ca) níl fíniúnacha plandaithe ag an iarratasóir gan údarú dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo nó gan ceart plandaithe dá dtagraítear in Airteagal 85a agus in Airteagal 85b de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007;”;

(ca) níl fíniúnacha plandaithe ag an iarratasóir gan údarú amhail dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo nó gan ceart plandaithe amhail dá dtagraítear in Airteagail 85a agus 85b de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007;

(d) má tá bonn cirt cuí leis, ceann amháin nó níos mó de na critéir dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go gcuirtear i bhfeidhm iad ar bhealach oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

(d) i gcás ina bhfuil údar cuí leis, ceann amháin nó níos mó de na critéir dá dtagraítear i mír 2, ar choinníoll go gcuirtear i bhfeidhm iad ar bhealach oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

2.  Má tá méid an limistéir iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe dá dtagraítear i mír 1, i mbliain ar leith, thar mhéid an limistéir a chuir an Ballstát ar fáil, deonófar údaruithe, de réir dháileadh pro-rata na heicteár, do na hiarratasóirí go léir ar bhonn an limistéir a ndearna siad iarratas ar údarú ina leith. Tríd an deonú sin, féadfar limistéar íosta agus/nó uasta a bhunú de réir iarratasóra agus féadfar é a dhéanamh go páirteach nó go hiomlán freisin i gcomhréir le ceann amháin nó níos mó de na critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha thosaíochta seo a leanas:”;

2.  Más rud é go bhfuil an limistéar iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe dá dtagraítear i mír 1, i mbliain ar leith, níos mó ná an limistéar atá curtha ar fáil ag an mBallstát, deonófar údaruithe, de réir dháileadh pro rata na heicteár, do na hiarratasóirí go léir ar bhonn an limistéir a ndearna siad iarratas ar údarú ina leith. Tríd an deonú sin, féadfar limistéar íosta agus/nó uasta a bhunú de réir iarratasóra agus féadfar é a dhéanamh go páirteach nó go hiomlán freisin i gcomhréir le ceann amháin nó níos mó de na critéir thosaíochta, atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, seo a leanas:

(a) táirgeoirí atá ag dul i mbun na hoibre den chéad uair, agus arb iad ceann a ngabháltais iad (iontrálaithe nua);

(a) táirgeoirí atá ag dul i mbun planduithe fíniúnacha den chéad uair, agus arb iad ceann a ngabháltais iad (iontrálaithe nua);

(b) limistéir ina rannchuidíonn fíonghoirt leis an gcomhshaol a chaomhnú;

(b) limistéir ina rannchuidíonn na fíonghoirt le caomhnú an chomhshaoil nó le caomhnú acmhainní géiniteacha fíniúnacha;

(c) limistéir atá nua-phlandaithe faoi chuimsiú tionscadal um chomhdhlúthú talún;

(c) limistéir atá le plandú as an nua faoi chuimsiú tionscadal um chomhdhlúthú talún;

(d) limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile le sárú acu;

(d) limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile le sárú acu;

(e) inbhuanaitheacht tionscadal forbraíochta nó athphlandaithe bunaithe ar mheastóireacht eacnamaíoch;

(e) inbhuanaitheacht tionscadal forbraíochta nó athphlandaithe bunaithe ar mheastóireacht eacnamaíoch;

(f) limistéir a bheidh le plandú as an nua agus a chuirfidh leis an iomaíochas i ngabháltas feirme agus ar an leibhéal réigiúnach;

(f) limistéir atá le plandú as an nua agus a rannchuideoidh le hiomaíochas an ghabháltais a mhéadú, ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta;

(g) tionscadail lena bhféadfaí feabhas a chur ar cháilíocht na dtáirgí le tásca geografacha;

(g) tionscadail lena bhféadfaí feabhas a chur ar cháilíocht na dtáirgí le tásca geografacha;

(h) limistéir a bheidh le plandú as an nua i gcomhthéacs gabháltais bheaga agus mheánmhéide a mhéadú.

(h) limistéir atá le plandú as an nua i gcomhthéacs gabháltais bheaga agus mheánmhéide a mhéadú.

2a.  Má chinneann an Ballstát ceann amháin nó níos mó de na critéir dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Ballstát an coinníoll breise a chur leis go mbeidh an t-iarratasóir ina dhuine nádúrtha nach bhfuil os cionn 40 bliain d'aois an bhliain a dtíolactar an t-iarratas.”;

2a.  Má chinneann an Ballstát ceann amháin nó níos mó de na critéir dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Ballstát an coinníoll breise a chur leis go mbeidh an t-iarratasóir ina dhuine nádúrtha nach bhfuil os cionn 40 bliain d’aois sa bhliain a dtíolactar an t-iarratas.

 

2b.  Féadfaidh na Ballstáit aon bhearta rialála is gá a ghlacadh chun imchéimniú ag oibreoirí ar bhearta sriantacha arna nglacadh de bhun mhíreanna 1, 2 agus 2a a sheachaint.

3.  Poibleoidh na Ballstáit na critéir dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 2a a bheidh á gcur i bhfeidhm acu agus tabharfaidh siad fógra láithreach don Choimisiún faoi na critéir sin.”;

3.  Poibleoidh na Ballstáit na critéir sin dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 2a a bheidh á gcur i bhfeidhm acu agus tabharfaidh siad fógra láithreach don Choimisiún faoi na critéir sin.

 

3a.  Más rud é go socraítear teorannú ar an leibhéal réigiúnach i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 63(2), féadfar critéir thosaíochta agus incháilithe a chur i bhfeidhm ar an leibhéal sin, ar critéir iad a mheastar a bheith i gcomhréir le hAirteagal 64. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 65 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5 c)  In Airteagal 65, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh na chéad míre:

 

Agus Airteagal 63(2) á chur i bhfeidhm, bunóidh Ballstát réamhnós imeachta a fhágfaidh go mbeidh ar a chumas tuairimí ó cheard-eagraíochtaí ionadaíocha, atá aitheanta ar an leibhéal réigiúnach i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin, a bhreithniú.

Réasúnú

Tá sé tábhachtach ionadaithe ó cheard-eagraíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha a chomhlachú leis an nós imeachta maidir le húdaruithe i gcomhair planduithe nua dá bhforáiltear in Airteagal 63(2).

Leasú    69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 69 – mír 1 – pointe e a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5d)  In Airteagal 69, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

(ea) critéir a bhaineann le caomhnú acmhainní géiniteacha fíniúnacha.

Réasúnú

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún na critéir a bhaineann le caomhnú acmhainní géiniteacha fíniúnacha a shainmhíniú trí bhíthin gníomh tarmligthe.

Leasú    70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 e (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 73

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(5e)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 73:

Airteagal 73

“Airteagal 73

Raon Feidhme

Raon Feidhme

Gan dochar d’aon fhorálacha eile is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta, agus gan dochar do na forálacha a glacadh in earnáil na tréidliachta, san earnáil fíteashláintíochta agus in earnáil an bhia lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí caighdeáin sláinteachais agus sláinte agus chun sláinte ainmhithe, plandaí agus daoine a chosaint, leagtar síos sa Roinn seo na rialacha maidir leis na caighdeáin mhargaíochta Roinnfear na rialacha éigeantacha agus ina dtéarmaí roghnacha forchoimeádta do tháirgí talmhaíochta.

Gan dochar d’aon fhorálacha eile is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta, agus gan dochar do na forálacha a ghlactar in earnáil na tréidliachta, san earnáil fíteashláintíochta agus in earnáil an bhia lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí caighdeáin sláinteachais agus sláinte agus chun sláinte ainmhithe, plandaí agus daoine a chosaint, agus chun iomaíocht chothrom idir táirgeoirí Eorpacha agus tríú tíortha a áirithiú, leagtar síos sa Roinn seo na rialacha maidir le caighdeáin margaíochta.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Socraíonn CEM na rialacha margaíochta le haghaidh líon mór táirgí. Gan na rialacha sin a chomhlíonadh, ní féidir táirgí a chur ar mhargadh AE. Leis na caighdeáin mhargaíochta sin, ní mór dálaí cothroma iomaíochta do tháirgeoirí Eorpacha a ráthú i gcomparáid leis na dálaí do thríú tíortha, chun prionsabal na coibhéise a áirithiú.

Leasú    71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 f (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 75

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(5f)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75:

Airteagal 75

"Airteagal 75

Bunú agus ábhar

Bunú agus inneachar

1.  Féadfaidh feidhm a bheith ag caighdeáin mhargaíochta maidir le ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha agus/nó de na táirgí seo a leanas:

1.  Féadfaidh feidhm a bheith ag caighdeáin mhargaíochta maidir le ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha agus na táirgí seo a leanas:

(a) ola olóige agus ológa boird;

(a) ola olóige agus ológa boird;

(b) torthaí agus glasraí;

(b) torthaí agus glasraí;

(c) táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte;

(c) táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte;

(d) earnáil na mbananaí;

(d) bananaí;

(e) plandaí beo;

(e) plandaí beo;

(f) uibheacha;

(f) uibheacha;

(g) feoil éanlaithe;

(g) feoil éanlaithe;

(h) saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(h) saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(i) leannlusanna;

(i) leannlusanna;

 

(ia) rís;

 

(ib) bainne agus táirgí bainne;

 

(ic) táirgí meala agus coirceoige;

 

(id) mairteoil agus laofheoil;

 

(ie) caoireoil;

 

(if) muiceoil.

2.  Chun ionchas na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargú táirgí thalmhaíochta a fheabhsú chomh maith le cáilíocht na dtáirgí talmhaíochta a chumhdaítear faoi mhír 1 agus faoi mhír 4 den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le caighdeáin mhargaithe de réir earnálacha nó táirgí, ag gach céim sa mhargú, chomh maith le maoluithe agus díolúintí ó na caighdeáin sin chun iad a chur in oiriúint do dhálaí síorathraitheacha an mhargaidh, do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, d'fhorbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus ionas nach gcruthófar constaicí do nuáil táirgí.

2.  Chun ionchas na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargú táirgí thalmhaíochta a fheabhsú chomh maith le cáilíocht na dtáirgí talmhaíochta a chumhdaítear faoi mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le caighdeáin mhargaithe de réir earnálacha nó táirgí, ag gach céim sa mhargú, chomh maith le maoluithe agus díolúintí ó na caighdeáin sin chun iad a oiriúnú do dhálaí síorathraitheacha an mhargaidh, do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, d’fhorbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus ionas nach gcruthófar constaicí do nuálaíocht táirgí.

3.  Gan dochar d'Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfaidh na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1 ceann amháin nó níos mó de nanithe seo a leanas a chuimsiú, ar nithe iad atá le cinneadh ar bhonn earnála nó táirge agus atá bunaithe ar shaintréithe gach earnála, an gá chun an margú a rialáil agus na coinníollacha atá sainithe i mír 5 den Airteagal seo:

3.  Gan dochar d'Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), féadfaidh na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1 ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a chuimsiú, ar nithe iad atá le cinneadh ar bhonn earnála nó táirge agus atá bunaithe ar shaintréithe gach earnála, ar an ngá chun an margú a rialáil agus ar na coinníollacha a shainítear i mír 5 den Airteagal seo:

(a) na sainmhínithe teicniúla, an sonrúchán agus tuairiscí díolacháin d'earnálacha seachas na hearnálacha a leagtar amach in Airteagal 78;

(a) na sainmhínithe teicniúla, an sonrúchán agus tuairiscí díolacháin d’earnálacha seachas na hearnálacha sin a leagtar amach in Airteagal 78;

(b) critéir aicmithe amhail grádú in aicmí, i meáchain, i méideanna, in aois agus i gcatagóirí;

(b) critéir aicmiúcháin amhail grádú in aicmí, i meáchain, i méideanna, in aois agus i gcatagóirí;

(c) an speiceas, cineál an phlanda nó cine an ainmhí nó an cineál tráchtála;

(c) an speiceas, cineál an phlanda nó rás an ainmhí nó an cineál tráchtála;

(d) an cur i láthair, lipéadú a bhaineann le caighdeáin éigeantacha mhargaíochta, pacáistiú, rialacha atá le cur i bhfeidhm maidir le hionaid phacála, marcáil, bliain na buainte agus úsáid téarmaí sonracha, gan dochar d'Airteagail 92 go 123;

(d) an cur i láthair, lipéadú atá nasctha le caighdeáin éigeantacha mhargaíochta, pacáistiú, rialacha atá le cur i bhfeidhm maidir le hionaid phacála, marcáil, bliain na buainte agus úsáid téarmaí sonracha, gan dochar d’Airteagail 92 go 123;

(e) critéir amhail cruth, comhsheasmhacht, comhlíonadh, saintréithe an táirge agus céatadán an chion uisce;

(e) critéir amhail cruth, comhsheasmhacht, comhlíonadh, saintréithe an táirge agus céatadán an chion uisce;

(f) substaintí sonracha a úsáidtear i dtáirgeadh, nó comhpháirteanna nó comhábhair, lena n-áirítear a gcion cainníochtúil, a n-íonacht agus a n-aitheantas;

(f) substaintí sonracha a úsáidtear i dtáirgeadh, nó comhchodanna nó comhábhair, lena n-áirítear a gcion cainníochtúil, a n-íonacht agus a sainaitheantas;

(g) cineál na feirmeoireachta agus an modh táirgeachta lena n-áirítear cleachtais fhíoneolaíocha agus ardchórais táirgthe inbhuanaithe;

(g) cineál na feirmeoireachta agus an modh táirgeachta lena n-áirítear cleachtais fhíoneolaíocha, cleachtais maidir le cothú ainmhithe agus ardchórais táirgthe inbhuanaithe;

(h) cumasc úrfhíona agus fíona lena n-áirítear sainmhínithe ar an gcumasc sin, meascadh agus srianta ar an meascadh sin;

(h) cumasc úrfhíona agus fíona lena n-áirítear sainmhínithe ar an gcumasc sin, meascadh agus srianta ar an meascadh sin;

(i) an mhiníocht lena mbailítear, lena seachadtar, an leasú agus an láimhseáil, an modh caomhnaithe agus an teocht, an stóráil agus an t-iompar;

(i) an mhinicíocht do bailiúchán agus seachadadh, leasú agus láimhseáil, an modh caomhnaithe agus an teocht, stóráil agus iompar;

(j) an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht agus/nó an áit tionscnaimh, gan feoil éanlaithe ná saillte inleata a áireamh;

(j) an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht agus/nó an áit tionscnaimh,

(k) srianta maidir le húsáid substaintí agus cleachtas áirithe;

(k) srianta maidir le húsáid substaintí agus cleachtas áirithe;

(l) úsáid shonrach;

(l) úsáid shonrach;

(m) na coinníollacha a rialaíonn diúscairt, coimeád, cúrsaíocht agus úsáid táirgí nach gcomhlíonann na caighdeáin mhargaíochta arna nglacadh de bhun mhír 1 agus na sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin mar a thagraítear dóibh in Airteagal 78, chomh maith le diúscairt fotháirgí.

(m) na coinníollacha a rialaíonn diúscairt, láimhseáil, cúrsaíocht agus úsáid táirgí nach gcomhlíonann na caighdeáin mhargaíochta arna nglacadh de bhun mhír 1 nó na sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin mar a thagraítear dóibh in Airteagal 78, chomh maith le diúscairt fotháirgí;

 

(ma) leas ainmhithe.

4.  De theannta ar mhír 1, féadfaidh feidhm a bheith ag na caighdeáin margaíochta maidir le hearnáil an fhíonaBeidh feidhm ag pointí (f), (g), (h), (k) agus (m) de mhír 3 maidir leis an earnáil sin.

4.  Sa bhreis ar mhír 1, féadfaidh feidhm a bheith ag na caighdeáin mhargaíochta maidir le hearnáil an fhíona. Beidh feidhm ag pointí (f), (g), (h), (k) agus (m) de mhír 3 maidir leis an earnáil sin.

5.  Déanfar na caighdeáin mhargaíochta a ghlactar de bhun mhír 1 den Airteagal seo a leagan síos gan dochar d' Airteagail 84 go 88 agus d'Iarscríbhinn IX agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

5.  Déanfar na caighdeáin mhargaíochta de réir earnála nó táirgí a ghlactar de bhun mhír 1 den Airteagal seo a leagan síos gan dochar d’Airteagail 84 go 88 agus d’Iarscríbhinn IX, agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh leo:

(a) saintréithe sonracha an táirge lena mbaineann;

(a) saintréithe sonracha an táirge lena mbaineann;

(b) an gá lena áirithiú go bhfuil na dálaí lena gcabhrófar leis na táirgí sin a chur ar an margadh;

(b) an gá lena áirithiú gur ann do na dálaí a éascaíonn na táirgí sin a chur ar an margadh;

(c) leas na dtáirgeoirí saintréithe an táirge agus na feirmeoireachta a chur in iúl, agus leas na dtomhaltóirí i dtaca le faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, lena n-áirítear an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht atá le cinneadh ar bhonn gach cáis faoi leith ar an leibhéal geografach is iomchuí, tar éis meastóireacht a dhéanamh ar na costais agus ar na hualaí riaracháin a chuirfear ar oibreoirí go háirithe, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh;

(c) leas na dtáirgeoirí ó thaobh saintréithe an táirge agus na feirmeoireachta a chur in iúl, agus leas na dtomhaltóirí i dtaca le faisnéis leormhaith agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, lena n-áirítear an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht atá le cinneadh ar bhonn cás ar chás ar an leibhéal geografach iomchuí, tar éis meastóireacht a dhéanamh, go háirithe, ar na costais agus ar na hualaí riaracháin atá ar oibreoirí agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh;

(d) na modhanna atá ar fáil chun saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha na dtáirgí a chinneadh;

(d) na modhanna atá ar fáil chun saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha na dtáirgí a chinneadh;

(e) na moltaí caighdeánacha a ghlac comhlachtaí idirnáisiúnta;

(e) na moltaí caighdeánacha tá glactha ag comhlachtaí idirnáisiúnta;

(f) an gá atá ann saintréithe nádúrtha bunúsacha na dtáirgí a chaomhnú agus gan athrú substaintiúil a dhéanamh ar chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann.

(f) an gá atá ann saintréithe nádúrtha agus bunúsacha na dtáirgí a chaomhnú agus gan athrú substaintiúil a dhéanamh ar chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann.

6.  Chun ionchas na dtomhaltóirí a chur san áireamh mar aon leis an ngá atá ann na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargaíocht táirgí talmhaíochta a fheabhsú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun liosta na n-earnálacha i mír 1 a mhodhnú. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta go docht do riachtanais a léiríodh a bheith ann de thoradh ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí, agus beidh siad faoi réir Thuarascáil an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéanfar meastóireacht, go háirithe, ar riachtanais an tomhaltóra, ar na costais agus ar na hualaí riaracháin atá ar oibreoirí lena n-áirítear an tionchar ar an margadh inmheánach agus ar thrádáil idirnáisiúnta, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh.

6.  Chun ionchas na dtomhaltóirí a chur san áireamh mar aon leis an ngá atá ann an cháilíocht agus na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargaíocht táirgí talmhaíochta a fheabhsú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun liosta na n-earnálacha i mír 1 a mhodhnú. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta go docht do riachtanais léirithe a bheith ann agus a thagann ó athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí, agus beidh siad faoi réir Tuarascáil ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéanfar meastóireacht, go háirithe, ar riachtanais an tomhaltóra, ar na costais agus ar na hualaí riaracháin atá ar oibreoirí, lena n-áirítear an tionchar ar an margadh inmheánach agus ar thrádáil idirnáisiúnta, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh.

_________________

_________________

10 Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18)

10 Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 g (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 78

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(5g)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 78:

Airteagal 78

"Airteagal 78

Sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin i gcomhair earnálacha agus táirgí áirithe

Sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin i gcomhair earnálacha agus táirgí áirithe

1.  Chomh maith leis sin, sa chás inarb ábhartha do na caighdeáin mhargaíocht, beidh feidhm ag na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII maidir leis na hearnálacha agus na táirgí seo a leanas:

1.  Sa bhreis ar na caighdeáin mhargaíochta, i gcás inarb ábhartha, beidh feidhm ag na sainmhínithe, na sonrúcháin agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII maidir leis na hearnálacha agus na táirgí seo a leanas:

(a) mairteoil agus laofheoil;

(a) mairteoil agus laofheoil;

 

(aa) caoireoil agus uaineoil;

(b) fíon;

(b) fíon;

(c) bainne agus táirgí bainne atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(c) bainne agus táirgí bainne atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(d) feoil éanlaithe

(d) feoil éanlaithe;

(e) uibheacha;

(e) uibheacha;

(f) saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine; agus

(f) saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine; agus

(g) ola olóige agus ológa ológa boird

(g) ola olóige agus ológa boird.

2.  Ní fhéadfar na sainmhínithe, sonrúcháin nó tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII a úsáid san Aontas ach amháin le haghaidh margaíocht táirge a chomhlíonann na ceanglais chomhfhreagracha atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin.

2.  Ní fhéadfar na sainmhínithe, sonrúcháin nó tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII a úsáid san Aontas ach amháin le haghaidh margaíocht agus cur chun cinn táirge a chomhlíonann na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin. In Iarscríbhinn VII, féadfar a fhorordú cad iad na coinníollacha faoina bhfuil na sonrúcháin nó tuairiscí díolacháin sin cosanta, ag an am céanna a dhéantar iad a mhargú nó a chur chun cinn, i gcoinne úsáid thráchtála neamhdhleathach, mí-úsáide, aithrise nó claontagairte.

3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le leasuithe, maoluithe nó díolúintí i ndáil leis na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teorannta go docht do riachtanais a léiríodh a bheith ann agus ar toradh iad ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an gá atá le nuálaíocht táirgí.

3.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le modhnuithe, maoluithe nó díolúintí a dhéanamh i ndáil leis na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta go docht do riachtanais léirithe agus a thagann ó athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí.

4.  Chun a áirithiú go bhfuil tuiscint shoiléir cheart ag oibritheoirí agus ag na Ballstáit ar na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis na rialacha dá sonrúchán agus dá gcur i bhfeidhm.

4.  Chun a áirithiú go bhfuil tuiscint shoiléir agus chuí ag oibritheoirí agus ag na Ballstáit ar na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis na rialacha dá sonraíocht agus dá gcur i bhfeidhm.

5.  D'fhonn ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh mar aon le forbairt an mhargaidh do tháirgí bainne, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena sonrófar na táirgí bainne a luafar an speiceas ainmhí óna dtagann an bainne ina leith, mura bó-ainmhí atá i gceist, agus chun na rialacha riachtanacha a leagan síos.

5.  Chun ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh mar aon le forbairt an mhargaidh do tháirgí bainne, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun na táirgí bainne a shonrú a gcaithfear a lua ina leith, mura bó-ainmhí atá i gceist, cad é an speiceas ainmhí ónar tháinig an bainne lena n-aghaidh agus chun na rialacha riachtanacha a leagan síos. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 h (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 79 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5h)  Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

Airteagal 79a

 

Ola olóige a mheascadh le holaí glasraí eile

 

1.  Toirmiscfear ola olóige a mheascadh le holaí glasraí eile.

 

2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí smachtbhannaí a leagan síos le haghaidh oibreoirí nach gcomhlíonann mír 1 den Airteagal seo.

Réasúnú

Tá sé dodhéanta an céatadán de gach uile chineál ola i meascáin ola atá comhdhéanta d’ola olóige agus cineálacha eile olaí glasraí a thomhas. Ionas nach ndéantar an tomhaltóir a chur ar mhíthreoir, is gá na meascáin sin a thoirmeasc.

Leasú    74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 i (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 79 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5i)  Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

Airteagal 79b

 

Rialacha margaíochta i dtaca le hearnáil na n-ológ agus le hearnáil na hola olóige

 

Chun saintréithe sonracha earnáil na n-ológ augs earnáil na hola olóige a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha margaíochta le haghaidh ológa boird agus ola olóige a chomhchuibhiú.

Leasú    75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 81 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  in Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

scriosta

‘2.  Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor a fhéadfar a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun críocha táirgthe fíona.

 

Féadfaidh na Ballstáit an t-aicmiú a dhéanamh ar na cineálacha fíonchaor nuair:

 

(a)  is cineálacha iad a bhaineann le ceann de na spéicis Vitis vinifera nó Vitis Labrusca; nó

 

(b)  is cineálacha iad a fhaightear trí na spéicis Vitis vinifera, Vitis Labrusca a chrosáil le spéicis eile den ghéineas Vitis.

 

I gcás ina scriosfar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh amach laistigh de 15 bliana ó thráth an scriosta sin.; ’

 

Leasú    76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 81 – mír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(6a)  in Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.  Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor a fhéadfar a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun fíon a tháirgeadh.

"2.  Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor a fhéadfar a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun críocha fíon a dhéanamh.

Ní fhéadfaidh Ballstáit ach na cineálacha fíonchaor a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a aicmiú:

Féadfaidh na Ballstáit cineálacha fíonchaor a aicmiú más rud é:

(a) is cineálacha iad a bhaineann leis an speiceas Vitis vinifera nó a fhaightear nuair a chrosáiltear an speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis;

(a) go mbaineann an cineál leis an speiceas Vitis vinifera nó go bhfaightear an cineál i dtrácht nuair a chrosáiltear an speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis.

(b) ní ceann de na cineálacha seo a leanas iad: Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton ná Herbemont.

(b) nach ceann díobh seo a leanas an cineál: Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton ná Herbemont.

 

De mhaolú ar an dara fomhír, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt d’athphlandú Vitis Labrusca nó na gcineálacha de ó phointe (b) i bhfíonghoirt stairiúla atá ann cheana ar choinníoll nach méadófar an t-achar talún faoi fhíniúnacha atá ann cheana.

I gcás ina scriosfar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh amach laistigh de 15 bliana ó thráth an scriosta sin.

I gcás ina scriostar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh amach laistigh de 15 bliana ó thráth an scriosta sin. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 90a – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  bunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha a bhunú a chuideoidh le calaois a bhrath agus a dhéanfar a chur i dtoll a chéile ar bhonn samplaí arna mbailiú ag na Ballstáit;

(a)  bunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha a bhunú nó a chothabháil a chuideoidh le calaois a bhrath agus a dhéanfar a chur i dtoll a chéile ar bhonn samplaí arna mbailiú ag na Ballstáit;

Réasúnú

Is ann do bhunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha cheana féin i gcuid de na Ballstáit, mar sin is leor an bunachar sonraí sin a chothabháil seachas ceann nua a chruthú.

Leasú    78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 92 – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(8a)  In Airteagal 92, leasaítear mír 1 mar a leanas:

1.  Beidh feidhm ag rialacha a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta atá leagtha síos sa Roinn seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i míreanna 1, 3 go 6, 8, 9, 11, 15 agus 16 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII.

1.  Beidh feidhm ag rialacha a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta a leagtar síos sa Roinn seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i míreanna 1, 3 go 6, 8, 9, 11, 15 agus 16 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII, agus leo sin amháin.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 – pointe a

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 93 – mír 1 – pointe a – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  ciallaíonn ‘sonrúchán tionscnaimh’ ainm a dhéanann sainaithint ar tháirge, dá dtagraítear in Airteagal 92(1):

(a)  ciallaíonn “sonrúchán tionscnaimh” ainm réigiúin, ainm áite faoi leith nó, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, ainm tíre a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar tháirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1):

Leasú    80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 – pointe a

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 93 – mír 1 – pointe a – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)  ar timpeallacht gheografach ar leith gona gnéithe dúchasacha nádúrtha, agus más iomchuí sin, gona gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe;

(i)  ar timpeallacht gheografach ar leith, lena gnéithe nádúrtha agus lena gnéithe daonna, is cúis go bunúsach nó go heisiach lena cháilíocht nó lena shaintréithe;

Leasú    81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 – pointe a

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 93 – mír 1 – pointe a – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)  ar de thionscnamh ionaid, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith é;

scriosta

Leasú    82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 – pointe a

Rialachán (AE) 1308/2013

Airteagal 93 – mír 1 – pointe a – pointe v a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(va)  Nach bhfuil “páirt-dhí-alcólaithe” nó “dí-alcólaithe” amhail dá dtagraítear i bpointí 18 agus 18 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII.

Leasú    83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 94 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  in Airteagal 94(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

scriosta

‘Sna hiarratais ar chosaint do shonrúcháin tionscnaimh nó do thásca geografacha, beidh an méid seo a leanas:’

 

Leasú    84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 94

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(10a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 94:

Airteagal 94

Airteagal 94

Iarratais ar chosaint

Iarratais ar chosaint

1.  Ní mór comhad teicniúil ina mbeidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht le hiarratais ar chosaint ainmneacha mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha:

"1.  Sna hiarratais ar ainmneacha a chosaint mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha, beidh an méid seo a leanas:

(a) an t-ainm atá le cosaint;

(a) an t-ainm atá le cosaint;

(b) ainm agus seoladh an iarratasóra;

(b) ainm agus seoladh an iarratasóra;

(c) sonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2; agus

(c) sonraíocht táirge, amhail dá dtagraítear i mír 2; agus

(d) doiciméad aonair ina ndéantar achoimre ar an tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2.

(d) doiciméad aonair ina ndéantar achoimre ar an tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2.

2.  Cuirfidh an tsonraíocht táirge ar chumas páirtithe leasmhara dálaí ábhartha táirgthe i ndail leis an sonrúchán tionscnaimh nó an táisc gheografaigh a fhíorú. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tsonraíocht táirge:

2.  Cuirfidh an tsonraíocht táirge ar chumas páirtithe leasmhara dálaí ábhartha táirgthe i ndáil leis an sonrúchán tionscnaimh nó leis an tásc geografach a fhíorú. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tsonraíocht táirge:

(a) an t-ainm atá le cosaint;

(a) an t-ainm atá le cosaint;

(b) tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

(b) tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

(i) cur síos ar a bpríomhthréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh acu;

(i) i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh acu, cur síos ar a bpríomhthréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha;

(ii) cur síos ar a bpríomhthréithe anailíseacha mar aon le meastóireacht nó tásc ar a dtréithe orgánaileipteacha i gcás fíonta a bhfuil tásc geografach acu;

(ii) i gcás fíonta a bhfuil tásc geografach acu, cur síos ar a bpríomhthréithe anailíseacha mar aon le meastóireacht nó tásc ar a dtréithe orgánaileipteacha;

(c) nuair is infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáideadh chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh mar aon leis na srianta ábhartha maidir le déanamh an fhíona nó na bhfíonta;

(c) i gcás inarb infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh mar aon leis na srianta ábhartha maidir le déanamh an fhíona nó na bhfíonta;

(d) teorainneacha an limistéir gheografaigh lena mbaineann;

(d) teorainneacha an limistéir gheografaigh lena mbaineann;

(e) an táirgeacht uasta in aghaidh an heicteáir;

(e) an táirgeacht uasta in aghaidh an heicteáir;

(f) tásc faoin gcineál fíonchaoire nó faoi na cineálacha fíonchaoire óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta;

(f) tásc faoin gcineál fíonchaoire nó faoi na cineálacha fíonchaoire óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta;

(g) na mionsonraí a dhearbhaíonn an nasc dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó, de réir an cháis, i bpointe (b)(i) d'Airteagal 93(1);

(g) na mionsonraí a dhearbhaíonn an nasc dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó, de réir an cháis, i bpointe (b)(i) d’Airteagal 93(1):

 

(i) a mhéid a bhaineann le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, féadfar an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear i bpointe (a)(1) d’Airteagal 93(1) agus na mionsonraí a bhaineann le gnéithe daonna na timpeallachta geografaí sin a theorannú, i gcás inarb ábhartha, do chur síos ar an mbainistiú ithreach agus tírdhreacha, do chleachtais saothraithe nó d’aon ghníomhaíochtaí daonna eile a rannchuidíonn le cothabháil na ngnéithe nádúrtha den timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 93(1);

 

(ii) a mhéid a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht shonrach, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 93(2);

(h) na ceanglais is infheidhme arna leagan síos i reachtaíocht an Aontais nó i reachtaíocht náisiúnta, nó nuair a dhéanann Ballstát foráil amhlaidh, ag eagraíocht a bhainistíonn an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, ag féachaint dó go mbeidh na ceanglais sin oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus ag luí le dlí an Aontais;

(h) na ceanglais is infheidhme arna leagan síos i reachtaíocht an Aontais nó i reachtaíocht náisiúnta, nó nuair a dhéanann Ballstát foráil amhlaidh, arna leagan síos ag eagraíocht a bhainistíonn an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, ag féachaint don fhíoras go mbeidh na ceanglais sin oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus ag luí le dlí an Aontais;

(i) ainmneacha agus seoltaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn gur comhlíonadh forálacha na sonraíochta táirge agus a gcuid cúraimí sonracha.

(i) ainmneacha agus seoltaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go bhfuil forálacha na sonraíochta táirge, agus a gcuid cúraimí sonracha, á gcomhlíonadh.

3.  I gcás ina mbaineann an t-iarratas ar chosaint le limistéar geografach i dtríú tír, beidh istigh ann, i dteannta na nithe dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2, cruthúnas go bhfuil an t-ainm lena mbaineann faoi chosaint ina thír thionscnaimh.

3.  I gcás ina mbaineann an t-iarratas ar chosaint le limistéar geografach i dtríú tír, beidh san iarratas, sa bhreis ar na nithe dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2, cruthúnas go bhfuil an t-ainm lena mbaineann faoi chosaint sa tír thionscnaimh. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 96 – mír 5 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a)  in Airteagal 96, mír 5, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

 

Nuair a bheidh an t-iarratas ar chosaint á chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin gcéad fhomhír den mhír seo, cuirfidh an Ballstáit ráiteas ar áireamh ann á rá go measann sé go bhfuil an t-iarratas atá curtha isteach ag an iarratasóir ag comhlíonadh na gcoinníollacha a bhaineann le cosaint dá bhforáiltear sa Roinn seo agus go deimhníonn sé gur achoimre fíor den sonraíocht táirge atá sa doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 94(1).

 

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún má rinneadh aon agóid inghlactha a chur isteach faoin nós imeachta náisiúnta.

Leasú    86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 96 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.  Féadfaidh an Coimisiún, nuair is cuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun scrúdú an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 97(2) a fhionraí go dtí go mbeidh breithniú déanta ag cúirt náisiúnta nó ag comhlacht náisiúnta eile i dtaca le dúshlán a tugadh faoi iarratas ar chosaint ar iarratas é a ndearna an Ballstát a chinneadh ina leith gur chomhlíon sé na ceanglais i nós imeachta náisiúnta um réamhrialú i gcomhréir le mír 5.

scriosta

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.’;

 

Leasú    87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 97 – mír 2 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarratais chlárúcháin a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 94 agus le hAirteagal 96(5). Agus toradh an nóis imeachta um réamhrialú a rinne an Ballstát á thabhairt san áireamh aige, déanfaidh sé na hiarratais sin a ghrinnscrúdú d’fhonn aon earráidí follasacha a aimsiú.

Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarratais le haghaidh cosanta a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagail 94 agus 96(5). Agus toradh an réamhnós imeachta náisiúnta a rinne an Ballstát i dtrácht á chur san áireamh aige, déanfaidh sé na hiarratais sin a ghrinnscrúdú d’fhonn aon earráidí follasacha a aimsiú. Díreoidh an scrúdú sin go háirithe ar an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 94(1).

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo téacs an CMO Aonair a ailíniú le glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) an 17 Deireadh Fómhair 2018 ag an gCoimisiún Eorpach, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus na prionsabail pholaitiúil is bonn taca don athbhreithniú sin a thabhairt isteach sa bhunghníomh seo. Comhfhreagraíonn an leasú seo le hAithris 10 sa Rialachán Tarmligthe sin.

Leasú    88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 103 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)  in Airteagal 103, cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:

scriosta

‘4.  An chosaint sin dá dtagraítear i mír 2, beidh feidhm aici freisin i dtaca le táirgí a bheidh tugtha isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcríoch chustaim an Aontais, agus i dtaca le táirgí a dhíolfar trí mhodhanna leictreonacha trádála san Aontas Eorpach.; ’

 

Leasú    89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 103

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(14a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 103:

Airteagal 103

“Airteagal 103

Cosaint

Cosaint

1.  Féadfaidh aon oibreoir atá ag margú fíona sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint a úsáid má táirgeadh an fíon i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

1.  Aon oibreoir atá ag margú fíona a rinneadh a tháirgeadh i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach, féadfaidh sé sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint a úsáid.

2.  Déanfar sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint agus an fíon a úsáideann an t-ainm sin faoi chosaint i gcomhréir leis na sonraíochtaí táirge a chosaint in aghaidh:

2.  Maidir le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint, chomh maith leis an bhfíon a úsáideann an t-ainm faoi chosaint sin i gcomhréir leis na sonraíochtaí táirge, déanfar é a chosaint in aghaidh na nithe seo a leanas:

(a) aon úsáide tráchtála dírí nó indírí an ainm sin faoi chosaint:

(a) aon úsáid tráchtála dhíreach nó indíreach den ainm faoi chosaint sin:

(i) do tháirgí inchomparáide nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an ainm faoi chosaint; nó

(i) ag táirgí inchomparáide nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an ainm faoi chosaint; nó

(ii) a mhéid is a bhaineann an úsáid sin leas as an gcáil atá ag sonrúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach;

(ii) a mhéid agus go ndéanann an úsáid sin an cháil atá ag sonrúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach a dhúshaothrú, a lagú nó a chaolú, lena n-áirítear nuair a úsáidtear ainm cláraithe mar chomhábhar;

(b) aon mhí-úsáide, aithrise nó tabhartha chun cuimhne, fiú má shonraítear fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse nó má aistrítear, má thrascríobhtar nó má thraslitrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn mar "stíl", "cineál", "modh", "mar a tháirgtear i", "aithris", "blas", "cosúil" nó nath éigin dá samhail leis;

(b) aon mhí-úsáid, aithris nó claontagairt, fiú má thugtar fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse le fios nó má dhéantar an t-ainm faoi chosaint a aistriú, a thras-scríobh nó a thraslitriú nó má chuirtear slonn ar nós "stíl", "cineál", "modh", "faoi mar a tháirgtear i", "aithris", "blas", "cosúil" nó rud éigin dá samhail leis, lena n-áirítear nuair a úsáidtear ainmneacha cláraithe mar chomhábhar;

(c) aon táisc bhréagaigh nó mhíthreoraigh eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe fíona, agus pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh;

(c) aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, bíodh sin ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe fíona, chomh maith le pacáistiú a dhéanamh ar an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh;

(d) aon chleachtas ar bith eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

(d) aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge;

 

(da) aon tásc, a dhéantar de mheon mímhacánta, d’ainm fearainn atá cosúil le hainm faoi chosaint, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis lena cheapadh gurb ionann ainm fearainn agus ainm faoi chosaint, i bpáirt nó go hiomlán.

3.  Ní thiocfaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint chun bheith cineálach san Aontas de réir bhrí Airteagal 101(1).

3.  Ní thiocfaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint chun bheith cineálach san Aontas de réir bhrí Airteagal 101(1).

 

3a.  An chosaint sin dá dtagraítear i mír 2, beidh feidhm aici freisin i ndáil le táirgí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach nach scaoiltear i saorchúrsaíocht i gcríoch chustaim an Aontais, agus i ndáil le táirgí a dhíoltar trí mhodhanna leictreonacha trádála san Aontas. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 105

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(14b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 105:

Airteagal 105

"Airteagal 105

Leasuithe ar shonraíochtaí táirgí

Leasuithe ar shonraíochtaí táirgí

Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 cur isteach ar fhormheas i gcomhair leasú a dhéanamh ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásc gheografaigh faoi chosaint aige, go háirithe chun forbairtí in eolas teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh nó chun an limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (d) den dara fomhír d’Airteagal 94(2) a athchríochú. Tabharfar tuairisc sna hiarratais ar na leasuithe sin agus luafar na cúiseanna atá leo.

1.  Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 cur isteach ar fhormheas i gcomhair leasú a dhéanamh ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint, go háirithe chun forbairtí in eolas teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh nó chun an limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (d) den dara fomhír d’Airteagal 94(2) a athchríochú. Tabharfar tuairisc sna hiarratais ar na leasuithe sin agus luafar na cúiseanna atá leo.

 

1a.  Déanfar leasuithe ar shonraíocht táirge a aicmiú in dhá chatagóir ó thaobh na tábhachta atá ag baint leo: leasuithe a éilíonn nós imeachta agóide ar leibhéal an Aontais (‘leasuithe Aontais’) agus leasuithe a ndéileálfar leo ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal tríú tír (‘leasuithe caighdeánacha’).

 

Measfar gur leasú Aontais a bheidh i leasú más rud é:

 

(a) go n-áirítear ann athrú ar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó an táisc gheografaigh faoi chosaint;

 

(b) gurb é atá i gceist leis ná catagóir de tháirgí fíniúna dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a athrú, a scriosadh nó a chur isteach;

 

(c) go bhféadfadh sé an nasc dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó i bpointe (b)(i) d’Airteagal 93(1) a fhágáil neamhbhailí;

 

(d) go bhfuil srianta breise i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge ag gabháil leis.

 

Maidir le hiarratais ar leasuithe Aontais arna dtíolacadh ag tríú tíortha nó ag táirgeoirí tríú tír, beidh cruthúnas ag gabháil leo á léiriú go bhfuil na leasuithe atá á n-iarraidh acu ag comhlíonadh na ndlíthe maidir le sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha a chosaint agus atá i bhfeidhm sna tríú tíortha sin.

 

Déanfar gach leasú eile a mheas mar leasuithe caighdeánacha.

 

1b.  Is é a bheidh i leasú sealadach ná leasú caighdeánach a bhaineann le hathrú sealadach ar an tsonraíocht táirge a thagann ó bhearta éigeantacha sláintíochta agus fíteashláintíochta a bheith á bhforchur ag údaráis phoiblí nó ar leasú é atá nasctha le tubaistí nádúrtha nó dálaí drochaimsire arna sainaithint go foirmiúil ag na húdaráis inniúla. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 105 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14c)  Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

Airteagal 105a

 

Leasuithe ar leibhéal an Aontais

 

1.  Maidir le hiarratas go ndéanfar leasú Aontais ar na sonraíochtaí táirge a fhormheas, leanfaidh sé, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 94 agus 96 go 99. Iarratais go ndéanfar leasú Aontais ar na sonraíochtaí táirge a fhormheas, measfar iad a bheith inghlactha más rud é go ndéantar iad a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 105 agus má tá siad iomlán, cuimsitheach agus comhlánaithe go cuí. Maidir le formheas an Choimisiúin ar iarratas le haghaidh leasú Aontais ar na sonraíochtaí táirge a fhormheas, ní chlúdóidh sé ach amháin na leasuithe a bheidh curtha isteach san iarratas féin.

 

2.  Más rud é, bunaithe ar an scrúdú a dhéantar de bhun Airteagal 97(2), go measann an Coimisiún gur comhalladh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 97(3), déanfaidh sé an t-iarratas ar leasú Aontais a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar an cinneadh críochnaitheach i dtaobh fhormheas an leasuithe a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Aireagal 229(2) a chur i bhfeidhm, mura rud é go mbeidh agóid inghlactha taiscthe nó go mbeidh an t-iarratas ar leasú diúltaithe, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 99(2).

 

3.  Má mheastar nach bhfuil an t-iarratas inghlactha, déanfar na cúiseanna leis an neamh-inghlacadh sin a cur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit nó don iarratasóir atá bunaithe i dtríú tír.

 

4.  Is leasuithe Aontais, agus iadsan amháin, a bheidh in iarratais ar leasuithe Aontais a fhormheas. Má bhíonn leasuithe caighdeánacha nó leasuithe sealadacha le fáil freisin in iarratas ar leasú Aontais, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta le haghaidh leasuithe Aontais ach amháin maidir leis na leasuithe Aontais. Measfar nach bhfuil na leasuithe caighdeánacha nó na leasuithe sealadacha curtha isteach.

 

5.  I scrúdú an iarratais ar leasuithe, díreoidh an Coimisiún isteach ar na leasuithe atá beartaithe.

Leasú    92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 105 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14d)  Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

Airteagal 105b

 

Leasuithe caighdeánacha

 

1.  Is iad na Ballstáit lena mbaineann limistéar geografach an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh a dhéanfaidh leasuithe caighdeánacha a fhormheas agus a phoibliú.

 

Déanfar iarratas le haghaidh leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge a fhormheas a chur isteach chuig údaráis an Bhallstáit lena mbaineann limistéar geografach an tsonrúcháin nó an táisc. Comhlíonfaidh na hiarratasóirí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95. Más rud é nach ón iarratasóir a chuir isteach an t-iarratas ar ainm nó ainmneacha dá dtagraíonn an tsonraíocht táirge a chosaint a thagann an t-iarratas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge a fhormheas, tabharfaidh an Ballstát an deis don iarratasóir sin a bharúlacha a thabhairt i dtaobh an iarratais, más ann fós don iarratasóir.

 

San iarratas ar leasú caighdeánach, tabharfar tuairisc ar na leasuithe caighdeánacha, tabharfar achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis na leasuithe agus léireofar go gcáilíonn na leasuithe atá beartaithe mar leasuithe caighdeánacha i gcomhréir le hAirteagal 105.

 

2.  I gcás ina measann Ballstát go bhfuil na ceanglais á gcomhlíonadh, féadfaidh sé an leasú caighdeánach a fhormheas agus a phoibliú. Beidh ar áireamh sa chinneadh maidir le formheas doiciméad aonair comhdhlúite modhnaithe, i gcás inarb ábhartha, agus sonraíocht táirge chomhdhlúite modhnaithe.

 

Beidh an leasú caighdeánach infheidhme sa Bhallstát a thúisce a phoibleofar é. Déanfaidh an Ballstát leasuithe caighdeánacha a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh an dáta ar a ndearnadh an cinneadh náisiúnta maidir le formheas a phoibliú.

 

3.  Cinntí lena bhformheastar leasuithe caighdeánacha i dtaca le táirgí fíniúna de thionscnamh tríú tíortha, déanfar iad i gcomhréir leis an gcóras atá i bhfeidhm sa tríú tír i dtrácht agus déanfaidh táirgeoir aonair nó grúpa de tháirgeoirí a bhfuil leas dlisteanach acu iad a chur in iúl don Choimisiún, bíodh sin trína gcur in iúl go díreach don Choimisiún nó trí údaráis an tríú tír sin, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh an dáta ar a ndearnadh iad a phoibliú.

 

4.  Más rud é go gcuimsíonn an limistéar geografach níos mó ná aon Bhallstát amháin, déanfaidh na Ballstáit i dtrácht an nós imeachta le haghaidh leasuithe caighdeánacha a chur i bhfeidhm go leithleach le haghaidh na coda den limistéar sin atá ina gcríoch féin. Beidh an leasú caighdeánach infheidhme tar éis don chinneadh náisiúnta maidir le formheas deireanach teacht chun bheith infheidhme. An Ballstát deireanach a dhéanfaidh an leasú caighdeánach a fhormheas, seolfaidh sé chuig an gCoimisiún é tráth nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh an dáta ar a ndearnadh a chinneadh maidir leis an leasú caighdeánach a formheas a phoibliú.

 

Más rud é nach ndéanann ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit i dtrácht cinneadh náisiúnta maidir le formheas, amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a ghlacadh, féadfaidh aon cheann de na Ballstáit i dtrácht iarratas a chur isteach faoin nós imeachta maidir le leasú Aontais. Beidh feidhm mutatis mutandis ag riail den sórt sin nuair is tríú tír atá i gceann amháin nó níos mó de na tíortha i dtrácht.

Leasú    93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 e (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 105 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14e)  Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

Airteagal 105c

 

Leasuithe sealadacha

 

1.  Is é an Ballstát lena mbaineann limistéar geografach an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh a dhéanfaidh leasuithe sealadacha a fhormheas agus a phoibliú. Déanfar iad, in éineacht leis na cúiseanna atá le tacú le leasuithe sealadacha, a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh an dáta ar a ndearnadh an cinneadh náisiúnta maidir le formheas a phoibliú. Beidh leasú sealadach infheidhme sa Bhallstát a thúisce a phoibleofar é.

 

2.  Más rud é go gcuimsíonn an limistéar geografach níos mó ná aon Bhallstát amháin, déanfar an nós imeachta le haghaidh leasuithe sealadacha a chur i bhfeidhm go leithleach sna Ballstáit i dtrácht le haghaidh na coda den limistéar sin atá ina gcríoch féin. Beidh leasuithe sealadacha infheidhme tar éis don chinneadh náisiúnta maidir le formheas deireanach teacht chun bheith infheidhme. An Ballstát deireanach a dhéanfaidh an leasú sealadach a fhormheas, cuirfidh sé in iúl don Choimisiún é tráth nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh an dáta ar a ndearnadh a chinneadh maidir le formheas a phoibliú. Tá feidhm mutatis mutandis ag an riail sin freisin nuair is tríú tír atá i gceann amháin nó níos mó de na tíortha i dtrácht.

 

3.  Déanfaidh táirgeoir aonair nó grúpa de tháirgeoirí a bhfuil leas dlisteanach acu leasuithe sealadacha i dtaca le táirgí fíniúna de thionscnamh tríú tíortha, in éineacht leis na cúiseanna atá ag tacú le leasuithe sealadacha, a chur in iúl don Choimisiún, bíodh sin trína gcur in iúl go díreach don Choimisiún nó trí údaráis an tríú tír sin, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh an dáta ar a ndearnadh iad fhormheas.

 

4.  Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe sin a phoibliú laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaightear an chumarsáid ón mBallstát, ón tríú tír nó ó tháirgeoir aonair nó grúpa de tháirgeoirí i dtríú tír. Beidh leasú sealadach infheidhme i gcríoch an Aontais a thúisce a phoibleoidh an Coimisiún é.

Leasú    94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 106

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 106:

scriosta

‘Airteagal 106

 

Cealú

 

Ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san ábhar, féadfaidh an Coimisiún, sna cúinsí seo a leanas agus i gcúinsí eile, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófar an chosaint atá ag sonrúcháin tionscnaimh nó ag tásc geografach:

 

(a)  nuair a stadtar de bheith ag tabhairt ráthaíochta i dtaca le sonraíocht an táirge a bheith á comhlíonadh.

 

(b)  i gcás nár cuireadh ar an margadh ar feadh seacht mbliana, ar a laghad, tar éis a chéile, táirge lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach;

 

(c)  i gcás go ndéanfadh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 a dhearbhú nach mian leis an chosaint a bheith feasta ag an sonrúchán tionscnaimh nó ag an tásc geografach.

 

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).; ’

 

Leasú    95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 106

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(15a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 106:

Airteagal 106

"Airteagal 106

Cealú

Cealú

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, cinneadh a dhéanamh, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófar cosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh a chealú mura n-áirithítear go gcomhlíontar an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach a thuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

1.  Ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san ábhar, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealaítear an chosaint atá ag sonrúcháin tionscnaimh nó ag tásc geografach i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

 

(a) i gcás nach bhfuil comhlíonadh leis an tsonraíocht táirge comhfhreagrach á ráthú a thuilleadh;

 

(b) i gcás nár cuireadh ar an margadh ar feadh seacht mbliana i ndiaidh a chéile, ar a laghad, táirge lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach;

 

(c) i gcás go ndéanfadh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 a dhearbhú nach mian leis a thuilleadh an chosaint a bheith ag an sonrúchán tionscnaimh nó ag an tásc geografach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

 

1a.  I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil an iarraidh ar chealú inghlactha, déanfaidh sé na cúiseanna don neamh-inghlacadh a chur in iúl don Bhallstát nó don údarás sa tríú tír nó don duine nádúrtha nó dlítheanach a chuir isteach an iarraidh.

 

1b.  Beidh ráitis agóide chuí-réasúnaithe i leith an chealaithe inghlactha sa chás amháin go léiríonn siad go bhfuil duine leasmhar ag brath ar bhonn tráchtála ar an ainm cláraithe. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 106 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15b)  Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

Airteagal 106a

 

Lipéadú agus cur i láthair sealadach

 

Tar éis iarratas ar chosaint do shonrúcháin tionscnaimh nó do thásc geografach a bheith curtha ar aghaidh chuig an gCoimisiún, féadfaidh táirgeoirí an chosaint sin a thabhairt i fios i lipéadú agus i gcur i láthair agus féadfaidh siad lógónna agus tásca náisiúnta a úsáid, i gcomhréir le dlí an Aontais agus go háirithe le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

 

Maidir le siombailí Aontais a léiríonn sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, leis na tásca Aontais ‘sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’ nó leis na giorrúcháin Aontais ‘PDO’ nó ‘PGI’, ní fhéadfaidh siad a bheith ar an lipéadú go dtí tar éis fhoilsiú an chinnidh lena dtugtar cosaint don sonrúchán tionscnaimh nó don tásc geografach sin.

 

I gcás ina ndiúltaítear don iarratas, féadfar aon táirge fíniúna atá lipéadaithe i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a mhargáil go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Leasú    97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 107 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15c)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 107a

 

Sonraíocht táirge a chur i bhfeidhm i leith limistéir ina ndéantar biotáillí fíona a tháirgeadh

 

Féadfaidh Ballstáit sonraíocht táirge de réir bhrí Airteagal 94(2) a chur i bhfeidhm i leith limistéir ina ndéantar fíon a tháirgeadh atá oiriúnach chun biotáillí fíona a tháirgeadh má tá tásc geografach de réir mar atá cláraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ag an bhfíon.”

Réasúnú

Tá sé mar aidhm ag an Airteagal nua seo a chur ar chumas Ballstáit sonraíocht táirge de réir bhrí Airteagal 94(2) a chur i bhfeidhm i leith limistéir ina ndéantar fíon a tháirgeadh atá oiriúnach chun biotáillí fíona a tháirgeadh má tá tásc geografach de réir mar atá cláraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán maidir le Deochanna Biotáille ag an bhfíon, chun a áirithiú gur fearr a bhíonn an soláthar ag meaitseáil an éilimh.

Leasú    98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 17

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 116a – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Laistigh den Aontas, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 2 nó comhlacht rialúcháin tarmligthe amháin nó níos mó, de réir bhrí phointe 5 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625, ar údarás nó comhlachtaí iad atá ag feidhmiú mar chomhlacht deimhniúcháin táirgí i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i gCaibidil III de Theideal II den Rialachán sin, a áirithiú go ndéanfar a fhíorú ar bhonn bliantúil go bhfuil an tsonraíocht táirge á chomhlíonadh, le linn tháirgeadh an fhíona agus le linn a chomhoiriúnaithe nó ina dhiaidh.

3.  Laistigh den Aontas, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 2 nó comhlacht tarmligthe amháin nó níos mó, de réir bhrí phointe 5 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625, atá ag feidhmiú mar chomhlacht deimhniúcháin táirgí i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i gCaibidil III de Theideal II den Rialachán sin, a fhíorú ar bhonn bliantúil go bhfuil an tsonraíocht táirge á chomhlíonadh, le linn tháirgeadh an fhíona agus le linn nó i ndiaidh a chomhoiriúnaithe lena n-áirítear sa Bhallstát ina bhfuil táirgeadh an fhíona ag tarlú.

Leasú    99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 17

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 116a – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.  Is seiceálacha riarachán agus seiceálacha ar an láthair a bheidh sna seiceálacha dá dtagraítear i mír 3. Beidh na seiceálacha sin teoranta do rialuithe riaracháin sa chás amháin go bhfuil siad sin slán agus go bhfágann siad gur féidir lán-chomhlíonadh na gceanglas agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna sonraíochtaí táirge a áirithiú.

Leasú    100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 17

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 116a – mír 3 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b.  Chun a fhíorú go bhfuil na sonraíochtaí táirge á gcomhlíonadh, féadfaidh na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 iniúchóireacht a dhéanamh ar na hoibreoirí arna mbunú i mBallstát eile má bhíonn lámh acu i gcomhoiriúnú táirge ar a bhfuil PDO atá cláraithe ina gcríoch. Agus aird á tabhairt ar an muinín a fhéadfaidh siad a chur in oibreoirí agus a dtáirgí a mhéid a bhaineann le torthaí na bhfíoruithe roimhe sin, féadfaidh na comhlachtaí tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 a gcuid gníomhaíochtaí a dhíriú ar na príomhghnéithe a bheidh le fíorú sna sonraíochtaí táirge a bheidh sainithe roimhe sin agus a bheidh curtha in iúl do na hoibreoirí sin.

Leasú    101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 119 – míreanna 1 agus 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Leasaítear Airteagal 119 mar seo a leanas:

scriosta

(a)   i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

 

‘Beidh na sonraí éigeantacha seo a leanas ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15, 16, 18 agus 19 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII agus a mhargaítear san Aontas nó atá le honnmhairiú: ';

 

(b)   cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

 

'4.  Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh nó, sa chás go bhfuil siad ar an margadh cheana, go mbainfear den mhargadh na táirgí, dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil an lipéadú orthu i gcomhréireacht le forálacha an Rialacháin seo.’

 

Leasú    102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 119

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(18a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 119:

Airteagal 119

"Airteagal 119

Sonraí éigeantacha

Sonraí éigeantacha

1. Beidh na sonraí éigeantacha seo a leanas ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII agus a mhargaítear san Aontas nó atá le honnmhairiú:

1. Beidh na sonraí éigeantacha seo a leanas ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15, 16, 18 agus 19 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII agus a mhargaítear san Aontas nó atá le honnmhairiú:

(a) an sonrúchán le haghaidh chatagóir an táirge fíniúna i gcomhréir le Cuid II d’Iarscríbhinn VII;

(a) an sonrúchán le haghaidh chatagóir an táirge fíniúna i gcomhréir le Cuid II d’Iarscríbhinn VII;

(b) i gcomhair fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu:

(b) i gcomhair fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu:

(i) an téarma "sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint" nó "tásc geografach faoi chosaint"; agus

(i) an téarma “sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint”;

(ii) ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint;

agus (ii) ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint;

(c) an neart alcóil iarbhír de réir toirte;

(c) an neart alcóil iarbhír de réir toirte;

(d) tásc maidir le foinse;

(d) tásc maidir le foinse;

(e) tásc maidir leis an mbuidéalaí nó, i gcás fíona shúilínigh, fíona shúilínigh aeraithe, fíona shúilínigh ardchaighdeáin, nó fíona shúilínigh aramataigh ardchaighdeáin, ainm an táirgeora nó an díoltóra;

(e) tásc maidir leis an mbuidéalaí nó, i gcás fíon súilíneach, fíon súilíneach aeraithe, fíon súilíneach ardchaighdeáin nó fíon súilíneach aramatach ardchaighdeáin, ainm an táirgeora nó an díoltóra;

(f) tásc maidir leis an allmhaireoir i gcás fíonta allmhairithe; agus

(f) tásc maidir leis an allmhaireoir i gcás fíonta allmhairithe;

(g) i gcás fíona shúilínigh, fíona shúilínigh aeraithe, fíona shúilínigh ardchaighdeáin, nó fíona shúilínigh aramataigh ardchaighdeáin, tásc maidir leis an gcion siúcra.

(g) i gcás fíon súilíneach, fíon súilíneach aeraithe, fíon súilíneach ardchaighdeáin nó fíon súilíneach aramatach ardchaighdeáin, tásc maidir leis an gcion siúcra;

 

(ga) an dearbhú cothúcháin, a bhféadfar a inneachar a theorannú don luach fuinnimh amháin; agus

 

(gb) an liosta comhábhar.

2.  De mhaolú ar mhír 1(a) féadfar an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár i gcás fíonta a bhfuil ainm sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografach faoi chosaint ar áireamh ar a lipéid.

2.  De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfar an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár i gcás fíonta a bhfuil ainm sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint ar áireamh ar a lipéid.

3.  De mhaolú ar mhír 1(b) féadfar an tagairt do na téarmaí "sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint" nó "tásc geografach faoi chosaint" a fhágáil ar lár sna cásanna seo a leanas:

3.  De mhaolú ar pointe (b) de mhír, féadfar an tagairt do na téarmaí “sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint” a fhágáil ar lár sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina bhfuil téarma traidisiúnta atá i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 112 le feiceáil ar an lipéad i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 94(2);

(a) i gcás ina bhfuil téarma traidisiúnta atá i gcomhréir le pointe (a) d ‘Airteagal 112 le feiceáil ar an lipéad i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 94(2);

(b) in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 227 chun go n-áiritheofar go gcomhlíontar cleachtais lipéadaithe atá ann cheana.

(b) in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun go n-áiritheofar go gcomhlíontar cleachtais lipéadaithe atá ann cheana.

 

3a.  Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach phointe (ga) de mhír 1 a áirithiú, déanfar an méid seo a leanas i gcás an luacha fuinnimh:

 

(a) déanfar é a shloinneadh le huimhreacha agus focail nó siombailí, agus go sonrach leis an tsiombail (E) le haghaidh ‘Energy’;

 

(b) déanfar é a ríomh ag úsáid na fachtóire coinbhéartachta a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

 

(c) déanfar é a shloinneadh mar mheánluachanna in kcal ar bhonn na nithe seo a leanas:

 

(i) anailís an táirgeora ar an bhfíon; nó

 

(ii) ríomh ó shonraí seanbhunaithe agus a nglactar go coiteann leo agus atá bunaithe ar na meánluachanna a bhíonn ann do ghnáthfhíonta agus d’fhíonta tréitheacha;

 

(d) déanfar é a shloinneadh in aghaidh an 100ml. Sa bhreis air sin, féadfar é a shloinneadh in aghaidh an aonaid tomhaltais, ar shlí a bheidh so-aitheanta don tomhaltóir, ar choinníoll go ndéantar an t-aonad a mbaintear feidhm as a chainníochtú ar an lipéad agus go sonraítear líon na n-aonad atá sa phacáiste.

 

3b.  De mhaolú ar phointe (gb) de mhír 1, féadfar an liosta comhábhair a sholáthar freisin ar shlí eile seachas ar an lipéad a bheidh greamaithe don bhuidéal nó do chineál eile coimeádáin, ar choinníoll go ndéantar nasc soiléir agus díreach a thabhairt ar an lipéad. Ní fhéadfar é a thaispeáint in éineacht le faisnéis eile atá beartaithe chun críocha trádála nó margaíochta.

 

3c.  Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh nó, sa chás go bhfuil siad ar an margadh cheana, go mbainfear den mhargadh na táirgí, dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil an lipéadú orthu i gcomhréireacht le forálacha an Rialacháin seo.

 

3d.  Oibreoirí ar mian leo ar bhonn deonach a chur in iúl do thomhaltóirí cá mhéad calra atá i dtáirgí fíona ó bhliain margaíochta dar tús dáta sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, déanfaidh siad Airteagal 119 a chur i bhfeidhm ina iomláine. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 120 – mír 1 – pointe f a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19a)  Cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

(fa) téarmaí a bhaineann le caomhnú acmhainní géiniteacha na fíniúna;

Leasú    104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 122 – mír 1 – pointí b, c agus d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)  in Airteagal 122, leasaítear mír 1 mar a leanas:

scriosta

(a)  i bpointe (b), scriostar pointe (ii);

 

(b)  i bpointe (c), cuirtear an pointe (iii) seo a leanas leis:

 

‘ (iii)  téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas agus na coinníollacha a ghabhann lena n-úsáid.; ’

 

(c)  i bpointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

 

‘ (i)  na coinníollacha úsáide a ghabhann le cruthanna áirithe buidéal agus le dúntáin, agus liosta de chruthanna sonracha buidéal ar leith;’; ’

 

Leasú    105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 122

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(20a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 122:

Airteagal 122

“Airteagal 122

Cumhachtaí tarmligthe

Cumhachtaí tarmligthe

1.  Chun saintréithe sonracha na hearnála fíona a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le rialacha agus srianta i dtaca leis an méid seo a leanas:

1.  Chun saintréithe sonracha na hearnála fíona a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le rialacha agus srianta i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a) cur i láthair agus úsáid sonraí lipéadaithe seachas na cinn dá bhforáiltear sa Roinn seo;

(a) cur i láthair agus úsáid sonraí lipéadaithe seachas na cinn dá bhforáiltear sa Roinn seo;

(b) sonraí éigeantacha maidir le:

(b) sonraí éigeantacha maidir le:

(i) téarmaí atá le húsáid chun na sonraí éigeantacha agus coinníollacha úsáide na sonraí sin a fhoirmliú;

(i) téarmaí atá le húsáid chun na sonraí éigeantacha agus a gcoinníollacha úsáide a fhoirmliú;

(ii) téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas agus coinníollacha úsáide na dtéarmaí sin;

 

(iii) forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí éigeantacha a leagan síos;

(iii) forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí éigeantacha a leagan síos;

(iv) forálacha lena n-údaraítear maoluithe breise i dteannta na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 119(2) maidir leis an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár; agus

(iv) forálacha lena n-údaraítear maoluithe breise i dteannta na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 119(2) a mhéid a bhaineann leis an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár;

(v) forálacha ar úsáid teangacha;

(v) forálacha ar úsáid teangacha; agus

 

(va) forálacha a bhaineann le pointe (gb) d’Airteagal 119(1);

 

 

(c) sonraí roghnacha maidir le:

(c) sonraí roghnacha maidir le:

(i) téarmaí atá le húsáid chun na sonraí roghnacha agus coinníollacha úsáide na sonraí sin a fhoirmliú;

(i) téarmaí atá le húsáid chun na sonraí roghnacha agus a gcoinníollacha úsáide a fhoirmliú;

(ii) forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí roghnacha a leagan síos;

(ii) forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí roghnacha a leagan síos;

 

(iia) téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas agus na coinníollacha a ghabhann lena n-úsáid;

(d) an cur i láthair maidir le:

(d) an cur i láthair maidir le:

(i) coinníollacha úsáide cruthanna áirithe buidéal, agus liosta de chruthanna sonracha buidéal ar leith;

(i) na coinníollacha úsáide a ghabhann le cruthanna áirithe buidéal agus le dúntáin, agus liosta de chruthanna sonracha buidéal ar leith;

(ii) coinníollacha úsáide buidéal agus iamh den chineál a úsáidtear i gcomhair fíona shúilínigh;

(ii) coinníollacha úsáide buidéal agus dúntáin den chineál a úsáidtear i gcomhair fíon súilíneach;

(iii) forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le cur i láthair a leagan síos;

(iii) forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le cur i láthair a leagan síos;

(iv) forálacha ar úsáid teangacha;

(iv) forálacha ar úsáid teangacha.

 

Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(va) a ghlacadh tráth nach déanaí ná 18 mí i ndiaidh ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2.  Chun cosaint leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le lipéadú agus cur i láthair sealadach fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach acu, i gcás ina gcomhlíonann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin na ceanglais is gá.

2.  Chun cosaint leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir rialacha a mhéid a bhaineann le lipéadú agus cur i láthair sealadach fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach acu, i gcás ina gcomhlíonann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin na ceanglais is gá.

3.  Chun leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le forálacha idirthréimhseacha maidir le fíonta a chuirtear ar an margadh agus atá lipéadaithe i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Lúnasa 2009.

3.  Chun a áirithiú nach ndéantar díobháil d’oibreoirí eacnamaíocha, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le forálacha idirthréimhseacha a mhéid a bhaineann le fíonta a chuirtear ar an margadh agus atá lipéadaithe i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Lúnasa 2009.

4.  Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le maoluithe ón Roinn seo i ndáil le táirgí atá le honnmhairiú i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an tríú tír lena mbaineann.

4.  Chun na saintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le maoluithe ón Roinn seo i ndáil le táirgí atá le honnmhairiú i gcás ina gceanglaítear an méid sin le dlí an tríú tír lena mbaineann. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21 – pointe b a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 125 – teideal

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(ba)  in Airteagal 125, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Comhaontuithe in earnáil an tsiúcra

‘Comhaontuithe in earnáil an bhiatais siúcra agus an chána siúcra

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Tá sé mar aidhm ag an leasú seo na téarmaí ‘biatas siúcra’ agus ‘cána siúcra’ a chur san áireamh ar mhodh soiléir ionas go léireofaí staid reatha an mhargadh agus an reachtaíocht thánaisteach, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar an earnáil siúcra a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Leasú    107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21 – pointe b b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 126 – teideal

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(bb)  in Airteagal 126, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Tuairisciú praghsanna i margadh an tsiúcra

Tuairisciú praghsanna sna margaí

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Tá sé mar aidhm ag an leasú seo na téarmaí ‘biatas siúcra’ agus ‘cána siúcra’ a chur san áireamh ar mhodh soiléir ionas go léireofaí staid reatha an mhargadh agus an reachtaíocht thánaisteach, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar an earnáil siúcra a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid III a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé beartaithe freisin eatánól a áireamh sna hoibleagáidí tuairiscithe ar phraghsanna, mar gur margadh é an t-eatánól atá lárnach don chóimheá sa mhargadh siúcra.

Leasú    108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21 – pointe b c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 126 – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(bc)  in Airteagal 126, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear córas chun praghsanna i margadh an tsiúcra a thuairisciú, lena n-áirítear socruithe chun leibhéil na bpraghsanna don mhargadh sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2). Beidh an córas dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar fhaisnéis a sholáthraíonn gnóthais a tháirgeann siúcra bán nó oibreoirí eile a bhfuil baint acu le trádáil siúcra. Déileálfar leis an bhfaisnéis seo mar fhaisnéis rúnda.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear córas chun praghsanna an mhargaidh le haghaidh margadh an bhiatais siúcra agus an chána siúcra ar lámh amháin, agus le haghaidh margadh an tsiúcra agus an eatánóil ar an láimh eile, a thuairisciú, lena n-áirítear socruithe chun leibhéil na bpraghsanna don mhargadh sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2). Beidh an córas dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar fhaisnéis a bheidh curtha isteach ag gnóthais a tháirgeann siúcra nó eatánól nó ag oibreoirí eile a bhfuil baint acu le trádáil siúcra nó eatánóil. Déileálfar leis an bhfaisnéis seo ar mhodh rúin.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Tá sé mar aidhm ag an leasú seo na téarmaí ‘biatas siúcra’ agus ‘cána siúcra’ a chur san áireamh ar mhodh soiléir ionas go léireofaí staid reatha an mhargadh agus an reachtaíocht thánaisteach, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar an earnáil siúcra a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid III a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé beartaithe freisin eatánól a áireamh sna hoibleagáidí tuairiscithe ar phraghsanna, mar gur margadh é an t-eatánól atá lárnach don chóimheá sa mhargadh siúcra.

Leasú    109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 148

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 148:

Airteagal 148

“Airteagal 148

Caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.  I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór gach seachadadh bainne amh a dhéantar ar a chríoch ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh scríofa idir na páirtithe, agus/nó go gcinnfidh sé nach mór do chéad-cheannaitheoirí tairiscint i scríbhinn a dhéanamh chun conradh maidir le bainne amh a bheith á sheachadadh ag na feirmeoirí, comhlíonfaidh conradh den sórt sin agus/nó tairiscint den sórt sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

1.  I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór gach seachadadh bainne amh a dhéantar ar a chríoch ag feirmeoir chuig próiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe agus/nó go gcinnfidh sé nach mór do chéad-cheannaitheoirí tairiscint i scríbhinn a dhéanamh le haghaidh conradh maidir le bainne amh a bheith á sheachadadh ag na feirmeoirí, comhlíonfaidh conradh den sórt sin agus/nó tairiscint den sórt sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór seachadtaí bainne ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, cinnfidh sé freisin cé acu céim nó céimeanna an tseachadta a bheidh cumhdaithe ag an gconradh sin má dhéantar seachadadh an bhainne amh trí bhailitheoir amháin nó níos mó ná sin.

I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór seachadtaí bainne amh ag feirmeoir chuig próiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, cinnfidh sé freisin cé acu céim nó céimeanna an tseachadta a bheidh cumhdaithe ag an gconradh sin má dhéantar seachadadh an bhainne amh trí bhailitheoir amháin nó níos mó ná sin.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn 'bailitheoir' gnóthas a iompraíonn bainne amh ó fheirmeoir nó ó bhailitheoir eile chuig próiseálaí bainne amh nó chuig bailitheoir eile, i gcás ina n-aistrítear úinéireacht an bhainne amh i ngach cás.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “bailitheoir” gnóthas a iompraíonn bainne amh ó fheirmeoir nó ó bhailitheoir eile chuig próiseálaí bainne amh nó chuig bailitheoir eile, i gcás ina n-aistrítear úinéireacht an bhainne amh i ngach cás.

1a.  Mura mbainfidh na Ballstáit leas as na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh táirgeoir, eagraíocht táirgeoirí, nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a cheangal go mbeidh aon bhainne amh a bheidh á sheachadadh faoi réir conradh scríofa idir na páirtithe agus/nó go mbeidh sé faoi réir tairiscint i scríbhinn ar chonradh ó na chéad cheannaitheoirí, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo.

1a.  Mura mbainfidh na Ballstáit leas as na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh táirgeoir, eagraíocht táirgeoirí, nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a cheangal go mbeidh aon bhainne amh a bheidh á sheachadadh faoi réir conradh i scríbhinn idir na páirtithe agus/nó go mbeidh sé faoi réir tairiscint i scríbhinn ar chonradh ó na chéad cheannaitheoirí, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo.

Más micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE é an chéad cheannaitheoir, ní bheidh an conradh agus/nó an tairiscint ar chonradh éigeantach, gan dochar don deis atá ag na páirtithe leas a bhaint as conradh caighdeánach arna dhréachtú ag eagraíocht idirchraoibhe.

Más micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE é an chéad cheannaitheoir, ní bheidh an conradh agus/nó an tairiscint ar chonradh éigeantach, gan dochar don deis atá ag na páirtithe leas a bhaint as conradh caighdeánach arna dhréachtú ag eagraíocht idirchraoibhe.

2.  Maidir leis an gconradh agus/nó an tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1a:”;

2.  Maidir leis an gconradh agus/nó an tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1a:

(a) déanfar é roimh an seachadadh,

(a) déanfar é roimh an seachadadh,

(b) déanfar i scríbhinn é, agus

(b) déanfar i scríbhinn é, agus

(c) áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

(c) áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

(i) an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

(i) an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

— a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó

— a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó

— a ríomhfar trí thosca éagsúla a chur le chéile a bheidh leagtha amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí margaidh a bheith san áireamh iontu lena léirítear athruithe i gcoinníollacha an mhargaidh, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh an bhainne amh arna sheachadadh,

— a ríomhfar trí thosca éagsúla a chur le chéile a bheidh leagtha amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí oibiachtúla de na costais táirgeachta agus margaidh, atá so-rochtana agus intuigthe, a bheith san áireamh iontu lena léirítear athruithe i gcoinníollacha an mhargaidh, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh an bhainne amh arna sheachadadh.

 

Chuige sin, ar chinneadh a bheith déanta ag Ballstáit mír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh siad táscairí a chinneadh, i gcomhréir leis na critéir oibiachtúla agus bunaithe ar staidéir a bheidh déanta ar an táirgeadh agus ar an slabhra bia, chun iad sin a chinneadh ag aon tráth ar leith,

(ii) toirt an bhainne amh a fhéadfar a sheachadadh agus/nó nach mór a sheachadadh agus uainiú na seachadtaí sin,

(ii) toirt an bhainne amh a fhéadfar a sheachadadh agus /nó nach mór a sheachadadh agus uainiú na seachadtaí sin. Ní fhéadfar clásail phionóis a leagan síos le haghaidh sáruithe ar bhonn míosúla,

(iii) fad an chonartha, a bhféadfaidh fad cinnte nó éiginnte le clásail foircinn a bheith i gceist leis,

(iii) ré an chonartha, a bhféadfaidh ré chinntithe nó neamhchinntithe le clásail foircinn a bheith i gceist léi,

(iv) mionsonraí maidir le tréimhsí íocaíochta agus nósanna imeachta,

(iv) mionsonraí maidir le tréimhsí íocaíochta agus nósanna imeachta,

(v) socruithe maidir leis an mbainne amh a bhailiú nó a sheachadadh, agus

(v) socruithe maidir leis an mbainne amh a bhailiú nó a sheachadadh, agus

(vi) na rialacha is infheidhme i gcás force majeure.

(vi) na rialacha is infheidhme i gcás force majeure.

3.  De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 1a, ní bheidh gá le conradh agus/nó tairiscint ar chonradh i gcás ina seachadfaidh comhalta comharchumainn bainne amh don chomharchumann a bhfuil sé ina chomhalta de más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a eascraíonn as na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leis na forálacha sin a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2.”;

3.  De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 1a, ní cheanglófar conradh agus/nó tairiscint ar chonradh a dhéanamh i gcás inar comhalta comharchumainn a dhéanfaidh bainne amh a sheachadadh chuig an gcomharchumann a bhfuil sé ina chomhalta de más rud é go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a eascraíonn as na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leis na forálacha sin a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 2.

4.  Déanfar caibidlíocht gan dua idir na páirtithe ar eilimintí uile na gconarthaí maidir le seachadadh bainne amh a chuirfidh feirmeoirí, bailitheoirí nó próiseálaithe bainne amh i gcrích, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2.

4.  Déanfar caibidlíocht go neamhshrianta idir na páirtithe ar eilimintí uile na gconarthaí maidir le seachadadh bainne amh a chuirfidh feirmeoirí, bailitheoirí nó próiseálaithe bainne amh i gcrích, lena n-áirítear na heilimintí sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2.

D'ainneoin na chéad fhomhíre, beidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas:

D’ainneoin na chéad fhomhíre, beidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas:

(a) i gcás ina gcinnfidh Ballstát conradh i scríbhinn maidir le seachadadh bainne amh a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé an méid seo a leanas a bhunú:

(a) i gcás ina gcinnfidh Ballstát conradh i scríbhinn maidir le seachadadh bainne amh a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé an méid seo a leanas a bhunú:

(i) oibleagáid do na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le gaol idir cainníocht áirithe a sheachadtar agus an praghas is iníoctha ar an seachadadh sin;

(i) oibleagáid do na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le gaol idir cainníocht áirithe a sheachadtar agus an praghas is iníoctha ar an seachadadh sin;

(ii) fad íosta, nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir feirmeoir agus céad-cheannaitheoir an bhainne amh; sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

(ii) ré íosta, nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir feirmeoir agus céad-cheannaitheoir an bhainne amh; sé mhí ar a laghad a bheidh sa ré íosta sin agus ní dhéanfaidh sé díobháil d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

(b) i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór do chéad-cheannaitheoir an bhainne amh tairiscint i scríbhinn ar chonradh a thabhairt don fheirmeoir i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a fhoráil nach mór go n-áireofaí sa tairiscint fad íosta don chonradh, a leagtar amach chuige sin sa dlí náisiúnta. sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(b) i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór do chéad-cheannaitheoir an bhainne amh tairiscint i scríbhinn ar chonradh a thabhairt don fheirmeoir i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a fhoráil nach mór go n-áireofar sa tairiscint ré íosta don chonradh, a leagtar amach chuige sin sa dlí náisiúnta; sé mhí ar a laghad a bheidh sa ré íosta sin agus ní dhéanfaidh sé díobháil d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Beidh an dara fomhír gan dochar do cheart an fheirmeora an fad íosta sin a dhiúltú, ar choinníoll gur i scríbhinn a dhéanfaidh sé é sin. I gcásanna den sórt sin, beidh na páirtithe saor chun gnéithe uile an chonartha a chaibidliú, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i mír 2(c).

Beidh an dara fomhír gan dochar do cheart an fheirmeora an ré íosta sin a dhiúltú, ar choinníoll gur i scríbhinn a dhéanfaidh sé é sin. Sa chás sin, beidh na páirtithe saor chun eilimintí uile an chonartha a chaibidliú, lena n-áirítear na heilimintí sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2.

5.  Déanfaidh na Ballstáit a úsáidfidh na roghanna dá dtagraítear san Airteagal seo fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcaoi ina gcuirtear i bhfeidhm iad.

5.  Déanfaidh na Ballstáit a bhaineann leas as na roghanna dá dtagraítear san Airteagal seo fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad.

6.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm comhionann phointe (a) agus phointe (b) de mhír 2 agus de mhír 3 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

6.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá le haghaidh chur i bhfeidhm aonfhoirmeach phointí (a) agus (b) de mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 149

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 149:

Airteagal 149

"Airteagal 149

Caibidlíocht chonarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Caibidlíocht chonarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.  Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar eagraíocht í a aithnítear faoi Airteagal 161(1), na conarthaí sin maidir le seachadadh bainne amh ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh, nó ar bhailitheoir de réir bhrí an tríú fomhír d'Airteagal 148(1), a chaibidil ar son a gcomhaltaí ar feirmeoirí iad, i dtaca le cuid dá gcomhtháirgeadh nó a gcomhtháirgeadh ar fad.

1.  Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne a aithnítear faoi Airteagal 161(1) na conarthaí sin maidir le seachadadh bainne amh ag feirmeoir chuig próiseálaí bainne amh, nó chuig bailitheoir de réir bhrí an tríú fomhír d’Airteagal 148(1), a chaibidliú thar ceann a comhaltaí ar feirmeoirí iad, i dtaca le cuid dá gcomhtháirgeadh nó a gcomhtháirgeadh ar fad.

2.  Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidlíocht a dhéanamh:

2.  Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidlíocht a dhéanamh:

(a) cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na feirmeoirí úinéireacht an bhainne amh chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(a) cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na feirmeoirí úinéireacht an bhainne amh chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(b) cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le comhtháirgeadh roinnt de na comhaltaí ar feirmeoirí iad, nó comhtháirgeadh na gcomhaltaí ar fad ar feirmeoirí iad;

(b) cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear a mhéid a bhaineann le comhtháirgeadh roinnt de na comhaltaí ar feirmeoirí iad nó comhtháirgeadh na gcomhaltaí ar fad ar feirmeoirí iad;

(c) ar choinníoll, i gcás eagraíochta áirithe táirgeoirí, go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(c) ar choinníoll, i gcás eagraíocht táirgeoirí áirithe, go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(i) nach mó ná 3,5 % de tháirgeadh iomlán an Aontais toirt an bhainne amh arna chumhdú leis an gcaibidlíocht;

(i) nach mó ná 4,5% de tháirgeadh iomlán an Aontais toirt an bhainne amh a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin,

(ii) maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í, agus

(ii) maidir le toirt an bhainne amh a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin agus a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í, agus

(iii) maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a sheachadtar in aon Bhallstát ar leith, ní mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í,

(iii) maidir le toirt an bhainne amh a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin agus a sheachadtar in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í;

(d) ar choinníoll nach bhfuil na feirmeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin ar son na bhfeirmeoirí freisin; mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an gcoinníoll sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla lonnaithe i limistéir gheografacha dhifriúla;

(d) ar choinníoll nach bhfuil na feirmeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d’eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin thar ceann na bhfeirmeoirí freisin; féadfaidh na Ballstáit, áfach, maolú ar an gcoinníoll sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla lonnaithe i limistéir gheografacha dhifriúla;

(e) ar choinníoll nach mbeidh an bainne amh cumhdaithe ag aon oibleagáid chun seachadta a eascróidh ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomarchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann uathu; agus

(e) ar choinníoll nach bhfuil an bainne amh cumhdaithe ag aon oibleagáid chun seachadta a eascróidh ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomarchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann uathu; agus

(f) ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil sé ag oibriú a chur ar an eolas maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin.

(f) ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil sé ag oibriú a chur ar an eolas maidir le toirt an bhainne amh a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin.

3.  In aineoinn na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) (ii) agus (iii) de mhír 2, féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidliú de bhun mhír 1 ar choinníoll, maidir leis an eagraíocht táirgeoirí sin, nach mó ná 45% de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin toirt an bhainne amh, arna chumhdú sa chaibidlíocht sin, ar bainne é a tháirgtear nó a sheachadtar i mBallstát a bhfuil táirgeadh bainne amh bliantúil is lú ná 500 0000 tona aige.

3.  In ainneoin na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c)(ii) agus (iii) de mhír 2, féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidliú a dhéanamh de bhun mhír 1 ar choinníoll, maidir leis an eagraíocht táirgeoirí sin, nach mó ná 45% de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin toirt an bhainne amh a chumhdaítear sa chaibidlíocht sin agus a tháirgtear nó a sheachadtar i mBallstát a bhfuil táirgeadh bainne amh bliantúil is lú ná 500 0000 tona aige.

4.  Chun críocha an Airteagail seo, áireofar le tagairtí d’eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin chomh maith.

4.  Chun críocha an Airteagail seo, áireofar le tagairtí d’eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin.

5.  Chun críocha pointe (c) de mhír 2 agus mír 3 a chur i bhfeidhm, foilseoidh an Coimisiún, ar cibé modh a mheasann sé a bheith iomchuí, méid an bhainne amh a tháirgtear san Aontas agus sna Ballstáit ag baint úsáide as an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil.

5.  Ar mhaith le pointe (c) de mhír 2 agus mír 3 a chur i bhfeidhm, foilseoidh an Coimisiún, ar cibé modh a mheasann sé a bheith iomchuí, méid an bhainne amh a tháirgtear san Aontas agus sna Ballstáit ag baint úsáid as an bhfaisnéis is nuashonraithe atá ar fáil.

6.  De mhaolú ar phointe (c) de mhír 2 agus ar mhír 3, fiú nuair nach sáraítear na tairseacha a leagtar amach iontu, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo cinneadh a dhéanamh i gcás aonair i dtaobh ar cheart caibidlíocht áirithe na heagraíochta táirgeoirí a athoscailt nó nár cheart di tarlú ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó chun damáiste tromchúiseach do phróiseálaithe bainne amh ar FBManna iad a sheachaint ina chríoch.

6.  De mhaolú ar phointe (c) de mhír 2 agus ar mhír 3, fiú nuair nach dtéitear thar na tairseacha a leagtar amach iontu, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo cinneadh a dhéanamh i gcás aonair i dtaobh ar cheart caibidlíocht áirithe na heagraíochta táirgeoirí a athoscailt nó nár cheart di tarlú ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó chun damáiste tromchúiseach do phróiseálaithe bainne amh ar FBManna iad a sheachaint ina chríoch.

I gcás caibidlíochtaí ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó(3) a chur i bhfeidhm. Is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit lena mbaineann an chaibidlíocht a dhéanfaidh an cinneadh sin i ngach cás eile.

I gcás caibidlíochtaí ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó(3) a chur i bhfeidhm. I gcásanna eile, is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit lena mbaineann an chaibidlíocht a dhéanfaidh an cinneadh sin.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a fhógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

7.  Chun críocha an Airteagail seo:

7.  Chun críocha an Airteagail seo:

(a) ciallaíonn "údarás náisiúnta iomaíochta" an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle 22;

(a) ciallaíonn “údarás náisiúnta iomaíochta” an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle22;

(b) ciallaíonn "FBM" micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún.

(b) ciallaíonn “FBM” micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE.

8.  Maidir leis na Ballstáit ina dtarlóidh an chaibidlíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm phointe (f) de mhír 2 agus de mhír 6.

8.  Maidir leis na Ballstáit ina dtarlaíonn an chaibidlíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm phointe (f) de mhír 2 agus mhír 6.

__________________

__________________

22 Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta atá leagtha síos in Airteagal 101 agus in Airteagal 102 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

22 Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta atá leagtha síos in Airteagal 101 agus in Airteagal 102 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 150

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 150:

Airteagal 150

"Airteagal 150

Rialáil an tsoláthair maidir le cáis a bhfuil sonrúchán cosanta tionscnaimh nó tásc cosanta geografach aici

Rialáil an tsoláthair maidir le cáis a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aici

1.  Arna iarraidh sin ag eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152(3), ag eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157(3) agus ag grúpa oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse teoranta ama, rialacha ceangailteacha a leagan síos maidir le rialáil sholáthar cáise a bheidh ag tairbhiú de shonrúchán cosanta tionscnaimh nó de thásc cosanta geografach faoi Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012.

1.  Arna iarraidh sin ag eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152(1) nó Airteagal 161(1), ag eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157(1) nó ag grúpa oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse teoranta ama, rialacha ceangailteacha a leagan síos maidir le rialáil sholáthar cáise a bheidh ag tairbhiú de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint faoi Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012.

2.  Beidh na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal faoi réir théarmaí aon chomhaontaithe a bheidh déanta roimh ré idir na páirtithe sa limistéar geografach dá dtagraítear in bpointe (c) d'Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Déanfar comhaontú den sórt sin idir dhá thrian ar a laghad de na táirgeoirí bainne nó a n-ionadaithe, a sheasann do dhá thrian ar a laghad den bhainne amh a bheidh in úsáid do tháirgeadh na cáise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, más iomchuí, dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí na cáise sin, a sheasann do dhá thrian ar a laghad de tháirgeadh na cáise sin sa limistéar geografach dá dtagraítear in i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

2.  Na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir comhaontú a bheith déanta roimh ré idir na páirtithe sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Déanfar comhaontú den sórt sin idir dhá thrian ar a laghad de na táirgeoirí bainne nó a n-ionadaithe, a sheasann do dhá thrian ar a laghad den bhainne amh a bheidh in úsáid do tháirgeadh na cáise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, i gcás inarb iomchuí, dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí na cáise sin nó a n-ionadaithe, a sheasann do dhá thrian ar a laghad de tháirgeadh na cáise sin sa limistéar geografach dá dtagraítear in i bpointe (c) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

3.  Chun críche mhír 1, maidir le cáis a bheidh ag tairbhiú de thásc cosanta geografach, is ionann limistéar geografach tionscnaimh an bhainne amh, mar atá socraithe sa tsonraíocht táirge don cháis, agus an limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 a bhaineann leis an gcáis sin.

3.  Chun críche mhír 1, maidir le cáis a bheidh ag tairbhiú de thásc geografach faoi chosaint, beidh limistéar geografach tionscnaimh an bhainne amh, mar atá socraithe sa tsonraíocht táirge don cháis, mar a chéile leis an limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 a bhaineann leis an gcáis sin.

4.  Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

4.  Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

(a) ní chumhdófar leo ach amháin rialáil sholáthar an táirge lena mbaineann agus beidh sé d'aidhm acu soláthar na cáise sin a oirúnú don éileamh;

(a) ní chumhdófar leo ach amháin rialáil sholáthar an táirge lena mbaineann agus beidh sé d’aidhm acu soláthar na cáise sin a oiriúnú don éileamh;

(b) ní bheidh éifeacht acu ach amháin maidir an táirge lena mbaineann;

(b) ní bheidh éifeacht acu ach amháin maidir leis an táirge lena mbaineann;

(c) ní fhéadfaidh siad a bheith ceangailteach ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana agus féadfar iad a athnuachan tar éis na tréimhse sin tar éis iarraidh nua, mar a thagraítear dó i mír 1, a fháil;

(c) ní fhéadfaidh siad a bheith ceangailteach ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana agus féadfar iad a athnuachan i ndiaidh na tréimhse sin tar éis iarraidh nua, amhail dá dtagraítear i mír 1, a fháil;

(d) ní dhéanfar damáiste leo do thrádáil táirgí seachas na táirgí lena mbaineann na rialachasin;

(d) ní dhéanfar siad damáiste do thrádáil táirgí seachas na táirgí lena mbaineann na rialacha sin;

(e) ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht na cáise lena mbaineann;

(e) ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht na cáise lena mbaineann;

(f) ní cheadófar leo socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(f) ní fhágfaidh siad go bhféadfar socrú praghsanna a dhéanamh, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar praghsanna a shocrú mar threoir nó mar mholadh;

(g) ní áiritheofar leo nach mbeidh fáil ar sciar rómhór den táirge lena mbaineann a bheadh ar fáil murach sin;

(g) ní fhágfaidh siad cúrsaí sa chaoi nach mbeidh fáil ar sciar iomarcach den táirge lena mbaineann a bheadh ar fáil murach sin;

(h) ní chuirfear idirdhealú ar bun leo, nó ní bheidh siad ina mbac d'iontrálaithe nua sa mhargadh nó ina gcúis go ndéanfar dochar do leasanna táirgeoirí beaga;

(h) ní chruthóidh siad idirdhealú, ní bheidh siad ina mbac ar iontrálaithe nua sa mhargadh nó ní fhágfaidh siad go ndéanfar difear díobhálach do tháirgeoirí beaga;

(i) rannchuideoidh siad le cáilíocht agus/nó forbairt an táirge lena mbaineann;

(i) rannchuideoidh siad le cáilíocht agus/nó forbairt an táirge lena mbaineann;

(j) beidh siad gan dochar d’Airteagal 149.

(j) beidh siad gan dochar d’Airteagal 149.

5.  Foilseofar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

5.  Foilseofar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

6.  Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh, agus i gcás ina gcinnfidh na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh siad na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm.

6.  Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh, agus, i gcás ina gcinnfidh na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh siad na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm.

7.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a bheidh glactha acu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon fhógra de na rialacha sin.

7.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún á rá cad iad na rialacha dá dtagraítear i mír 1 atá glactha acu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon fhógra de na rialacha sin.

8.  Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceanglaítear go n-aisghairfidh Ballstát na rialacha atá leagtha síos ag an mBallstát sin de bhun mhír 1 más léir don Choimisiún nach gcomhlíonann na rialacha sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 nó go ndéanann siad iomaíocht a chosc nó a shaobhadh i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach, nó saorthrádáil a chur i gcontúirt nó go bhfuil baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE á chur i mbaol. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

8.  Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceanglaítear go n-aisghairfidh Ballstát na rialacha atá leagtha síos ag an mBallstát sin de bhun mhír 1 má fhaigheann an Coimisiún nach gcomhlíonann na rialacha sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 nó go ndéanann siad iomaíocht a chosc nó a shaobhadh i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach, nó go ndéanann siad saorthrádáil a chur i gcontúirt nó go bhfuil baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE á chur i mbaol. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 151

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 151:

Airteagal 151

"Airteagal 151

Dearbhuithe éigeantacha in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Dearbhuithe éigeantacha in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Amhail ón 1 Aibreán 2015, dearbhóidh céad cheannaitheoirí an bhainne amh don údarás inniúil náisiúnta cainníocht an bhainne amh a sheachadtar orthu gach mí.

Amhail ón 1 Aibreán 2015, dearbhóidh céadcheannaitheoirí an bhainne amh don údarás inniúil náisiúnta cainníocht an bhainne amh a sheachadadh chucu gach mí mar aon leis an meánphraghas a íocadh. Déanfar idirdhealú idir táirgí ón talmhaíocht orgánach agus ón talmhaíoch neamhorgánach. Más comharchumann atá sa chéad-cheannaitheoir, déanfar an meánphraghas a chur in iúl ag deireadh na bliana margaíochta dá dtagraítear i bpointe (c)(v) d’Airteagal 6.

 

Measfar an fhaisnéis faoin meánphraghas a bheith faoi rún agus áiritheoidh an t-údarás inniúil nach bhfoilseofar meánphraghsanna sonracha ná ainmneacha na n-oibreoirí eacnamaíocha aonair.

Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 148, ciallaíonn "céad-cheannaitheoir" gnóthas nó grúpa a cheannaíonn bainne ó tháirgeoirí:

Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 148, ciallaíonn “céad-cheannaitheoir” gnóthas nó grúpa a cheannaíonn bainne ó tháirgeoirí:

(a) chun é a bhailiú, a phacáil, a stóráil, a fhuarú nó a phróiseáil, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh faoi chonradh;

(a) chun é a bhailiú, a phacáil, a stóráil, a fhuarú nó a phróiseáil, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh faoi chonradh;

(b) chun é a dhíol le gnóthas amháin nó níos mó a dhéanann cóireáil nó próiseáil ar bhainne nó ar tháirgí eile bainne.

(b) chun é a dhíol le gnóthas amháin nó níos mó a dhéanann cóireáil nó próiseáil ar bhainne nó ar tháirgí eile bainne.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le cainníocht an bhainne amh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le cainníocht an bhainne amh agus an meánphraghas dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha maidir le hábhar, le formáid agus le huainíocht na ndearbhuithe sin agus na bearta a bhaineann le fógraí a bheidh le déanamh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha maidir le hinneachar, formáid agus uainíocht na ndearbhuithe sin agus lena leagtar síos bearta a bhaineann le fógraí a bheidh le déanamh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 e (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 152

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22e)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 152:

Airteagal 152

"Airteagal 152

Eagraíochtaí táirgeoirí

Eagraíochtaí táirgeoirí

1.  Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí, arna iarraidh sin dóibh, ar eagraíochtaí iad:

1.  Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí, ar eagraíochtaí iad:

(a) a bhfuil a gcomhdhéanamh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 153(2) ag táirgeoirí atá in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2);

(a) atá comhdhéanta de tháirgeoirí atá in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2) agus atá á rialú ag na táirgeoirí sin i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 153(2);

(b) a bunaíodh ar thionscnamh na dtáirgeoirí agus a dhéanann ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(b) atá curtha ar bun ar thionscnamh na dtáirgeoirí agus a dhéanann ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i) comhphróiseáil;

(i) comhphróiseáil;

(ii) comhdháileadh, lena n-áirítear trí chomhardáin díola nó comhiompar;

(ii) comhdháileadh, lena n-áirítear trí chomhardáin díola nó comhiompar;

(iii) comhphacáistiú, comhlipéadú nó cur chun cinn comhpháirteach;

(iii) comhphacáistiú, comhlipéadú nó cur chun cinn comhpháirteach;

(iv) comheagrú an rialaithe cháilíochta;

(iv) comheagrú an rialaithe cáilíochta;

(v) comhúsáid trealaimh nó áiseanna stórais;

(v) comhúsáid trealaimh nó saoráidí stórais;

(vi) comhbhainistiú an fhuíll a bhaineann go díreach leis an táirgeadh;

(vi) comhbhainistiú ar dhramhaíl a bhaineann go díreach leis an táirgeadh;

(vii) comhsholáthar ionchuir;

(vii) comhsholáthar ionchuir;

(viii) aon ghníomhaíochtaí comhpháirteacha seirbhísí eile lena saothraítear ceann de na cuspóirí a liostaítear i bpointe (c) den mhír seo;

(viii) aon ghníomhaíochtaí comhpháirteacha seirbhísí eile lena saothraítear ceann de na cuspóirí a liostaítear i bpointe (c) den mhír seo;

(c) a bhfuil aidhm shonrach á saothrú acu, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas a bheith ar áireamh inti:

(c) a bhfuil aidhm shonrach á saothrú acu, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas a bheith ar áireamh inti:

(i) féachaint chuige go ndéanfar táirgeadh a phleanáil agus a oiriúnú de réir an éilimh, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta;

(i) féachaint chuige go ndéanfar táirgeadh a phleanáil agus a choigeartú de réir an éilimh, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta de;

(ii) soláthar na dtáirgí a tháirgeann na comhaltaí a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh, lena n-áirítear trí mhargaíocht dhíreach;

(ii) soláthar na dtáirgí a tháirgeann na comhaltaí a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh, lena n-áirítear trí mhargaíocht dhíreach;

(iii) na costais táirgthe agus na torthaí ar infheistíochtaí a bharrfheabhsú mar fhreagairt do chaighdeáin chomhshaoil agus leasa ainmhithe agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú;

(iii) na costais táirgthe agus na torthaí ar infheistíochtaí a bharrfheabhsú mar fhreagairt do chaighdeáin chomhshaoil agus leasa ainmhithe, agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú;

(iv) taighde a dhéanamh agus tionscnaimh a fhorbairt i dtaca le modhanna táirgthe inbhuanaithe, le cleachtais nuálacha, le hiomaíochas eacnamaíoch agus le forbairtí sna margaí;

(iv) taighde a dhéanamh agus tionscnaimh a fhorbairt i dtaca le modhanna táirgthe inbhuanaithe, le cleachtais nuálacha, le hiomaíochas eacnamaíoch agus le forbairtí sna margaí;

(v) cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar maidir le húsáid cleachtas saothraithe agus teicníochtaí táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil de, mar aon le cleachtais agus teicníochtaí fónta i dtaca le leas ainmhithe;

(v) cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar maidir le húsáid cleachtas saothraithe agus teicníochtaí táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil de, mar aon le cleachtais agus teicníochtaí fónta i dtaca le leas ainmhithe;

(vi) cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar i dtaca le caighdeáin tháirgthe a úsáid, feabhas a chur ar cháilíocht táirgí agus forbairt a dhéanamh ar tháirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint acu, a bhfuil tásc geografach faoi chosaint acu nó a chumhdaítear le lipéad náisiúnta cáilíochta;

(vi) cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar i dtaca le caighdeáin tháirgthe a úsáid, feabhas a chur ar cháilíocht táirgí agus forbairt a dhéanamh ar tháirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint acu, a bhfuil tásc geografach faoi chosaint acu nó a chumhdaítear le lipéad náisiúnta cáilíochta;

(vii) bainistiú fotháirgí agus dramhaíola, go háirithe chun cáilíocht an uisce, na hithreach agus an tírdhreacha a chosaint agus chun bithéagsúlacht a chaomhnú nó a chothú;

(vii) bainistiú agus luachshocrú fotháirgí, sreafaí iarmhartacha agus dramhaíola, go háirithe chun cáilíocht an uisce, na hithreach agus an tírdhreacha a chosaint agus chun bithéagsúlacht a chaomhnú nó a chothú mar aon le borradh a chur faoi chiorclaíocht;

(viii) úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus maolú ar an athrú aeráide a chur chun cinn;

(viii) rannchuidiú le húsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus le maolú ar an athrú aeráide;

(ix) tionscnaimh a fhorbairt i réimse an dul chun cinn agus na margaíochta;

(ix) tionscnaimh a fhorbairt i réimse an chur chun cinn agus na margaíochta;

(x) bainistiú a dhéanamh ar na cistí frithpháirteacha dá dtagraítear sna cláir oibríochtúla san earnáil torthaí agus glasraí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 33(3) den Rialachán seo agus faoi Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(x) bainistiú a dhéanamh ar na cistí frithpháirteacha;

(xi) an cúnamh teicniúil a bhfuil gá leis a sholáthar maidir le húsáid na margaí todhchaíochtaí agus le scéimeanna árachais.

(xi) an cúnamh teicniúil a bhfuil gá leis a sholáthar maidir le húsáid na margaí todhchaíochtaí agus le scéimeanna árachais.

1a.  De mhaolú ar Airteagal 101(1) CFAE, féadfaidh eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi mhír 1 den Airteagal seo táirgeacht a phleanáil, barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe agus conarthaí a chur ar an margadh agus a chaibidil chun táirgí talmhaíochta a sholáthar, thar ceann a comhaltaí dá dtáirgeacht iomlán nó do chuid dá dtáirgeacht.

1a.  De mhaolú ar Airteagal 101(1) CFAE, féadfaidh eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi mhír 1 den Airteagal seo táirgeacht a phleanáil, barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe agus conarthaí a chur ar an margadh agus a chaibidliú chun táirgí talmhaíochta a sholáthar, thar ceann a comhaltaí dá dtáirgeacht iomlán nó do chuid dá dtáirgeacht.

Féadfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh:

Féadfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh:

(a) ar choinníoll go bhfeidhmítear i ndáiríre ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b)(i) go (vii) de mhír 1, agus go gcuirtear, ar an gcaoi sin, le comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE;

(a) ar choinníoll go bhfeidhmítear i ndáiríre ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b)(i) go (vii) de mhír 1, agus go rannchuidítear, ar an gcaoi sin, le comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE;

(b) ar choinníoll go gcomhchruinníonn an eagraíocht táirgeoirí an soláthar agus go gcuireann sí táirgí a cuid comhaltaí ar an margadh, cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na táirgeoirí úinéireacht na dtáirgí talmhaíochta chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(b) ar choinníoll go gcomhchruinníonn an eagraíocht táirgeoirí an soláthar agus go gcuireann sí táirgí a cuid comhaltaí ar an margadh, cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na táirgeoirí úinéireacht na dtáirgí talmhaíochta chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(c) cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le táirgeadh comhiomlánaithe cuid de na comhaltaí, nó táirgeadh comhiomlánaithe na gcomhaltaí ar fad;

(c) cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le táirgeadh comhiomlánaithe cuid de na comhaltaí, nó táirgeadh comhiomlánaithe na gcomhaltaí ar fad;

(d) ar choinníoll nach bhfuil na táirgeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a mhéid a bhaineann leis na táirgí a chlúdaítear leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír;

(d) ar choinníoll nach bhfuil na táirgeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d’eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a mhéid a bhaineann leis na táirgí a chlúdaítear leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír;

(e) ar choinníoll nach mbeidh an táirge talmhaíochta cumhdaithe le haon oibleagáid maidir le seachadadh a eascraíonn ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann, nach ball é féin de na heagraíochtaí táirgeoirí lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomharchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a eascraíonn uathu.

(e) ar choinníoll nach bhfuil an táirge talmhaíochta cumhdaithe le haon oibleagáid maidir le seachadadh a eascraíonn ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann, nach comhalta é féin de na heagraíochtaí táirgeoirí lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomharchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a eascraíonn uathu.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an gcoinníoll a leagtar amach i bpointe (d) den dara fomhír i gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla ag comhaltaí ar táirgeoirí iad agus go bhfuil na haonaid sin lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla;

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, maolú ón gcoinníoll a leagtar amach i bpointe (d) den dara fomhír i gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla ag comhaltaí ar táirgeoirí iad agus go bhfuil na haonaid sin lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla.

1b.  Chun críocha an Airteagail seo, áireofar freisin sna tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156(1) más rud é go gcomhlíonann na comhlachais sin na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

1b.  Chun críocha an Airteagail seo, áireofar freisin sna tagairtí d’eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156(1) más rud é go gcomhlíonann na comhlachais sin na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

1c.  Féadfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 cinneadh a dhéanamh i gcásanna aonair, san am atá le teacht, go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1a a mhodhnú, go gcuirfear deireadh leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí sin nó nach ndéanfar í nó iad ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó má mheasann sé go bhfuil na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE i mbaol.

1c.  Féadfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 cinneadh a dhéanamh i gcásanna aonair go ndéanfar, don todhchaí, ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1a a mhodhnú, go gcuirfear deireadh leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí sin nó nach ndéanfar í nó iad ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó má mheasann sé go bhfuil na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE i mbaol.

I gcás caibidlíochta ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

I gcás caibidlíochta ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

Ag gníomhú dó faoin gcéad fhomhír den mhír seo, tabharfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta fógra i scríbhinn don Choimisiún roimh thús a chur leis an gcéad bheart foirmiúil den imscrúdú nó gan mhoill ina dhiaidh sin agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na cinntí a glacadh gan mhoill tar éis a nglactha.

Ag gníomhú dó faoin gcéad fhomhír den mhír seo, tabharfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta fógra i scríbhinn don Choimisiún roimh thús a chur leis an gcéad bheart foirmiúil den imscrúdú, nó gan mhoill ina dhiaidh sin, agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na cinntí a glacadh gan mhoill tar éis a nglactha.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

2.  Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi mhír 1 aitheantas a fháil ar bhonn leanúnach má théann sí i mbun táirgí faoi chód CN ex 2208 a mhargú, ar táirgí iad seachas na tairgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí, ar choinníoll nach ionann na táirgí sin agus níos mó ná 49 % de luach iomlán tháirgeadh margaithe na heagraíochta tairgeoirí agus nach bhfaigheann na táirgí sin aon tairbhe ó thacaíocht ón Aontas. Maidir le heagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí, ní chuirtear na táirgí sin san áireamh nuair a ríomhtar luach an táirgthe mhargaithe chun críocha Airteagal 34(2).

2.  Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi mhír 1 aitheantas a fháil má théann sí i mbun táirgí a thagann faoi chód CN ex 2208 a mhargú, ar táirgí iad seachas na tairgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí, ar choinníoll nach bhfuil an cion de na táirgí sin níos mó ná 49 % de luach iomlán tháirgeadh margaithe na heagraíochta tairgeoirí agus nach dtairbhíonn na táirgí sin de thacaíocht ón Aontas. Maidir le heagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí, ní chuirtear na táirgí sin san áireamh nuair a ríomhtar luach an táirgthe mhargaithe chun críocha Airteagal 34(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 f (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 153

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22f)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 153:

Airteagal 153

"Airteagal 153

Reachtanna eagraíochtaí táirgeoirí

Reachtanna eagraíochtaí táirgeoirí

1.  Ceanglófar ar chomhaltaí ar táirgeoirí iad, le reacht eagraíochta táirgeoirí, an méid seo a leanas go háirithe, chun:

1.  Déanfaidh reachtanna eagraíochta táirgeoirí an méid seo a leanas, go háirithe, a chur de cheangal ar chomhaltaí na heagraíochta sin ar táirgeoirí iad:

(a) na rialacha a chur i bhfeidhm arna nglacadh ag an eagraíocht táirgeoirí a bhaineann le tuairisciú táirgthe, táirgeadh, margaíocht agus cosaint an chomhshaoil;

(a) na rialacha arna nglacadh ag an eagraíocht táirgeoirí agus a bhaineann le tuairisciú táirgthe, táirgeadh, margaíocht agus cosaint an chomhshaoil a chur i bhfeidhm;

(b) gan a bheith ina gcomhaltaí ach d'aon eagraíocht táirgeoirí amháin i dtaca le haon táirge áirithe den ghabháltas, féadfaidh Ballstáit maolú ar an gcoinníoll sin áfach i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí acu go bhfuil dhá aonad táirgthe ar leith atá lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla i seilbh comhaltaí ar táirgeoirí iad;

(b) gan a bheith ina gcomhaltaí ach d’aon eagraíocht táirgeoirí amháin i dtaca le haon táirge áirithe den ghabháltas; féadfaidh Ballstáit maolú ón gcoinníoll sin áfach i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgthe ar leith atá lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla i seilbh comhaltaí ar táirgeoirí iad, nó más rud é go bhfuil táirgí na gcomhaltaí ar táirgeoirí iad sainaitheanta go soiléir agus beartaithe le haghaidh úsáidí éagsúla;

(c) an fhaisnéis a sholáthar don eagraíocht táirgeoirí arna iarraidh sin di chun críocha staidrimh.

(c) an fhaisnéis a iarrann eagraíocht táirgeoirí a sholáthar chun críocha staidrimh.

2.  Le reachtanna eagraíochta táirgeoirí déanfar foráil freisin don mhéid seo a leanas:

2.  Le reachtanna eagraíochta táirgeoirí déanfar foráil freisin don mhéid seo a leanas:

(a) nósanna imeachta maidir le bunú, glacadh agus leasú na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(a) nósanna imeachta maidir le cinneadh, glacadh agus leasú na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b) ranníocaíochtaí airgeadais a fhorchur ar chomhaltaí, ar ranníocaíochtaí iad atá riachtanach chun an eagraíocht táirgeoirí a mhaoiniú;

(b) ranníocaíochtaí airgeadais a fhorchur ar chomhaltaí, ar ranníocaíochtaí iad atá riachtanach chun an eagraíocht táirgeoirí a mhaoiniú;

(c) rialacha a chuirfidh ar chumas na gcomhaltaí ar táirgeoirí iad a n-eagraíocht agus na cinntí a dhéanann sí a scrúdú go daonlathach;

(c) rialacha a chuirfidh ar chumas na gcomhaltaí ar táirgeoirí iad a n-eagraíocht agus na cinntí a dhéanann sí, chomh lena cuntais agus buiséid, a ghrinnscrúdú go daonlathach;

(d) pionóis de bharr sáruithe oibleagáidí faoi na hairteagail chomhlachais, go háirithe neamhíoc ranníocaíochtaí airgeadais, nó de bharr shárú na rialacha atá leagtha síos ag an eagraíocht táirgeoirí;

(d) pionóis de bharr sáruithe ar oibleagáidí faoi na reachtanna, go háirithe neamhíoc ranníocaíochtaí airgeadais, nó de bharr shárú na rialacha atá leagtha síos ag an eagraíocht táirgeoirí;

(e) rialacha maidir le comhaltaí nua a ligean isteach, go háirithe maidir leis an tréimhse íosta comhaltais nach féidir a bheith níos gaire ná bliain amháin;

(e) rialacha maidir le comhaltaí nua a ligean isteach, go háirithe maidir leis an tréimhse íosta comhaltais nach féidir a bheith níos giorra ná aon bhliain amháin;

(f) na rialacha cuntasaíochta agus buiséadacha is gá i gcomhair fheidhmiú na heagraíochta.

(f) na rialacha cuntasaíochta agus buiséadacha is gá i gcomhair oibríocht na heagraíochta.

3.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná mír 2 ar eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne ná in earnáil na dtáirgí bainne.

3.  Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le heagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 g (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 154

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22g)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 154:

Airteagal 154

"Airteagal 154

Eagraíochtaí táirgeoirí a aithint

Eagraíochtaí táirgeoirí a aithint

1.  I gcás go dtugann Ballstát aitheantas d’eagraíocht táirgeoirí, eintiteas dlíthiúil a bheidh san eagraíocht táirgeoirí a chuireann isteach ar an aitheantas sin nó cuid shoiléir shainmhínithe d’eintiteas dlíthiúil a bheidh ann ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

1.  Chun go dtabharfaidh Ballstát aitheantas d’eagraíocht táirgeoirí, beidh an eagraíocht táirgeoirí atá ag cur isteach ar an aitheantas sin ina eintiteas dlíthiúil nó beidh sí ina cuid shoiléir shainmhínithe d’eintiteas dlíthiúil ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) comhlíonann sé na ceanglais atá leagtha síos i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 152(1);

(a) comhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 152(1);

(b) tá líon íosta comhaltaí aige agus/nó cumhdaíonn sé toirt íosta de tháirgeadh indíolta sa limistéar ina n-oibríonn sé, ar toirt íosta í a leagfaidh an Ballstát lena mbaineann síos;

(b) tá líon íosta comhaltaí aige agus/nó cumhdaíonn sé toirt nó luach íosta de tháirgeadh indíolta, atá le leagan síos ag an mBallstát lena mbaineann, sa limistéar ina n-oibríonn sé. Ní fhágfaidh na forálacha sin nach bhféadfar aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí atá tiomanta don táirgeacht imeallach;

(c) cuirfidh sé dóthain fianaise ar fáil gur féidir leis a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích go cuí, i gcaitheamh an ama agus ó thaobh éifeachtachta agus tacaíochta daonna, ábhartha agus teicniúil araon a chur ar fáil dá chuid comhaltaí agus, de réir mar is iomchuí, ó thaobh chomhchruinniú an tsoláthair de;

(c) cuirfidh sé fianaise leordhóthanach fáil gur féidir leis a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích go cuí, i gcaitheamh an ama agus freisin ó thaobh éifeachtachta agus soláthar tacaíochta daonna, ábhartha agus teicniúil dá chuid comhaltaí agus, de réir mar is iomchuí, ó thaobh chomhchruinniú an tsoláthair de;

(d) tá reachtanna aige atá i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.

(d) tá reachtanna aige atá i gcomhréir le pointí (a), (b) agus (c) den mhír seo.

1a.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, arna iarraidh sin, níos mó ná aitheantas amháin a dheonú d'eagraíocht táirgeoirí a oibríonn i roinnt earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht táirgeoirí na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás gach earnála a bhfuil aitheantas á lorg aici ina leith.

1a.  Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, a chinneadh níos mó ná aitheantas amháin a dheonú d’eagraíocht táirgeoirí a oibríonn i roinnt earnálacha éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht táirgeoirí na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás gach earnáil a bhfuil aitheantas á lorg aici ina leith.

2.  I gcás eagraíochtaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh roimh an 1 Eanáir 2018 agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iad de bhun Airteagal 152.

2.  I gcás eagraíochtaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh roimh an 1 Eanáir 2018 agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iad de bhun Airteagal 152.

3.  I gcás eagraíochtaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh roimh an 1 Eanáir 2018 ach nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, tarraingeoidh na Ballstáit siar a n-aitheantas tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020.”;

3.  I gcás eagraíochtaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh roimh an 1 Eanáir 2018 ach nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, tarraingeoidh na Ballstáit siar a n-aitheantas tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020.

4.  Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

4.  Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt d'eagraíocht táirgeoirí laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas in éineacht leis an bhfianaise thacaíochta ábhartha ar fad leis, leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(a) cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt d’eagraíocht táirgeoirí laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas in éineacht leis an bhfianaise thacaíochta ábhartha ar fad; déanfar an t-iarratas seo a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b) seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil an Chaibidil seo á comhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta táirgeoirí;

(b) seiceálacha a dhéanamh, ag eatraimh a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil an Chaibidil seo á comhlíonadh ag na heagraíochtaí táirgeoirí aitheanta;

(c) i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus ar na comhlachais sin agus a chinneadh ar cheart, dá mba ghá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(c) i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí agus comhlachais sin agus, más gá, a chinneadh ar cheart an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d) an Coimisiún a chur ar an eolas uair sa bhliain agus tráth nach déanaí ná an 31 Márta faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

(d) an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 31 Márta gach bliain i dtaobh gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin maidir le haitheantas a dheonú, a dhiúltú nó a tharraingt siar. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 h (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 156

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22h)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 156:

Airteagal 156

"Airteagal 156

Comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí

Comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí

1.  Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí de chuid earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2) agus a cuireadh ar bun ar thionscnamh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta. Faoi réir na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 173, féadfaidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aon cheann de ghníomhaíochtaí nó d'fheidhmeanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh.

1.  Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí de chuid earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2) agus a cuireadh ar bun ar thionscnamh eagraíochtaí táirgeoirí agus/nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta. Faoi réir na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 173, féadfaidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aon cheann de ghníomhaíochtaí nó d’fheidhmeanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, mar fhreagairt ar iarratas, aitheantas a thabhairt do chomhlachas d ' eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne más rud é go measann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil ar chumas an chomhlachais aon cheann de na gníomhaíochtaí de chuid eagraíocht aitheanta táirgeoirí a dhéanamh go héifeachtach agus más rud é go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 161(1).

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, mar fhreagairt ar iarraidh, aitheantas a thabhairt do chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne más rud é go measann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil ar chumas an chomhlachais aon cheann de na gníomhaíochtaí eagraíochta táirgeoirí aitheanta a dhéanamh go héifeachtach agus más rud é go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 161(1). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 i (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 157

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 157:

Airteagal 157

"Airteagal 157

Eagraíochtaí idirchraoibhe

Eagraíochtaí idirchraoibhe

1.  Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2), ar eagraíochtaí idirchraoibhe iad:

1.  Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2), ar eagraíochtaí idirchraoibhe iad:

(a) atá comhdhéanta d’ionadaithe do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha leis an táirgeadh agus le ceann amháin ar a laghad de na céimeanna seo a leanas den slabhra soláthair: próiseáil táirgí in earnáil amháin nó níos mó, nó trádáil iontu, lena n-áirítear iad a dháileadh;

(a) atá comhdhéanta d’ionadaithe do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha leis an táirgeadh agus le ceann amháin ar a laghad de na céimeanna seo a leanas den slabhra soláthair: próiseáil táirgí in earnáil amháin nó níos mó, nó trádáil iontu, lena n-áirítear iad a dháileadh;

(b) atá bunaithe ar thionscnamh roinnt de na heagraíochtaí nó de na cumainn as a bhfuil siad comhdhéanta nó ar thionscnamh na n-eagraíochtaí nó na gcumann sin ar fad;

(b) atá curtha ar bun ar thionscnamh roinnt de na heagraíochtaí nó comhlachais as a bhfuil siad comhdhéanta nó ar thionscnamh na n-eagraíochtaí nó na gcomhlachas sin ar fad;

(c) a shaothraíonn aidhm ar leith, agus leasa a gcuid comhaltaí agus a gcuid tomhaltóirí á gcur san áireamh acu a n-áireofar orthu, go háirithe, ceann de na cuspóirí a leanas:

(c) a shaothraíonn aidhm ar leith, agus leasanna a gcuid comhaltaí uile agus a gcuid tomhaltóirí á gcur san áireamh acu, a bhféadfaí a áireamh orthu sin, go háirithe, ceann de na cuspóirí a leanas:

(i) feabhas a chur ar eolas ar an táirgeadh agus ar an margadh agus feabhas a chur ar thrédhearcacht, lena n-áirítear trí shonraí staidrimh comhbhailithe a fhoilsiú maidir le costais tairgthe, le praghsanna, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí innéacsanna praghsanna, le méideanna an táirgthe agus le fad na gconarthaí a tugadh i gcrích cheana, agus trí bhíthin anailís a chur ar fáil ar fhorbairtí a d’fhéadfadh tarlú sa mhargadh ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta amach anseo;

(i) feabhas a chur ar eolas ar an táirgeadh agus ar an margadh agus feabhas a chur ar thrédhearcacht, lena n-áirítear trí shonraí staidrimh comhbhailithe a fhoilsiú maidir le costais táirgthe, le praghsanna, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí innéacsanna praghsanna, le toirteanna an táirgthe agus le ré na gconarthaí a tugadh i gcrích cheana, agus trí bhíthin anailís a chur ar fáil ar fhorbairtí a d’fhéadfadh tarlú sa mhargadh ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta amach anseo;

(ii) tuar a thabhairt i dtaca leis an acmhainneacht táirgthe, agus taifead a choimeád ar phraghsanna margaidh;

(ii) tuar a thabhairt i dtaca leis an acmhainneacht táirgthe, agus taifead a choimeád ar phraghsanna margaidh;

(iii) cuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear táirgí ar an margadh, go háirithe trí thaighde agus staidéir ar an margadh a dhéanamh;

(iii) cuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear táirgí ar an margadh, go háirithe trí thaighde agus staidéir ar an margadh a dhéanamh;

(iv) margaí onnmhairíochta féideartha a fhiosrú;

(iv) margaí onnmhairíochta féideartha a fhiosrú;

(v) gan dochar do na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 148 agus in Airteagal 168, leaganacha caighdeánacha de chonarthaí a tharraingt suas a bheadh i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le táirgí talmhaíochta a dhíol le ceannaitheoirí nó táirgí próiseáilte a sholáthar do dháileoirí agus do mhiondíoltóirí, agus an gá le dálaí cothroma iomaíochta a bhaint amach agus saobhadh an mhargaidh a sheachaint á gcur san áireamh;

(v) gan dochar d’Airteagail 148 agus 168, leaganacha caighdeánacha de chonarthaí a tharraingt suas a bheidh i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le táirgí talmhaíochta a dhíol le ceannaitheoirí agus/nó táirgí próiseáilte a sholáthar do dháileoirí agus do mhiondíoltóirí, agus an gá le dálaí cothroma iomaíochta a bhaint amach agus saobhadh an mhargaidh a sheachaint á gcur san áireamh. Sna leaganacha caighdeánacha de chonarthaí sin, féadfaidh dhá ghnóthas nó níos mó a bhfuil gach ceann díobh ag oibriú ar leibhéal difriúil den slabhra táirgeachta, próiseála nó dáilte a bheith i gceist leo agus féadfaidh a bheith iontu táscairí ábhartha agus innéacsanna eacnamaíochta atá bunaithe ar chostais táirgeachta ábhartha agus a bhforbairt, ach féadfar freisin catagóirí táirgí a chur san áireamh chomh maith lena ndeiseanna éagsúla ar an margadh, le táscairí luachála táirgí, le praghsanna táirgí talmhaíochta agus bia a shonraítear ar na margaí agus athrúcháin ar na praghsanna sin, mar aon le critéir a bhaineann le comhdhéanamh, cáilíocht, inrianaitheacht agus inneachar sonraíochtaí táirge;

(vi) acmhainneacht na dtáirgí a shaothrú níos fearr, lena n-áirítear ar leibhéal na n-asraonta margaidh agus forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh lena gcuirfear neart le hiomaíochas eacnamaíoch agus leis an nuáil;

(vi) acmhainneacht na dtáirgí a shaothrú níos fearr, lena n-áirítear ar leibhéal na n-asraonta margaidh agus forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh lena gcuirfear neart le hiomaíochas eacnamaíoch agus leis an nuáil;

(vii) an fhaisnéis riachtanach a sholáthar agus an taighde riachtanach a dhéanamh chun an táirgeadh a nuáil, a chuíchóiriú, a fheabhsú agus a choigeartú agus, i gcás inarb iomchuí, an phróiseáil agus an mhargaíocht, chun go soláthrófar táirgí a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus d'ionchais tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí, lena n-áirítear saintréithe sonracha na dtáirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, agus maidir le cosaint an chomhshaoil;

(vii) an fhaisnéis a sholáthar agus taighde a dhéanamh atá riachtanach chun an táirgeadh agus, i gcás inarb infheidhme, an phróiseáil agus an margú, a nuachóiriú, a chuíchóiriú, a fheabhsú agus a choigeartú, i dtreo táirgí atá níos oiriúnaí do riachtanais an mhargaidh agus do roghanna tomhaltóirí agus a bhfuil siad ag dréim leis, go háirithe i dtaca le cáilíocht an táirge, lena n-áirítear airíonna sonracha táirgí ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, agus cosaint an chomhshaoil, gníomhaíocht ar son na haeráide, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe;

(viii) bealaí a lorg chun srian a chur le húsáid táirgí sláinte ainmhithe nó táirgí cosanta plandaí, chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar ionchur eile, chun cáilíocht táirgí agus caomhnú ithir agus uisce a áirithiú, chun sábháilteacht bia a chur chun cinn, go háirithe trí inrianaitheacht táirgí, agus chun feabhas a chur ar shláinte agus leas ainmhithe;

(viii) bealaí a lorg chun srian a chur le húsáid táirgí sláinte ainmhithe nó táirgí cosanta plandaí, chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar ionchuir eile, chun cáilíocht táirgí agus caomhnú ithreach agus uisce a áirithiú, chun sábháilteacht bia a chur chun cinn, go háirithe trí inrianaitheacht táirgí, agus chun feabhas a chur ar shláinte agus leas ainmhithe;

(ix) modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú ag gach céim den táirgeadh agus, i gcás inarb infheidhme, den phróiseáil agus den mhargaíocht;

(ix) modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú ag gach céim den táirgeadh agus, i gcás inarb infheidhme, den phróiseáil agus den mhargaíocht;

(x) gach gníomh is féidir a ghlacadh chun seasamh le feirmeoireacht orgánach agus sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha agus chun iad a chosaint agus a chur chun cinn;

(x) gach gníomhaíocht is féidir a dhéanamh chun seasamh le feirmeoireacht orgánach agus sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha agus chun iad a chosaint agus a chur chun cinn;

(xi) táirgeadh comhtháite inbhuanaithe nó modhanna eile táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil a chur chun cinn agus taighde a dhéanamh ar na modhanna sin;

(xi) táirgeadh comhtháite inbhuanaithe nó modhanna eile táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn agus taighde a dhéanamh orthu;

(xii) tomhaltas sláintiúil agus freagrach na dtáirgí ar an margadh inmheánach a spreagadh agus/nó faisnéis a chur in iúl maidir leis an díobháil a thagann as patrúin ghuaiseacha tomhaltais;

(xii) tomhaltas sláintiúil agus freagrach na dtáirgí ar an margadh inmheánach a spreagadh agus/nó faisnéis a chur in iúl maidir leis an díobháil a thagann as patrúin ghuaiseacha tomhaltais;

(xiii) tomhaltas táirgí atá ar an margadh inmheánach agus ar mhargaí seachtracha a spreagadh, agus/nó faisnéis a chur ar fáil maidir leis na táirgí sin;

(xiii) tomhaltas táirgí atá ar an margadh inmheánach agus ar mhargaí seachtracha a spreagadh, agus/nó faisnéis a chur ar fáil maidir leis na táirgí sin;

(xiv) cur le bainistiú na bhfotháirgí agus le laghdú agus bainistiú fuíoll;

(xiv) rannchuidiú le bainistiú fotháirgí, agus tionscnaimh a fhorbairt maidir le luachshocrú fotháirgí, agus rannchuidiú le laghdú agus bainistiú dramhaíola.

(xv) clásail chaighdeánacha maidir le comhroinnt luacha a bhunú de réir bhrí Airteagal 172a, lena n-áirítear bónais agus caillteanais sna margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar phraghsanna ábhartha margaí na dtáirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu;

(xv) clásail chaighdeánacha maidir le comhroinnt luacha a bhunú, lena n-áirítear bónais agus caillteanais sna margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar phraghsanna ábhartha margaí na dtáirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile idir na hoibreoirí sa slabhra soláthair;

 

(xv a) clásail chaighdeánacha a bhunú i gcomhair cúiteamh cóir ar na costais arna dtabhú ag feirmeoirí as ucht ceanglais sheachbhreithiúnacha i dtaca leis an gcomhshaol, leis an aeráid, le sláinte ainmhithe agus le leas ainmhithe, lena n-áirítear modhanna chun na costais sin a ríomh, a chomhlíonadh;

(xvi) bearta cur chun feidhme chun sláinte ainmhithe, cosaint plandaí agus rioscaí comhshaoil a chosc agus a bhainistiú.

(xvi) bearta cur chun feidhme chun sláinte ainmhithe, cosaint plandaí agus rioscaí comhshaoil a chosc agus a bhainistiú nó chun cosc agus rialú fíteashláintíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chistí frithpháirteacha a chur ar bun agus a bhainistiú.

 

(xvi a) rannchuidiú le trédhearcacht an chaidrimh tráchtála idir na céimeanna éagsúla sa slabhra, go háirithe trí dhearadh, cur chun feidhme agus rialú comhlíontachta na gcaighdeán teicniúil ag comhaltaí na hearnála.

1a.  Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, níos mó ná aitheantas amháin a dheonú d'eagraíocht idirchraoibhe a oibríonn i roinnt earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 3, i gcás gach earnála a bhfuil aitheantas á lorg aici ina leith.”;

1a.  Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, níos mó ná aitheantas amháin a dheonú d’eagraíocht idirchraoibhe a oibríonn i roinnt earnálacha éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 3 le haghaidh gach earnála a bhfuil aitheantas á lorg aici ina leith.

2.  I gcásanna a bhfuil bonn cirt leo féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar bhonn critéar oibíochtúil agus neamh-idirdhealaitheach, go gcomhlíontar an coinníoll i bpointe (c) d’Airteagal 158(1) trí theorainn a chur, ar bhonn réigiúnach nó náisiúnta, le líon na n-eagraíochtaí idirchraoibhe, sa chás go bhforáiltear dá leithéid sin leis na rialacha a bheidh ann roimh an 1 Eanáir 2014 agus i gcás nach ndéanann sin difear d’fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair.

2.  I gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, go bhfuil an coinníoll i bpointe (c) d’Airteagal 158(1) á chomhlíonadh trí theorainn a chur, ar bhonn réigiúnach nó náisiúnta, le líon na n-eagraíochtaí idirchraoibhe, sa chás go bhforáiltear amhlaidh leis na rialacha náisiúnta a bheidh ann roimh an 1 Eanáir 2014 agus i gcás nach ndéanann sé sin difear d’fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair.

3.  De mhaolú ar mhír 1, maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí idirchraoibhe a aithint ar eagraíochtaí iad:

 

(a) a bhfuil aitheantas iarrtha go foirmiúil acu agus atá comhdhéanta d'ionadaithe gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha le táirgeadh bainne amh agus atá nasctha le ceann amháin ar a laghad de na céimeanna seo a leanas den slabhra soláthair: próiseáil nó trádáil, lena n-áirítear dáileadh, táirgí earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

 

(b) atá bunaithe ar thionscnamh chuid de na hionadaithe, nó na n-ionadaithe ar fad, dá dtagraítear i bpointe (a);

"

(c) a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas i réigiún amháin nó níos mó den Aontas, agus leasanna chomhaltaí na n-eagraíochtaí idirchraoibhe agus leasanna tomhaltóirí á gcur san áireamh:

 

(i) an t-eolas agus an trédhearcacht sa táirgeacht agus sa mhargadh a fheabhsú, lena n-áirítear trí shonraí staitistiúla a fhoilsiú i dtaca le praghsanna, toirteanna agus fad conarthaí maidir le bainne amh a sheachadadh, ar conarthaí iad a tugadh i gcrích roimhe seo, agus trí anailísí a sholáthar ar fhorbairtí féideartha an mhargaidh amach anseo ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta;

 

(ii) cabhrú chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear táirgí earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar an margadh, go háirithe trí bhíthin taighde agus staidéar ar na margaí;

 

(iii) tomhaltas a spreagadh, agus faisnéis a chur ar fáil, maidir le bainne agus táirgí bainne i margaí inmheánacha agus i margaí seachtracha araon;

 

(iv) margaí onnmhairíochta féideartha a fhiosrú;

 

(v) leaganacha caighdeánacha de chonarthaí a tharraingt suas a bheadh i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le bainne amh a dhíol le ceannaitheoirí nó táirgí próiseáilte a sholáthar do dháileoirí agus do mhiondíoltóirí, agus an gá le dálaí cothroma iomaíochta a bhaint amach agus saobhadh an mhargaidh a sheachaint á gcur san áireamh;

 

(vi) faisnéis a sholáthar agus an taighde atá riachtanach a dhéanamh chun an táirgeadh a choigeartú i bhfabhar táirgí a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus ionchas tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí agus cosaint an chomhshaoil;

 

(vii) acmhainn táirgthe na hearnála déiríochta a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, inter alia trí nuálaíocht a spreagadh agus tacú le cláir do thaighde feidhmeach agus d ' fhorbairt fheidhmeach chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an bhainne agus na dtáirgí bainne, go háirithe chun táirgí breisluacha a chruthú atá níos tarraingtí don tomhaltóir;

 

(viii) bealaí a lorg chun úsáid táirgí atá dírithe ar shláinte ainmhithe a shrianadh, an bainistiú ar ionchur eile a fheabhsú agus sábháilteacht bia agus sláinte ainmhithe a fheabhsú;

 

(ix) modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú ag gach céim den táirgeadh agus den mhargaíocht;

 

(x) leas a bhaint as acmhainneacht na feirmeoireachta orgánaí agus an fheirmeoireacht sin chomh maith le táirgeadh táirgí lena ngabhann sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha a chosaint agus a chur chun cinn; agus

 

(xi) táirgeadh comhtháite nó modhanna eile táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil a chur chun cinn;

 

(xii) clásail chaighdeánacha maidir le comhroinnt luacha a bhunú de réir bhrí Airteagal 172a, lena n-áirítear bónais agus caillteanais sna margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar phraghsanna ábhartha margaí na dtáirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu; agus

 

(xiii) bearta cur chun feidhme chun sláinte ainmhithe, cosaint plandaí agus rioscaí comhshaoil a chosc agus a bhainistiú.

 

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    118

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 j (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 158 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22j)  i Roinn 1 de Chaibidil III, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 158a

 

Comhlachais eagraíochtaí idirchraoibhe

 

Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt do chomhlachais eagraíochtaí idirchraoibhe de chuid earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2) agus a cuireadh ar bun ar thionscnamh eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta.

 

Faoi réir na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 173, féadfaidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aon cheann de ghníomhaíochtaí nó d’fheidhmeanna na n-eagraíochtaí idirchraoibhe a dhéanamh.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú seo an fhéidearthacht a thabhairt isteach i Rialachán Uimh. 1308/2013 aitheantas a thabhairt do chomhlachais eagraíochtaí idirchraoibhe atá bunaithe ar shamhail comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí.

Leasú    119

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 k (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 158 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22k)  i Roinn 1 de Chaibidil III, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

Airteagal 158b

 

Eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus a gcomhlachais trasnáisiúnta agus a n-eagraíochtaí idirchraoibhe trasnáisiúnta

 

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, i gcás tagairtí d’eagraíochtaí táirgeoirí, do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus d’eagraíochtaí idirchraoibhe áireofar leo freisin eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachais thrasnáisiúnta d’eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe trasnáisiúnta a aithnítear faoin Airteagal seo.

 

2.  Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas chun críocha an Rialacháin seo:

 

(a) ciallaíonn “eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta” aon eagraíocht táirgeoirí a bhfuil gabháltais a dtáirgeoirí comhaltacha lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin;

 

(b) ciallaíonn “comhlachas trasnáisiúnta d’eagraíochtaí táirgeoirí” aon chomhlachas d’eagraíochtaí táirgeoirí a bhfuil a n-eagraíochtaí comhaltacha lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin;

 

(c) ciallaíonn “eagraíocht idirchraoibhe thrasnáisiúnta” aon eagraíocht idirchraoibhe a bhfuil gníomhaíocht táirgthe, próiseála nó margaíochta i leith na dtáirgí atá clúdaithe ag gníomhaíochtaí na heagraíochta á ndéanamh ag a chomhaltaí i níos mó Ballstát amháin.

 

3.  Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, do chomhlachais thrasnáisiúnta d’eagraíochtaí táirgeoirí agus d’eagraíocht idirchraoibhe thrasnáisiúnta.

 

Na rialacha ginearálta maidir le haitheantas dá dtagraítear in Airteagail 154, 156 agus 158 agus na rialacha sonracha maidir le haitheantas in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne dá dtagraítear in Airteagail 161 agus 163, beidh feidhm acu mutatis mutandis.

 

4.  An Ballstát ina bhfuil líon suntasach comhaltaí nó eagraíochtaí comhaltacha ag eagraíocht táirgeoirí thrasnáisiúnta nó ag comhlachas trasnáisiúnta d’eagraíochtaí táirgeoirí, nó ag a bhfuil toirt nó luach suntasach de tháirgeadh inmhargaithe acu ann, nó an Ballstát ina bhfuil ceanncheathrú eagraíochta idirchraoibhe trasnáisiúnta suite, chomh maith leis na Ballstáit eile ina bhfuil comhaltaí na heagraíochta nó an chomhlachais sin lonnaithe, déanfaidh sé nó siad an fhaisnéis is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin ionas go mbeidh ar a chumas a fhíorú go bhfuil na coinníollacha maidir le haitheantas á gcomhlíonadh agus tabharfaidh sé nó siad gach cúnamh riaracháin is gá don Choimisiún.

 

5.  Déanfaidh an Coimisiún agus an Ballstát dá dtagraítear i mír 4 gach faisnéis ábhartha a chur ar fáil nuair a iarrann Ballstát eile ina bhfuil comhaltaí na heagraíochta nó an chomhlachais sin lonnaithe an méid sin orthu.

Réasúnú

Tá sé mar aidhm ag an leasú seo na rialacha i ndáil le heagraíochtaí trasnáisiúnta aitheanta (POnna, PDOnna nó IOnna) atá i Rialachán Tarmligthe Uimh. 2016/232 a chódú sa bhunghníomh. Déanann sé seo athrú suntasach, áfach, a bhfuil sé mar aidhm leis an chumhacht a dheonú don Choimisiún Eorpach cinneadh a dhéanamh i dtaobh na n-eagraíochtaí trasnáisiúnta sin, ós rud é gur léir nár éirigh le prionsabail an chomhair riaracháin idir Ballstáit i dtaca le haitheantas a thabhairt d’eintitis den sórt sin a bhfiúntas a chruthú.

Leasú    120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 l (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 160

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22 l)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 160:

Airteagal 160

"Airteagal 160

Eagraíochtaí na dtáirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

Eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

In earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, saothróidh na heagraíochtaí táirgeoirí ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí a leagtar amach i bpointí (c)(i), (ii) agus (iii) d’Airteagal 152 (1).

1.  In earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, saothróidh na heagraíochtaí táirgeoirí ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí a leagtar amach i bpointí (c)(i), (ii) agus (iii) d’Airteagal 152 (1).

Le reachtanna eagraíochta táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ceanglófar ar a cuid comhaltaí a dtáirgeadh iomlán lena mbaineann a mhargú tríd an eagraíocht táirgeoirí.

1a.  Le reachtanna eagraíochta táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ceanglófar ar a cuid comhaltaí ar táirgeoirí iad a dtáirgeadh iomlán lena mbaineann a mhargú tríd an eagraíocht táirgeoirí.

 

De mhaolú ar an gcéad bhfomhír, agus sa chás go n-údaraíonn an eagraíocht táirgeoirí amhlaidh ina reachtanna, féadfaidh na comhaltaí ar táirgeoirí iad:

 

(a) táirgí a dhíol, go díreach nó lasmuigh dá ngabháltas, le tomhaltóirí chun freastal ar a riachtanais phearsanta;

 

(b) as a stuaim féin nó trí eagraíocht táirgeoirí eile arna hainmniú ag a n-eagraíocht táirgeoirí féin, margaíocht a dhéanamh ar chainníochtaí táirgí atá, ó thaobh toirte agus luacha de, imeallach i gcomparáid le toirt nó luach tháirgeacht inmhargaithe a n-eagraíochtaí a mhéid a bhaineann leis na táirgí i dtrácht;

 

(c) as a stuaim féin nó trí eagraíocht táirgeoirí eile arna hainmniú ag a n-eagraíocht táirgeoirí féin, margaíocht a dhéanamh ar tháirgí nach mbeadh, mar gheall ar a saintréithe nó mar gheall ar tháirgeadh teoranta i dtoirt nó luach na gcomhaltaí ar táirgeoirí iad, clúdaithe de ghnáth ag gníomhaíochtaí tráchtála na heagraíochta táirgeoirí.

 

2.  Maidir le céatadán na táirgeachta i dtoirt nó luach den táirgeacht inmhargaithe atá ag gach comhalta ar táirgeoir é agus a dhéanann na comhaltaí ar táirgeoirí iad a mhargú lasmuigh den eagraíocht táirgeoirí, ní bheidh sé níos mó ná céatadán a bheidh socraithe leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 173 den Rialachán seo.

 

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, céatadán a shocrú don táirgeacht a fhéadfaidh comhaltaí ar táirgeoirí iad a mhargú lasmuigh den eagraíocht táirgeoirí a bheidh níos ísle ná an ceann a bheidh leagtha amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach ní fhéadfaidh an céatadán níos ísle sin a bheith níos lú ná 10%.

 

3.  I gcás táirgí a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle nó i gcás ina ndéanann comhaltaí ar táirgeoirí iad a gcuid táirgeachta a mhargú trí eagraíocht táirgeoirí eile arna hainmniú ag a n-eagraíocht táirgeoirí féin, ní bheidh an céatadán den táirgeacht a dhéanann na comhaltaí ar táirgeoirí iad a mhargú lasmuigh den eagraíocht táirgeoirí, amhail dá dtagraítear i mír 1a, níos mó ná an céatadán a bheidh socraithe leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 172 den Rialachán seo ó thaobh toirt nó luach na táirgeachta inmhargaithe atá ag gach comhalta ar táirgeoir é.

 

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, céatadán a shocrú don táirgeacht a fhéadfaidh na comhaltaí sin ar táirgeoirí iad a mhargú lasmuigh den eagraíocht táirgeoirí a bheidh níos ísle ná an ceann a bheidh leagtha amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach ní fhéadfaidh an céatadán níos ísle sin a bheith níos lú ná 10%.

Measfar i gcás eagraíochtaí táirgeoirí agus cumainn d’eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí go bhfuil siad ag gníomhú, laistigh dá dtéarmaí tagartha, in ainm a gcomhaltaí agus thar ceann a gcomhaltaí i gcúrsaí eacnamaíocha.

Measfar i gcás eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais d’eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí go bhfuil siad ag gníomhú, laistigh dá dtéarmaí tagartha, in ainm a gcomhaltaí agus thar ceann a gcomhaltaí i gcúrsaí eacnamaíocha. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 m (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 163

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22m)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 163:

Airteagal 163

"Airteagal 163

Aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.  Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar choinníoll go ndéanann na heagraíochtaí sin an méid seo a leanas:

1.  Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar choinníoll go ndéanann na heagraíochtaí sin an méid seo a leanas:

(a) go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 157(3);

(a) go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 157(3);

(b) go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí i réigiún amháin nó níos mó ar an gcríoch lena mbaineann;

(b) go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí i réigiún amháin nó níos mó ar an gcríoch lena mbaineann;

(c) go seasann siad do chion suntasach de na gníomhaíochtaí eacnamaíochta dá dtagraítear in Airteagal 157(3)(a);

(c) go seasann siad do chion suntasach de na gníomhaíochtaí eacnamaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 157(3);

(d) nach mbeidh páirt acu féin i dtáirgeadh, i bpróiseáil ná i dtrádáil na dtáirgí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne.

(d) nach bhfuil páirt acu féin i dtáirgeadh, i bpróiseáil ná i dtrádáil táirgí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne.

2.  Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann coinníollacha mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe iad faoi Airteagal 157(3).

2.  Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe ar tugadh aitheantas tugtha dóibh roimh 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe iad faoi Airteagal 157(3).

3.  I gcás ina n-úsáidfidh na Ballstáit an rogha chun aitheantas a thabhairt d’eagraíocht idirchraoibhe i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2, beidh iachall orthu maidir leis an méid seo a leanas:

3.  I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit an rogha chun aitheantas a thabhairt d ‘eagraíocht idirchraoibhe i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a) cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt don eagraíocht idirchraoibhe laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas in éineacht leis an bhfianaise thacaíochta ábhartha ar fad, leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(a) cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt don eagraíocht idirchraoibhe laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas in éineacht leis an bhfianaise thacaíochta ábhartha ar fad; déanfar an t-iarratas sin a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b) seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha lena rialaítear a n-aitheantas á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe;

(b) seiceálacha a dhéanamh, ag eatraimh a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha lena rialaítear a n-aitheantas á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe;

(c) i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus a chinneadh ar cheart, más gá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(c) i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus, más gá, a chinneadh ar cheart an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d) aitheantas a tharraingt siar:

(d) aitheantas a tharraingt siar i gcás nach mbeidh na ceanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(i) i gcás nach mbeidh na ceanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh;

 

(ii) i gcás ina bhfuil páirt ag an eagraíocht idirchraoibhe in aon cheann de na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 210(4), gan dochar d'aon phionóis eile atá le forchur de bhun an dlí náisiúnta;

 

(iii) i gcás nach gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe an dualgas fógartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 210(2);

 

(e) an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 31 Márta gach bliain faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

(e) an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 31 Márta gach bliain i dtaobh gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin maidir le haitheantas a dheonú, a dhiúltú nó a tharraingt siar. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 n (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 164

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22n)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 164:

Airteagal 164

"Airteagal 164

Rialacha a shíneadh

Rialacha a leathnú amach

1.  I gcásanna ina measfar go bhfuil eagraíocht táirgeoirí aitheanta, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta nó eagraíocht idirchraoibhe aitheanta atá ag oibriú i limistéar sonrach eacnamaíoch nó limistéir shonracha eacnamaíocha de Bhallstát ionadaíoch do tháirgeadh, do thrádáil nó do phróiseáil táirge ar leith, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, arna iarraidh sin don eagraíocht sin, roinnt de na comhaontuithe, de na cinntí nó de na cleachtais chomhbheartaithe a comhaontaíodh laistigh den eagraíocht sin a chur de cheangal go ceann tréimhse teoranta ar oibreoirí eile atá ag oibriú sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha sin, bíodh daoine aonair nó grúpaí nó baill den eagraíocht nó den chomhlachas i gceist nach baill den eagraíocht nó den chomhlachas iad.

1.  I gcásanna ina measfar go bhfuil eagraíocht táirgeoirí aitheanta, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta nó eagraíocht idirchraoibhe aitheanta atá ag oibriú i limistéar sonrach eacnamaíoch nó limistéir shonracha eacnamaíocha de Bhallstát ionadaíoch do tháirgeadh, trádáil nó próiseáil táirge ar leith, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, arna iarraidh sin don eagraíocht sin, roinnt de na comhaontuithe, de na cinntí nó de na cleachtais chomhbheartaithe a comhaontaíodh laistigh den eagraíocht sin a chur de cheangal go ceann tréimhse teoranta ar oibreoirí eile atá ag gníomhú sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha sin, bídís ina ndaoine aonair nó ina ngrúpaí, agus nach mbaineann siad leis an eagraíocht nó comhlachas.

2.  Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn "limistéar eacnamaíoch" crios geografach arb é atá ann réigiúin táirgthe thadhlacha nó chomharsanacha ina bhfuil na dálaí táirgthe agus margaíochta aonchineálach.

2.  Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn “limistéar eacnamaíoch” crios geografach atá comhdhéanta de réigiúin táirgthe thadhlacha nó chomharsanacha ina bhfuil na dálaí táirgthe agus margaíochta aonchineálach.

3.  Measfar go bhfuil eagraíocht nó comhlachais ionadaíoch más rud é, sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha den Bhallstát:

3.  Measfar go bhfuil eagraíocht nó comhlachas ionadaíoch más rud é, sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha i dtrácht den Bhallstát, go seasann sé:

(a) gurb ionann é, mar chion de mhéid táirgthe nó trádála nó próiseála an táirge nó na dtáirgí atá i gceist agus:

(a) mar chion de thoirt táirgthe nó trádála nó próiseála an táirge nó na dtáirgí atá i gceist do:

(i) i gcás eagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí, ar a laghad 60 %, nó

(i) i gcás eagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí, ar a laghad 60 %, nó

(ii) i gcásanna eile, ar a laghad dhá thrian, agus

(ii) i gcásanna eile, ar a laghad dhá thrian; agus

(b) gurb ionann é, i gcás eagraíochtaí táirgeoirí, agus méid is mó ná 50 % de na táirgí lena mbaineann.

(b) i gcás eagraíochtaí táirgeoirí, níos mó ná 50 % de na táirgí lena mbaineann.

I gcás eagraíochtaí idirchraoibhe, áfach, agus go n-eascraíonn deacrachtaí praiticiúla as cion toirt an táirgthe lena mbaineann a chinneadh, nó as cion toirt na trádála sa táirge nó sna táirgí nó as cion toirt phróiseáil an táirge nó na dtáirgí, féadfaidh Ballstát rialacha náisiúnta a leagan síos lena chinnfear leibhéal sonraithe an ionadaíochais dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den chéad fhomhír.

I gcás eagraíochtaí idirchraoibhe, áfach, agus go n-eascraíonn deacrachtaí praiticiúla as an cion de thoirt táirgthe, trádála nó próiseála an táirge nó na dtáirgí lena mbaineann a chinneadh, féadfaidh Ballstát rialacha náisiúnta a leagan síos chun leibhéal sonraithe an ionadaíochais dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den chéad fhomhír a chinneadh.

I gcás ina ndéantar iarraidh ar rialacha a shíneadh chuig oibreoirí eile, má bhaineann sí le níos mó ná réigiún amháin, taispeánfaidh an eagraíocht nó an comhlachas go bhfuil an t-íosleibhéal ionadaíochta acu arna shainiú sa chéad fhomhír i gcás gach ceann de chraobhacha a ghrúpálann sé i ngach ceann de na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann.

Más rud é go bhfuil iarraidh ar rialacha a leathnú amach chuig oibreoirí eile ag clúdach níos mó ná limistéar eacnamaíoch amháin, léireoidh an eagraíocht nó an comhlachas go bhfuil acu an t-íosleibhéal ionadaíochta faoi mar a shainítear sa chéad fhomhír le haghaidh gach ceann de na craobhacha a ghrúpálann sé i ngach ceann de na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann.

4.  Na rialacha faoina bhféadfar síneadh chuig oibreoirí eile a iarraidh dá bhforáiltear i mír 1, beidh ceann amháin de na haidhmeanna seo a leanas acu:

4.  Na rialacha a bhféadfar leathnú amach chuig oibreoirí eile a iarraidh ina leith amhail dá bhforáiltear i mír 1, beidh ceann amháin de na haidhmeanna seo a leanas acu:

(a) tuairisciú táirgthe agus tuairisciú margaidh;

(a) tuairisciú táirgthe agus tuairisciú margaidh;

(b) rialacha táirgthe atá níos déine ná na rialacha atá leagtha síos i rialacha an Aontais nó i rialacha náisiúnta;

(b) rialacha táirgthe atá níos déine ná na rialacha atá leagtha síos i rialacha an Aontais nó i rialacha náisiúnta;

(c) conarthaí caighdeánacha atá ag luí le rialacha an Aontais a tharraingt suas;

(c) conarthaí caighdeánacha agus clásail chaighdeánacha maidir le comhroinnt luach agus maidir le cúiteamh cuí atá ag luí le rialacha an Aontais a tharraingt suas;

(d) rialacha maidir le margaíocht;

(d) margaíocht;

(e) rialacha maidir le cosaint an chomhshaoil;

(e) cosaint an chomhshaoil;

(f) bearta chun acmhainneacht táirgí a chur chun cinn agus leas a bhaint as an acmhainneacht sin;

(f) bearta chun acmhainneacht táirgí a chur chun cinn agus a shaothrú;

(g) bearta chun feirmeoireacht orgánach chomh maith le sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha a chosaint;

(g) bearta chun feirmeoireacht orgánach chomh maith le sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha a chosaint;

(h) taighde chun breisluach a thabhairt do na táirgí, go háirithe trí úsáidí nua nach baol don tsláinte phoiblí iad a bhaint astu;

(h) taighde chun breisluach a thabhairt do na táirgí, go háirithe trí úsáidí nua nach gcothaíonn baol don tsláinte phoiblí;

(i) staidéir ar conas cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú;

(i) staidéir ar conas cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú;

(j) taighde, go háirithe taighde ar mhodhanna saothraithe a d’fhágfadh nár ghá a oiread céanna táirgí cosanta plandaí ná táirgí sláinte ainmhithe a úsáid agus lena ráthófaí go gcaomhnófaí an ithir nó go gcuirfí feabhas ar an gcomhshaol;

(j) taighde, go háirithe taighde ar mhodhanna saothraithe a d’fhágfadh nár ghá a oiread céanna táirgí cosanta plandaí ná táirgí sláinte ainmhithe a úsáid agus lena ráthófaí go gcaomhnófaí an ithir nó go gcuirfí feabhas ar an gcomhshaol;

(k) sainiú íoschaighdeán agus sainiú íoschaighdeán maidir le pacáistiú agus cur i láthair;

(k) sainiú íoscháilíochtaí agus sainiú íoschaighdeán maidir le pacáistiú agus cur i láthair;

(l) úsáid síolta deimhnithe agus faireachán ar cháilíocht na dtáirgí;

(l) úsáid síolta deimhnithe agus faireachán ar cháilíocht na dtáirgí;

(m) rialacha maidir le sláinte ainmhithe, sláinte plandaí nó sábháilteacht bia;

(m) rialacha maidir le sláinte ainmhithe, sláinte plandaí nó sábháilteacht bia;

(n) rialacha maidir le bainistiú a dhéanamh ar fhotháirgí.

(n) rialacha maidir le bainistiú agus luachshocrú a dhéanamh ar fhotháirgí;

 

(na) na caighdeáin theicniúla le haghaidh meastóireacht bheacht ar shaintréithe an táirge a dhearadh, a chur chun feidhme agus a rialú.

Ní dhéanfaidh na rialacha sin aon dochar d’oibreoirí eile sa Bhallstát lena mbaineann ná san Aontas agus ní bheidh mar thoradh orthu aon cheann de na hiarmhairtí atá liostaithe in Airteagal 210(4) ná ní bheidh siad ar neamhréir ar aon slí eile le dlí an Aontais nó le rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm.

Ní dhéanfaidh na rialacha sin aon damáiste d’oibreoirí eile lena n-áirítear oibreoirí orgánacha, ní chuirfidh siad cosc ar oibreoirí nua dul isteach sa Bhallstát lena mbaineann ná san Aontas agus ní bheidh mar thoradh orthu aon cheann de na héifeachtaí a liostaítear in Airteagal 210(4) ná ní bheidh siad ar neamhréir ar aon slí eile le dlí an Aontais nó le rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm.

 

4a.  Nuair a dhéanann an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 222 den Rialachán seo lena n-údaraítear gan Airteagal 101(1) a chur i bhfeidhm i leith na gcomhaontuithe agus na gcinntí dá dtagraítear in Airteagal 222(1) den Rialachán seo, féadfar na comhaontuithe agus cinntí sin a leathnú amach faoi choinníollacha an Airteagail seo.

 

4b.  I gcás ina ndéanann Ballstát na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a leathnú amach, forálfaidh an eagraíocht lena mbaineann do bhearta comhréireacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha na gcomhaontuithe sin atá tagtha chun bheith éigeantach ar scór an leathnaithe amach.

5. Caithfear na hoibreoirí a chur ar an eolas faoi leathnú na rialacha dá dtagraítear i mír 1 trína bhfoilsiú ina n-iomláine i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

5.  Déanfar leathnú amach na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt ar aire na n-oibreoirí trína bhfoilsiú ina n-iomláine i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

6. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a ghlacfar faoin Airteagal seo.

6.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh aon chinneadh a ghlactar faoin Airteagal seo.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    123

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 o (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 165

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22o)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 165:

Airteagal 165

"Airteagal 165

Ranníocaíochtaí airgeadais ó dhaoine aonair nó grúpaí nach comhaltaí iad

Ranníocaíochtaí airgeadais ó dhream nach comhaltaí iad

I gcás go leathnaítear faoi Airteagal 164 rialacha de chuid eagraíochta táirgeoirí aitheanta, de chuid comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, nó de chuid eagraíochta idirchraoibhe aitheanta agus go bhfuil na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na rialacha sin chun leasa ghinearálta eacnamaíoch oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann a ngníomhaíochtaí leis na táirgí i gceist, féadfaidh an Ballstát a thug an t-aitheantas, i gcás na n-oibreoirí eacnamaíocha aonair sin nó na ngrúpaí nach baill den eagraíocht iad, ach a bhaineann tairbhe as na gníomhaíochtaí sin, tar éis dó dul i mbun comhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha,cinneadh a dhéanamh gurb iad na hoibreoirí eacnamaíocha aonair sin nó na grúpaí nach comhaltaí den eagraíocht iad, ach a bhaineann tairbhe as na gníomhaíochtaí sin, a íocfaidh leis an eagraíocht na ranníocaíochtaí go léir nó cuid díobh a íocann comhaltaí na heagraíochta sin a mhéid atá na ranníocaíochtaí sin ceaptha costais a chlúdach a thabhaítear go díreach i ngeall ar a bheith ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin.

I gcás ina ndéantar rialacha de chuid eagraíochta táirgeoirí aitheanta, de chuid comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta nó de chuid eagraíochta idirchraoibhe aitheanta a leathnú amach faoi Airteagal 164 agus go bhfuil na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na rialacha sin chun leasa ghinearálta eacnamaíoch oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann a ngníomhaíochtaí leis na táirgí i dtrácht, féadfaidh an Ballstát a thug an t-aitheantas, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, a chinneadh go ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha aonair nó grúpaí nach comhaltaí den eagraíocht iad, ach a thairbhíonn i gcleachtas de na gníomhaíochtaí sin, na ranníocaíochtaí airgeadais go léir nó cuid díobh a íocann a gcomhaltaí a íoc leis an eagraíocht, sa mhéid agus go bhfuil na ranníocaíochtaí sin ceaptha costais a chlúdach a thabhaítear go díreach i ngeall ar a bheith ag gabháil do cheann amháin nó níos mó ná na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 164(4). Déanfar na buiséid mhionsonraithe a bhaineann le bheith ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin a chur ar fáil ar bhealach trédhearcach ionas gur féidir le gach oibreoir nó grúpa eacnamaíoch atá ag déanamh ranníocaíochta, bídís ina gcomhaltaí den eagraíocht nó ná bíodh, iad a scrúdú. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561531864297&from=EN)

Leasú    124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 p (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 166 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22p)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 166a

 

Rialáil an tsoláthair maidir le táirgí talmhaíochta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, cé is moite de cháis, fíon agus liamhás

 

1.  Gan dochar d’Airteagail 150, 167 agus 172, féadfaidh Ballstáit, arna iarraidh sin d’eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152(1) den Rialachán seo, ag eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157(1) den Rialachán seo nó do ghrúpa oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012, ar feadh tréimhse theoranta ama, rialacha ceangailteacha a leagan síos maidir le rialáil sholáthar táirgí talmhaíochta a thairbhíonn de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint faoi Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, cé is moite de cháis, fíon agus liamhás.

 

2.  Na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir comhaontú a bheith déanta roimh ré idir na páirtithe sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

 

Déanfar an comhaontú sin a thabhairt i gcrích idir:

 

(a) dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí an táirge sin nó an amhábhair a úsáidtear chun an táirge sin a tháirgeadh, nó dá n-ionadaithe, sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1152/2012; agus

 

(b) i gcás inarb infheidhme, dhá thrian ar a laghad de phróiseálaithe an táirge talmhaíochta sin a sheasann do dhá thriain ar a laghad de tháirgeadh an táirge sin, nó dá n-ionadaithe, sa limistéar geografach dá dtagraítear sa phointe sin.

 

I gcásanna cuí-réasúnaithe agus nach féidir na leibhéil ionadaíochta dá dtagraítear i bpointí (a) agus/nó (b) den fhomhír seo a bhaint amach sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 nó más rud é go bhfuil deacrachtaí praiticiúla leis an limistéar geografach sin a chinneadh, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos chun leibhéil ionadaíochta leormhaith mar aon leis na socruithe le haghaidh comhairliúcháin a leagan síos d’fhonn teacht ar chomhaontú idir na páirtithe.

 

3.  Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

 

(a) ní chumhdófar leo ach amháin rialáil sholáthar an táirge lena mbaineann agus beidh sé d'aidhm acu soláthar an táirge lena mbaineann a oiriúnú don éileamh;

 

(b) ní bheidh éifeacht acu ach amháin maidir leis an táirge lena mbaineann;

 

(c) ní fhéadfaidh siad a bheith ceangailteach ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana agus féadfar iad a athnuachan i ndiaidh na tréimhse sin tar éis iarraidh nua, amhail dá thagraítear i mír 1, a fháil;

 

(d) ní dhéanfaidh siad damáiste do thrádáil táirgí seachas na táirgí lena mbaineann na rialacha sin;

 

(e) ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht an táirge lena mbaineann;

 

(f) ní fhágfaidh siad go bhféadfar socrú praghsanna a dhéanamh, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar praghsanna a shocrú mar threoir nó mar mholadh;

 

(g) ní fhágfaidh siad cúrsaí sa chaoi nach mbeidh fáil ar sciar iomarcach den táirge lena mbaineann a bheadh ar fáil murach sin;

 

(h) ní chruthóidh siad idirdhealú, ní bheidh siad ina mbac ar iontrálaithe nua sa mhargadh nó ní fhágfaidh siad go ndéanfar difear díobhálach do tháirgeoirí beaga;

 

(i) rannchuideoidh siad leis an gcáilíocht a chaomhnú (lena n-áirítear ó thaobh sláinte de) agus/nó le forbairt an táirge i dtrácht.

 

4.  Foilseofar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

 

5.  Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 á gcomhlíonadh agus, i gcás ina gcinnfidh na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh siad na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm.

 

6.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún á rá cad iad na rialacha dá dtagraítear i mír 1 atá glactha acu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon fhógra de na rialacha sin.

 

7.  Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceanglaítear go n-aisghairfidh Ballstát na rialacha atá leagtha síos ag an mBallstát sin de bhun mhír 1 má fhaigheann an Coimisiún nach gcomhlíonann na rialacha sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 nó go ndéanann siad iomaíocht a chosc nó a shaobhadh i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach, nó go ndéanann siad saorthrádáil a chur i gcontúirt nó go bhfuil baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE á chur i mbaol. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561531864297&from=EN)

Leasú    125

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 q (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 167 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22q)  i dTeideal II, Caibidil III, Roinn 4, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

Airteagal 167a

 

Rialacha margaíochta chun oibriú an chómhargaidh in ola olóige a fheabhsú agus a chobhsú

 

1.  Chun oibriú an chómhargaidh in earnáil na hola olóige a fheabhsú agus a chobhsú, féadfaidh Ballstáit is táirgeoirí rialacha margaíochta a leagan síos chun an soláthar a rialáil.

 

Beidh na rialacha sin i gcomhréir leis an gcuspóir atá á saothrú agus:

 

(a) ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéad-mhargaíocht an táirge lena mbaineann;

 

(b) ní cheadóidh siad socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

 

(c) ní fhágfaidh siad cúrsaí sa chaoi nach mbeidh fáil ar sciar iomarcach den toradh a bheadh ar fáil murach sin.

 

2.  Déanfar na hoibreoirí a chur ar an eolas faoi na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 trína bhfoilsiú ina n-iomláine i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

 

3.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh aon chinneadh a ghlactar faoin Airteagal seo.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561531864297&from=EN)

Réasúnú

Cuirtear airteagal nua isteach chun go bhféadfar sásra atá cosúil leis an sásra atá in Airteagal 167 le haghaidh earnáil an fhíona a chur i bhfeidhm i leith earnáil na hola olóige, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí freastal ar riachtanais shonracha na hearnála thrí chumhacht na hearnála i dtaobh féinrialála a fheabhsú.

Leasú    126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 r (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 168

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22r)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 168:

Airteagal 168

"Airteagal 168

Caidreamh conarthach

Caidreamh conarthach

1.  Gan dochar d’Airteagal 148 maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ná d’Airteagal 125 maidir le hearnáil an tsiúcra, má chineann Ballstát, i dtaca le le táirgí feirmeoireachta ó earnáil seachas bainne agus táirgí bainne agus siúcra, ar táirgí iad a liostaítear in Airteagal 1(2), aon cheann de na nithe seo:

1.  Gan dochar d’Airteagal 148 maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ná d’Airteagal 125 maidir le hearnáil an tsiúcra, má chineann Ballstát, i dtaca le táirgí feirmeoireachta ó earnáil a liostaítear in Airteagal 1(2), seachas bainne agus táirgí bainne agus siúcra, aon cheann de na nithe seo:

(a) nach mór aon seachadadh ar a chríocha a dhéanann táirgeoir chuig próiseálaí nó dáileoir a chumhdach le conradh scríofa idir na páirtithe,

(a) nach mór aon seachadadh ar a chríoch a dhéanann táirgeoir chuig próiseálaí nó dáileoir a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, agus/nó

(b) nach mór do na chéad-cheannaitheoirí tairiscint i scríbhinn a dhéanamh chun conradh le haghaidh táirgí feirmeoireachta a bheith á seachadadh ar a chríocha ag an táirgeoir a fháil, comhlíonfar, le conradh den sórt sin nó le tairiscint den sórt ar chonradh na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 agus i mír 6 den Airteagal seo.

(b) nach mór do na chéad-cheannaitheoirí tairiscint i scríbhinn a dhéanamh chun conradh le haghaidh táirgí feirmeoireachta a bheith á seachadadh ar a chríoch ag an táirgeoir a fháil, comhlíonfar, le conradh den sórt sin nó le tairiscint den sórt ar chonradh na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 agus i mír 6 den Airteagal seo.

1a.  Mura mbainfidh na Ballstáit leas as na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh táirgeoir, eagraíocht táirgeoirí, nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, sa mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta in earnáil dá dtagraítear in Airteagal 1(2) seachas earnáil an bhainne, na dtáirgí bainne agus an tsiúcra, a cheangal go mbeidh aon seachadadh táirgí dá chuid/dá cuid/dá gcuid chuig próiseálaí nó dáileoir faoi réir conradh i scríbhinn idir na páirtithe agus/nó go mbeidh siad faoi réir tairiscint i scríbhinn ar chonradh ó na chéad cheannaitheoirí, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 agus sa chéad fhomhír de mhír 6 den Airteagal seo.

1a.  Mura mbainfidh na Ballstáit leas as na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh táirgeoir, eagraíocht táirgeoirí, nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, sa mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta in earnáil dá dtagraítear in Airteagal 1(2) seachas earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne agus earnáil an tsiúcra, a cheangal go mbeidh aon seachadadh táirgí dá chuid nó dá cuid chuig próiseálaí nó dáileoir faoi réir conradh i scríbhinn idir na páirtithe agus/nó go mbeidh siad faoi réir tairiscint i scríbhinn ar chonradh ó na chéad-cheannaitheoirí, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 agus sa chéad fhomhír de mhír 6 den Airteagal seo.

Más micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE é an chéad cheannaitheoir, ní bheidh an conradh agus/nó an tairiscint ar chonradh éigeantach, gan dochar don deis atá ag na páirtithe leas a bhaint as conradh caighdeánach arna dhréachtú ag eagraíocht idirchraoibhe.

Más micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE é an chéad-cheannaitheoir, ní bheidh an conradh agus/nó an tairiscint ar chonradh éigeantach, gan dochar don deis atá ag na páirtithe leas a bhaint as conradh caighdeánach arna dhréachtú ag eagraíocht idirchraoibhe.

2.  I gcás ina gcinnfidh an Ballstát nach mór seachadtaí na dtáirgí ag táirgeoir ar phróiseálaí a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, cinnfidh sé freisin cé acu céim nó céimeanna an tseachadta a bheidh cumhdaithe leis an gconradh sin má dhéantar seachadadh na dtáirgí lena mbaineann trí idirghabhálaí amháin nó níos mó ná sin.

2.  I gcás ina gcinnfidh an Ballstát nach mór seachadtaí na dtáirgí a chumhdaítear leis an Airteagal seo ag táirgeoir chuig próiseálaí a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, cinnfidh sé freisin cé acu céim nó céimeanna an tseachadta a bheidh cumhdaithe leis an gconradh sin má dhéantar seachadadh na dtáirgí lena mbaineann trí idirghabhálaí amháin nó níos mó.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar dochar d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leis na forálacha a leagann siad síos faoin Airteagal seo.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar dochar d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leis na forálacha a leagann siad síos faoin Airteagal seo.

3.  Sa chás a ndéantar tuairisc air i mír 2, féadfaidh an Ballstát sásra idirghabhála a bhunú le go gcumhdófar na cásanna sin nach féidir conradh den sórt sin a thabhairt chun críche ina leith de bhíthin comhaontuithe frithpháirteach, agus caidreamh cothrom conarthach a áirithiú dá bhrí sin.

3.  Sa chás a dtugtar tuairisc air i mír 2, féadfaidh an Ballstát sásra idirghabhála a bhunú ionas go gcumhdófar na cásanna sin nach féidir conradh den sórt sin a thabhairt i gcrích ina leith de bhíthin comhaontú frithpháirteach, agus ar an gcaoi sin go ndéanfar caidreamh cothrom conarthach a áirithiú.

4.  Maidir le haon chonradh nó tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1a:

4.  Maidir le haon chonradh nó tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a:

(a) déanfar é roimh an seachadadh;

(a) déanfar é roimh an seachadadh;

(b) déanfar i scríbhinn é; agus

(b) déanfar i scríbhinn é; agus

(c) áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

(c) áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

(i) an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:— a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó— a ríomhfar trí thosca éagsúla a chur le chéile a bheidh leagtha amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí margaidh a bheith san áireamh iontu lena léirítear athruithe i gcoinníollacha an mhargaidh, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh na dtáirgí feirmeoireachta arna seachadadh,

(i) an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:— a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó— a ríomhfar trí thosca éagsúla a chur le chéile a bheidh leagtha amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí oibiachtúla de na costais táirgeachta agus margaidh, atá so-rochtana agus intuigthe, a bheith san áireamh iontu lena léirítear athruithe i gcoinníollacha an mhargaidh, na cainníochtaí arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh na dtáirgí talmhaíochta arna seachadadh. Chuige sin, Ballstáit a mbeidh cinneadh déanta acu mír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh siad táscairí a chinneadh, i gcomhréir leis na critéir oibiachtúla agus bunaithe ar staidéir a bheidh déanta ar an táirgeadh agus ar an slabhra bia, chun iad sin a chinneadh ag aon tráth ar leith.

(ii) cainníocht agus cáilíocht na dtáirgí lena mbaineann a chaithfear nó nach gcaithfear a sheachadadh agus uainiú na seachadtaí sin,

(ii) cainníocht agus cáilíocht na dtáirgí lena mbaineann a fhéadfar nó a chaithfear a sheachadadh agus uainiú na seachadtaí sin,

(iii) fad an chonartha, a bhféadfaidh fad cinnte nó fad éiginnte le clásail foircinn a bheith san áireamh leis,

(iii) ré an chonartha, a bhféadfaidh ré cinntithe nó ré neamhchinntithe le clásail foircinn a bheith san áireamh léi,

(iv) mionsonraí maidir le tréimhsí íocaíochta agus nósanna imeachta,

(iv) mionsonraí maidir le tréimhsí íocaíochta agus nósanna imeachta,

(v) socruithe maidir leis na táirgí feirmeoireachta a bhailiú nó a sheachadadh, agus(vi) na rialacha is infheidhme i gcás force majeure.

(v) socruithe maidir leis na táirgí feirmeoireachta a bhailiú nó a sheachadadh, agus(vi) na rialacha is infheidhme i gcás

force majeure.

5.  De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 1a, ní bheidh gá le conradh ná le tairiscint ar chonradh i gcás ina seachadfaidh comhalta comharchumainn na táirgí lena mbaineann don chomharchumann a bhfuil sé ina chomhalta de, más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann ó na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leis na forálacha sin a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 4.

5.  De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 1a, ní bheidh gá le conradh ná le tairiscint ar chonradh i gcás ina seachadfaidh comhalta comharchumainn na táirgí lena mbaineann chuig an gcomharchumann a bhfuil sé ina chomhalta de, más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann ó na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leis na forálacha sin a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4.

6.  Caibidleofar go neamhshrianta idir na páirtithe gnéithe uile na gconarthaí maidir le seachadadh táirgí feirmeoireachta arna gcur i gcrích ag táirgeoirí, ag bailitheoirí, ag próiseálaithe nó ag dáileoirí, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4.Gan dochar don chéad fhomhír, beidh feidhm ag ceann amháin den mhéid seo a leanas, nó ag an dá cheann:

6.  Déanfar caibidlíocht go neamhshrianta idir na páirtithe eilimintí uile na gconarthaí maidir le seachadadh táirgí feirmeoireachta a chuirfidh táirgeoirí, bailitheoirí, próiseálaithe nó dáileoirí i gcrích, lena n-áirítear na heilimintí sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4.D’ainneoin na chéad fomhíre, beidh feidhm ag ceann amháin den mhéid seo a leanas, nó ag an dá cheann:

(a) i gcás ina gcinnfidh Ballstát na conarthaí i scríbhinn maidir le seachadadh táirgí feirmeoireachta a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sé fad íosta a bhunú nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir táirgeoir agus céad-cheannaitheoir na dtáirgí feirmeoireachta. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

(a) i gcás ina gcinnfidh Ballstát na conarthaí i scríbhinn maidir le seachadadh táirgí feirmeoireachta a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sé ré íosta a bhunú nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir táirgeoir agus céad-cheannaitheoir na dtáirgí feirmeoireachta. Sé mhí ar a laghad a bheidh sa ré íosta sin agus ní dhéanfaidh sé díobháil d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

(b) i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór do chéad-cheannaitheoir na dtáirgí feirmeoireachta tairiscint i scríbhinn ar chonradh a thabhairt don táirgeoir i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a fhoráil nach mór go n-áireofaí sa tairiscint fad íosta don chonradh, a leagtar amach chun na críche sin sa dlí náisiúnta. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(b) i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór do chéad-cheannaitheoir na dtáirgí feirmeoireachta tairiscint i scríbhinn ar chonradh a thabhairt don táirgeoir i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a fhoráil nach mór go n-áireofaí sa tairiscint ré íosta don chonradh, a leagtar amach chun na críche sin sa dlí náisiúnta. Sé mhí ar a laghad a bheidh sa ré íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Beidh an dara fomhír gan dochar do cheart an táirgeora an fad íosta sin a dhiúltú, ar choinníoll gur i scríbhinn a dhéanfaidh sé é sin. Sa chás sin, beidh na páirtithe saor chun gnéithe uile an chonartha a chaibidliú, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4.

Beidh an dara fomhír gan dochar do cheart an táirgeora an ré íosta sin a dhiúltú, ar choinníoll gur i scríbhinn a dhéanfaidh sé é sin. Sa chás sin, beidh na páirtithe saor chun eilimintí uile an chonartha a chaibidliú, lena n-áirítear na heilimintí sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit a bhaineann leas as na roghanna dá dtagraítear san Airteagal seo nach ndéanfar dochar d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leis na forálacha a leagtar síos. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin gcaoi a chuireann siad i bhfeidhm aon bhearta a tugadh isteach faoin Airteagal seo.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit a bhaineann leas as na roghanna dá dtagraítear san Airteagal seo nach ndéanfar díobháil d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leis na forálacha a leagtar síos. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don an Choimisiún á rá cén chaoi a chuireann siad i bhfeidhm aon bhearta a thugtar isteach faoin Airteagal seo.

8.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm comhionann i bpointe (a) agus (b) de mhír 2 agus de mhír 3 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo.

8.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach phointí (a) agus (b) de mhír 4 agus mhír 5 den Airteagal seo chomh maith le bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    127

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 s (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 172 – mír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22s)  In Airteagal 172, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.  Comhlíonfar leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo agus beidh siad faoi réir théarmaí aon chomhaontaithe a bheidh déanta roimh ré idir na páirtithe sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Tabharfar an comhaontú sin chun críche, tar éis dul i gcomhairle le táirgeoirí muc sa limistéar geografach, idir dhá thrian de phróiseálaithe an liamháis ar a laghad arb ionann a mhéid agus dhá thrian ar a laghad den liamhás sin sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus, má mheasann an Ballstát gurb iomchuí é, dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí muc sa limistéar geografach dá dtagraítear in bpointe (c) d'Airteagal 7(1)de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

‘2.  Na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir comhaontú a bheith déanta roimh ré idir na páirtithe sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Tabharfar an comhaontú sin chun críche, tar éis dul i gcomhairle le táirgeoirí muc sa limistéar geografach, idir dhá thrian ar a laghad de phróiseálaithe an liamháis sin a sheasann do dhá thrian ar a laghad de tháirgeadh an liamháis sin, nó dá n-ionadaithe, sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus, má mheasann an Ballstát gurb iomchuí é, dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí muc sa limistéar geografach dá dtagraítear sa phointe sin.’

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561618070617&from=EN)

Réasúnú

Forálann Airteagal 150 go bhféadfar ionadaíocht a dhéanamh ar tháirgeoirí, ach tugann an fhoclaíocht i mír 2 le tuiscint nach bhféadfaidh próiseálaithe ionadaíocht a bheith acu. Is fadhb í an riail sin d’earnálacha ina bhfuil go leor saoráidí próiseála. Dealraíonn sé gur dearmad a rinneadh i bhforáil d’ionadaithe ag táirgeoirí cáise ach gan é sin a dhéanamh do tháirgeoirí liamháis.

Leasú    128

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 t (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 172a

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22t)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 172a:

Airteagal 172a

"Airteagal 172a

Comhroinnt luacha

Comhroinnt luacha

Gan dochar d'aon chlásal sonrach maidir le comhroinnt luacha in earnáil an tsiúcra, féadfaidh feirmeoirí, comhlachais feirmeoirí san áireamh, agus a gcéad cheannaitheoir teacht ar chomhaontú i ndáil le clásail maidir le comhroinnt luacha, bónais agus caillteanais margaí san áireamh, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar na praghsanna ábhartha margaí do na táirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu.

Gan dochar d’aon chlásal sonrach maidir le comhroinnt luacha in earnáil an tsiúcra, féadfaidh feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, agus a gcéad-cheannaitheoir chomh maith le gnóthas amháin nó níos mó a bhfuil gach ceann díobh ag oibriú ar leibhéal difriúil den slabhra táirgthe, próiseála nó dáilte teacht ar chomhaontú i ndáil le clásail maidir le comhroinnt luacha, lena n-áirítear bónais agus caillteanais margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar na praghsanna margaidh ábhartha do na táirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu.

Leasú    129

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 u (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 172 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22u)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 172b

 

Comhroinnt luacha maidir le táirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu

 

I gcás táirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu atá aitheanta faoi dhlí an Aontais, féadfaidh feirmeoirí, lena n-áirítear comhlachais feirmeoirí, agus oibreoirí ag na céimeanna éagsúla den táirgeadh, próiseáil agus margaíocht laistigh den earnáil, teacht ar chomhaontú i ndáil le clásail maidir le comhroinnt luacha, lena n-áirítear bónais agus caillteanais margaidh, chun a chinneadh cén chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar na praghsanna margaidh ábhartha do na táirgí lena mbaineann nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu.

Leasú    130

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 v (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 173 – mír 1 – pointe b

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22v)  In Airteagal 173(1), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):

(b) rialacha na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin, reachtanna eagraíochtaí seachas eagraíochtaí táirgeoirí, na coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le reachtanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnálacha áirithe, lena n-áirítear maoluithe ar [an oibleagáid an táirgeacht go léir a mhargú tríd an eagraíocht táirgeoirí dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 160, struchtúr, tréimhse ballraíochta, méid, cuntasacht agus gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin agus na gcomhlachas sin, na héifeachtaí a eascraíonn as an aitheantas, as aitheantas a tharraingt siar, agus as cumaisc;

(b) rialacha na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin, reachtanna eagraíochtaí seachas eagraíochtaí táirgeoirí, na coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le reachtanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnálacha áirithe, lena n-áirítear an maolú ón oibleagáid an táirgeacht go léir a mhargú tríd an eagraíocht táirgeoirí dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 160(1a) trí na céatadáin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal sin a shocrú chomh maith le catagóirí na dtáirgí ó mhír 1a de a bhfuil na céatadáin sin le feidhm a bheith acu maidir leo, struchtúr, tréimhse ballraíochta, méid, cuntasacht agus gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin, na héifeachtaí a eascraíonn as an aitheantas, as aitheantas a tharraingt siar, agus as cumaisc;

 

"

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561531864297&from=EN)

Leasú    131

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 w (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 176 – mír 3

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22w)  in Airteagal 176, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

3.  Beidh na ceadúnais bailí ar fud an Aontais.

3.  Beidh na ceadúnais bailí ar fud an Aontais. An fhaisnéis uile maidir leis na hiarrthóirí, arna bailiú ag na Ballstáit le haghaidh deimhnithe a eisiúint, déanfar í a chur in iúl don Choimisiún gach mí.

Réasúnú

Cé go leagtar dtugtar cumhachtaí as cuimse don Choimisiún le hAirteagal 177, is cosúil nach mbaintear leas astu ar bhonn córasach. Ní bhaileofar an fhaisnéis ach uair amháin agus níor cheart go mbeadh aon chastacht riaracháin i gceist leis sin do na húsáideoirí. Ina theannta sin, iarrfar ar an gCoimisiún nósanna imeachta a mholadh chun nua-theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur i bhfeidhm chun an t-ualach riaracháin ar úsáideoirí a laghdú agus chun an úsáid is fearr a bhaint as an bhfaisnéis sin.

Leasú    132

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 x (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 177 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22x)  In Airteagal 177(2), scriostar pointe (d).

Réasúnú

Scriostar pointe (d) i gcomhréir le scriosadh Airteagal 189 maidir le hallmhairí cnáibe agus síolta cnáibe, mar atá iarrtha ag an gCoimisiún.

Leasú    133

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 y (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 182 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22y)  sa chéad fhomhír d’Airteagal 182(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

(ba) go mbeidh toirt na n-allmhairí in aon bliain ar leith ag rátaí fabhracha arna gcomhaontú idir an tAontas agus na tríú tíortha faoi chomhaontuithe saorthrádála níos airde ná leibhéal áirithe (‘toirt na neamhchosanta trádála’).

Réasúnú

Leis an leasú seo, moltar critéar nua maidir le dleacht allmhairiúcháin breise a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear le comhaontú Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta lena bhféadfaí tionchair dhíobhálacha ar mhargadh an Aontais a sheachaint nó a chosc.

Leasú    134

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 z (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 182 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22z)  Sa chéad fhomhír d’Airteagal 182(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

(bb) nach gcomhlíonann tríú tíortha caighdeáin Aontais ó thaobh cosaint plandaí agus leas ainmhithe de.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561618070617&from=EN)

Réasúnú

Ní mór cómhalartacht fheabhsaithe ó thaobh cosaint plandaí de a chur chun cinn sa chaidreamh le tríú tíortha.

Leasú    135

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 aa (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 182 – mír 1 – fomhír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22aa)  in Airteagal 182(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

Bunófar an truicearmhéid ar dheiseanna rochtana ar an margadh a shaineofar mar allmhairí i bhfoirm céatadán den tomhaltas comhfhreagrach intíre ar feadh na dtrí bliana roimhe sin.

Bunófar an truicearmhéid ar dheiseanna rochtana ar an margadh a shaineofar mar allmhairí arna sloinneadh mar chéatadán den tomhaltas comhfhreagrach intíre ar feadh na dtrí bliana roimhe sin. Déanfar é a athshainiú go tráthrialta chun athruithe ar mhéid mhargadh an Aontais a chur san áireamh. Déanfar an truicearphraghas a athshainiú go tráthrialta chun forbairtí sna margaí domhanda agus i gcostais táirgthe a chur san áireamh.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Leis an leasú seo, moltar go ndéanfar na praghsanna agus na truicearmhéideanna ar tugadh fógra ina leith 20 bliain ó shin do EDT maidir le forbairt ar mhéid an mhargaidh (laghdú ar thomhaltas na feola, Brexit agus athrú go margadh de 27 mBallstát) a nuashonrú. Is fiú a lua, le hAirteagal 182, go mbeifear in ann tionchair dhíobhálacha, a d’fhéadfadh teacht as allmhairiú, ar mhargadh an Aontais a sheachaint nó a chosc.

Leasú    136

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 ab (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 182 – mír 1 – fomhír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22ab)  in Airteagal 182(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

 

“Beidh méid neamhchosaint an mhargaidh bunaithe ar na hallmhairí ag rátaí fabhracha arna sloinneadh mar chéatadán de leibhéal iomlán neamhchosaint an mhargaidh is féidir leis na hearnálacha lena mbaineann a iompar.”

Réasúnú

Leis an leasú seo, moltar critéar nua maidir le dleacht allmhairiúcháin breise a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear le comhaontú Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta lena bhféadfaí tionchair dhíobhálacha ar mhargadh an Aontais a sheachaint nó a chosc.

Leasú    137

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 ac (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 184 – mír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22ac)  in Airteagal 184, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.  Riarfar na cuótaí taraife ar dhóigh go seachnófar gach dealú idir na hoibreoirí lena mbaineann, trí cheann de na modhanna seo a leanas nó teaglaim díobh nó modh oiriúnach eile a chur i bhfeidhm:

“2.  Déanfar na taraifchuótaí a riar ar dhóigh a fhágann go seachnófar gach dealú idir na hoibreoirí lena mbaineann, trí cheann de na modhanna seo a leanas nó teaglaim díobh nó modh oiriúnach eile a chur i bhfeidhm:

(a) modh a bheidh bunaithe ar an ord croineolaíoch inar cuireadh iarratais isteach (prionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ );

(a) modh a bheidh bunaithe ar an ord croineolaíoch inar cuireadh iarratais isteach (prionsabal “tús freastail ar an gceann is túisce”);

(b) modh dáileacháin a bheidh comhréireach leis na cainníochtaí a iarradh nuair a tíolacadh na hiarratais (‘modh an scrúdaithe chomhuainigh’);

(b) modh dáileacháin a bheidh i gcoibhneas leis na cainníochtaí a iarradh nuair a tíolacadh na hiarratais (“modh an scrúdaithe chomhuainigh”);

(c) modh a bheidh bunaithe ar phatrúin trádála thraidisiúnta a chur san áireamh (ag baint úsáide as an ‘modh traidisiúnta/núíosach’).

(c) modh a bheidh bunaithe ar phatrúin trádála thraidisiúnta a chur san áireamh (“an modh traidisiúnta/núíosach”);

 

(d) modh a fhágann gur féidir dáileadh a dhéanamh chuig líon éagsúil oibreoirí, lena n-áirítear trí chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a chur san áireamh, amhail Coinbhinsiúin bunúsacha EIS, agus comhaontuithe chomhshaoil iltaobhacha a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Tríd an modh seo a chur leis, ba cheart go spreagfaí an nós taraifchuótaí a riar agus aird á tabhairt ar éagsúlacht na n-oibreoirí, seachas buntáiste a thabhairt do na mórghníomhaithe, agus go tabharfaí aird ar chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil i ndáileadh na dtaraifchuótaí.

Leasú    138

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 ad (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 188 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22ad)  i gCaibidil III, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 188a

 

Táirgí talmhaíochta agus agraibhia a allmhairiú ó thríú tíortha

 

Ní féidir táirgí talmhaíochta agus agraibhia a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin sa chás go gcomhlíonann siad caighdeáin agus oibleagáidí táirgthe atá i gcomhréir leo siúd atá glactha, go háirithe i réimsí an chomhshaoil agus na cosanta sláinte, do na táirgí céanna arna mbuaint san Aontas nó a próiseáladh ó tháirgí den sórt sin. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha maidir leis an gcomhlíonadh is infheidhme ar oibreoirí i dtaca le hallmhairí, ag cur san áireamh comhaontuithe cómhalartachta le tríú tíortha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).”

Leasú    139

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 23

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 189

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)  Scriostar Airteagal 189.

scriosta

Leasú    140

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 206

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(26 a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 206:

Airteagal 206

"Airteagal 206

Treoracha ón gCoimisiún i ndáil le rialacha iomaíochais a chur i bhfeidhm maidir le talmhaíocht

Treoirlínte ón gCoimisiún i ndáil le rialacha iomaíochais a chur i bhfeidhm maidir le talmhaíocht

Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo, agus i gcomhréir le hAirteagal 42 CFAE, beidh feidhm ag Airteagal 101 go hAirteagal 106 CFAE agus ag na forálacha cur chun feidhme a ghabhann leo, faoi réir Airteagal 207 go hAirteagal 210 den Rialachán seo, maidir le gach comhaontú, gach cinneadh agus gach cleachtas dá dtagraítear in Airteagal 101(1) agus in Airteagal 102 CFAE a bhaineann le táirgeadh nó trádáil táirgí talmhaíochta.

Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo, agus i gcomhréir le hAirteagal 42 CFAE, beidh feidhm ag Airteagail 101 go 106 CFAE agus ag na forálacha cur chun feidhme a ghabhann leo, faoi réir Airteagail 207 go 210 den Rialachán seo, maidir le gach comhaontú, cinneadh agus cleachtas dá dtagraítear in Airteagal 101(1) agus Airteagal 102 CFAE a bhaineann le táirgeadh nó trádáil táirgí talmhaíochta.

Chun go n-áiritheofar feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha iomaíocha an Aontais, cuirfidh an Coimisiún agus údaráis iomaíochta na mBallstát rialacha iomaíochta an Aontais i bhfeidhm i ndlúthchomhar lena chéile.

Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha iomaíocha an Aontais a áirithiú, comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis iomaíochta na mBallstát go dlúth le chéile agus, a mhéid is indéanta sin, déanfaidh siad comhordú ar a gcuid gníomhaíochtaí nuair a bheidh rialacha iomaíochta an Aontais á gcur i bhfeidhm acu.

Thairis sin, foilseoidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, treoracha chun cuidiú leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta, agus le gnóthais.

Sa bhreis air sin, foilseoidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, treoirlínte chun cuidiú leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta, agus le gnóthais. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561618070617&from=EN)

Leasú    141

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 207

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(26b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 207:

Airteagal 207

"Airteagal 207

Margadh Ábhartha

Margadh Ábhartha

Uirlis chun na teorainneacha iomaíochta idir ghnólachtaí a shainaithint agus a shainiú is ea an sainmhíniú den mhargadh ábhartha, agus bunófar é ar dhá eilimint charnacha:

Uirlis chun na teorainneacha iomaíochta idir gnólachtaí a shainaithint agus a shainiú is ea sainiú an mhargaidh ábhartha, agus bunófar é ar dhá eilimint charnacha:

(a) an margadh táirgí ábhartha: chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn 'margadh táirgí' an margadh lena gcuimsítear na táirgí uile sin a measann an tomhaltóir iad a bheith inmhalartaithe nó inionadaithe de bharr thréithe na dtáirgí, a bpraghsanna agus a n-úsáide beartaithe;

(a) an margadh táirgí ábhartha: chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “margadh táirgí” an margadh lena gcuimsítear na táirgí uile sin a measann an custaiméir agus an tomhaltóir iad a bheith inmhalartaithe nó inionadaithe de bharr shaintréithe na dtáirgí, a bpraghsanna agus a n-úsáid beartaithe;

(b) an margadh geografach ábhartha: chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn 'margadh geografach' an margadh lena gcuimsítear an limistéar ina bhfuil baint ag na gnólachtaí lena mbaineann i soláthar na dtáirgí ábhartha, ina bhfuil na dálaí iomaíochta aonfhoirmeach a dhóthain agus ar féidir iad a shonrú ó limistéir chomharsanacha, go háirithe toisc go bhfuil na dálaí iomaíocha difriúil go maith sna limistéir sin.

(b) an margadh geografach ábhartha: chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “margadh geografach” an margadh lena gcuimsítear an limistéar ina bhfuil baint ag na gnólachtaí lena mbaineann le soláthar na dtáirgí ábhartha, ina bhfuil na dálaí iomaíochta aonfhoirmeach a dhóthain agus ar féidir iad a dhealú ó limistéir chomharsanacha, go háirithe toisc go bhfuil na dálaí iomaíochta difriúil go maith sna limistéir sin. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561618070617&from=EN)

Leasú    142

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 208

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(26c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 208:

Airteagal 208

"Airteagal 208

Ceannasacht

Ceannasacht

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn 'ceannasacht' staid eacnamaíoch láidir atá ag an ngnóthas a chumasaíonn dó iomaíocht éifeachtach a chosc sa mhargadh ábhartha tríd an chumhacht a thabhairt dó feidhmiú neamhspleách go mór ar a chuid iomaitheoirí, ar a chuid custaiméirí agus sa deireadh ar an chuid tomhaltóirí.

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “ceannasacht” staid eacnamaíoch láidir atá ag an ngnóthas a chumasaíonn dó iomaíocht éifeachtach a chosc sa mhargadh ábhartha tríd an gcumhacht a thabhairt dó feidhmiú neamhspleách go mór ar a chuid iomaitheoirí, ar a chuid soláthróirí, ar a chuid custaiméirí agus sa deireadh ar a chuid tomhaltóirí. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561618070617&from=EN)

Leasú    143

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 210

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(26d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 210:

Airteagal 210

“Airteagal 210

Comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe eagraíochtaí idirchraoibhe

Comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe eagraíochtaí idirchraoibhe

1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le cinntí, comhaontuithe ná cleachtais chomhbheartaithe de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta faoi Airteagal 157 den Rialachán seo a bhfuil d’aidhm acu gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (c) d’Airteagal 157(1) agus i bpointe (c) d’Airteagal 157(3) den Rialachán seo a dhéanamh, agus i gcás earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus earnáil an tobac, in Airteagal 162 den Rialachán seo.

1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir le cinntí, comhaontuithe ná cleachtais chomhbheartaithe de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta faoi Airteagal 157 den Rialachán seo atá riachtanach chun na cuspóirí a liostaítear i bpointe (c) d’Airteagal 157(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, agus, i gcás earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus earnáil an tobac, in Airteagal 162 den Rialachán seo.

 

Comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe lena gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm acu gan gá le haon chinneadh roimhe ré chuige sin a bheith ann. Féadfaidh eagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157 den Rialachán seo, áfach, a iarraidh ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt i dtaobh a mhéid atá na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe sin comhoiriúnach leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 39 CFAE. Déileálfaidh an Coimisiún leis na hiarrataí ar thuairimí go pras agus cuirfidh sé a thuairim chuig an iarratasóir laistigh de cheithre mhí tar éis iarraidh iomlán a fháil. Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, inneachar tuairime a athrú, go háirithe más rud é gur chur an t-iarratasóir faisnéis neamhbheacht ar fáil nó má bhain sé mí-úsáid as an tuairim.

2.  Beidh feidhm ag mír 1 ar an gcoinníoll:

2.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta faoi Airteagal 157 den Rialachán seo a bhaineann le gníomhaíochtaí seachas na cuspóirí atá liostaithe i bpointe (c) d'Airteagal 157(1), agus, i gcás earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus earnáil an tobac, in Airteagal 162 den Rialachán seo ar choinníoll:

(a) gur cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear sa mhír sin; agus

(a) gur tugadh fógra don Coimisiún faoi na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear ann; agus

(b) más rud é nár chinn an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar éis dó na sonraí ar fad is gá a fháil, nach luíonn na comhaontuithe sin, na cinntí sin nó na cleachtais chomhbheartaithe sin le rialacha an Aontais.

(b) más rud é, laistigh de dhá mhí tar éis dó na sonraí ar fad is gá a fháil, nach bhfuair an Coimisiún nach bhfuil na comhaontuithe, cinntí nó cleachtais chomhbheartaithe sin comhoiriúnach le rialacha an Aontais.

I gcás nach gcinneann an Coimisiún nach luíonn na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe sin le rialacha an Aontais, leagfaidh sé a chinneadh amach gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

Más rud é go bhfaigheann an Coimisiún nach bhfuil na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe sin dá dtagraítear i mír 2 comhoiriúnach le rialacha an Aontais, leagfaidh sé amach a chinneadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

3.  Ní fhéadfar na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm roimh dhul in éag na tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2.

3.  Na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear i mír 2, gabhfaidh éifeacht leo nuair a bheidh an tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 imithe in éag.

4.  Dearbhófar cibé nach bhfuil comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhaontaithe ag luí le rialacha an Aontais más rud é:

4.  Beidh comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe neamh-chomhoiriúnach le rialacha an Aontais más rud é:

(a) go bhféadfadh idir-roinnt margaí de chineál ar bith laistigh den Aontas a bheith mar thoradh orthu;

(a) go bhféadfadh idir-roinnt margaí de chineál ar bith laistigh den Aontas leanúint astu;

(b) go bhféadfaidís cur isteach ar dhea-fheidhmiú eagraíocht an mhargaidh;

(b) go bhféadfaidís cur isteach ar dhea-fheidhmiú eagrú an mhargaidh;

(c) go bhféadfaidís saobhadh iomaíochta a chruthú nach bhfuil fíor-riachtanach chun cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta a bhaint amach a bheidh á saothrú ag gníomhaíocht na heagraíochta idirchraoibhe;

(c) go bhféadfaidís saobhadh iomaíochta a chruthú nach bhfuil fíor-riachtanach ar mhaithe le gnóthú cuspóirí CBT a bheidh á saothrú ag gníomhaíocht na heagraíochta idirchraoibhe;

(d) go socróidh siad praghsanna nó cuótaí;

(d) go bhfuil oibleagáid i gceist leo praghsanna socraithe nó toirteanna socraithe a chur i bhfeidhm;

(e) go bhféadfaidís idirdhealú nó díothú iomaíochta a chruthú i dtaca le cion substaintiúil de na táirgí a bheidh i gceist.

(e) go bhféadfaidís idirdhealú nó díothú iomaíochta a chruthú i dtaca le cion substaintiúil de na táirgí a bheidh i gceist.

5.  Má mheasann an Coimisiún, tar éis dhul in éag na tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i bpointe (b)) den chéad fhomhír de mhír 2nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé cinneadh, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, lena ndearbhófar go bhfuil feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh nó leis an gcleachtas comhbheartaithe a bheidh i gceist.

5.  Má fhaigheann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha le haghaidh cur i bhfeidhm mhír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh nó ar dhul in éag na tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 nach bhfuil na coinníollacha sin dá dtagraítear i mír 2 á gcomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh sé, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, cinneadh á dhearbhú go bhfuil feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE feasta maidir leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh nó leis an gcleachtas comhbheartaithe atá i gceist.

Ní bheidh feidhm ag an gcinneadh sin ón gCoimisiún tráth níos luaithe ná an dáta a dtugtar fógra ina leith don eagraíocht idirchraoibhe lena mbaineann, murar thug an eagraíocht idirchraoibhe sin faisnéis mhícheart nó murar bhain sí mí-úsáid as an díoluine dá bhforáiltear i mír 1.

Ní bheidh feidhm ag an gcinneadh sin ón gCoimisiún tráth níos luaithe ná an dáta a dtugtar fógra ina leith don eagraíocht idirchraoibhe lena mbaineann, mura rud é go thug an eagraíocht idirchraoibhe sin faisnéis mhícheart nó gur bhain sí mí-úsáid as an díoluine dá bhforáiltear i mír 1 nó mír 2.

6.  I gcás comhaontuithe ilbhliantúla, beidh fógra na chéad bhliana bailí do bhlianta eile an chomhaontaithe. Mar sin féin, sa chás sin féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhallstát eile cinneadh a eisiúint maidir le neamhluí tráth ar bith.

6.  I gcás comhaontuithe ilbhliantúla, beidh fógra na chéad bhliana bailí do bhlianta eile an chomhaontaithe. Sa chás sin, áfach, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát eile, cinneadh maidir le neamh-chomhoiriúnacht a eisiúint tráth ar bith.

7.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

7.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    144

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 e (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 210 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26 e)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

"Airteagal 210a

 

Tionscnaimh ingearacha le haghaidh inbhuanaitheachta

 

1.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe ingearacha a bhaineann leis na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus a bhfuil sé mar aidhm leo caighdeáin chomhshaoil, sláinte ainmhithe nó leasa ainmhithe atá níos airde ná na caighdeáin éigeantacha faoi dhlí an Aontais nó faoin reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm, ar choinníoll gur mó na buntáistí do leas an phobail a thagann uathu ná na míbhuntáistí do thomhaltóirí agus ar choinníoll gurb é a amháin a dhéantar leo ná srianta a fhorchur atá riachtanach chun a gcuspóir a ghnóthú.

 

2.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll:

 

(a) gur tugadh fógra don Coimisiún faoi na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear ann; agus

 

(b) más rud é, laistigh de dhá mhí tar éis dó na sonraí ar fad is gá a fháil, nach bhfuair an Coimisiún nach bhfuil na comhaontuithe, cinntí nó cleachtais chomhbheartaithe sin comhoiriúnach le rialacha an Aontais.

 

Más rud é go bhfaigheann Coimisiún nach bhfuil na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe sin comhoiriúnach le rialacha an Aontais, leagfaidh sé amach a chinneadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

Leasú    145

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 f (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 214a

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(26f)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 214a:

Airteagal 214a

Airteagal 214a

Íocaíochtaí náisiúnta d’earnálacha áirithe san Fhionlainn

Íocaíochtaí náisiúnta d’earnálacha áirithe san Fhionlainn

Faoi réir a údaraithe ag an gCoimisiún, don tréimhse 2014-2020, féadfaidh an Fhionlainn na cabhracha náisiúnta a dheonú a dheonaigh sí in 2013 i gcónaí do tháirgeoirí ar bhonn Airteagal 141 d’Ionstraim Aontachais 1994, ar choinníoll:

Faoi réir a údaraithe ag an gCoimisiún, don tréimhse 2021-2027, féadfaidh an Fhionlainn leanúint na cabhracha náisiúnta a dheonaigh sí in 2020 a dheonú do tháirgeoirí ar choinníoll:

(a) go mbeidh méid na cabhrach ioncaim céimlaghdaitheach thar an tréimhse uile agus nach sáródh sé in 2020 30% den mhéid a deonaíodh in 2013; agus

(a) go mbeidh méid iomlán na cabhrach ioncaim céimlaghdaitheach thar an tréimhse uile, agus

(b) sula mbainfí leas as an bhféidearthacht sin, go mbainfí leas iomlán as na scéimeanna tacaíochta faoin gCBT do na hearnálacha lena mbaineann.

(b) sula mbainfear leas as an bhféidearthacht sin, go mbainfear leas iomlán as na scéimeanna tacaíochta faoi CBT do na hearnálacha lena mbaineann.

Glacfaidh an Coimisiún a údarú gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Déanfaidh an Coimisiún a údarú a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm. "

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1310&from=EN

Leasú    146

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 g (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Cuid IV – Caibidil II a (nua) – Airteagal 218 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26 g)  I gCuid IV, cuirtear isteach an Chaibidil agus an tAirteagal seo a leanas:

 

“Caibidil IIa

 

Trédhearcacht na margaí i dtáirgí talmhaíochta

 

Airteagal 218a

 

Faireachlann AE do mhargaí talmhaíochta

 

1.  Chun feabhas a chur ar an trédhearcacht laistigh den slabhra soláthair agraibhia, chun léargas a thabhairt ar na roghanna a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha agus na húdaráis phoiblí go léir agus chun sainaithint agus taifeadadh na bhforbairtí sa mhargadh a éascú, bunóidh an Coimisiún Faireachlann AE do mhargaí talmhaíochta (“an Fhaireachlann”).

 

2.  Cuimseoidh an Fhaireachlann, mar íosmhéid, na hearnálacha talmhaíochta seo a leanas faoi mar a shainítear in Airteagal 1(1):

 

(a) gránaigh;

 

(b) siúcra, biatas siúcra agus cána siúcra;

 

(c) ola olóige;

 

(d) torthaí agus glasraí;

 

(e) fíon;

 

(f) bainne agus táirgí bainne;

 

(g) mairteoil agus laofheoil;

 

(h) muiceoil;

 

(i) caoireoil agus feoil ghabhair;

 

(j) feoil éanlaithe.

 

3.  Baileoidh an Fhaireachlann na sonraí staidrimh agus an fhaisnéis atá riachtanach chun anailísí agus staidéir a tháirgeadh i dtaca le:

 

(a) táirgeadh agus soláthar;

 

(b) sásraí socraithe praghsanna agus, a mhéid is indéanta sin, corrlaigh bhrabúis ar fud an tslabhra soláthair agraibhia san Aontais agus sna Ballstáit;

 

(c) treochtaí praghsanna agus, a mhéid is indéanta sin, corrlaigh bhrabúis ag gach leibhéal den slabhra soláthair bia san Aontas agus sna Ballstáit agus i ngach ceann de na hearnálacha talmhaíochta agus agraibhia;

 

(d) tuartha gearrthéarmacha agus meántéarmacha i dtaobh an mhargaidh;

 

(e) treochtaí in allmhairithe agus onnmhairithe táirgí talmhaíochta, go háirithe taraifchuotaí maidir le táirgí talmhaíochta a allmhairiú isteach i gcríoch an Aontais a líonadh.

 

Déanfaidh an Fhaireachlann tuarascálacha bliantúla a tháirgeadh ina mbeidh na heilimintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus seolfaidh sí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.

 

4.  Baileoidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ó fhiontair a bhínn ag próiseáil táirgí talmhaíochta nó oibreoirí eile atá gníomhach i dtrádáil táirgí talmhaíochta, agus seolfaidh siad an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an bhFaireachlann.

 

Measfar an fhaisnéis sin a bheith faoi rún agus áiritheoidh an Fhaireachlann nach bhfoilseofar praghsanna sonracha ná ainmneacha na n-oibreoirí eacnamaíocha aonair.

 

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun córas fógartha agus tuairiscithe a chur ar bun ar mhaithe leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).”

Leasú    147

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 h (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 218 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26 h)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 218b

 

Sásra luathrabhaidh i gcás suathadh sa mhargadh agus tairseacha foláirimh

 

1.  Déanfaidh an Fhaireachlann sásra luathrabhaidh agus tairseacha foláirimh a chur ar bun agus tabharfaidh sí fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nuair a théitear thar an tairseach foláirimh ábhartha agus freisin nuair a bhíonn suathadh sa mhargadh ag bagairt arna chúisiú, go háirithe, ag arduithe nó laghduithe suntasacha i bpraghsanna ar an margadh inmheánach nó ar an margadh seachtrach nó ag teagmhais nó imthosca eile a bhfuil éifeachtaí comhchosúla acu.

 

Bunófar na tairseacha foláirimh:

 

(a) i gcás ina mbíonn meánphraghas ualaithe an mhargaidh níos lú ná [XX%] den mheánphraghas ar feadh [X] seachtaine i ndiaidh a chéile, tar éis na treoiruimhreacha is airde agus is ísle do na praghsanna seachtainiúla a chur as an áireamh, nó déanfar amhlaidh ar feadh [X] mí i ndiaidh a chéile i gcomhair praghsanna míosúla.

 

(b) i gcás ina mbíonn meánphraghas ualaithe an mhargaidh níos mó ná [XX%] den mheánphraghas ar feadh [X] seachtaine i ndiaidh a chéile, tar éis na treoiruimhreacha is airde agus is ísle do na praghsanna seachtainiúla a chur as an áireamh, nó déanfar amhlaidh ar feadh [X] mí i ndiaidh a chéile i gcomhair praghsanna míosúla.

 

Déanfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse uasta de 30 lá ó dháta fhógra na Faireachlainne, staid an mhargaidh don táirge lena mbaineann a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon leis na cúiseanna do shuathadh an mhargaidh, agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé i láthair na bearta is féidir a dhéanamh, go háirithe na cinn sin dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal I de Chuid II den Rialachán seo, agus/nó in Airteagail 2019, 2019a, 220, 221 agus 222 nó tabharfaidh sé cúiseanna dá chinneadh gan na bearta sin a dhéanamh.”

Leasú    148

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 i (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 219

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(26 i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 219:

Airteagal 219

"Airteagal 219

Bearta in aghaidh suaitheadh sa mhargadh

Bearta maidir le suaitheadh sa mhargadh agus maidir le bainistiú an tsuaite sa mhargadh

1.  D’fhonn aghaidh a thabhairt go héifeachtúil agus go héifeacht ach ar bhagairtí go suaithfí an margadh, bagairtí arb é ardú suntasach nó titim shuntasach i bpraghsanna ar an margadh inmheánach nó seachtrach is cúis leo nó imeachtaí nó tosca eile lena ndéanfar na margaí a shuaitheadh go suntasach nó go mbaineann bagairt leo go suaithfí na margaí, ar dócha go leanfaidh an staid sin nó a cuid éifeachtaí ar an margadh ar aghaidh nó go rachaidh siad chun donais, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i ndáil leis na beartais gá chun aghaidh a thabhairt ar staid an mhargaidh, agus aon oibleagáid atá mar thoradh ar na comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE á n-urramú ar choinníoll go bhfuil an chuma air nach dealraíonn aon bhearta eile atá ar fáil faoin Rialachán seo leordhóthanach.

1.  D’fhonn freagairt go héifeachtúil agus go héifeachtach do bhagairtí go suaithfí an margadh, bagairtí arb é ardú suntasach nó titim shuntasach i bpraghsanna ar an margadh inmheánach nó seachtrach is cúis leo nó imeachtaí nó tosca eile lena ndéanfar na margaí a shuaitheadh go suntasach nó go mbaineann bagairt leo go suaithfí na margaí, ar dócha go leanfaidh an staid sin nó a cuid éifeachtaí ar an margadh ar aghaidh nó go rachaidh siad chun donais, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i ndáil leis na beartais is gá chun aghaidh a thabhairt ar staid an mhargaidh, agus aon oibleagáid a eascraíonn as na comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE á n-urramú.

Sna cásanna baoil suaite margaidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nuair a éileoidh mórchúiseana práinne é, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 228 den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an chéad fhomhír den mhír seo.

Más rud é, i gcásanna de bhagairt go suaithfí an margadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gur gá sin ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 228 maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na chéad fomhíre den mhír seo.

Féadfar a áireamh ar na forais fhíorphráinne sin an gá le gníomhú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh margaidh nó chun é a chosc, i gcás ina dtarlóidh na bagairtí suaite margaidh chomh sciobtha sin nó gan choinne i dtreo is nach mbeadh éifeacht ach amháin le gníomhú grod chun na dálaí sin a láimhseáil ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, nó sa chás ina bhféadfaí bagairtí suaite margaidh den sórt sin a chosc ó tharlú, ó leanúint ar aghaidh nó ó bheith ina ngéarchéim níos tromchúisí nó níos fadtréimhsí, nó i gcás, toisc gníomhú láithreach a mhoilliú, go ndéanfaí an suaitheadh a tharraingt nó a ghéarú nó go gcaithfí raon na mbeart a mbeadh gá leo níos déanaí chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ar an suaitheadh a mhéadú nó i gcás go mbeadh táirgeadh nó dálaí margaidh thíos leis an moill sin.

Féadfar a áireamh ar na mórchúiseanna práinne sin an gá le gníomhaíocht a dhéanamh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh margaidh nó chun é a chosc, i gcás ina dtarlóidh na bagairtí go suaifí an margadh chomh sciobtha sin nó gan choinne i dtreo is nach mbeadh éifeacht ach amháin le gníomhú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, nó sa chás ina bhféadfaí bagairtí suaite margaidh den sórt sin a chosc ó tharlú, ó leanúint ar aghaidh nó ó bheith ina ngéarchéim níos tromchúisí nó níos fadtréimhsí, nó i gcás, toisc gníomhú láithreach a mhoilliú, go ndéanfaí an suaitheadh a tharraingt nó a ghéarú nó go gcaithfí raon na mbeart a mbeadh gá leo níos déanaí chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ar an suaitheadh a mhéadú nó i gcás go mbeadh táirgeadh nó dálaí margaidh thíos leis an moill sin.

A mhéad is gá agus fad is gá chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh nó ar an mbagairt go dtarlódh suaitheadh, féadfaidh bearta den sórt sin raon feidhme, ré nó gnéithe eile de bhearta eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a shíneadh nó a mhodhnú, nóforáil d'aisíocaíochtaí onnmhairithe nó dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear i gcás cainníochtaí nó tréimhsí áirithe, de réir mar is gá.

A mhéad is gá agus fad is gá chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh nó ar an mbagairt go dtarlódh suaitheadh, féadfaidh bearta den sórt sin raon feidhme, ré nó gnéithe eile de bhearta eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a fhadú ó a mhodhnú, rud a fhéadfadh a dhéanamh freisin le bearta eile dá bhforáiltear in Airteagail 39 go 63 de Chaibidil II de Rialachán na ‘bPleananna Straitéiseacha’ nó féadfar rialuithe allmhairithe a atreisiú, nó dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear i gcás cainníochtaí nó tréimhsí áirithe, de réir mar is gá. Féadfaidh siad a bheith bainteach freisin le hoiriúnú chóras na bpraghsanna iontrála le haghaidh torthaí agus glasraí trí dhul i gcomhairle le tríú tíortha a onnmhairíonn chuig an Aontas.

2.   Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 maidir le táirgí a liostaítear i Mír 2 de Chuid XXIV d'Iarscríbhinn I.

2.  Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 maidir le táirgí a liostaítear i Roinn 2 de Chuid XXIV d’Iarscríbhinn I.

Féadfaidh an Coimisiún áfach, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta fíorphráinne dá dtagraítear in Airteagal 228, cinneadh a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 ach amháin maidir le ceann amháin nó níos mó de na táirgí arna liostú i Roinn 2 de Chuid XXIV d’Iarscríbhinn I.

Féadfaidh an Coimisiún áfach, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 228, cinneadh a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 ach amháin maidir le ceann amháin nó níos mó de na táirgí a liostaítear i Roinn 2 de Chuid XXIV d’Iarscríbhinn I.

3.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha nós imeachta riachtanacha agus critéir theicniúla riachtanachachun na bearta a ghlacfar faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Airteagal seo a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

3.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha nós imeachta riachtanacha agus critéir theicniúla riachtanacha chun na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561618070617&from=EN)

Leasú    149

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 j (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 219 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26j)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 219a

 

Scéim um Laghdú Toirte

 

1.  I gcás éagothromaíochtaí móra sa mhargadh agus ar choinníoll gur féidir é sin a dhéanamh leis na teicnící táirgthe, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chúnamh a dheonú do tháirgeoirí in earnáil dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a laghdóidh a gcuid seachadtaí ar feadh tréimhse shainithe i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin.

 

Chun a áirithiú go ndéantar an scéim sin a chur chun feidhme go héifeachtach agus go hiomchuí, déanfar leis na gníomhartha tarmligthe sin an méid seo a leanas a leagan síos:

 

(a) uastoirt iomlán nó uaschainníocht iomlán na seachadtaí a bheidh le laghdú ar leibhéal an Aontais faoi chuimsiú an chórais um laghdú;

 

(b) ré na tréimhse um laghdú agus, más gá, fadú na tréimhse sin;

 

(c) méid na cabhrach i gcomhréir leis an toirt nó an chainníocht laghdaithe agus na socruithe maoiniúcháin lena haghaidh;

 

(d) na critéir na hiarrthóirí chun go mbeidh siad incháilithe don chabhair agus chun go mbeidh na hiarrataí ar chabhair inghlactha;

 

(e) na coinníollacha sonracha maidir leis an scéim a chur chun feidhme.

 

2.  Deonófar an tacaíocht bunaithe ar an bprionsabal go ndéanfaidh táirgeoirí iarratas a chur isteach sa Bhallstát ina bhfuil na tairgeoirí sin bunaithe, trí úsáid a bhaint as an modh a bheidh leagtha síos ag an mBallstát lena mbaineann.

 

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil na hiarrataí ar chúnamh um laghdú le cur isteach thar ceann dtáirgeoirí ag eagraíochtaí aitheanta nó ag comharchumainn arna mbunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó ag táirgeoirí aonair. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an chabhair ina hiomláine do na táirgeoirí a bhfuil laghdú déanta go hiarbhír ar a gcuid seachadtaí acu.”

Leasú    150

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 k (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 219 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26k)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 219b

 

Bearta chun táirgeacht a chobhsú i dtréimhsí ina dtarlaíonn mórshuathadh sa mhargadh

 

1.  Más rud é go mbeidh gníomhartha tarmligthe glactha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 219a, i gcás inar dóchúil go bhfuil na míchothromaíochtaí tromchúiseacha sa mhargadh le leanúint ar aghaidh nó le fáil níos measa, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh d’fhonn forlíonadh a dhéanamh ar na bearta a ghlacfar de bhun Airteagal 219a trí thobhach a fhorchur ar na táirgeoirí uile in earnáil dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a mhéadaíonn a gcuid seachadtaí i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin:

 

(a) don tréimhse chéanna a shainítear faoi Airteagal 219a ar mhórfhorais phráinne chuí-réasúnaithe;

 

(b) do thréimhse nua de laghdú, más rud é nár leor rannpháirtíocht na dtáirgeoirí faoi Airteagal 219a chun cóimheá a thabhairt ar ais sa mhargadh.

 

2.  Nuair a bhaintear leas as an mbeart dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún an fhorbairt ar chostais táirgthe, go háirithe costais na n-ionchur, a chur san áireamh.

 

3.  Chun a áirithiú go ndéantar an scéim a chur chun feidhme go héifeachtach agus go hiomchuí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a leagan síos:

 

(a) méid an tobhaigh agus na coinníollacha lena rialaítear an tobhaigh a dhéanfar a fhorchur ar tháirgeoirí a mhéadaíonn a dtoirteanna agus a gcainníocht le linn na tréimhse um laghdú;

 

(b) na coinníollacha sonracha le haghaidh cur chun feidhme na scéime agus a mhéid atá an scéim seo comhoiriúnach leis an scéim um laghdú táirgeachta ó thaobh toirte de dá dtagraítear in Airteagal 219a.

 

4.  Más gá, féadfaidh bearta eile faoin Rialachán seo, go háirithe na bearta sin dá bhforáiltear in Airteagal 222, a bheith ag gabháil leis na bearta sin.

Leasú    151

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 l (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Cuid V – Caibidil I – Roinn 4 – teideal

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(26l)  I Roinn 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Comhaontuithe agus cinntí le linn tréimshí de mhíchothromaíochtaí tromchúiseachasna margaí

Comhaontuithe agus cinntí chun suathadh sa mhargadh a chosc agus chun déileáil le míchothromaíochtaí tromchúiseacha sna margaí

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    152

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 m (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 222

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(26m)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 222:

Airteagal 222

Airteagal 222

Airteagal 101(1) CFAE a chur i bhfeidhm

Airteagal 101(1) CFAE a chur i bhfeidhm

1.  Le linn tréimhsí ina bhfuil míchothromaíochtaí tromchúiseacha sna margaí, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a mbeidh mar éifeacht acu nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe agus cinntí feirmeoirí, comhlachais feirmeoirí nó comhlachais de chomhlachais mar sin, nó eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí ná comhlachais eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe in aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, ar choinníoll nach mbainfear, leis na comhaontuithe agus na cinntí sin, an bonn d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, go mbeidh mar aidhm dhocht acu an earnáil lena mbaineann a chobhsú agus go dtiocfaidh siad faoi cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

1.  Chun suathadh sa mhargadh a chosc agus chun déileáil le míchothromaíochtaí tromchúiseacha sna margaí, i gcomhréir le hAirteagal 219, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a mbeidh mar éifeacht acu nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe agus cinntí feirmeoirí, comhlachais feirmeoirí nó comhlachais de chomhlachais den sórt sin, nó eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta in aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, ar choinníoll nach mbainfear, leis na comhaontuithe agus na cinntí sin, an bonn d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, go mbeidh mar aidhm dhocht acu an earnáil lena mbaineann a chobhsú agus go dtiocfaidh siad faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas,

(a) tarraingt siar ón margadh nó leithdháileadh saor in aisce a gcuid táirgí;

(a) tarraingt siar ón margadh nó leithdháileadh saor in aisce a gcuid táirgí;

(b) trasfhoirmiú agus próiseáil;

(b) trasfhoirmiú agus próiseáil;

(c) stóráil ag oibreoirí príobháideacha;

(c) stóráil ag oibreoirí príobháideacha;

(d) bearta cur chun cinn comhpháirteacha;

(d) bearta cur chun cinn comhpháirteacha;

(e) comhaontuithe maidir le ceanglais cháilíochta;

(e) comhaontuithe maidir le ceanglais cháilíochta;

(f) comhcheannach na n-ionchur is gá chun leathadh lotnaidí agus galar in ainmhithe agus plandaí san Aontas a chosc nó comhcheannach na n-ionchur is gá chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí tubaistí nádúrtha san Aontas;

(f) comhcheannach na n-ionchur is gá chun leathadh lotnaidí agus galar in ainmhithe agus plandaí san Aontas a chosc nó comhcheannach na n-ionchur is gá chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí tubaistí nádúrtha san Aontas;

(g) pleanáil shealadach an táirgthe, lena gcuirtear san áireamh cineál sonrach an timthrialla táirgthe.

(g) pleanáil shealadach an táirgthe, lena gcuirtear san áireamh cineál sonrach an timthrialla táirgthe.

Sonróidh an Coimisiún i ngach gníomh cur chun feidhme raon feidhme substainteach agus geografach an mhaolaithe seo agus, faoi réir mhír 3, an tréimhse a mbeidh feidhm ag an maolú ina leith. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Sonróidh an Coimisiún i ngníomhartha cur chun feidhme cad é raon feidhme substainteach agus geografach an mhaolaithe seo agus, faoi réir mhír 3, cad í an tréimhse a mbeidh feidhm ag an maolú ina leith. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

 

1a.  Na comhaontuithe agus cinntí a ghlacfaidh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta nó comhlachais aitheanta d’eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta i gcomhréir le mír 1, féadfar iad a fhadú i gcomhréir le hAirteagal 164 agus faoi na coinníollacha a bheidh leagtha síos ag an mBallstát. Ní fhéadfaidh fadú na rialacha dul thar an gcreat ama dá dtagraítear i mír 3.

3.  Ní bheidh na comhaontuithe agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 baili ach amháin ar feadh tréimhse suas le sé mhí.

3.  Ní bheidh na comhaontuithe agus cinntí dá dtagraítear i mír 1 bailí ach amháin ar feadh tréimhse suas le sé mhí.

Mar sin féin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údaraítear na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe sin ar feadh tréimhse breise suas le sé mhí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Féadfaidh an Coimisiún, áfach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údaraítear na comhaontuithe agus cinntí sin ar feadh tréimhse bhreise suas le sé mhí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    153

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 n (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 223 – mír 1 – fomhír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(26n)  in Airteagal 223(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

Féadfar an fhaisnéis a fhaightear a tharchur chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, údaráis inniúla triú tíortha nó í a chur ar fáil dóibh agus a phoibliú, faoi réir cosanta sonraí pearsanta agus leasa dhlisteanaigh gnóthas a rúin ghnó, lena n-áirítear praghsanna, a chosaint.

“An fhaisnéis a fhaightear, féadfar í a tharchur chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, údaráis Eorpacha na margaí airgeadais, údaráis inniúla tríú tíortha, nó í a chur ar fáil dóibh, agus féadfar an fhaisnéis a phoibliú, faoi réir cosaint sonraí pearsanta agus leas dlisteanach gnóthas a rúin ghnó, lena n-áirítear praghsanna, a chosaint.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Le hathbhreithniú na dTreoracha maidir le rialú mhargaí airgeadais na hEorpa, tugtar le tuiscint go bhfuil oibleagáid ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis náisiúnta dul i mbun comhair leis na húdaráis airgeadais.

Leasú    154

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 o (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 223 – mír 3 – fomhír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26 o)  in Airteagal 223(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

 

Chun leibhéal trédhearcachta leormhaith a áirithiú i gcomhréir le rúndacht gnó, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, a chuireann de cheangal ar ghníomhaithe sna margaí nach bhfuil trédhearcach go leor a gcuid idirbheart a dhéanamh trí ríomhardán um malartú.”

Réasúnú

Le hAirteagal 223, tugtar cumhachtaí suntasacha don Choimisiún chun trédhearcacht na margaí a fheabhsú. I gcomhréir le Treoir EMIR Uimh. 648/2012 le haghaidh na margaí airgeadais, beidh deis ag údaráis rialála na margaí talmhaíochta a cheangal go ndéanfaí idirbhearta trédhearcacha thar an gcuntar trí ardáin leictreonacha um malartuithe.

Leasú    155

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 27

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 225, pointí (a) go (d)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)  in Airteagal 225, scriostar pointí (a) go (d);

scriosta

Leasú    156

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 27 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 225

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(27a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 225:

Airteagal 225

Airteagal 225

Oibleagáid tuairiscithe an Choimisiúin

Oibleagáid tuairiscithe an Choimisiúin

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

“Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a) gach trí bliana agus don chéad uair faoin 21 Nollaig 2016 maidir leis na bearta a bhaineann le hearnáil na beachadóireachta mar a leagtar amach in Airteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 57 iad, lena n-áirítear maidir leis na forbairtí is déanaí i ndáil le córais sainaitheanta coirceog beach;

 

(b) faoin 30 Meitheamh 2014 agus faoin 31 Nollaig 2018 maidir le forbairt staid an mhargaidh in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne agus go háirithe maidir le feidhmiú Airteagail 148 go 151, Airteagal 152(3), Airteagal 157(3) lena measúnaítear go háirithe, na héifeachtaí ar tháirgeoirí bainne agus ar tháirgeadh bainne sna réigiúin faoi mhíbhuntáiste maidir leis an gcuspóir ginearálta táirgeadh a choinneáil ar bun sna réigiúin sin agus lena gcumhdaítear dreasachtaí féideartha chun feirmeoirí a spreagadh le comhaontuithe comhpháirteacha a dhéanamh maidir le comhtháirgeadh in éineacht le haon tograí iomchuí.

(b) gach ceithre bliana agus don chéad uair faoin 30 Meitheamh 2022, maidir le forbairt staid an mhargaidh in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, agus go háirithe maidir le hoibriú Airteagail 148 go 151, Airteagal 161 agus Airteagal 157, lena ndéantar measúnú go háirithe ar na héifeachtaí ar tháirgeoirí bainne agus ar tháirgeadh bainne sna réigiúin faoi mhíbhuntáiste maidir leis an gcuspóir ginearálta táirgeadh a choinneáil ar bun sna réigiúin sin agus lena gcumhdaítear dreasachtaí féideartha chun feirmeoirí a spreagadh le comhaontuithe comhpháirteacha a dhéanamh maidir le comhtháirgeadh, in éineacht le haon tograí iomchuí;

(c) faoin 31 Nollaig 2014 maidir lena bhféadfaí raon feidhme na scéimeanna scoile a leathnú chun ola olóige agus ológa boird a áireamh;

 

(d) faoin 31 Nollaig 2017 maidir le cur i bhfeidhm rialacha iomaíochta ar earnáil na talmhaíochta i ngach Ballstát, go háirithe maidir le feidhmiú Airteagail 209 agus 210, agus Airteagail 169, 170 agus 171 sna hearnálacha lena mbaineann.

(d) faoin 31 Nollaig 2021, agus ansin gach trí bliana, maidir le cur i bhfeidhm rialacha iomaíochta ar earnáil na talmhaíochta i ngach Ballstát, go háirithe maidir le oibriú Airteagail 209 agus 210, agus Airteagail 152;

 

(da) faoin 30 Meitheamh 2021 maidir le straitéis an Choimisiúin chun na forálacha sa Rialachán a úsáid go héifeachtach chun géarchéimeanna sa mhargadh talmhaíochta baile, a d’fhéadfadh eascairt as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, a chosc agus a bhainistiú.

 

(db) faoin 31 Nollaig 2021, maidir le faireachlanna margaidh a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 218a agus maidir le freagairtí an Choimisiúin i leith a gcuidsan fógra agus maidir le húsáid na n-uirlisí bainistithe, go háirithe i gcomhréir le hAirteagail 219, 219a, 219b, 220, 221 agus 222.

 

(dc) faoin 31 Nollaig 2021, maidir leis na deiseanna a bhaineann leis na nua-theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun an caidreamh idir an Coimisiún agus údaráis náisiúnta agus cuideachtaí a fheabhsú chun trédhearcacht níos fearr sna margaí a fheabhsú go háirithe.

(e) faoin 31 Iúil 2023, maidir leis na critéir leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 23a(2) a chur i bhfeidhm;

(e) faoin 31 Iúil 2023, maidir leis na critéir leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 23a(2) a chur i bhfeidhm;

(f) faoin 31 Iúil 2023, maidir le tionchar na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 23a(4) i leith éifeachtacht na scéime scoile i ndáil le dáileadh torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna.

(f) faoin 31 Iúil 2023, maidir le tionchar na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 23a(4) i leith éifeachtacht na scéime scoile i ndáil le dáileadh torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    157

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 28 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn I – cuid IX – tábla 1 – sraith 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a)  in Iarscríbhinn I, Cuid IX, cuirtear an tsraith nua seo a leanas isteach sa tábla i ndiaidh na líne “ex 07 09”:

 

"0709 60 99

 

Piobair eile (Piobar sillí - Piobar veigeatórach)

Leasú    158

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 28 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn I – cuid XXIII a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28 b)  in Iarscríbhinn I, cuirtear isteach an Chuid seo a leanas:

 

“Cuid XXIIIa

 

Táirgí géiniteacha ainmhithe

 

01012100 - Capaill phórúcháin folaíochta

 

010221 - Bó-ainmhithe pórúcháin folaíochta clóis

 

01022110 - Bó-ainmhithe pórúcháin folaíochta clóis (budóga)

 

01022190 - Bó-ainmhithe pórúcháin folaíochta clóis (seachas 01012110 nó 01012130)

 

01023100 - Buabhaill phórúcháin folaíochta

 

01029020 - Bó-ainmhithe pórúcháin folaíochta beo, seachas 010221 nó 01023100

 

01031000 - Muca phórúcháin folaíochta beo

 

01041010 - Caoirigh phórúcháin folaíochta beo

 

01051111 - Éanlaithe den speiceas Gallus domesticus: Sicíní baineanna don dara agus don chéad ghlúin, stoic bhéarthógacha

 

01051119 - Éanlaithe den speiceas Gallus domesticus: Sicíní baineanna don dara agus don chéad ghlúin, seachas 01051111

 

04071100 - Uibheacha toirchithe, le haghaidh goradh, ó éanlaithe den speiceas Gallus domesticus

 

040719 - Uibheacha toirchithe le haghaidh goradh seachas 04071100

 

04071911 - Uibheacha toirchithe le haghaidh goradh, ó thurcaithe nó géanna

 

04071919 - Uibheacha toirchithe le haghaidh goradh, ó éanlaithe seachas ón speiceas Gallus domesticus agus seachas ó thurcaithe nó géanna

 

04071990 - Uibheacha toirchithe le haghaidh goradh seachas ó éanlaithe clóis

 

05111000 - Seamhain bhó-ainmhithe

 

05119985 - Táirgí ainmhithe nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile, seachas 05111000 (lena n-áirítear seamhain mhamaigh seachas seamhain bhó-ainmhithe, ubháin mhamaigh agus sutha mamaigh)”

Leasú    159

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 29 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn II – cuid IX

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(29 a)  in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid IX:

1. Le mil tuigfear gur mil atá i gceist mar a thagraítear dó i dTreoir 2001/110/CE ón gComhairle lena n-áirítear maidir leis na príomhchineálacha meala.

"1. Le mil tuigfear gur mil atá i gceist de réir bhrí Threoir 2001/110/CE ón gComhairle lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na príomhchineálacha meala.

2. Ciallaíonn 'táirgí beachadóireachta' mil, céir bheach, glóthach ríoga, gliú beach nó pailin.

2. Ciallaíonn “táirgí beachadóireachta” mil, céir bheach, glóthach ríoga, gliú beach nó pailin.

 

“ (2a) Is é is “céir bheach” ann ná substaint nach bhfuil comhdhéanta ach de thál faireoige céirí na beiche oibre den speiceas Apis Mellifera agus a úsáidtear chun coirceog a thógáil;

 

(2b) Ciallaíonn “glóthach ríoga” meascán de tháil ó na faireoga hipeafaraingeacha agus mandabail i mbeacha oibre, atá saor ó aon bhreiseán. Is bia do bheacha larbhacha agus do chráinbheacha í an tsubstaint sin. Is táirge úr, íon, nádúrtha agus neamhchóireáilte í. Is bia amh agus nádúrtha í, nach ndéantar a phróiseáil (cé is moite de scagadh) agus atá saor ó bhreiseáin. Braitheann dath, blas agus comhdhéanamh ceimiceach na glóthaí ríoga ar ionsú agus trasfhoirmiú a dhéanann na beacha a bhíonn á gcothú le dhá shaghas bia de na bianna seo a leanas le linn thréimhse táirgthe na glóthaí ríoga:

 

Saghas 1: glóthach ó bheacha a chothaítear go huile agus go hiomlán ar mhil, neachtar agus pailin;

 

Saghas 2: glóthach ó bheacha a chothaítear ar mhil, neachtar agus pailin chomh maith le bianna eile (próitéiní, carbaihiodráití).

 

(2c) Is é is “gliú beach” ann ná roisín de thionscnamh nádúrtha agus plandaí arna bhailiú ag beacha oibre den speiceas Apis Mellifera ó fhoinsí airithe plandaí, agus a gcuirtear tál na mbeach sin leis (go príomha céir bheach agus seile). Baintear úsáid as an roisín go príomha chun an choirceog a chosaint;

 

(2d) Is é is “gráinníní pailine” ann ná gráinníní carntha de phailin arna mbailiú ag beacha oibre den speiceas Apis Meliffera, a dhéanann siad a dhlúthú lena gcúlchosa le cúnamh ó mhill agus/nó neachtar agus tál beach. Foinse próitéine na coilíneachta, tá an táirge nádúrtha agus saor ó bhreiseáin agus déantar é a bhailiú ag an mbealach isteach chuig an gcoirceog;

 

(2e) Is é is “pailin bheach” nó “arán beach” ann ná meaillíní pailine a ndéanann na beacha iad a phacáil isteach i gcealla coirceoige agus a ndéantar próiseáil nádúrtha orthu mar go bhfuil einsímí agus miocróib chomhthíosacha i láthair. Baineann na beacha cothaithe úsáid as chun na beacha síolraithe a chothú. Ní fhéadfaidh aon bhreiseáin a bheith ann seachas céir ó chealla na círe meala;

 

(2f) Is é is ‘nimh bheach’ ann ná tál ón bhfaireog nimhe sa bheach a úsáideann na beacha chun iad féin a chosaint ar ionsaithe i gcoinne na coirceoige. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    160

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30 – pointe b

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn III – cuid B – roinn 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  i gCuid B, scriostar Roinn I:

scriosta

Leasú    161

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 31 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – cuid I – teideal

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(31a)  I gCuid I d’Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

CUID I

CUID I

Feoil bó-ainmhithe atá níos óige ná 12 mí d’aois

Feoil bhó-ainmhithe agus chaorach atá níos óige ná 12 mhí d’aois”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    162

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 31 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – cuid I – roinn II

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(31b)  i gCuid I d’Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn II:

II. Bó-ainmhithe atá níos óige ná 12 mí d’aois a aicmiú ag an seamlas

"II. Bó-ainmhithe agus caoirigh atá níos óige ná 12 mhí d’aois a aicmiú ag an seamlas

Ar iad a mharú, déanfaidh na hoibreoirí aicmiú ar gach bó-ainmhí atá faoi bhun 12 mhí d'aois, faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil, i gceann den dá chatagóir seo a leanas:

Ar iad a mharú, déanfaidh na hoibreoirí aicmiú ar gach bó-ainmhí atá faoi bhun 12 mhí d’aois, faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil, i gceann den dá chatagóir seo a leanas:

(A) Catagóir V: bó-ainmhithe atá níos óige ná 8 mí d’aois

(A) Catagóir V: bó-ainmhithe atá níos óige ná 8 mí d’aois

Litir aitheantais na catagóire: V;

Litir aitheantais na catagóire: V;

(B) Catagóir Z: bó-ainmhithe atá 8 mí d’aois nó níos sine ach níos óige ná 12 mhí

(B) Catagóir Z: bó-ainmhithe atá 8 mí d’aois nó níos sine ach níos óige ná 12 mhí

Litir aitheantais na catagóire: Z.

Litir aitheantais na catagóire: Z.

 

Ar iad a mharú, déanfaidh na hoibreoirí aicmiú ar gach caora atá faoi bhun 12 mhí d’aois, faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil, i gceann den dá chatagóir seo a leanas: Catagóir A: conablaigh caorach níos óige ná 12 mhí d’aois.

 

Litir aitheantais na catagóire: A.

Cuirfear an t-aicmiú sin i gcrích ar bhonn na faisnéise atá sa phas a bheidh in éineacht leis na bó-ainmhithe, nó ina éagmais sin, ar bhonn na mionsonraí atá sa bhunachar sonraí ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32.

Cuirfear an t-aicmiú sin i gcrích ar bhonn na faisnéise atá sa phas a bheidh in éineacht leis na bó-ainmhithe agus na caoirigh, nó ina éagmais sin, ar bhonn na mionsonraí atá sa bhunachar sonraí ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32.

 

Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear sa phointe seo maidir le feoil bhó-ainmhithe ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus a cláraíodh roimh an 29 Meitheamh 2007.

__________________

__________________

32  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

32  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    163

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 31 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – cuid I – roinn III – pointe 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(31 c)  i Roinn III de Chuid I de Chaibidil VII, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

 

"(1a).  Ní dhéanfar margaíocht ar fheoil chaorach atá níos óige ná 12 mhí d’aois sna Ballstáit ach amháin faoi na tuairiscí díolacháin seo a leanas a leagtar síos do gach Ballstát:

 

Tír mhargaíochta;

 

Tuairiscí díolacháin atá le húsáid: uaineoil.”

Leasú    164

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 31 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – cuid I – roinn III – pointe 3

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(31 d)  i Roinn III de Chuid I d’Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

3. Ní bhainfear úsáid as na tuairiscí díolacháin atá liostaithe do chatagóir V i mír A den tábla a leagtar síos i bpointe 1 ná as aon ainm nua díorthaithe ó na tuairiscí díolacháin sin ach amháin má chomhlíontar ceanglais na hIarscríbhinne seo.

"3. Ní bhainfear úsáid as na tuairiscí díolacháin atá liostaithe do chatagóir V bó-ainmhithe nó do chatagóir A caoirigh i bpointe A den tábla a leagtar síos i mír 1 ná as aon ainm nua díorthaithe ó na tuairiscí díolacháin sin ach amháin má chomhlíontar ceanglais na hIarscríbhinne seo.

Go háirithe, ní bhainfear úsáid as na téarmaí "veau", "telecí", "Kalb", "μοσχάρι", "ternera", "kalv", "veal", "vitello", "vitella", "kalf", "vitela" ná "teletina" i dtuairisc díolacháin ná ní chuirfear in iúl iad ar lipéid feola bó-ainmhithe atá níos sine ná 12 mhí.

Go háirithe, ní bhainfear úsáid as na téarmaí “veau”, “telecí”, “Kalb”, “μοσχάρι”, “ternera”, “kalv”, “veal”, “laofheoil”, “vitello”, “vitella”, “kalf”, “vitela” ná “teletina” i dtuairisc díolacháin ná ní chuirfear in iúl iad ar lipéadú feola bó-ainmhithe atá níos sine ná 12 mhí.

 

Ar an gcaoi chéanna, ní úsáidfear an téarma “uaineoil” i dtuairiscí díolacháin ná ní chuirfear in iúl é ar lipéadú feola caorach atá níos sine ná 12 mhí. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561618070617&from=EN)

Leasú    165

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 31 e (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – cuid I a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(31e)  in Iarscríbhinn I, cuirtear isteach an Chuid seo a leanas:

 

“CUID I a

 

Feoil, táirgí feola agus ullmhóidí feola

 

Chun críocha na Coda seo den Iarscríbhinn seo, ciallaíonn “feoil” na codanna inite d’ainmhithe amhail dá dtagraítear i bpointí 1.2 go 1.8 d’Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, lena n-áirítear fuil.

 

Na téarmaí agus ainmneacha a bhaineann le feoil agus a thagann faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, agus atá in úsáid faoi láthair le haghaidh feola agus gearrthacha feola, beidh siad forchoimeádta go heisiach do chodanna inite na n-ainmhithe.

 

Ciallaíonn “ullmhóidí feola” feoil úr, lena n-áirítear feoil atá laghdaithe go blúirí, a bhfuil bia-ábhair, blastanais nó breiseáin curtha léi nó a chuaigh trí phróisis nach n-athraíonn struchtúr snáithíneach mhatáin inmheánacha na feola an oiread sin chun go ndéanfaí saintréithe feola úire a dhíothú.

 

Ciallaíonn “táirgí feola” táirgí próiseáilte a thagann ó phróiseáil feola nó ó phróiseáil bhreise ar na táirgí próiseáilte sin, sa mhéid agus gur léir ón dromchla gearrtha nach bhfuil saintréithe feola úire ag gabháil a thuilleadh leis an táirge.

 

Ainmneacha a thagann faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, agus atá in úsáid faoi láthair le haghaidh táirgí feola agus ullmhóidí feola, beidh siad forchoimeádta go heisiach do tháirgí a bhfuil feoil iontu. Áirítear ar na sonrúcháin sin, mar shampla:

 

- Stéig

 

- Ispín

 

- Scalóip

 

- Burgar

 

- ‘Hamburger’

 

Táirgí agus gearrthacha éanlaithe atá sainithe i Rialachán (AE) Uimh. 543/2008, ina leagtar síos na rialacha mionsonraithe le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh feoil éanlaithe, beidh siad forchoimeádta go heisiach do na codanna inite d’ainmhithe agus do tháirgí a bhfuil feoil éanlaithe iontu.”

Leasú    166

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Cuid II – pointe 18 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Féadfar an téarma ‘dí-alcólaithe’ a úsáid i dteannta ainm na dtáirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointí 4 go 9, i gcás táirgí ar fíor an méid seo fúthu:

(18)  Ciallaíonn fíon “dí-alcólaithe” nó an focal “dí-alcólaithe” (a bheith le hainm na catagóire táirge fíniúna a úsáidtear chun é a tháirgeadh) táirgí ar fíor an méid seo fúthu:

Leasú    167

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Cuid 3 – pointe 18 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  táirge é a ndearnadh cóiriú dí-alcólúcháin air i gcomhréir leis na próisis a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII; agus

(b)  is táirge é a ndearnadh cóiriú dí-alcólúcháin air i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII; agus

Leasú    168

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Cuid 2 – pointe 19 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)  Féadfar an téarma ‘páirt-dhí-alcólaithe’ a úsáid i dteannta ainm na dtáirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointí 4 go 9, i gcás táirgí ar fíor an méid seo fúthu:

(19)  Ciallaíonn “fíon páirt-dhí-alcólaithe’ nó an focal “páirt-dhí-alcólaithe” (a bheith le hainm na catagóire táirge fíniúna a úsáidtear chun é a tháirgeadh) táirgí ar fíor an méid seo fúthu:

Leasú    169

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – cuid II – pointe 19 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  táirge é a ndearnadh cóiriú dí-alcólúcháin air i gcomhréir leis na próisis a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII; agus

(b)  is táirge é a ndearnadh cóiriú dí-alcólúcháin air i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII; agus

Leasú    170

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Cuid II – pointe 19 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  táirge é ar mó ná 0.5 % a neart alcólach iomlán arna thomhas mar chéatadán dá thoirt, agus a ndearnadh, leis na próisis a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII, a neart alcólach iomlán arna thomhas mar chéatadán dá thoirt a laghdú 20 % i gcomparáid leis an neart alcólach iomlán a bhí ann roimh thús na bpróiseas sin.;

(c)  is táirge é ar lú ná 8,5% de réir toirte agus ar mó ná 0,5% de réir toirte a neart alcólach iomlán agus a ndearnadh, leis na próisis a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII, a neart alcólach iomlán a laghdú níos mó ná 20% de réir toirte i gcomparáid leis an neart alcólach iomlán a bhí ann roimh thús na bpróiseas sin.

Leasú    171

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – cuid III – pointe 5

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(32a)  i gCuid III d’Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

5.  Ní ceadmhach na hainmhithe dá dtagraítear i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointe 3 a úsáid d’aon táirge seachas dóibh siúd dá dtagraítear sa phointe sin.

"5.  Ní fhéadfar na sonrúcháin dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3 a úsáid d’aon táirge seachas dóibh siúd dá dtagraítear sa phointe sin.

 

Beidh na sonrúcháin sin faoi chosaint freisin ó:

 

(a) aon úsáid tráchtála dhíreach nó indíreach a bhaintear as an sonrúchán;

 

(i) le haghaidh táirgí inchomparáide nó táirgí a chuirtear i láthair mar chinn a d’fhéadfaí a ionadú dóibh ach gan an sainmhíniú comhfhreagrach a chomhlíonadh;

 

(ii) sa mhéid agus go mbhaineann an úsáid sin leas as an gcáil atá ag tásc geografach;

 

(b) aon mhí-úsáid, aithris nó claontagairt, fiú má dhéantar comhdhéanamh nó nádúr beacht an táirge nó na seirbhíse a thabhairt nó má bhíonn slonn amhail “stíl”, “cineál”, “modh”, “mar a tháirgtear in”, “aithris”, “blas”, “ionadú”, “cosúil le” nó nath éigin dá samhail ag gabháil leis;

 

(c) aon tásc nó cleachtas tráchtála eile ar dóigh go gcuirfidh siad an tomhaltóir ar mhíthreoir i dtaobh nádúr beacht nó comhdhéanamh an táirge.

Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo, áfach, maidir le sonrúchán táirgí dá bhfuil an cineál soiléir ó úsáid thraidisiúnta agus/nó nuair is léir go n-úsáidtear na sonrúcháin chun cur síos a dhéanamh ar shaintréith an táirge.

Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo, áfach, maidir le sonrúchán táirgí a bhfuil a nádúr beacht soiléir mar gheall ar úsáid thraidisiúnta agus/nó nuair is léir go n-úsáidtear na sonrúcháin chun cur síos a dhéanamh ar shaintréith cáilíochta an táirge. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561618070617&from=EN)

Leasú    172

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Foscríbhinn I – mír 1 – pointe 2 – pointe g

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(32 b)  i bpointe 2 den chéad mhír d’Fhoscríbhinn I a ghabhann le hIarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

(g) sa Rómáin, i limistéar Podișul Transilvaniei;

“(g) sa Rómáin, i réigiún fíonsaothrúcháin Podișul Transilvaniei

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    173

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Foscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 – pointe f

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(32 c)  i bpointe 4 den chéad mhír d’Fhoscríbhinn I a ghabhann le hIarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

(f) sa Rómáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas:

‘(f) sa Rómáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas:

Dealurile Buzăului, Dealu Mare, Severinului agus Plaiurile Drâncei, Colinele Dobrogei, Terasele Dunării, réigiún fíona an Deiscirt, lena n-áirítear réigiúin ghainimh agus réigiúin fhabhracha eile;

Dealurile Buzăului, Munteniei agus Olteniei, Dealu Mare, Severinului agus Plaiurile Drâncei, Colinele Dobrogei, Terasele Dunării, réigiún ghainimh agus tailte fhabhracha eile i ndeisceart na tíre; "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    174

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 33 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn X – pointe XI – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(33a)  i bpointe XI d’Iarscríbhinn X, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

1.  Beidh clásail eadrána sna comhaontuithe laistigh den trádáil mar a chuirtear síos orthu i bpointe 6 de Roinn A de Chuid II d’Iarscríbhinn II.

"1.  Beidh sásraí idir-réitigh agus/nó idirghabhála agus clásail eadrána sna comhaontuithe laistigh den trádáil mar a chuirtear síos orthu i bpointe 6 de Roinn A de Chuid II d’Iarscríbhinn II. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    175

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 33 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn X – pointe XI – pointe 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33b)  i bpointe XI d’Iarscríbhinn X, isteach an pointe seo a leanas:

 

"4a.  Féadfaidh gnóthas siúcra agus na díoltóirí biatais lena mbaineann comhaontú ar clásail maidir le comhroinnt luacha, lena n-áirítear bónais agus caillteanais sna margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar na praghsanna ábhartha margaí do shiúcra nó ar na margaí tráchtearraí eile eatarthu.”

Leasú    176

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 33 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn XI

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33c)  Scriostar Iarscríbhinn XI

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    177

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 33 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn XII

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33d)  Scriostar Iarscríbhinn XII.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    178

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 33 e (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn XIII

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33e)  Scriostar Iarscríbhinn XIII.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Leasú    179

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe -1 (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 1 – mír 2 – pointe b

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1)  in Airteagal 1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

(b) airíonna breisluacha sna táirgí sin de bharr na modhanna feirmeoireachta nó próiseála a úsáideadh lena dtáirgeadh, nó de bharr ionad a dtáirgthe nó a margaíochta.

"(b) airíonna breisluacha sna táirgí sin de bharr na modhanna feirmeoireachta nó próiseála a úsáideadh lena dtáirgeadh, nó de bharr ionad a dtáirgthe nó a margaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, an rannchuidiú a dhéanann siad leis an bhforbairt inbhuanaithe. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32012R1151&qid=1561709006011&from=EN)

Leasú    180

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  i mír 1 d'Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

scriosta

‘(b) ar timpeallacht gheografach ar leith gona gnéithe dúchasacha nádúrtha, agus más iomchuí sin, gona gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe;

 

Leasú    181

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 5

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(2a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

Airteagal 5

“Airteagal 5

Ceanglais maidir le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

Ceanglais maidir le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

1.  Chun críche an Rialacháin seo, is éard atá i gceist le “ainmniúchán tionscnaimh” ainm lena sainaithnítear táirge:

1.  Chun críche an Rialacháin seo, is é atá i gceist le “sonrúchán tionscnaimh” ná ainm lena sainaithnítear táirge:

(a) ar de thionscnamh ionaid, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith é;

(a) ar de thionscnamh ionaid, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith é;

(b) arb é timpeallacht gheografach ar leith agus gnéithe dúchasacha nádúrtha agus daonna na timpeallachta sin is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe; agus

(b) ar timpeallacht gheografach ar leith, lena thosca nádúrtha agus lena thosca daonna, is cúis go bunúsach nó go heisiach lena cháilíocht nó lena shaintréithe;

(c) ar tharla a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe.

(c) ar tharla a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe.

2.  Chun críche an Rialacháin seo, is éard atá i gceist le “tásc geografach” ainm lena sainaithnítear táirge:

2.  Chun críche an Rialacháin seo, is é atá i gceist le “tásc geografach” ná ainm lena sainaithnítear táirge:

(a) de thionscnamh ionaid ar leith, réigiúin nó tíre;

(a) de thionscnamh ionaid, réigiúin nó tíre ar leith;

(b) a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus

(b) a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus

(c) ar tharla ceann amháin de na céimeanna táirgthe ar a laghad sa limistéar geografach sainithe.

(c) ar tharla ar a laghad ceann amháin de na céimeanna táirgthe sa limistéar geografach sainithe.

3.  Ainneoin mhír 1, déanfar ainmneacha áirithe a láimhseáil mar ainmniúcháin tionscnaimh, fiú amháin má thagann amhábhair na dtáirgí lena mbaineann ó limistéar geografach atá níos leithne ná an limistéar geografach sainithe, nó atá éagsúil ón limistéar sin, ar choinníoll:

3.  D’ainneoin mhír 1, déileálfar le hainmneacha áirithe a mar shonrúcháin tionscnaimh, fiú amháin má thagann amhábhair na dtáirgí lena mbaineann ó limistéar geografach atá níos leithne ná an limistéar geografach sainithe, nó atá éagsúil ón limistéar sin, ar choinníoll:

(a) gur sainíodh limistéar táirgthe na n-amhábhar;

(a) go bhfuil limistéar táirgthe na n-amhábhar sainithe;

(b) go bhfuil coinníollacha speisialta ann a bhaineann le táirgeadh na n-amhábhar;

(b) go bhfuil coinníollacha speisialta ann a bhaineann le táirgeadh na n-amhábhar;

(c) go bhfuil socruithe rialaithe ann lena n-áirithítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b); agus

(c) go bhfuil socruithe rialaithe ann lena n-áirithítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b); agus

(d) gur aithníodh na hainmniúcháin tionscnaimh i dtrácht mar ainmniúcháin tionscnaimh sa tír thionscnaimh roimh an 1 Bealtaine 2004.

(d) go raibh na sonrúcháin tionscnaimh i dtrácht aitheanta mar shonrúcháin tionscnaimh sa tír thionscnaimh roimh an 1 Bealtaine 2004.

Chun críocha na míre seo, ní mheasfar ach ainmhithe beo, feoil agus bainne a bheith ina n-amhábhair.

Chun críocha na míre seo, is ainmhithe beo, feoil agus bainne amháin a mheasfar a bheith ina n-amhábhair.

4.  Chun an carachtar sonrach a bhaineann le táirgeadh táirgí de thionscnamh ainmhíoch a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, maidir le srianta agus maoluithe i ndáil le foinsiú na beatha i gcás ainmniúcháin tionscnaimh.

4.  Chun an tsaintréith shonrach a bhaineann le táirgeadh táirgí de thionscnamh ainmhíoch a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 i ndáil le srianta agus maoluithe i ndáil le foinsiú na beatha i gcás sonrúcháin tionscnaimh.

Chomh maith leis sin, chun an carachtar sonrach a bhaineann le táirgí nó limistéir ar leith a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, i ndáil le srianta agus maoluithe i dtaca le marú ainmhithe beo nó i dtaca le foinsiú amhábhar.

Sa bhreis air sin, chun an tsaintréith shonrach a bhaineann le táirgí nó limistéir ar leith a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 i ndáil le srianta agus maoluithe i dtaca le marú ainmhithe beo nó i dtaca le foinsiú amhábhar.

Leis na srianta agus na maoluithe sin, cuirfear san áireamh, ar bhonn critéar oibiachtúil, cáilíocht nó úsáid agus fios gnóithe aitheanta nó fachtóirí nádúrtha aitheanta.

Leis na srianta agus maoluithe sin, cuirfear san áireamh, ar bhonn critéar oibiachtúil, cáilíocht nó úsáid agus fios gnó aitheanta nó tosca nádúrtha aitheanta. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32012R1151&qid=1561709006011&from=EN)

Leasú    182

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 6 – mír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(2b)  in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.  Ní fhéadfar ainm a chlárú mar ainmniúchán tionscnaimh ná mar thásc geografach i gcás ina bhfuil easaontas ann idir é agus ainm cineáil phlanda nó ainm póir ainmhí agus ar dóigh don chlárúchán an tomhaltóir a chur amú maidir le tionscnamh ceart an táirge.

“2.  Ní fhéadfar ainm a chlárú mar shonrúchán tionscnaimh ná mar thásc geografach i gcás ina bhfuil an t-ainm sin i gcoinbhleacht le hainm do chineál planda nó le hainm do phór ainmhí agus ar dóigh don chlárúchán an tomhaltóir a chur ar mhíthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge agus go mbeadh sé ina chúis mearbhaill idir táirgí leis an sonrúchán cláraithe agus an cineál nó pór i dtrácht.

 

Ina leith sin, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

 

(a) úsáid iarbhír an ainm don chineál planda nó don phór ainmhí sna tuairiscí díolacháin;

 

(b) aon dúbailt ar ainmneacha a d’fhéadfadh eascairt as an gclárúchán;

 

(c) a mhéid a bhíonn an cineál planda nó an pór ainmnithe in úsáid lasmuigh den limistéar tionscnaimh.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32012R1151&qid=1561709006011&from=EN)

Réasúnú

Féachann an leasú seo leis na modhanna chun PDOnna/PGInna a chlárú a leagan amach go soiléir sa chás go mbíonn ainm i gcoinbhleacht le pór agus/nó cineál, seachas díreach a bheith ag brath ar an bprionsabal nach ndéantar tomhaltóirí a chur ar mhíthreoir i dtaobh fíorthionscnamh an táirge. Tá an moladh seo ag teacht le hAirteagal 3(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1898/2006 do Rialachán Uimh. 510/2006 a bhí ann roimhe seo.

Leasú    183

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 7 – mír 1 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  i mír 1 d'Airteagal 7, scriostar pointe (d);

scriosta

Leasú    184

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 7

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

Airteagal 7

"Airteagal 7

Sonraíocht táirge

Sonraíocht táirge

1.  Maidir le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, comhlíonfaidh sé sonraíocht lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

1.  Maidir le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, comhlíonfaidh siad sonraíocht lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) an t-ainm atá le cosaint mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, mar a úsáidtear é, bíodh sé sin sa trádáil nó sa ghnáthchaint, agus sna teangacha sin amháin a úsáidtear nó a úsáideadh san am atá thart chun tuairisc a thabhairt ar an táirge ar leith sin sa limistéar geografach sainithe;

(a) an t-ainm atá le cosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, mar a úsáidtear é, bíodh sé sin sa trádáil nó sa ghnáthchaint, agus sna teangacha sin amháin a úsáidtear nó a úsáideadh san am atá thart chun tuairisc a thabhairt ar an táirge ar leith sin sa limistéar geografach sainithe;

(b) tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear na hamhábhair, más iomchuí, agus príomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíochta nó orgánaileipteacha an táirge;

(b) tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear na hamhábhair, más iomchuí, agus príomh-shaintréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíochta nó orgánaileipteacha an táirge;

(c) sainmhíniú ar an limistéar geografach teormharcáilte i ndáil leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (f)(i) nó (ii) den mhír seo, agus, nuair is iomchuí, sonraí lena dtugtar le fios comhlíonadh cheanglais Airteagal 5(3);

(c) sainmhíniú ar an limistéar geografach teormharcáilte i ndáil leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (f)(i) nó (ii) den mhír seo, agus, i gcás inarb iomchuí, mionsonraí lena dtugtar le fios go bhfuil ceanglais Airteagal 5(3) á gcomhlíonadh;

(d) fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(2) é an táirge;

(d) Fianaise inrianaitheachta a thugann cruthúnas gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) é an táirge;

(e) tuairisc ar an modh trína bhfaightear an táirge agus, nuair is iomchuí, ar na fíormhodhanna áitiúla neamhathraitheacha mar aon le faisnéis faoi phacáistiú, má chinneann an grúpa iarrthach amhlaidh agus má thugann siad cúiseanna leordhóthanacha a bhaineann go sonrach leis an táirge chun a mhíniú cén fáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe i ndáil le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí;

(e) tuairisc ar an modh trína bhfaightear an táirge agus, i gcás inarb iomchuí, ar an rannchuidiú a dhéanann sé le forbairt inbhuanaithe, ar na modhanna áitiúla barántúla agus neamhathraitheacha mar aon le faisnéis faoi phacáistiú, má chinneann an grúpa iarrthach amhlaidh agus má thugann siad bonn cirt leordhóthanach a bhaineann go sonrach leis an táirge chun a mhíniú cén fáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a choimirciú, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe i ndáil le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí;

(f) sonraí lena suitear an méid seo a leanas:

(f) mionsonraí lena suitear an méid seo a leanas:

(i) an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(i) a mhéid a bhaineann le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 5(1); d'fhéadfadh na mionsonraí a bhaineann le tosca daonna na timpeallachta geografaí sin, i gcás inarb ábhartha, a bheith teoranta do chur síos ar bhainistiú ithreach agus tírdhreacha, ar chleachtais saothraithe nó ar aon rannchuidiú ábhartha eile ón duine le tosca nádúrtha na timpeallachta geografaí a chothabháil dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(ii) i gcás inarb iomchuí, an nasc idir cáilíocht, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

(ii) a mhéid a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

(g) ainm agus seoladh na n-údarás nó, má tá teacht orthu, ainm agus seoladh na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge de bhun Airteagal 37 agus na cúraimí sonracha atá orthu;

(g) ainm agus seoladh na n-údarás nó, má tá fáil orthu, ainm agus seoladh na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge de bhun Airteagal 37 agus na cúraimí sonracha atá orthu;

(h) aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge i dtrácht.

(h) aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge i dtrácht.

2.  D’fhonn a áirithiú go dtugtar faisnéis ábhartha agus achomair i sonraíochtaí táirge, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 lena leagfar síos rialacha a chuirfidh teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa sonraíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun líon iomarcach iarratas ar chlárú a sheachaint.

2.  Chun a áirithiú go dtugtar faisnéis ábhartha agus achomair i sonraíochtaí táirge, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 lena leagfar síos rialacha a chuirfidh teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa tsonraíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun líon iomarcach iarratas ar chlárú a sheachaint.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32012R1151&qid=1561709006011&from=EN)

Leasú    185

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 11 – mír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(4a)  in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.  Féadfar tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach a chlárú sa chlár. Clárófar na hainmneacha sin sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint, ach amháin má sainaithníodh iad go sonrach sa chomhaontú sin mar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint faoin Rialachán seo.

"2.  Féadfar tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach a chlárú sa chlár má fhoráiltear don mhéid sin sa chomhaontú. Clárófar na hainmneacha sin sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint, ach amháin má sainaithníodh iad go sonrach sa chomhaontú sin mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint faoin Rialachán seo. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32012R1151&qid=1561709006011&from=EN)

Leasú    186

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 12

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(4b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

Airteagal 12

“Airteagal 12

Ainmneacha, siombailí agus tásca

Ainmneacha, siombailí agus tásca

1.  Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhfhreagrach ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a úsáid.

1.  Aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge atá i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhfhreagrach, féadfaidh sé sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a úsáid.

2.  Bunófar siombailí de chuid an Aontais a cheapfar chun ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a phoibliú.

2.  Bunófar siombailí de chuid an Aontais a bheidh deartha chun poibliú a dhéanamh ar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint.

3.  I gcás táirgí de thionscnamh an Aontais, a mhargófar faoi ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc geografach faoi chosaint a bheidh cláraithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh siombailí an Aontais a bhaineann leo le feiceáil ar an lipéad. Ina theannta sin, beidh ainm an táirge sa réimse céanna radhairc. Féadfaidh na tásca “ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint” nó na giorrúcháin chomhfhreagracha “ATFC” nó “TGFC” a bheith le feiceáil ar an lipéad.

3.  I gcás táirgí de thionscnamh an Aontais agus a dhéantar a mhargú faoi shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc geografach faoi chosaint agus a bheidh cláraithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh siombailí an Aontais a bhaineann leo le feiceáil ar an lipéadú, ar an ábhar fógraíochta agus ar dhoiciméid a bhaineann leis an táirge atá i gceist. Sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh ainm cláraithe an táirge le feiceáil sa réimse radhairc chéanna agus in áit shuntasach, ionas go mbeidh sé infheicthe go héasca, inléite go soiléir agus, más infheidhme, doscriosta. Ní dhéanfar, in imthosca ar bith, é a cheilt nó a theimhliú, nó cur isteach air ar shlí eile, le haon eilimint scríofa nó pictiúrtha nó le haon doiciméad idirmheánach. Féadfaidh na tásca “sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint” nó na giorrúcháin chomhfhreagracha “PDO” nó “PGI” a bheith le feiceáil ar an lipéadú.

4.  Chomh maith leis sin, féadfaidh an méid seo a leanas bheith ar an lipéad freisin: léirithe ar an limistéar geografach tionscnaimh, dá dtagraítear in Airteagal 5, agus téacs, grafaicí nó siombailí lena ndéantar tagairt don Bhallstát agus/nó don réigiún ina bhfuil an limistéar geografach tionscnaimh sin suite.

4.  Sa bhreis air sin, féadfaidh an méid seo a leanas bheith ar an lipéadú freisin: léirithe den limistéar geografach tionscnaimh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, agus téacs, grafaicí nó siombailí lena ndéantar tagairt don Bhallstát agus/nó don réigiún ina bhfuil an limistéar geografach tionscnaimh sin suite.

5.  Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, féadfar na cómharcanna geografacha dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2008/95/CE a úsáid ar lipéid, mar aon leis an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.

5.  Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, féadfar na cómharcanna geografacha dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2008/95/CE a úsáid ar lipéid, mar aon leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.

6.  I gcás táirgí de thionscnamh tríú tíortha a mhargófar faoi ainm atá cláraithe sa chlár, féadfaidh na tásca dá dtagraítear i mír 3 nó siombailí an Aontais a bhaineann leo a bheith le feiceáil ar an lipéad.

6.  I gcás táirgí de thionscnamh tríú tíortha a dhéantar a mhargú faoi ainm atá cláraithe sa chlár, féadfaidh na tásca dá dtagraítear i mír 3 nó siombailí an Aontais a bhaineann leo a bheith le feiceáil ar an lipéadú. I gcás táirgí de thionscnamh tríú tíortha atá cosanta le comhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach agus nach ndéantar a mhargú faoi ainm atá cláraithe sa chlár, ní bheidh na tásca dá dtagraítear i mír 3 ná siombailí an Aontais a bhaineann leo le feiceáil ar an lipéadú.

7.  Chun a áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iomchuí don tomhaltóir, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena mbunófar siombailí an Aontais.

7.  Chun a áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iomchuí don tomhaltóir, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 chun siombailí an Aontais a bhunú.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena saineofar saintréithe teicniúla shiombailí an Aontais agus tásc an Aontais mar aon leis na rialacha dá n-úsáid ar na táirgí a mhargaítear faoi ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc tionscnaimh faoi chosaint, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí a bheidh le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena saineofar saintréithe teicniúla shiombailí agus tásca an Aontais mar aon leis na rialacha dá n-úsáid ar na táirgí a dhéantar a mhargú faoi shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc tionscnaimh faoi chosaint, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí a bheidh le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32012R1151&qid=1561709006011&from=EN)

Leasú    187

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 13 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  in Airteagal 13, cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:

scriosta

‘4.  An chosaint sin dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm aici freisin i dtaca le táirgí a bheidh tugtha isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh de críoch chustaim an Aontais, agus i dtaca le táirgí a dhíolfar trí mhodhanna leictreonacha trádála san Aontas Eorpach.; ’

 

Leasú    188

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 13

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(5a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

Airteagal 13

"Airteagal 13

Cosaint

Cosaint

1.  Déanfar ainmneacha cláraithe a chosaint ar an méid seo a leanas:

1.  Déanfar ainmneacha cláraithe a chosaint ar an méid seo a leanas:

(a) aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as ainm cláraithe maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú a mhéad atá na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó a mhéad a thagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

(a) aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as ainm cláraithe maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú a mhéad atá na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó a mhéad a thagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint, nó go ndéanann sé an t-ainm sin a lagú nó a chaolú, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

(b) aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí le fios nó má aistrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós “stíl”, “cineál”, “modh”, “faoi mar a tháirgtear i”, “aithris” nó rud éigin dá samhail leis, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

(b) aon mhí-úsáid, aithris nó claontagairt, fiú má thugtar fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí le fios nó má aistrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós “stíl”, “cineál”, “modh”, “faoi mar a tháirgtear in”, “aithris” nó rud éigin dá samhail leis, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

(c) aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí sár-riachtanacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a chur in iúl faoina thionscnamh;

(c) aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú inmheánach nó seachtrach, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a chur in iúl faoina thionscnamh;

(d) aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

(d) aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar mhíthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge;

 

(da) aon chlárú a dhéantar, de mheon mímhacánta, ar ainm fearainn atá cosúil le hainm faoi chosaint, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis lena cheapadh gurb ionann ainm fearainn agus ainm faoi chosaint, i bpáirt nó go hiomlán.

I gcás ina bhfuil ainm táirge a mheastar a bheith cineálach cuimsithe in ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó i dtásc geografach faoi chosaint, measfar nach mbeidh úsáid an ainm chineálaigh sin contrártha do phointe (a) nó pointe (b) den chéad fhomhír.

I gcás ina bhfuil ainm táirge a mheastar a bheith cineálach cuimsithe i sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó i dtásc geografach faoi chosaint, measfar nach mbeidh úsáid an ainm chineálaigh sin contrártha do phointí (a) nó (b) den chéad fhomhír.

2.  Ní bheidh ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint cineálach.

2.  Ní thiocfaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint chun bheith cineálach.

3.  Glacfaidh na Ballstáit céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid neamhdhleathach na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc tionscnaimh faoi chosaint, dá dtagraítear i mír 1, a tháirgfear nó a mhargófar sa Bhallstát sin, a chosc nó a stopadh.

3.  Glacfaidh na Ballstáit céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid neamhdhleathach na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc tionscnaimh faoi chosaint, amhail dá dtagraítear i mír 1, a dhéantar a tháirgeadh nó a mhargú sa Bhallstát sin, a chosc nó a stopadh.

 

3a.  An chosaint dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm aici freisin i dtaca le hearraí in idirthuras de réir bhrí phointe 44 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach nach ndéantar a scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh de críoch chustaim an Aontais, agus i dtaca le táirgí a dhíoltar trí cianchumarsáide.

Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as na céimeanna sin a thógáil i gcomhréir le nósanna imeachta a chinnfidh gach aon Bhallstát.

Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as na céimeanna sin a thógáil i gcomhréir le nósanna imeachta a chinnfidh gach aon Bhallstát.

Beidh ráthaíochtaí leordhóthanacha ann i ndáil le hoibiachtúlacht agus neamhchlaontacht na n-údarás sin, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá ar fáil dóibh chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

Beidh ráthaíochtaí leormhaithe ann i ndáil le hoibiachtúlacht agus neamhchlaontacht na n-údarás sin, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá ar fáil dóibh chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32012R1151&qid=1561709006011&from=EN)

Leasú    189

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 15 – mír 1 agus 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)  leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

scriosta

(a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

 

‘Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm.; ’

 

(b)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

 

‘Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhféadfar an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhadú go 15 bliana, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, agus nuair a léirítear an méid seo a leanas:’;

 

Leasú    190

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 15

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(6a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

Airteagal 15

"Airteagal 15

Idirthréimhsí d’úsáid ainmniúchán tionscaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint

Idirthréimhsí d’úsáid sonrúchán tionscaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint

1.  Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceadófar idirthréimhse suas le cúig bliana do tháirgí ar lena linn is féidir leanúint d’ainmniúchán faoina ndearnadh táirge a mhargú a úsáid i gcás táirgí de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír, ar ainmniúchán é a chuimsíonn ainm atá contrártha d’Airteagal 13(1) nó ina bhfuil ainm den sórt sin, ar choinníoll go dtugtar an méid seo a leanas le fios i ráiteas freasúra atá inghlactha faoi Airteagal 49(3) nó Airteagal 51:

1.  Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonófar idirthréimhse suas le cúig bliana do tháirgí ar lena linn is féidir leanúint de sonrúchán faoina ndearnadh táirge a mhargú a úsáid i gcás táirgí de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír, ar sonrúchán é a chuimsíonn ainm atá contrártha d’Airteagal 13(1) nó ina bhfuil ainm den sórt sin, ar choinníoll go dtugtar an méid seo a leanas le fios i ráiteas freasúra atá inghlactha faoi Airteagal 49(3) nó Airteagal 51:

(a) go gcuirfeadh clárú an ainm ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt i gcontúirt; nó

(a) le clárú an ainm go ndéanfaí díobháil d’ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt; nó

(b) go ndearnadh táirgí den sórt sin a mhargú go dleathach faoin ainm sin ar an gcríoch lena mbaineann ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilseacháin dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 50(2).Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

(b) go ndearnadh na táirgí sin a mhargú go dleathach faoin ainm sin ar an gcríoch lena mbaineann ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilseacháin dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 50(2).

2.  Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhféadfar an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhadú go 15 bliana i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leis nuair a léirítear an méid seo a leanas:

2.  Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhféadfar an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhadú go 15 bliana i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leis nuair a léirítear an méid seo a leanas:

(a) go raibh an t-ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chlárú faoi bhráid an Choimisiúin;

(a) go raibh an sonrúchán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chlárú faoi bhráid an Choimisiúin;

(b) nárbh é an cuspóir a bhí le húsáid an ainmniúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo teacht i dtír ar chlú an ainm chláraithe agus nuair a léirítear nár cuireadh an tomhaltóir amú agus nach bhféadfaí é a bheith curtha amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

(b) nárbh é an cuspóir a bhí le húsáid an tsonrúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ná, ag tráth ar bith, teacht i dtír ar chlú an ainm chláraithe agus go léirítear nach ndearnadh an tomhaltóir a chur ar mhíthreoir agus nach bhféadfaí é a chur ar mhíthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

3.  Nuair a bheidh ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 in úsáid, beidh sonraíocht na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir sofheicthe ar an lipéad.

3.  Nuair a bheidh sonrúchán dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 in úsáid, beidh tásc maidir leis an tír tionscnaimh le feiceáil go soiléir agus go sofheicthe ar an lipéadú.

4.  Ar mhaithe le deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirgeoirí uile an cheantair lena mbaineann an tsonraíocht, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana a cheadú, le héifeacht ón dáta ar taisceadh an t-iarratas leis an gCoimisiún, ar choinníoll go raibh na táirgí i dtrácht á margú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus na hainmneacha sin in úsáid acu, go leanúnach, ar feadh cúig bliana roimhe sin ar a laghad sular taisceadh an t-iarratas le húdaráis an Bhallstáit agus gur dúradh sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 49(3).

4.  Ar mhaithe le deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirgeoirí uile an limistéir lena mbaineann an tsonraíocht, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana a cheadú, le héifeacht ón dáta ar taisceadh an t-iarratas leis an gCoimisiún, ar choinníoll go raibh na táirgí i dtrácht á margú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus na hainmneacha sin in úsáid acu go leanúnach ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh sheoladh an nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 49(3) agus go bhfuil an méid sin ráite sa nós imeachta sin.

Beidh feidhm mutatis mutandis leis an gcéad fhomhír maidir le tásc geografach faoi chosaint nó ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint lena dtagraítear do limistéar geografach atá suite i dtríú tír, ach amháin maidir leis an nós imeachta freasúra.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír maidir le tásc geografach faoi chosaint nó sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint lena dtagraítear do limistéar geografach atá suite i dtríú tír, ach amháin maidir leis an nós imeachta freasúra.

Tabharfar na hidirthréimhsí sin le fios sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Tabharfar na hidirthréimhsí sin le fios sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 8(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32012R1151&qid=1561709006011&from=EN)

Leasú    191

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 18 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)  in Airteagal 18, scriostar mír 3.

Réasúnú

Féachann an leasú le treisiú a dhéanamh ar an gcosaint a thugtar do shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht chun táirgí le hainm comhchosúil agus nach gcomhlíonann an tsonraíocht maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cláraithe a chosc ó bheith curtha ar an margadh agus ar an gcaoi sin iad a bheith ag baint de chlú táirgí atá cláraithe mar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

Leasú    192

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 23 – mír 3

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(8a)  in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

3.  I gcás na dtáirgí ar de thionscnamh an Aontais iad agus a mhargaítear mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh an tsiombail dá dtagraítear i mír 2 le feiceáil ar an lipéad, gan dochar do mhír 4. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh ainm an táirge sa réimse céanna radhairc. Féadfar an tásc “sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht” nó an giorrúchán comhfhreagrach “STR” a chur ar an lipéad freisin.

“3.  I gcás na dtáirgí ar de thionscnamh an Aontais iad agus a mhargaítear mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh an tsiombail dá dtagraítear i mír 2, gan dochar do mhír 4, le feiceáil ar an lipéadú, ar an ábhar fógraíochta agus ar dhoiciméid a bhaineann leis an táirge atá i gceist. Sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh ainm an táirge le feiceáil sa réimse radhairc chéanna agus in áit shuntasach, ionas go mbeidh sé infheicthe go héasca, inléite go soiléir agus, más infheidhme, doscriosta. Ní dhéanfar, in imthosca ar bith, é a cheilt nó a theimhliú, nó cur isteach air ar shlí eile, le haon eilimint scríofa nó pictiúrtha nó le haon doiciméad idirmheánach. Féadfar an tásc “sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht” nó an giorrúchán comhfhreagrach “TSG” a chur ar an lipéadú freisin.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32012R1151&qid=1561709006011&from=EN)

Réasúnú

Féachann an leasú seo leis na droch-úsáidí atá ag tarlú faoi láthair a chosc agus moltar ann go mbeadh an t-ainm faoi chosaint le feiceáil ar mhodh inléite agus infheicthe agus gan aon rud a bheith ag cur isteach air a d’fhágfadh deacair ar an tomhaltóir é a fheiceáil ar lipéadú an táirge, agus freisin ar ábhar ciandíolacháin, ar fhógraíocht agus ar dhoiciméid a bhíonn isteach leis na táirgí.

Leasú    193

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 24a – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm.;

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Réasúnú

Féachann an leasú seo leis an bpróiseas a choimeád ina ndéantar tagairt do choiste na mBallstát de réir chomhthéacs an nós imeachta scrúdúcháin.

Leasú    194

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 33 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9 a)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 33a

 

Rialacha breise i dtaca le húsáid an téarma cáilíochta roghnaigh “táirge sléibhe”

 

Féadfaidh na Ballstáit a údarú go ndéantar táirge a úsáideann an téarma cáilíochta roghnach “táirge sléibhe” a chur ar an margadh más rud é nach bhfuil na ceanglais táirgeachta agus lipéadaithe do tháirge sléibhe in aon tír ar leith, más ann do na ceanglais sin, á sárú ag na rialacha do tháirgeadh an táirge sin.”

Leasú    195

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 49 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.  Má thionscnaítear nós imeachta faoi bhráid cúirt náisiúnta nó comhlacht poiblí náisiúnta eile, ar nós imeachta é a bhaineann le hiarratas ar chosaint a chuir an Ballstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl don Choimisiún gan aon mhoill.

8.  Má thionscnaítear nós imeachta os comhair cúirt náisiúnta nó comhlacht náisiúnta eile i dtaca le cinneadh críochnaitheach ón údarás náisiúnta inniúil maidir le hiarratas ar chosaint atá taiscthe leis an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 4, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl gan mhoill don Choimisiún.

Leasú    196

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 49 – mír 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9.  Féadfaidh an Coimisiún, nuair is cuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun scrúdú an iarratais clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 97 a fhionraí go dtí go mbeidh breithniú déanta ag cúirt náisiúnta nó ag comhlacht náisiúnta eile i dtaca le dúshlán a tugadh faoi iarratas clárúcháin ar iarratas clárúcháin é a ndearna an Ballstát cinneadh fabhrach ina leith i nós imeachta náisiúnta i gcomhréir le mír 4.

scriosta

‘Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh gan an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm.;

 

Leasú    197

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 11

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 50

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

‘Airteagal 50

‘Airteagal 50

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

1.  Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarratais chlárúcháin a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 49(4) agus (5). Agus toradh an nóis imeachta scrúdúcháin agus an nóis imeachta freasúra a rinne an Ballstát á dtabhairt san áireamh aige, déanfaidh sé na hiarratais sin a athbhreithniú d’fhonn aon earráidí follasacha a aimsiú.

1.  Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarratais chlárúcháin a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 49(4) agus (5). Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na hiarratais a gheobhaidh sé i ndiaidh nós imeachta maidir le grinnscrúdú agus freasúra a bheith déanta ag na Ballstáit i dtrácht chun a sheiceáil an bhfuil aon earráidí follasacha iontu.

Níor chóir gurbh fhaide ná sé mhí an tréimhse a chaithfeadh an Coimisiún i mbun an scrúdúcháin, agus an tréimhse sin arna thomhas ó dháta faighte an iarratais ón mBallstát. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún cúiseanna na moille in iúl i scríbhinn don iarratasóir.

Níor cheart go mbeadh an tréimhse don grinnscrúdú ag an gCoimisiún níos faide ná sé mhí ó dháta faighte an iarratais ón mBallstát. I gcás ina dtéitear tharr an tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an moill in iúl i scríbhinn don iarratasóir.

Uair sa mhí ar a laghad, foilseoidh an Coimisiún liosta na n-ainmneacha sin ar cuireadh iarratais chlárúcháin ina leith faoina bhráid, mar aon leis an dáta ar cuireadh isteach iad.

Déanfaidh an Coimisiún, uair sa mhí ar a laghad, liosta a fhoilsiú de na hainmneacha sin a ndearnadh iarratais chlárúcháin a thíolacadh chuige ina leith, mar aon leis an dáta ar cuireadh isteach iad.

2.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus an scrúdúchán a rinneadh de bhun mhír 1 á thabhairt san áireamh aige, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 i dtaca le hiarratais chlárúcháin faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, nó gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus in Airteagal 18(2) i dtaca le hiarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, foilseoidh sé an méid seo a leanas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

2.  Más rud é, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a rinneadh de bhun mhír 1, go measann an Coimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 i dtaca le hiarratais chlárúcháin faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, nó gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus (2) i dtaca le hiarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, foilseoidh sé an méid seo a leanas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a)  i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge;

(a)  i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge;

(b)  i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, an tsonraíocht.’;

(b)  i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, an tsonraíocht.’;

Leasú    198

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 14

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 53 – míreanna 2 agus 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

[...]

scriosta

Leasú    199

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 14 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Airteagal 53

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(14a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53:

Airteagal 53

"Airteagal 53

Leasú ar shonraíocht táirge

Leasú ar shonraíocht táirge

1.  Féadfaidh grúpa a bhfuil leas dlisteanach acu iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge a fhormheas.

1.  Féadfaidh grúpa a bhfuil leas dlisteanach acu iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge a fhormheas.

Tabharfar cur síos sna hiarratais ar na leasuithe a iarrtar agus na cúiseanna atá leo.

Tabharfar tuairisc ar na leasuithe sin agus na cúiseanna atá leo le fios san iarratas.

2.  I gcás ina mbaineann an leasú le leasú amháin nó níos mó ar an tsonraíocht nach mionleasuithe iad, leanfaidh an t-iarratas ar leasú an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 49 go 52.

2.  Déanfar leasuithe ar shonraíocht táirge a aicmiú in dhá chatagóir ó thaobh na tábhachta atá ag baint leo: leasuithe Aontais, a dteastaíonn nós imeachta freasúra lena n-aghaidh ar leibhéal an Aontais, agus leasuithe caighdeánacha a ndéileálfar leo ar leibhéal an Bhallstáit nó an tríú tír.

 

Measfar gur leasú Aontais a bheidh i leasú más rud é:

 

(a) go mbíonn ar áireamh ann athrú ar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint nó ar ainm an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht;

 

(b) go mbíonn riosca ag gabháil leis go ndéanfaidh sé na naisc dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(1) i dtaca le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus d’Airteagal 5(2) i dtaca le tásca geografacha faoi chosaint a shaobhadh;

 

(c) go dtugann sé isteach athruithe ar an modh táirgeachta nó ar úsáid amhábhar agus comhábhar atá ag imeacht ón gcleachtas traidisiúnta agus ó na húsáidí a bhaintear as sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht;

 

(d) go bhfuil srianta nua i gceist leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

 

Déanfar gach leasú eile ar shonraíochtaí táirge a mheas mar leasuithe caighdeánacha. Leasú sealadach a bhaineann le hathrú sealadach ar shonraíocht táirge a thagann ó bhearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta a d'fhorchuir na húdaráis phoiblí nó leasú sealadach ab éigean a dhéanamh de dheasca tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire a ndearna na húdaráis inniúla iad a aithint go foirmiúil, meastar freisin gur leasuithe caighdeánacha iad.

 

Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe Aontais a fhormheas. Leanfaidh an nós imeachta formheasa, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 49 go 52.

Mar sin féin, más mionleasuithe iad na leasuithe atá beartaithe, déanfaidh an Coimisiún an t-iarratas a fhormheas nó diúltú dó. I gcás fhormheas leasuithe a thugann modhnú na n-eilimintí dá dtagraítear in Airteagal 50(2) le fios, déanfaidh an Coimisiún na heilimintí sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is é Ballstát ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann suite agus a cuireadh i bhfhógra chuig an gCoimisiún a dhéanfaidh leasuithe caighdeánacha a fhormheas. Déanfaidh tríú tíortha leasuithe caighdeánacha a fhormheas i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann, agus cuirfidh siad faisnéis ina dtaobh sin i bhfógra chuig an gCoimisiún.

Chun go measfar gur mionleasú a bheadh i leasú a dhéanfaí i gcás na scéime cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal II, ní dhéanfaidh an leasú sin na nithe seo a leanas:

 

(a) ní bheidh baint aige le saintréithe bunúsacha an táirge;

 

(b) ní athróidh sé an nasc dá dtagraítear i bpointe (f)(i) nó (ii) d’Airteagal 7(1);

 

(c) ní bheidh athrú ar ainm an táirge ná ar aon chuid d’ainm an táirge mar chuid de;

 

(d) ní dhéanfaidh sé difear don limistéar geografach sainithe;

 

(e) ní chuirfidh sé le srianta ar thrádáil an táirge ná ar na hamhábhair atá ann.

 

Chun go measfar gur mionleasú a bheadh i leasú a dhéanfaí i gcás na scéime cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal III, ní dhéanfaidh an leasú na nithe seo a leanas:

 

(a) ní bheidh baint aige le saintréithe bunúsacha an táirge;

 

(b) ní dhéanfaidh sé athruithe bunúsacha ar an modh táirgíochta; ná

 

(c) ní bheidh athrú ar ainm an táirge ná ar aon chuid d’ainm an táirge mar chuid de.

 

Is ag díriú ar an leasú atá molta a bheifear leis an ngrinnscrúdú ar an iarratas.

Beidh grinnscrúdú an iarratais ag díriú isteach ar an leasú atá molta.

 

2a.  Tá feidhm ag Airteagal 15 freisin maidir le hiarrataí ón Aontas ar leasú agus leasuithe caighdeánacha a dhéanamh ar shonraíocht.

3.  Chun an próiseas riaracháin a bhaineann le hiarratas ar leasú a éascú, lena n-áirítear i gcás nuair nach mbaineann aon athrú ar dhoiciméad aonair leis an leasú agus i gcás lena mbaineann athrú sealadach ar an tsonraíocht leis de thoradh bearta éigeantacha sláintíocha nó fíteashláintíocha a fhorchuireann na húdaráis phoiblí, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena gcomhlánaítear na rialacha maidir leis an bpróiseas i ndáil le hiarratas ar leasú.

3.  Chun an próiseas riaracháin a bhaineann leasuithe Aontais agus leasuithe caighdeánacha ar shonraíocht táirge a éascú, lena n-airítear leasuithe nach ngabhann aon athrú ar an doiciméad aonair leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 chun na rialacha a bhaineann leis an bpróiseas iarratais i leith leasuithe a chomhlánú.

 

3a.  Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte lena leagtar amach na critéir agus modheolaíocht choiteann maidir le cur i bhfeidhm agus comhlíonadh phróiseáil riaracháin na leasuithe ar shonraíochtaí táirge, idir leasuithe Aontais agus leasuithe caighdeánacha, chun a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas sa chaoi a ndéantar leasuithe caighdeánacha a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta. Faoin ... [trí bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], seolfaidh an Coimisiún measúnú tosaigh maidir le héifeachtúlacht phróiseáil riaracháin na leasuithe ar shonraíochtaí táirge, idir leasuithe Aontais agus leasuithe caighdeánacha, ar mhaithe lena mheasúnú cad é an tionchar atá ag cur i bhfeidhm an athchóirithe ar an leibhéal náisiúnta agus lena mheasúnú a mhéid atá siad comhleanúnach ar an leibhéal náisiúnta. I ndiaidh an mheasúnaithe, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir lena phríomhchonclúidí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar leasú agus i dtaobh leasuithe caighdeánacha a fhógairt don Choimisiún. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2). "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32012R1151&qid=1561709006011&from=EN)

Leasú    200

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 15

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Iarscríbhinn I – cuid I – fleasc 22 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

-  céir bheach.

Leasú    201

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 3

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3 a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

Airteagal 3

"Airteagal 3

Táirgí fíona cumhraithe a shainiú agus a aicmiú

Táirgí fíona cumhraithe a shainiú agus a aicmiú

1.  Is iad táirgí fíona cumhraithe ná táirgí a fhaightear ó tháirgí de chuid earnáil an fhíona dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus atá blaistithe. Aicmítear iad sna catagóirí seo a leanas:

1.  Is é is táirgí fíona cumhraithe ann ná táirgí a fhaightear ó tháirgí de chuid earnáil an fhíona dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus atá blaistithe. Aicmítear iad sna catagóirí seo a leanas:

(a) fíonta cumhraithe,

(a) fíonta cumhraithe,

(b) deochanna cumhraithe de bhunadh fíona,

(b) deochanna cumhraithe de bhunadh fíona,

(c) manglaim táirgí fíona cumhraithe.

(c) manglaim de tháirgí fíona cumhraithe;

 

(ca) táirgí fíona cumhraithe dí-alcólaithe.

2.  Is é is fíon cumhraithe ná deoch:

2.  Is é is fíon cumhraithe ann ná deoch:

(a) a fuarthas ó tháirge fíona amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna a shainmhínítear i bpointe 5 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II agus i bpointe 1 agus i bpointí 3 go 9 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíon “Retsina”;

(a) a fhaightear ó tháirge fíniúna amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna a shainmhínítear i bpointe 5 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II agus i bpointí 1 agus 3 go 9 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíon “Retsina”;

(b) ina mbeidh na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 75 % ar a laghad den toirt iomlán;

(b) ina bhfuil na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 75 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c) a bhféadfadh alcól a bheith curtha léi;

(c) a bhféadfadh alcól a bheith curtha léi;

(d) a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(d) a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(e) a bhféadfadh úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor páirtchoipthe nó an dá cheann a bheith curtha léi;

(e) a bhféadfadh úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor páirtchoipthe nó an dá cheann a bheith curtha léi;

(f) a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(f) a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(g) a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 14,5 % toirte agus is lú ná 22 % toirte inti agus neart alcóil iomlán de réir toirte nach lú ná 17,5 % toirte inti.

(g) a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 14,5 % vol. agus is lú ná 22 % vol. inti agus neart alcóil iomlán de réir toirte nach lú ná 17,5 % vol. inti.

3.  Is é is deoch chumhraithe de bhunadh fíona ná deoch:

3.  Is é is deoch chumhraithe de bhunadh fíona ann ná deoch:

(a) a fuarthas ó cheann amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna atá sainmhínithe i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointí 4 go 9 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíonta a tháirgtear trí alcól a chur leo agus d’fhíon “Retsina”;

(a) a fhaightear ó cheann amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna atá sainmhínithe i bpointí 1, 2 agus 4 go 9 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíonta a tháirgtear trí alcól a chur leo agus d’fhíon “Retsina”;

(b) ina mbeidh na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 50 % ar a laghad den toirt iomlán;

(b) ina bhfuil na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 50 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c) nach bhfuil aon alcól curtha léi, ach amháin sa chás ina bhforálann Iarscríbhinn II dá mhalairt;

(c) nach bhfuil aon alcól curtha léi, ach amháin sa chás ina bhforálann Iarscríbhinn II dá mhalairt;

(d) a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(d) a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(e) a bhféadfadh úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor páirtchoipthe nó an dá cheann a bheith curtha léi;

(e) a bhféadfadh úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor páirtchoipthe nó an dá cheann a bheith curtha léi;

(f) a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(f) a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(g) ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 4,5 % toirte agus is lú ná 14,5 % toirte.

(g) ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 4,5 % vol. agus is lú ná 14,5 % vol.

4.  Is é is manglam cumhraithe de tháirgí fíona ná deoch:

4.  Is é is manglam de tháirgí fíona cumhraithe ann ná deoch:

(a) a fuarthas ó cheann amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna a shainmhínítear i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointí 4 go 11 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíonta a tháirgtear trí alcól a chur leo agus d’fhíon “Retsina”;

(a) a fhaightear ó cheann amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna a shainmhínítear i bpointí 1, 2 agus 4 go 11 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíonta a tháirgtear trí alcól a chur leo agus d’fhíon “Retsina”;

(b) ina mbeidh na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 50 % ar a laghad den toirt iomlán;

(b) ina bhfuil na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 50 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c) nach bhfuil aon alcól curtha léi;

(c) nach bhfuil aon alcól curtha léi;

(d) a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(d) a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(e) a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(e) a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(f) ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 1,2 % toirte agus is lú ná 10 % toirte.

(f) ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 1,2 % vol. agus is lú ná 10 % vol.

 

4a.  Cun críocha an Rialacháin seo, measfar gurb é is “táirge fíona cumhraithe dí-alcólaithe” ann ná deoch:

 

(a) a fhaightear faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 2, 3 nó 4;

 

(b) a bhfuil cóireáil dí-aclólúcháin déanta uirthi i gcomhréir le Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

 

(c) ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte is lú ná 0,5 %.

 

4b.  Beidh feidhm ag na cleachtais fíoneolaíocha arna sainmhíniú i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 maidir le táirgí fíona cumhraithe”. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32014R0251&qid=1561721496386&from=EN)

Leasú    202

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 4

Rialachán (AE) 251/2014

Airteagal 5 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

scriosta

'4.  Féadtar tásc geografach táirge fíona chumhraithe arna chosaint faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a chur in ionad ainmníochtaí díolacháin nó iad a fhorlíonadh leis.

 

Leasú    203

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 4 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 5

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(4a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

Airteagal 5

“Airteagal 5

Ainmníochtaí díolacháin

Ainmníochtaí díolacháin

1.  Is iad na hainmníochtaí díolacháin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a bheidh in úsáid le haghaidh aon táirge fíona chumhraithe a chuirtear ar an margadh san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais maidir leis an ainmníocht díolacháin chomhfhreagrach a leagtar síos san Iarscríbhinn sin. Féadfar ainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh le gnáthainm mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2)(o) de Rialachán Uimh. 1169/2011.

1.  Is iad na hainmníochtaí díolacháin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a bheidh in úsáid le haghaidh aon táirge fíona chumhraithe a chuirtear ar an margadh san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais maidir leis an ainmníocht díolacháin chomhfhreagrach a leagtar síos san Iarscríbhinn sin. Féadfar ainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh le gnáthainm mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2)(o) de Rialachán Uimh. 1169/2011.

2.  I gcás táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le níos mó ná ainmníocht díolacháin amháin, ní údaraítear ach ceann amháin de na hainmníochtaí díolacháin sin a úsáid, ach amháin mar a bhforáiltear dá mhalairt in Iarscríbhinn II.

2.  I gcás táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le níos mó ná ainmníocht díolacháin amháin, ní údaraítear ach ceann amháin de na hainmníochtaí díolacháin sin a úsáid, ach amháin mar a bhforáiltear dá mhalairt in Iarscríbhinn II.

3.  Deoch alcólach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ní dhéanfar í a thuairisciú, a chur i láthair nó a lipéadú trí fhocail nó trí fhrásaí amhail “cosúil”, “cineál”, “stíl”, “déanta”, “blas” nó aon téarma eile dá samhail a chur le haon cheann de na hainmníochtaí díolacháin.

3.  Deoch alcólach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ní dhéanfar í a thuairisciú, a chur i láthair nó a lipéadú trí fhocail nó trí fhrásaí amhail “cosúil”, “cineál”, “stíl”, “déanta”, “blas” nó aon téarma eile dá samhail a chur le haon cheann de na hainmníochtaí díolacháin.

4.  Féadtar tásc geografach arna chosaint faoin Rialachán seo a chur in ionad ainmníochtaí díolacháin nó iad a fhorlíonadh leis.

4.  Féadtar tásc geografach faoi chosaint i dtaca le táirge fíona chumhraithe arna chosaint faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a chur in ionad ainmníochtaí díolacháin nó iad a fhorlíonadh leis.

5.  Gan dochar d’Airteagal 26, ní dhéanfar na hainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó le tásca geografacha faoi chosaint a cheadaítear do tháirgí fíona.

5.  Gan dochar d’Airteagal 26, ní dhéanfar na hainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó le tásca geografacha faoi chosaint a cheadaítear do tháirgí fíona.

 

5a.  Nuair atá táirgí fíona cumhraithe le honnmhairiú chuig tríú tíortha, féadfaidh na Ballstáit ainmníochtaí díolacháin a cheadú seachas na cinn sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II más rud é go bhfuil gá leis na hainmníochtaí díolacháin sin de réir reachtaíocht na tríú tíre i dtrácht. Féadfaidh na hainmníochtaí díolacháin sin a bheith i dteangacha eile nach iad teangacha oifigiúla an Aontais iad.

 

5b.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a fhorlíonadh chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha agus forbairtí sa mhargadh, mar aon le sláinte tomhaltóirí nó an gá atá ag tomhaltóirí d’fhaisnéis, a chur san áireamh.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32014R0251&qid=1561721496386&from=EN)

Leasú    204

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 4 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 6 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)  in Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

"(3a)  Féadfaidh bliain an fhíona a bheith ar lipéid tháirgí ar choinníoll gurb ionann an táirge fíniúna agus 75 % ar a laghad den toirt iomlán agus gur baineadh 85 % ar a laghad de na caora fíniúna a úsáideadh chun na táirgí sin a dhéanamh sa bhliain i dtrácht.”

Leasú    205

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 4 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4c)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 7a

 

Dearbhú cothúcháin

 

1.  An dearbhú cothúcháin ar tháirgí fíona cumhraithe, a fhéadfaidh a bheith teoranta go dtí an luach fuinnimh amháin, déanfar é a léiriú ar an lipéad.

 

2.  Maidir leis an luach fuinnimh:

 

(a) déanfar é a shloinneadh le huimhreacha agus focail nó siombailí, agus go sonrach leis an tsiombail (E) le haghaidh ‘Energy’;

 

(b) déanfar é a ríomh ag úsáid na fachtóire coinbhéartachta a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

 

(c) déanfar é a shloinneadh mar mheánluachanna in kcal ar bhonn na nithe seo a leanas:

 

(i) anailís an táirgeora ar an táirge fíona cumhraithe; nó

 

(ii) ríomh ar bhonn sonraí atá bunaithe go ginearálta agus a nglactar go ginearálta leo.

 

(d) déanfar é a shloinneadh in aghaidh an 100ml. Sa bhreis air sin, féadfar é a shloinneadh in aghaidh an aonaid tomhaltais, ar shlí a bheidh so-aitheanta don tomhaltóir, ar choinníoll go ndéantar an t-aonad a mbaintear feidhm as a chainníochtú ar an lipéad agus go sonraítear líon na n-aonad atá sa phacáiste. ”

Leasú    206

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 4 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 7 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4d)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 7b

 

An liosta comhábhar

 

1.  An liosta comhábhar le haghaidh táirgí fíona cumhraithe, déanfar é a thabhairt ar an lipéad nó ar shlí eile seachas ar an lipéad a bheidh greamaithe don bhuidéal nó do chineál eile coimeádáin, ar choinníoll go ndéantar nasc soiléir agus díreach a thabhairt ar an lipéad. Ní fhéadfar é a thaispeáint in éineacht le faisnéis eile atá beartaithe chun críocha trádála nó margaíochta.

 

2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun tuilleadh na rialacha maidir le tabhairt an liosta comhábhar do tháirgí fíona cumhraithe a mhionsonrú tuilleadh. Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh tráth nach déanaí ná 18 mí i ndiaidh ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Leasú    207

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 7 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe a – pointe iiia (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)  sa chéad mhír de Pháirt (a) d’Iarscríbhinn I, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

“(iiia) Deochanna biotáilleacha (nach mó ná 1 % den toirt fhoriomlán).”

Leasú    208

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 7 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Iarscríbhinn I – mír 2 – pointe f

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(7b)  i mír 2 d’Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

(f) substaintí nádúrtha carbaihiodráite ar bith eile a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu leis na táirgí sin.

“(F) substaintí nádúrtha ar bith eile a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu leis na táirgí sin, ”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32014R0251&qid=1561721496386&from=EN)

Leasú    209

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 7 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Iarscríbhinn II – cuid A – mír 3 – fleasc 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(7c)  in Iarscríbhinn II, cuid A, mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

a bhfuil alcól curtha léi, agus,

a bhféadfadh alcól a bheith curtha léi, agus

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32014R0251&qid=1561721496386&from=EN)

Leasú    210

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 7 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Iarscríbhinn II – cuid B – mír 8 – fleasc 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(7d)  in Iarscríbhinn II, cuid B, mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

– a fhaightear ó fhíon dearg ó fhíon bán amháin,

“– a fhaightear go heisiach ó fhíon dearg agus/nó ó fhíon geal,

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32014R0251&qid=1561721496386&from=EN)

Leasú    211

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 7 e (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Iarscríbhinn II – cuid C a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7 e)  In Iarscríbhinn II, cuirtear isteach an chuid seo a leanas:

 

“Cuid Ca

 

“TÁIRGÍ FÍONA CUMHRAITHE DÍ-ALCÓLAITHE

 

(1)  Táirge fíona cumhraithe dí-alcólaithe nó an focal “dí-alcólaithe” (a bheith le hainm an táirge fíona cumhraithe a úsáidtear chun é a tháirgeadh)

 

Táirgí a chomhlíonann an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 3(4a).

Leasú    212

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír -1 (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 22 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

i gCaibidil IV, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

Airteagal 22a

 

Comhaontuithe idirchraoibhe

 

1.  De mhaolú ar Airteagail 164 agus 165 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, más rud é go mbíonn eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear de bhun Airteagal 157 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ag oibriú i réigiún is forimeallaí agus go meastar í a bheith ionadaíoch ar tháirgeadh nó trádáil nó próiseáil cheann amháin nó níos mó de na táirgí sonraithe, féadfaidh an Ballstáit i dtrácht, arna iarraidh sin ag an eagraíocht, é a dhéanamh éigeantach, ar feadh tréimhse in-athnuaite d’aon bhliain amháin, go ndéanfadh an eagraíocht sin comhaontuithe, cinntí nó cleachtais chomhbheartaithe a eisiúint d’oibreoirí eile atá ag oibriú sa réigiún is forimeallaí i dtrácht agus nach comhaltaí den eagraíocht sin iad.

 

2.  I gcás ina ndéantar rialacha de chuid eagraíochta idirchraoibhe a leathnú amach faoi mhír 1 agus go bhfuil na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na rialacha sin chun leasa ghinearálta eacnamaíoch oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann a ngníomhaíochtaí le táirgí atá ceaptha a chur go huile agus go hiomlán ar an margadh áitiúil sa réigiún is forimeallaí céanna, féadfaidh an Ballstát, tar éis dó dul i mbun comhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, cinneadh a dhéanamh go bhfuil ar oibreoirí eacnamaíocha aonair sin nó grúpaí nach comhaltaí den eagraíocht iad ach atá ag oibriú sa mhargadh i dtrácht na ranníocaíochtaí airgeadais go léir nó cuid díobh a íocann comhaltaí na heagraíochta sin a íoc leis an eagraíocht sa mhéid agus go bhfuil na ranníocaíochtaí sin ceaptha costais a chlúdach a thabhaítear go díreach i ngeall ar a bheith ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin.

 

3.  Cuirfidh an Ballstát i dtrácht an Coimisiún ar an eolas maidir le haon chomhaontú a mbeidh a raon feidhme leathnaithe amach i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Réasúnú

Féachann an leasú seo le coigeartú a dhéanamh ar na rialacha maidir le rialacha idirchraoibhe a leathnú amach agus iad a bheith ag teacht leis an staid iarbhír atá sna réigiúin is forimeallaí. Is oibreoirí atá bunriachtanach le haghaidh forbairt na dtionscal sna réigiúin is forimeallaí, a bhfuil a gcuid margaí faoi lé ag luaineachtaí i bpraghsanna, atá sna heagraíochtaí sin. Déanann na heagraíochtaí gníomhaíochtaí bailiúcháin agus scaipeadh sonraí agus ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit na ranníocaíochtaí a bhailítear faoi na comhaontaithe sin a leathnú amach go dtí na táirgí talmhaíochta uile a chuirtear ar na margaí áitiúla, gan beann ar a dtionscnamh.

Leasú    213

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I dtaca le gach bliain airgeadais, maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV suas le huasmhéid bliantúil is ionann agus na méideanna seo a leanas:

2.  Do gach bliain airgeadais, maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV suas le méid bliantúil is ionann agus na méideanna seo a leanas:

Leasú    214

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 2 – fleasc 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

—  sna ranna Francacha thar lear: EUR 267 580 000

—  sna ranna Francacha thar lear: EUR 278,41 milliún

Leasú    215

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 2 – fleasc 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

—  na hAsóir agus Maidéara: EUR 102 080 000

—  na hAsóir agus Maidéara: EUR 106,21 milliún

Leasú    216

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 2 – fleasc 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

—  na hOileáin Chanáracha: EUR 257 970 000

—  na hOileáin Chanáracha: EUR 268,42 milliún

Leasú    217

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 3 – fleasc 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

—  sna ranna Francacha thar lear: EUR 25 900 000

—  sna ranna Francacha thar lear: EUR 26 900 000

Leasú    218

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 3 – fleasc 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

—  na hAsóir agus Maidéara: EUR 20 400 000

—  na hAsóir agus Maidéara: EUR 21 200 000

Leasú    219

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 3 – fleasc 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

—  na hOileáin Chanáracha: EUR 69 900 000

—  na hOileáin Chanáracha: EUR 72 700 000

Leasú    220

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 32 – mír 4

 

An téacs atá ann

Leasú

 

Leasaítear Airteagal 32(4) mar a leanas:

4.   Cuirfidh an Coimisiún caibidil shonrach san áireamh sna hanailísí, sa staidéar agus sna measúnuithe a dhéanann sé i gcomhthéacs comhaontuithe trádála agus an chomhbheartais talmhaíochta le haghaidh aon ábhair ina bhfuil leas ar leith ag na réigiúin is forimeallaí.

‘4.   Sula gcuirfear tús le haon chaibidlíocht tráchtála a bhféadfadh impleachtaí a bheith aici ar thalmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí, déanfaidh an tAontas staidéir, anailísí agus measúnuithe maidir le tionchar féideartha na caibidlíochta sin agus cuirfidh sé a shainordú don chaibidlíocht in oiriúint dóibh sin chun srianta sonracha na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh agus chun gach tionchar diúltach sna réigiúin sin a sheachaint. Is iad na critéir sin arna leagan síos ag na Náisiúin Aontaithe a úsáidfidh an Coimisiún chun na measúnuithe tionchair sin a dhéanamh.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/TXT/HTML/?uri=CELEX:32013R0228&from=ga)

Leasú    221

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 229/2013

Airteagal 18 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV suas le huasmhéid bliantúil EUR 23 000 000.

2.  Maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidlí III agus IV go dtí uasmhéid de EUR 23,93 milliún.

Leasú    222

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 229/2013

Airteagal 18 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  An méid a leithdháilfear gach bliain chun na socruithe sonracha soláthair dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú, ní fhéadfaidh sé EUR 6 830 000 a shárú.’

3.  An méid a leithdháilfear chun na socruithe sonracha soláthair dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú, ní rachaidh sé thar EUR 7,11 milliún.

Leasú    223

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3 a.  Fíonta a chuirtear ar an margadh nó a dhéantar a lipéadú roimh chur chun feidhme na bhforálacha ábhartha agus nach gcomhlíonann na sonraíochtaí a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Réasúnú

Baineann an leasú seo le lipéadú fíonta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin nua, go háirithe an chuid den rialachán a bhaineann le hoibleagáidí nua lipéadaithe.

Leasú    224

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh feidhm ag pointe (ga) d’Airteagail 119(1) agus Airteagal 119(3a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 amhail ón ... [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Leasú    225

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh feidhm ag pointe (gb) d’Airteagal 119(1) agus ag Airteagal 119(3b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 amhail ó thús an dara bliain iomlán margaíochta i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i bpointe (va) d’Airteagal 122 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Leasú    226

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh feidhm ag Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 amhail ón ... [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Leasú    227

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh feidhm ag Airteagal 7b de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 amhail ó thús an dara bliain iomlán margaíochta i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear san Airteagal sin.

Leasú    228

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 7a

 

Faoin 30 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle lena leathnaítear amach na rialacha le haghaidh liosta comhábhar agus dearbhú cothúcháin do tháirgí fíona agus do dheochanna alcólacha eile.

  • [1]  IO C 62, 15.2.2019, lch. 214.
  • [2]  IO C 86, 7.3.2019, lch. 173.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Ní théann an dréacht-athchóiriú atá beartaithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) arna mholadh ag an gCoimisiún i ngleic leis na dúshláin. Ó 2014 i leith, tá an ghéarchéim ioncaim talmhaíochta tar éis difear a dhéanamh d’fhormhór an táirgthe, rud a théann i bhfeidhm ar athnuachan ó ghlúin go glúin sa phobal feirmeoireachta. Níor shamhlaigh tomhaltóirí Eorpacha riamh a mhéid tábhachta is a dhéanann siad anois lena bhfuil ar a bpláta agus ní thuigeann siad nach gcuireann AE dóthain dearbhaithe ar fáil maidir le cáilíocht na dtáirgí agus dínit na ndaoine a tháirgeann na táirgí sin.

Tá sé thar am súil a chaitheamh siar ar fhinscéalta na 1990í tráth a raibh an margadh dírithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta, agus a raibh an comhthiomsú monaplachta ar agra-sholáthar, ar agraibhia agus ar dháileadh ag a leibhéal is láidre riamh. Anois agus iltaobhachas ag moilliú agus ag fágáil spáis do chogadh trádála ar scála nach bhfacthas cheana, ní mór don Aontas uathriail straitéiseach a ghlacadh air féin agus saintréithe na ceannasachta bia a fháil ar ais. Mura ndéanfar é sin, laghdófar a éifeachtacht, agus beidh tasc níos éasca acusan atá ag iarraidh cur i gcoinne an lánpháirtithe Eorpaigh.

Gan mórán de sheans go dtabharfaí caibidlíochtaí i gcrích roimh dheireadh an téarma oifige, toisc gur cuireadh moill le cur in iúl na n-éiginnteachtaí maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, thapaigh an Rapóirtéir an deis chun a lua, maidir leis an togra ón gCoimisiún, go raibh sé easnamhach, ionas go mbreithneofaí athbhreithniú bunúsach a dhéanamh ar rialachán CEM chun go mbeadh sé ina rialachán a bheadh sásúil chun géarchéimeanna talmhaíochta a bhainistiú.

Tá gá deireadh a chur le fóirdheontais onnmhairithe mar a mholann an Coimisiún, i bhfianaise ár ngealltanas idirnáisiúnta. Ag an am céanna, sa mhéid nach bhfuiltear ag onnmhairiú a thuilleadh míchothromaíochtaí ár margaidh inmheánaigh beidh gá le fíorghiaráil chun géarchéimeanna a bhainistiú. Tá na huirlisí ann cheana féin sa Rialachán, agus chuidigh athchóiriú 2013 iad á neartú. Léiríodh le tabhairt isteach na tacaíochta don laghdú deonach ar tháirgeadh bainne in 2016 gur éifeachtach an uirlis í agus gur féidir comhthoil a bhaint amach san Aontas. Ach is gá feabhas a chur, áfach, ar shofhreagracht trí úsáid a bhaint as uirlisí chun fíor-chómhargadh a bhaint amach, agus rannchuideoidh an t-athchóiriú atá beartaithe ag an gCoimisiún ar an gcúlchiste géarchéime maidir leis sin. Dar leis an Rapóirtéir, níl sé mar aidhm leis sin teorainn a chur le cumhachtaí an Choimisiúin agus filleadh ar uath-úsáid uirlisí, ach a mhalairt: ba cheart go gcuirfí an fhreagracht ar an gCoimisiún trína chumasú, mar údarás bainistíochta, straitéis gníomhaíochta a tharraingt suas laistigh de chreat feidhmíochta a thacóidh leis an idirphlé idir an Pharlaimint agus an Chomhairle.

Ba cheart go leanfadh an idirghabháil phoiblí (stóráil phoiblí) de bheith ag soláthar líontán sábhála na rogha deiridh i gcás ina mbeadh praghsanna tar éis titim go mór faoi bhun leibhéal na cothromaíochta, ach chuideodh úsáid uirlisí eile le ró-charnadh stoc a sheachaint. Molann an Rapóirtéir gur cheart go mbeadh formhór an chúnaimh do stóráil phríobháideach incháilithe le haghaidh líontán sábhála poiblí. De bhreis air sin, molann sé critéar nua maidir le gníomhachtú dleachta allmhairithe ionas gur féidir nuashonrú a dhéanamh ar phraghasanna agus méideanna a ghníomhachtú nár athraigh le breis agus fiche bliain anuas.

Chun tús a chur le dréachtú straitéise bainistithe géarchéime an Choimisiúin, iarrann an Rapóirtéir go ndéanfaí dhá thuarascáil a tharraingt suas: an chéad cheann maidir le freagairt do ghéarchéim Brexit; an dara ceann maidir le saintréithiú a dhéanamh ar chineálacha éagsúla géarchéime i margaí talmhaíochta.

Ní féidir le CBT ina iomláine a bheith ag brath ar na Ballstáit agus ar phleananna straitéiseacha náisiúnta. Is gá don Choimisiún leanúint air ag ráthú iomláine an chómhargaidh i bhfianaise na ngéarchéimeanna. Thairis sin, mura gcuirtear feabhas suntasach ar dhálaí luacha saothair na bhfeirmeoirí trí rialú níos fearr ar na margaí ar shlí a thabharfaidh coimirce do na feirmeoirí i rithe an aistrithe comhshaoil, leanfaidh CBT ar aghaidh de bheith neamhéifeachtach ó thaobh saincheisteanna comhshaoil de agus ó thaobh an athraithe aeráide.

Tacaíonn an Rapóirtéir le cur chuige an Choimisiúin, eadhon go ndéanfaí na Ballstáit agus na feirmeoirí níos freagraí, go háirithe trí eagraíochtaí níos láidre táirgeoirí. Ach níor cheart gurb iad na réigiúin a bheadh síos leis sin agus is gá don Choimisiún a ról a shainiú chun comhlántacht mhaith a bhaint amach ó thaobh bainistiú riosca phríobháidigh feirmeoirí agus a n-eagraíochtaí. Ní féidir réitigh a bhaineann le hárachas a úsáid, amhail cistí frithpháirteacha don idirghabháil phoiblí, mar nach aon chúnamh iad i gcásanna ina bhfuil na margaí an-spealta nó faoi réir éagothromaíochtaí móra sa chumhacht mhargála.

Chun dul chun cinn a dhéanamh agus chun oibreoirí eacnamaíocha a chumhachtú, tá an Rapóirtéir ag moladh, i gcomhréir leis an obair thábhachtach a rinne an Pharlaimint ó thaobh caibidlíocht a dhéanamh ar an Rialachán Omnibus, deireadh a chur leis na héiginnteachtaí is déanaí i ndáil leis na féidearthachtaí d’fheirmeoirí iad féin a eagrú, i ndáil le cás na ‘searbhán’. Ar an taobh eile de, iarrann an Rapóirtéir go scriosfaí Airteagal 222, a dtugtar airteagal “i bhfabhar cairtéil” air, mar go dtugann sé cead do chairtéil, fiú ar bhonn sealadach, teacht timpeall ar dhírialáil iomarcach, agus ní féidir glacadh leis sin.

Molann an Rapóirtéir go ndéanfaí na forálacha maidir le rialú an tsoláthair, a bhfuil feidhm acu faoi láthair maidir le cáiseanna, liamhás agus fíonta, a leathnú amach go dtí na hearnálacha uile a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, ach freisin chuig gach táirge a bhfuil lipéad oifigiúil cáilíochta orthu agus gach téarma nua breise roghnach forchoimeádta go háirithe maidir le sláinte.

Beidh táirgeoirí atá eagraithe in ann páirt a ghlacadh i gcomhroinnt níos cothroime ar luach breise laistigh de na hearnálacha. Is gá go n-eascródh as an gcomhlántacht idir bainistiú riosca príobháideach agus bainistiú géarchéime poiblí go bhfeidhmeodh na margaí níos fearr agus ar an gcaoi sin go méadófaí sciar an ioncaim feirme ó mhargú a dhéanamh ar tháirgí talmhaíochta.

Dá bhrí sin tá an Rapóirtéir ag moladh go ndéanfaí athbhreithniú meántéarma chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus éifeachtacht fhoriomlán na bpleananna straitéise agus rialacháin CEM amhail an 30 Meitheamh 2024. Breithneofar straitéisí chun imeacht ó chúnamh dírchúpláilte, a leanfaidh de bheith á gcáineadh ag ár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta faoi mar a tharla leis an ionsaí a rinne na Stáit Aontaithe le déanaí i gcoinne ológa boird ón Spáinn. San fhadtéarma, caithfear cúl a thabhairt do loighic na tearc-chumarsáide idir dreamanna éagsúla chun iad go léir a thabhairt le chéile agus margaí a stiúradh go frith-thimthriallach, lena n-áirítear clár bia a bheadh neartaithe go suntasach agus beartas maidir le bithbhreoslaí a dhéanamh solúbtha chun tosaíocht a thabhairt do shlándáil bia maidir le húsáidí neamhbhia agus chun feidhmiú mar a bheadh maolán turrainge i bhfianaise na héagobhsaíochta sna margaí talmhaíochta.

Tugann an Rapóirtéir dá aire nach bhfuil aon fhorálacha sa togra ón gCoimisiún maidir le hathruithe rialála arna dtabhairt isteach le hathchóiriú na dtreoracha agus na rialachán airgeadais (Treoracha Barnier), ach go bhfuil amh-ábhair anois ina gcuid den chreat maoirseachta arna chumhdach ag na húdaráis atá freagrach as rialáil a dhéanamh ar na margaí airgeadais. In Airteagal 25(1) de Rialachán Uimh. 596/2014 agus in Airteagal 79(7) de Threoir 65/2014, áfach, déantar tagairt don Rialachán seo agus foráiltear maidir le hoibleagáidí comhair don Choimisiún i ndáil le táirgí talmhaíochta.

Chun cúiteamh a dhéanamh maidir leis an locht sainiúil ar sheirbhísí talmhaíochta laistigh den Choimisiún, molann an Rapóirtéir go ndéanfaí oibleagáid an chomhair a tharchur agus forálacha a chur leis a dhéanfadh an t-aistriú faisnéise ina aistriú uathoibríoch ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún, go háirithe iadsan a bhaineann le ceadúnais onnmhairithe nó stoic phoiblí. Tá sé riachtanach freisin Airteagal 223 a fhorlíonadh trí chumhacht a thabhairt don Choimisiún a éileamh go mbainfí úsáid as ardáin aistrithe leictreonacha chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí is doiléire.

Ar bhonn níos ginearálta, iarrann an Rapóirtéir go ndéanfaí tuarascáil a dhréachtú maidir le húsáid a bhaint as faisnéis agus teicneolaíochtaí cumarsáide nua, go háirithe teicneolaíocht bhlocshlabhra, chun feabhas a chur a fheidhmiú na margaí agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú. Cé gur tharraing tuarascáil an Tascfhórsa maidir le fheidhmiú na margaí talmhaíochta aird ar an ábhar seo in 2016, níor dhréachtaigh an Coimisiún aon tograí sa réimse sin, cé gur cheart go mbeadh simpliú agus nuachóiriú ar siúl.

Tá moltaí á ndéanamh ag an Rapóirtéir freisin maidir le cumhachtaí eagraíochtaí idirchraoibhe a leathnú amach i dtéarmaí trédhearcachta agus cáilíochta. I ndáil leis an togra ón gCoimisiún maidir le comhlíonadh chaighdeáin an Chomhphobail d’fhíonta in idirthuras, molann an Rapóirtéir go méadófaí líon na dtáirgí arna gcumhdach ag rialacha margaíochta chun comhionannas níos fearr a bhaint amach idir táirgeoirí Eorpacha agus táirgeoirí tríú tír.

Maidir leis na forálacha faoi earnáil an fhíona, iarrann an Rapóirtéir go leanfaí le scéim na n-údaruithe do phlanduithe i ndiaidh 2030, fad is a choinneofaí an oibleagáid go ndéanfaí meastóireacht suas go dtí 2030 ionas go dtabharfaí an deis d’eagraíochtaí gairmiúla a mbarúlacha a chur in iúl. Cuireann an Rapóirtéir i gcoinne an moladh ón gCoimisiún an sainmhíniú ar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a leasú i gcomhréir leis an sainmhíniú atá i gComhaontú TRIPS agus iarrann sé go ndéanfaí an sainmhíniú atá i gComhaontú Idirnáisiúnta Liospóin a úsáid. Aontaíonn an Rapóirtéir leis an moladh ón gCoimisiún go ndéanfaí cineálacha nua fíonchaora a úsáid, lena n-áirítear fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh ag gabháil leo.

Measann an Rapóirtéir nach féidir leas a bhaint as an réimeas céanna maidir le fíonta dí-alcólaithe agus a dhéantar le haghaidh gnáthfhíonta mar nach gcomhfhreagraíonn fíonta dí-alcólaithe don sainmhíniú dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII, Cuid II de Rialachán CEM. Is gá uireasa alcóil a chúiteamh le blasóirí breise saorga, a bhfuil próiseas tionsclaíoch ag teastáil chuige. Measann an Rapóirtéir go bhfuil sé tábhachtach freastal ar éileamh na trédhearcachta ar thaobh na dtomhaltóirí de. Is gá go mbeadh an fhaisnéis maidir le calraí agus an fhaisnéis maidir le comhábhair an fhíona le feiceáil ar an lipéad, nó i bhfoirm leictreonach i gcás na gcomhábhar.

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT (12.2.2019)

chuig an gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach

(COM(2018)0394 – C8‑0246/2018 – 2018/0218(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Maria Heubuch

RÉASÚNÚ GEARR

Déantar tiomantas an Aontais don Chomhleanúnachas Beartas ar mhaithe le Forbairt a chódú in Airteagal 208 de Chonradh Liospóin. San airteagal sin, geallann AE go gcuirfidh sé cuspóirí forbartha ar dócha go ndéanfaidís difear do thíortha i mbéal forbartha san áireamh i mbeartas uile agus go seachnófar trasnálacha idir na beartas sin. Is réimsí tosaíochta de chuid chomhar um fhorbairt an Aontais iad an tslándáil bia agus an talmhaíocht inbhuanaithe. I gcreat beartais ábhartha an Aontais[1] (2010), cuirtear in iúl an tábhacht atá leis an gComhleanúnachas Beartas ar mhaithe le Forbairt (PCD) do shlándáil dhomhanda bia agus dírítear ar Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT).

Cé gur laghdaíodh neamhleanúnachas CBT le cuspóirí forbartha, go háirithe ó cuireadh deireadh le fóirdheontais onnmhairiúcháin de réir a chéile, tá fadhbanna le neamhleanúnachas ann fós. Tá iarmhairtí diúltacha don fhorbairt cruthaithe, inter alia, ag beartais tacaíochta margaidh de chuid CBT, atá ann chun margaidh an Aontais a rialú agus a neartú ach a dhéanann trádáil a shaobhadh agus a dhéanann dochar do mhargaí talmhaíochta tíortha i mbéal forbartha.

Leis an rialachán leasaitheach seo, athraítear sraith rialacháin atá ann cheana ar gnéithe iad de CBT, lena n-áirítear Rialachán 1308/2013 maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (CEM), lena n-eagraítear CEM aonair Eorpach. Tá san áireamh sna bearta, idirghabháil phoiblí agus cabhair stórála príobháidí; agus sna bearta eisceachtúla i gcás shuaitheadh an mhargaidh, aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin, caighdeáin mhargaíochta, etc. Fágann an togra ón gCoimisiún Eorpach formhór de rialachán CEM gan athrú. Le hanailís ar an togra nua reachtach ó dhearcadh PCD de, léirítear nach bhfuil an tiomantas do PCD sainráite go fóill agus nár tugadh na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéimeanna margaidh roimh seo maidir le cleachtais rótháirgeachta agus dumpála san áireamh go leordhóthanach.

In earnáil bainne an Aontais Eorpaigh, mar shampla, bhí rótháirgeacht ina cúis géarchéime go rialta, a ndearnadh frithghníomhú dó sin faoi CBT le beart slándála lena soláthraítear cabhair chun púdar bainne a stóráil. Leis an bhfóirdheontas sin, in éineacht le onnmhairithe méadaithe púdar bainne go dtí an Afraic Thiar: i mBuircíne Fasó, d’éirigh bainne AE trí oiread níos saoire ná an bainne áitiúil. Dá bhrí sin, bhí freagairtí mar sin neamhleanúnach leis na cuspóirí forbartha, go háirithe SDG 2, toisc gur loit siad na margaí áitiúla agus chuir siad slite beatha táirgeoirí beaga i mbaol.

Tá á mholadh ag an Rapóirtéir an rialachán a leasú chun tiomantas níos láidre do PCD a thabhairt isteach, chun dul i ngleic ar rótháirgeacht ar mhargaí Eorpacha agus chun géarchéimeanna a chosc:

-  Tiomantas níos láidre do PCD, do Chlár Oibre 2030 agus do Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide;

-  Dul i ngleic le rótháirgeacht le Scéim Dheonach um Laghdú Toirte a thiocfadh i bhfeidhm i gcás shuaitheadh tromchúiseach an mhargaidh;

-  Tuar agus cosc géarchéimeanna san earnáil bainne tríd an ról faireacháin atá ag Faireachlann AE um Margadh an Bhainne a leathnú agus sásra géarchéime a thionscnaimh má bhraitear éagothroime.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Fhorbairt ar an gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Lua 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 114, an chéad mhír d’Airteagal 118, agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 114, an chéad mhír d’Airteagal 118 agus Airteagal 349 chomh maith le hAirteagal 208 de,

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ ("Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta") an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta ("CBT") tar éis 2020. Ar na cuspóirí seo tá, inter alia, an gá atá ann an Comhbheartas Talmhaíochta a bheith dírithe níos mó ar thorthaí a bhaint amach, ar bhorradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena n áirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, agus ar chuidiú le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin sin a bhíonn ar thairbhithe ar ualach é a thagann de reachtaíocht an Aontais.

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ (“Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta”) an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) todhchaíoch i ndiaidh 2020. Ar na cuspóirí seo áirítear, inter alia, an gá atá ann go mbeadh CBT dírithe níos mó ar thorthaí a bhaint amach agus faoin CBT go ndéanfaí, ag teacht le Clár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe agus le Comhaontú Aeráide Pháras, borradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena n-áirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta, comhshaoil agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, go dtáirgfí bia folláin agus go gcuideofaí le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhíonn ar thairbhithe agus a thagann as reachtaíocht an Aontais. Cuireann an Coimisiún gné dhomhanda CBT i bhfáth freisin agus luann sé gealltanas an Aontais chun Comhtháthú Beartais ar Mhaithe le Forbairt Inbhuanaithe (PCSD) a fheabhsú.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)  Chun aghaidh a thabhairt ar ghné dhomhanda agus impleachtaí CBT, ba cheart comhchuibheas agus leanúnachas le beartais sheachtracha agus ionstraimí seachtracha eile de chuid an Aontais, go háirithe maidir le forbairt comhar agus trádáil, a áirithiú. Éilítear le gealltanas an Aontais i dtaca le comhtháthú beartais ar mhaithe le forbairt go gcuirfear cuspóirí agus prionsabail forbartha san áireamh tráth a bheidh beartais talmhaíochta á ndearadh, go háirithe chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus le Comhaontú Pháras.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt an Chomhbheartais Talmhaíochta do na dúshláin agus do na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus ar leibhéal an Aontais, ní mór rialachas an Chomhbheartais Talmhaíochta a chomhchuibhiú agus an chaoi a seachadann sé cuspóirí an Aontais a fheabhsú agus an t ualach riaracháin a laghdú go suntasach. I gComhbheartas Talmhaíochta atá bunaithe ar fheidhmíocht a sheachadadh ("an tsamhail seachadta"), ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus na bunriachtanais, agus san am céanna ba cheart freagracht níos mó a bheith ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus a mbainfidh siad spriocanna amach. Le coimhdeacht fheabhsaithe, féadtar na dálaí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh ar dhóigh níos fearr, agus ar an dóigh sin an tacaíocht a chur in oiriúint ionas go rannchuideofaí, ar an dóigh is mó is féidir, le cuspóirí an Aontais.

(2)  Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt CBT do na dúshláin agus do na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar an leibhéal an Aontais, ar na leibhéil idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus ar leibhéal na feirme, is gá rialachas CBT a shruthlíniú agus feabhas a chur ar an gcaoi a seachadann sé cuspóirí an Aontais, agus an t-ualach riaracháin a laghdú go suntasach. In CBT atá bunaithe ar fheidhmíocht a seachadadh (‘an tsamhail seachadta’), ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí CBT agus na bunriachtanais, agus ag an am céanna go mbeadh freagracht níos mó ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí, a mbainfidh siad spriocanna amach agus maidir le héifeachtaí a ngníomhaíochtaí ar thíortha atá i mbéal forbartha. Le coimhdeacht fheabhsaithe, is indéanta na dálaí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh ar dhóigh níos fearr tríd an tacaíocht a shainoiriúnú ionas go n-uasmhéadófar an rannchuidiú le cuspóirí an Aontais.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2a)  I gcomhréir le hAirteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), beidh cur chun feidhme CBT comhleanúnach le cuspóirí an chomhair um fhorbairt, lena n-áirítear, inter alia, Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. I gcomhréir leis an gcomhtháthú beartas, níor cheart go gcuirfidh bearta arna ndéanamh faoin Rialachán seo isteach ar acmhainneacht táirgeachta bia agus ar shlándáil fhadtéarmach bia i dtíortha i mbéal forbartha, go háirithe sna tíortha is lú forbairt, ná ní chuirfidh siad isteach ar bhaint amach oibleagáidí an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú faoi Chomhaontú Pháras.

Réasúnú

De réir Airteagal 208 CFAE, ní mór go ndéanfaidh beartas uile AE, ar dócha go ndéanfaidís difear do thíortha i mbéal forbartha, cuspóirí forbartha a chur san áireamh. Is iad príomhchuspóirí chomhar um fhorbairt an Aontais ná forbairt talmhaíochta a éascú i dtíortha is mbéal forbartha agus slándáil dhomhanda bia a fheabhsú. Imríonn CBT tionchar ar thrádáil talmhaíochta go háirithe. Tá sé ina cheanglas ag prionsabal an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt go gcuirfear tionchar ar mhargaí talmhaíochta áitiúla agus ar tháirgeoirí áitiúla i dtíortha i mbéal forbartha san áireamh, go ndéanfar faireachán orthu agus go ndéanfar iad a sheachaint, nuair is féidir.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)  Leagtar amach, in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, sainmhínithe áirithe a bhaineann le hearnálacha atá faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Na sainmhínithe a bhaineann leis an earnáil siúcra a leagtar amach i Roinn B de Chuid II den Iarscríbhinn sin, ba chóir iad a scriosadh aisti óir níl siad infheidhme a thuilleadh. Chun nuashonrú a dhéanamh ar shainmhínithe a bhaineann le hearnálacha eile a dtagraítear dóibh san Iarscríbhinn sin, nuashonrú a thabharfadh san áireamh faisnéis nua eolaíochtúil nó nuafhorbairt ar na margaí, ba chóir, ar feadh a mbaineann le leasú na sainmhínithe sin, an chumhacht le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún. Tá tábhacht ar leith leis go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n áirítear comhairliúcháin ar an leibhéal saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n ullmhú agus á ndréachtú aige, ba chóir don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach tráthúil iomchuí. Dá bhrí sin, an cumhachtú leithleach sin chun leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar shíoróip ionúiline a tharmligtear don Choimisiúin trí bhíthin phointe 4 de roinn A de Chuid II den Iarscríbhinn sin, ba chóir é a scriosadh.

(4)  In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, leagtar amach sainmhínithe áirithe a bhaineann le hearnálacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Na sainmhínithe a bhaineann leis an earnáil siúcra a leagtar amach i Roinn B de Chuid II den Iarscríbhinn sin, ba chóir iad a scriosadh mar nach bhfuil siad infheidhme a thuilleadh. Chun nuashonrú a dhéanamh ar shainmhínithe a bhaineann le hearnálacha eile a dtagraítear dóibh san Iarscríbhinn sin, nuashonrú a thabharfadh san áireamh faisnéis nua eolaíochtúil nó nuafhorbairt ar na margaí, ba chóir, ar feadh a mbaineann le leasú na sainmhínithe sin, an chumhacht le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán ar leibhéal na saineolaithe agus le comhpháirtithe i dtríú tíortha. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart go scriosfaí an cumhachtú leithleach atá tarmligthe chuig an gCoimisiún i bpointe 4 de Roinn A de chuid II den Iarscríbhinn chun leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar shíoróip ionúiline.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)  Ba cheart, ar an gcaoi sin, cabhair a thabhairt do chomhpháirtithe i dtíortha i mbéal forbartha chun córas de thásca geografacha agus de lipéid a fhorbairt. Ba cheart ansin don Aontas agus do na Ballstáit aitheantas a thabhairt dóibh sin freisin.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)  Céim sár-riachtanach sa nós imeachta is ea an measúnú a dheanann na húdaráis inniúla sna Ballstáit. A bhuí leis an eolas agus leis an saineolas atá ag na Ballstáit agus a bhuí leis an rochtain atá acu ar shonraí agus ar fhíorais, is leis na Ballstáit a thig, ar an tslí is fearr, a fhíorú, i dtaca leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil san iarratas, an bhfuil an fhaisnéis sin cruinn agus fírinneach. Ar an ábhar sin, ba chóir do na Ballstáit a ráthú gur beacht agus gurb iontaofa toradh an mheasúnaithe sin, toradh a ndéanfar taifead dílis air i ndoiciméad aonair ina mbeidh cur síos achomair ar eilimintí ábhartha shonraíocht an táirge. Ba chóir don Choimisiún, ag féachaint do phrionsabal na coimhdeachta, grinnscrúdú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na hiarratais lena áirithiú nach mbeidh aon earráidí follasacha iontu agus lena áirithiú gur tugadh san áireamh dlí an Aontais agus leasanna páirtithe leasmhara lasmuigh de Bhallstát an iarratais.

(15)  Is céim shár-riachtanach sa nós imeachta é an measúnú a dhéanann na húdaráis inniúla sna Ballstáit. Tá eolas agus saineolas ag na Ballstáit, chomh maith le rochtain acu ar shonraí agus ar fhíorais, rud a fhágann gurb iad is fearr lena fhíorú an bhfuil an fhaisnéis a thugtar san iarratas ceart agus fírinneach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a ráthú go bhfuil toradh an mheasúnaithe sin, atá le taifead go dílis i ndoiciméad aonair ina dtugtar achoimre ar eilimintí ábhartha shonraíocht an táirge, intaofa agus beacht. Ag féachaint do phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart don Choimisiún, ina dhiaidh sin, inniúchadh a dhéanamh ar na hiarratais lena áirithiú nach bhfuil aon earráidí follasacha iontu agus gur cuireadh dlí an Aontais agus leasanna geallsealbhóirí lasmuigh de Bhallstát an iarratais agus lasmuigh den Aontas san áireamh.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)  Maidir le creidmheasanna onnmhairíochta, ráthaíochtaí creidmheasa onnmhairíochta agus cláir árachais, fiontair thrádála de chuid stát easpórtála talmhaíochta agus maidir le cabhair bhia idirnáisiúnta, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a thabharfaidh urraim do dhlí an Aontais. Ó tharla go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina gcomhaltaí de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, ba chóir go gcomhlíonfadh na bearta náisiúnta sin na rialacha a leagtar síos i gCinneadh Airí sin an 19 Nollaig 2015 de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, óir is é sin dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta.

(27)  I ndáil le creidmheasanna onnmhairíochta, ráthaíochtaí creidmheasa onnmhairíochta agus cláir árachais, fiontair thrádála de chuid stát onnmhairíochta talmhaíochta agus cabhair bhia idirnáisiúnta, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh in urraim do dhlí an Aontais, lena n-áirítear Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt de réir Airteagal 208 CFAE agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Ós rud é go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina gcomhaltaí de EDT, ba cheart go gcomhlíonfadh na bearta náisiúnta sin na rialacha a leagtar síos i gCinneadh Airí EDT an 19 Nollaig 2015, mar ghné de dhlí an Aontais agus den dlí idirnáisiúnta. I ndáil leis sin, déanfar PCD a choimirciú i gcónaí agus áiritheofar nach rachaidh na bearta chun dochair do thíortha i mbéal forbartha trí shaobhadh ar na dálaí iomaíochta.

Réasúnú

Ní mór don Chomhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt (OCD) cuspóirí a bhaineann le comhair um fhorbairt a chur san áireamh ina bheartais, ar dócha go ndéanfaidís difear do thíortha i mbéal forbartha. Tá éifeachtaí seachtracha ag baint le beartas talmhaíochta an Aontais, a imríonn tionchar ar thrádáil talmhaíochta go háirithe. Tá impleachtaí díreacha ar dhálaí an mhargaidh idirnáisiúnta ag fiontair thrádála talmhaíochta na stát onnmhairiúcháin agus ag cúnamh idirnáisiúnta bia. Dá bhrí sin, ní mór iarmhairtí na n-athruithe sin ar mhargaí talmhaíochta i mbéal forbartha a bhreithniú.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1)  i gCuid I, cuirtear Airteagal 2a seo a leanas isteach:

 

Airteagal 2a

 

Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt

 

I gcomhréir le hAirteagal 208 CFAE, déanfar na cuspóirí a bhaineann le comhar um fhorbairt, lena n-áirítear na cuspóirí sin a chomhaontaítear i gcomhthéacs na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, a chur san áireamh i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Ní dhéanfaidh bearta arna ndéanamh faoin Rialachán seo díobháil don acmhainneacht táirgeachta bia agus don slándáil fhadtéarmach bia i dtíortha i mbéal forbartha, go háirithe sna tíortha is lú forbairt (LDCanna).

 

Ní imreoidh idirghabháil phoiblí agus stocshealbhaíocht phríobháideach tionchar diúltach ar thíortha i mbéal forbartha agus comhlíonfaidh siad prionsabail PCD. Dá réir sin, ní imreoidh díolachán táirgí ina dhiaidh sin a ndearna idirghabháil phoiblí agus stocshealbhaíocht phríobháideach difear dóibh tionchar diúltach ar na margaí sna tíortha i mbéal forbartha.

Réasúnú

De réir Airteagal 208 CFAE, ní mór do gach beartas ar dócha go ndéanfaidh siad difear do thíortha i mbéal forbartha cuspóirí beartas forbartha AE a chur san áireamh. Is iad príomhchuspóirí chomhar um fhorbairt an Aontais ná forbairt talmhaíochta a éascú i dtíortha is mbéal forbartha agus slándáil dhomhanda bia a fheabhsú. Bíonn éifeachtaí seachtracha ag baint le beartas talmhaíochta AE a imríonn tionchar ar thrádáil talmhaíochta go háirithe. Bheadh sé ina cheanglas ag prionsabal PCD go ndéanfar faireachán ar na hiarmhairtí ionchasacha ar mhargaí talmhaíochta áitiúla agus ar tháirgeoirí áitiúla i dtíortha i mbéal forbartha agus, go ndéanfar iad a sheachaint, nuair is féidir.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

Airteagal 7a

 

Laghdú deonach ar chainníochtaí

 

Tabharfar isteach an fhéidearthacht chun cainníochtaí a laghdú go deonach. Beidh an idirghabháil sin indéanta tráth a chinneann an Coimisiún go bhfuil suaitheadh tromchúiseach ar an margadh in earnáil ann (ón liosta in Airteagal 1(2) de Rialachán 1308/2013). Féadfaidh táirgeoirí ansin a méid táirgeachta a laghdú go deonach thar thréimhse a chinnfidh an Coimisiún, i gcoibhneas leis an tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin.

 

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an méid seo a leanas a leagan síos:

 

  Cainníochtaí/toirteanna uasta soláthair

 

  Ré an táirgthe laghdaithe

 

  Leibhéal cúitimh do tháirgeoirí a dhéanann cainníochtaí a laghdú

 

  Leibhéal an phionóis i gcás táirgeoirí a dhéanann a dtáirgeacht a mhéadú le linn na tréimhse sin

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 16 – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3b)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(1)

1.  Déanfar táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt ar bhealach a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

1.  Déanfar táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt ar bhealach a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

(a)  aon suaitheadh sa mhargadh a sheachaint,

(a)  aon suaitheadh i margadh an Aontais i margaí tríú tíortha a sheachaint,

(b)  rochtain chomhionann ar earraí agus cóireáil chomhionann ceannaitheoirí a áirithiú agus

(b)  rochtain chomhionann ar earraí agus cóireáil chomhionann ceannaitheoirí a áirithiú,

(c)  na gealltanais a chomhlíonadh a thagann as comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE.

(c)  na gealltanais a chomhlíonadh a thagann as comhaontuithe idirnáisiúnta a thugtar i gcrích i gcomhréir le CFAE, agus

 

(ca)  an Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 208 CFAE.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Cuirtear forálacha breise leis chun a áirithiú go ndéanfar diúscairt ó idirghabháil phoiblí i gcomhréir le hAirteagal 208 CFAE, lena n-éileofar Comhtháthú Beartais ar mhaithe le Forbairt (e). Go sonrach, ní mór nach ndéanfaidh diúscairt táirgí margaí thríú tíortha, chomh maith le margadh an Aontais, (a) a shuaitheadh. Ar deireadh, ní dhéanfar táirgí a dhiúscairt ar phraghas atá faoi phraghas na hidirghabhála poiblí ábhartha - cibé acu más praghas socraithe é de réir Airteagal 15(1)(a) nó más é an praghas uasta de réir Airteagal 15(1)(b).

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Caibidil VIIa – Airteagal 205 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a)  i gCuid III, cuirtear isteach Caibidil VIIa mar a leanas:

 

Caibidil VIIa

 

Airteagal 205a

 

Faireachán a dhéanamh ar Chomhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt

 

1.  I gcomhréir le hAirteagal 208 CFAE, beidh tionchar CBT ar chórais bhia agus ar shlándáil fhadtéarmach bia i dtíortha i mbéal forbartha faoi réir measúnuithe rialta agus neamhspleácha. Agus an faireachán sin á dhéanamh, tabharfar aird ar leith ar thionchar sreafaí trádála agraibhia idir an tAontas agus tíortha atá i mbéal forbartha i dtaca le

 

(i)  táirgeadh, próiseáil agus dáileadh bia in LDCanna,

 

(ii)  táirgeoirí gabháltas agus banfheirmeoirí áitiúla

 

(iii)  táirgí a mheasann tíortha i mbéal forbartha a bheith íogair

 

(iv)  táirgí ó earnálacha i gcás inar deonaíodh íocaíochtaí cúpláilte faoi CBT agus i gcás inar cuireadh bearta bainistithe géarchéime faoi CBT i bhfeidhm.

 

2.  Scrúdóidh an measúnú sonraí ó fhaireachlanna margaidh an Aontais, ó chás-staidéir, ó thuairisciú ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chomh maith le fianaise arna soláthar ag tíortha comhpháirtíochta agus ag páirtithe leasmhara ábhartha eile amhail eagraíochtaí ón tsochaí sibhialta. Chun na críche sin, déanfar raon feidhme fhaireachlanna margaidh an Aontais i dtaobh earnálacha agus críocha a fhairsingiú chun táirgí a mheasann tíortha comhpháirtíochta a bheith íogair agus na tíortha is lú forbairt a chumhdach. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an raon feidhme agus an nós imeachta don mheasúnú a shainiú.

 

3.  Má léiríonn sonraí a ndearnadh faireachán orthu go bhfuil baol ann go ndéanfaí dochar do tháirgeadh agus próiseáil agraibhia nó do shlándáil bia tíre atá i mbéal forbartha, déanfaidh an Coimisiún Eorpach rabhadh luath a eisiúint, rud a thionscnaíonn comhairliúchán idir an tAontas agus na pobail talmhaíochta a ndearnadh difear dóibh chomh maith le rialtais thíortha comhpháirtíochta chun bearta a chomhaontú. Beidh coimirce shóisialta ar fáil do pháirtithe a ndéanfar difear dóibh.

 

4.  Más rud é nach ndéantar rabhadh luath a eisiúint ach go dtarlaíonn drochéifeachtaí, féadfaidh an páirtí lena mbaineann gearán a chur isteach. Glacfaidh Buanrapóirtéir Pharlaimint na hEorpa maidir le Comhtháthú Beartais ar mhaithe le Forbairt le gearáin agus déanfaidh Oifigigh Éisteachta sa Choimisiúin Eorpach an gearán a láimhseáil. Féadfaidh grúpaí a ndearnadh difear dóibh agus páirtithe leasmhara eile fianaise a chur i láthair.

 

5.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le torthaí an mheasúnaithe, maidir leis an bhfianaise a fuarthas agus maidir le freagairt bheartais an Aontais.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 27

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 225 – mír 1 – pointí a go d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)  in Airteagal 225, scriostar pointí (a) go (d);

(27)  in Airteagal 225, scriostar pointí (a), (c) agus (d);

Réasúnú

Caithfear faireachán a dhéanamh fós ar an margadh bainne, agus níor cheart ceanglais i dtaca le tuairisciú a scriosadh.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 27 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 225 – mír 1 – pointe b

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(27a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) d’Airteagal 225:

(b)  faoin 30 Meitheamh 2014 agus faoin 31 Nollaig 2018 maidir le forbairt staid an mhargaidh in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne agus go háirithe maidir le feidhmiú Airteagail 148 go 151, Airteagal 152(3), Airteagal 157(3) lena measúnaítear go háirithe, na héifeachtaí ar tháirgeoirí bainne agus ar tháirgeadh bainne sna réigiúin faoi mhíbhuntáiste maidir leis an gcuspóir ginearálta táirgeadh a choinneáil ar bun sna réigiúin sin agus lena gcumhdaítear dreasachtaí féideartha chun feirmeoirí a spreagadh le comhaontuithe comhpháirteacha a dhéanamh maidir le comhtháirgeadh in éineacht le haon tograí iomchuí.

(b)  gach ceithre bliana agus don chéad uair faoin 30 Meitheamh 2022, maidir le forbairt staid an mhargaidh in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, agus go háirithe maidir le hoibriú Airteagail 148 go 151, Airteagal 152(3), Airteagal 157(3), lena measúnaítear go háirithe na héifeachtaí ar tháirgeoirí bainne agus ar tháirgeadh bainne sna réigiúin faoi mhíbhuntáiste i dtaca leis an gcuspóir ginearálta an táirgeacht a choinneáil ar bun sna réigiúin sin agus lena gcumhdaítear dreasachtaí féideartha chun feirmeoirí a spreagadh le comhaontuithe comhpháirteacha maidir le táirgeadh a dhéanamh, in éineacht le haon tograí iomchuí;

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561369596324&from=EN)

Réasúnú

Caithfear faireachán a dhéanamh fós ar an margadh bainne, agus ba cheart ceanglais i dtaca le tuairisciú a thabhairt cothrom le dáta.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach.

Tagairtí

COM(2018)0394 – C8-0246/2018 – 2018/0218(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AGRI

11.6.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

5.7.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Maria Heubuch

11.7.2018

Pléite sa choiste

19.11.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

7.2.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

20

0

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Beatriz Becerra Basterrechea, Ignazio Corrao, Charles Goerens, Maria Heubuch, György Hölvényi, Arne Lietz, Linda McAvan, Norbert Neuser, Elly Schlein, Bogusław Sonik, Mirja Vehkaperä, Anna Záborská

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Stefan Gehrold, Bernd Lucke, Judith Sargentini

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Czesław Hoc, Monika Hohlmeier, John Howarth, Tom Vandenkendelaere, Josef Weidenholzer, Bogdan Andrzej Zdrojewski

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

20

+

ALDE

Beatriz Becerra Basterrechea, Charles Goerens, Mirja Vehkaperä

EFDD

Ignazio Corrao

PPE

Asim Ademov, Stefan Gehrold, Monika Hohlmeier, György Hölvényi, Bogusław Sonik, Tom Vandenkendelaere, Anna Záborská, Bogdan Andrzej Zdrojewski

S&D

John Howarth, Arne Lietz, Linda McAvan, Norbert Neuser, Elly Schlein, Josef Weidenholzer

VERTS/ALE

Maria Heubuch, Judith Sargentini

0

-

 

 

2

0

ECR

Czesław Hoc, Bernd Lucke

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

  • [1]  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: Creat beartais de chuid an Aontais chun tacú le tíortha atá i mbéal forbartha aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le slándáil bia. COM(2010) 127 final. An Bhruiséil, CE, 31 Márta 2010.

SEASAMH I BHFOIRM LEASUITHE ÓN gCoiste um Rialú Buiséadach (26.11.2018)

chuig an gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach

(COM(2018)0394 – C8‑0246/2018 – 2018/0218(COD))

Thar ceann an Choiste um Rialú Buiséadach: Tomáš Zdechovský (rapóirtéir)

LEASUITHE

Déanann an Coiste um Rialú Buiséadach na leasuithe seo a leanas a chur faoi bhráid an Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, mar an coiste atá freagrach:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ ("Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta") an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta ("CBT") tar éis 2020. Ar na cuspóirí seo tá, inter alia, an gá atá ann an Comhbheartas Talmhaíochta a bheith dírithe níos mó ar thorthaí a bhaint amach, ar bhorradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena n áirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, agus ar chuidiú le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin sin a bhíonn ar thairbhithe ar ualach é a thagann de reachtaíocht an Aontais.

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ (“Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta”) an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) todhchaíoch i ndiaidh 2020. Ar na cuspóirí seo áirítear, inter alia, an gá atá ann go mbeadh CBT dírithe níos mó ar thorthaí a bhaint amach agus faoin CBT go ndéanfaí borradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena n-áirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta, comhshaoil agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe (lena n-áirítear trí fhócas méadaithe ar agrathalmhaíocht), go ndéanfadh sé maolú ar dhramhaíl bia agus oideachas i dtaobh nósanna sláintiúla itheacháin a chur chun cinn, agus go gcuideofaí le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhíonn ar thairbhithe agus a thagann as reachtaíocht an Aontais.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt an Chomhbheartais Talmhaíochta do na dúshláin agus do na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus ar leibhéal an Aontais, ní mór rialachas an Chomhbheartais Talmhaíochta a chomhchuibhiú agus an chaoi a seachadann sé cuspóirí an Aontais a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin a laghdú go suntasach. I gComhbheartas Talmhaíochta atá bunaithe ar fheidhmíocht a sheachadadh ("an tsamhail seachadta"), ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus na bunriachtanais, agus san am céanna ba cheart freagracht níos mó a bheith ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus a mbainfidh siad spriocanna amach. Le coimhdeacht fheabhsaithe, féadtar na dálaí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh ar dhóigh níos fearr, agus ar an dóigh sin an tacaíocht a chur in oiriúint ionas go rannchuideofaí, ar an dóigh is mó is féidir, le cuspóirí an Aontais.

(2)  Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt CBT do na dúshláin agus do na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar an leibhéal an Aontais, ar na leibhéil idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus ar leibhéal na feirme, is gá rialachas CBT a shruthlíniú agus feabhas a chur ar an gcaoi a seachadann sé cuspóirí an Aontais, agus an t-ualach riaracháin a laghdú go suntasach. In CBT atá bunaithe ar fheidhmíocht a seachadadh (‘an tsamhail seachadta’), á mheabhrú gurb é an cuspóir atá mar phríomhfhócas ná ioncam inbhuanaithe a sholáthar do tháirgeoirí, ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí CBT agus na bunriachtanais. Bíonn freagracht níos mó ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus a mbainfidh siad spriocanna amach. Le coimhdeacht fheabhsaithe, is indéanta na dálaí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh ar dhóigh níos fearr tríd an tacaíocht a shainoiriúnú ionas go n-uasmhéadófar an rannchuidiú le cuspóirí an Aontais.

Réasúnú

Cé go bhféadfaí níos mó neamhspleáchais a thabhairt do na Ballstáit maidir leis an gcaoi a leithdháileann siad maoinithe CBT, tá córas míchothrom limistéarbhunaithe fós in úsáid ag cuid díobh, gan aon chuntas orthu siúd is mó ar an anás, na feirmeoirí níos lú.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Ba chóir modhnú a dhéanamh ar na rialacha lena ndéanann na Ballstáit rangú ar chineál na gcaor fíniúna ionas go dtabharfaí san áireamh iontu na cineálacha caor fíniúna Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton agus Herbemont, cineálacha nach raibh san áireamh cheana. Chun a áirithiú gur i méad a rachaidh an fhriotaíocht in aghaidh galair a bhaineann le táirgeadh an fhíona san Aontas agus chun a áirithiú go n-úsáidfear sa táirgeadh sin cineálacha fíniúna a bheidh in oiriúint níos fearr do na hathruithe ar dhálaí aeráide, ba chóir foráil a dhéanamh lena gceadófaí na cineálacha Vitis Labrusca agus cineálacha ó chrosáil Vitis vinifera, Vitis Labrusca le spéicis eile den ghéineas Vitis a phlandáil le haghaidh fíon a tháirgeadh san Aontas.

(9)  Ba cheart modhnú a dhéanamh ar na rialacha lena ndéanann na Ballstáit aicmiú ar chineál na bhfíonchaor chun na cineálacha fíonchaor Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton agus Herbemont, nach raibh san áireamh cheana, a chur san áireamh. Chun a áirithiú gur i méad a rachaidh an fhriotaíocht in aghaidh galair a bhaineann le táirgeadh an fhíona san Aontas agus chun a áirithiú go n-úsáidfear sa táirgeadh sin cineálacha fíniúna a bheidh in oiriúint níos fearr do na hathruithe ar dhálaí aeráide, ba cheart foráil a dhéanamh lena gceadófaí na cineálacha Vitis Labrusca agus cineálacha ó chrosáil Vitis vinifera, Vitis Labrusca agus spéicis eile den ghéineas Vitis a phlandáil le haghaidh fíon a tháirgeadh san Aontas. Níor cheart aon fhoráil a dhéanamh, áfach, do chineálacha géinmhodhnaithe.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 61 – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(4a)  in Airteagal 61, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: 

Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo, beidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2030, agus déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú meántéarma chun meastóireacht a dhéanamh ar oibriú na scéime agus, más iomchuí, tograí a dhéanamh.

Déanfaidh an Coimisiún scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha arna bunú sa Chaibidil seo a athbhreithniú in 2023 chun meastóireacht a dhéanamh ar a hoibriú agus, más iomchuí, tograí a dhéanamh chun feabhas a chur ar a héifeachtúlacht.’  

Réasúnú

Leis an athchóiriú in 2013, is sásúil tabhairt isteach scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha, a tháinig isteach in ionad scéim na gceart plandála. Ba cheart go gcuirfí an scéim i bhfeidhm ar bhonn buan, agus an ceanglas meastóireachta a choinneáil chun go n-éascófaí a feabhsaithe más gá. Tá tréimhse leordhóthanach ann idir an dáta meastóireachta a roghnaíodh agus an chéad tréimhse oibriúcháin eile chun go bhféadfar torthaí na meastóireachta a chur san aíreamh in ullmhúchán na tréimhse sin.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 28 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 226 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a)   Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach leis:

 

Airteagal 226a

 

Creat feidhmíochta

 

1.  Cuirfidh an Coimisiún creat feidhmíochta i bhfeidhm chun tuairisciú, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an phlean bainistithe géarchéime le linn a chur chun feidhme.

 

2.  Áireofar sa chreat feidhmíochta na heilimintí seo a leanas:

 

(a)  sraith chomhchoiteann de tháscairí comhthéacs, aschuir, torthaí agus tionchair ar a mbeidh an faireachán agus meastóireacht agus tuairisciú bliantúil feidhmíochta bunaithe;

 

(b)  spriocanna agus garspriocanna bliantúla arna mbunú le haghaidh na gcuspóirí sonracha ábhartha trí tháscairí toraidh a úsáid;

 

(c)  bailiú, stóráil agus tarchur sonraí;

 

(d)  tuarascálacha feidhmíochta bliantúla ar an bplean bainistithe géarchéime do gach ceann de na haschuir dá ndéantar difear i rith na bliana;

 

(e)  tomhais maidir le cuíchóiriú féideartha in úsáid fhoriomlán EAGF;

 

3.  Is é a bheidh mar chuspóir ag an gcreat feidhmíochta:

 

(a)  measúnú a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir le CBT;

 

(b)  tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le húsáid na sainchumas arna dtabhairt don Choimisiún i ndáil le cosc agus bainistiú géarchéime;

 

(c)  imeacht ón loighic a úsáidtear faoi láthair do chaiteachas an EAGF;

 

(d)  cur chuige frith-thimthriallach a chothú i dtreorú margaí talmhaíochta agus ioncam, lena mbaineann rialálaí na hearnála talmhaíochta, i.e. an Coimisiún, úsáid optamach as cistí poiblí mar fhreagairt ar thimthriallta eacnamaíocha, teagmhais aeráide, teannas geopholaitiúil.

Réasúnú

Déantar achoimre leis seo ar Airteagal 91 agus Airteagal 113 den dréachtrialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha; ní mór do na Ballstáit a roghanna, maille le húdar cuí leis na roghanna sin, a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún a straitéis chun déileáil le géarchéimeanna a shainiú d’fhonn tuairisciú don Pharlaimint agus don Chomhairle. Tá soiléiriú a straitéise ina réamhriachtanas ionas gur féidir leis na Ballstáit a gcuid tosaíochtaí a bhunú.

TUAIRIM ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (31.1.2019)

chuig an gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach

(COM(2018)0394 – C8‑0246/2018 – 2018/0218(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Herbert Dorfmann

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar an gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ ("Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta") an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta ("CBT") tar éis 2020. Ar na cuspóirí seo tá, inter alia, an gá atá ann an Comhbheartas Talmhaíochta a bheith dírithe níos mó ar thorthaí a bhaint amach, ar bhorradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena n áirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, agus ar chuidiú le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin sin a bhíonn ar thairbhithe ar ualach é a thagann de reachtaíocht an Aontais.

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ (“Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta”) an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) todhchaíoch i ndiaidh 2020. Ar na cuspóirí seo áirítear, inter alia, an gá atá ann go mbeadh CBT dírithe níos mó ar thorthaí a bhaint amach agus faoin CBT go ndéanfaí borradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena n-áirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta, comhshaoil agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, ag teacht le Clár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe agus le Comhaontú Aeráide Pháras agus go gcuideofaí le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhíonn ar thairbhithe agus a thagann as reachtaíocht an Aontais.

Réasúnú

De réir Airteagal 208 CFAE, ní mór do AE cuspóirí a bhaineann le comhair um fhorbairt a chur san áireamh sna beartais ábhartha uile. Is iad príomhchuspóirí chomhar um fhorbairt an Aontais ná forbairt talmhaíochta a éascú sna tíortha is lú forbairt agus slándáil dhomhanda bia a fheabhsú. Imríonn CBT tionchar ar thrádáil talmhaíochta go háirithe. Tá sé ina cheanglas ag prionsabal an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt go gcuirfear na hiarmhairtí ionchasacha ar mhargaí talmhaíochta áitiúla agus ar tháirgeoirí áitiúla i dtíortha i mbéal forbartha san áireamh, go ndéanfar faireachán orthu agus go ndéanfar iad a sheachaint, nuair is féidir.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)  Is é a leanann as forbairt chomhaontuithe trádála ná, ar lámh amháin, iomaíocht mhéadaithe i gcomhair táirgeoirí talmhaíochta go hidirnáisiúnta, agus ag an am céanna, ar an lámh eile, osclaítear peirspictíochtaí nua dóibh. Chun iomaíocht chóir a choinneáil agus chun cómhalartacht i dtrádáil idirnáisiúnta a áirithiú, ní mór don Aontas Eorpach caighdeáin táirgthe a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis na caighdeáin sin a bunaíodh dá tháirgeoirí féin, go háirithe i dtaca le gnóthaí comhshaoil agus sláinte, faoi réir na cómhalartachta.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)  I gcomhréir le hAirteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), beidh cur chun feidhme CBT comhleanúnach le cuspóirí an chomhair um fhorbairt, lena n-áirítear, inter alia, Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. I gcomhréir leis an gcomhtháthú beartas, ní chuirfidh bearta arna ndéanamh faoin Rialachán seo isteach ar acmhainneacht táirgeachta bia agus ar shlándáil fhadtéarmach bia i dtíortha i mbéal forbartha, go háirithe sna tíortha is lú forbairt, ná ní chuirfidh siad isteach ar bhaint amach oibleagáidí an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú faoi Chomhaontú Pháras.

Réasúnú

De réir Airteagal 208 CFAE, ní mór go gcuirfear cuspóirí forbartha san áireamh i ngach beartas AE, ar dócha go ndéanfaidís difear do thíortha i mbéal forbartha. Is iad príomhchuspóirí chomhar um fhorbairt an Aontais ná forbairt talmhaíochta a éascú i dtíortha is mbéal forbartha agus slándáil dhomhanda bia a fheabhsú. Imríonn CBT tionchar ar thrádáil talmhaíochta go háirithe. Tá sé ina cheanglas ag prionsabal an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt go gcuirfear tionchar ar mhargaí talmhaíochta áitiúla agus ar tháirgeoirí áitiúla i dtíortha i mbéal forbartha san áireamh, go ndéanfar faireachán orthu agus go ndéanfar iad a sheachaint, nuair is féidir.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)  Chun a chur ar chumas na dtáirgeoirí cineálacha fíniúna a úsáid a bheidh in oiriúint níos fearr do na hathruithe ar dhálaí aeráide agus ar mó a bhfriotaíocht in aghaidh galair, ba chóir foráil a dhéanamh lena gceadófaí táirgí a dhéanamh ní hé amháin as sonrúcháin tionscnaimh de na cineálacha fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera ach freisin as sonrúcháin tionscnaimh de bhunús crosála Vitis vinifera le spéicis eile den ghéineas Vitis.

(10)  Chun a chur ar chumas na dtáirgeoirí cineálacha fíniúna a úsáid a bheidh in oiriúint níos fearr do na hathruithe ar dhálaí aeráide agus ar mó a bhfriotaíocht in aghaidh galair, ba cheart foráil a dhéanamh lena gceadófaí táirgí ní hé amháin as sonrúcháin tionscnaimh de na cineálacha fíniúna a bhaineann le Vitis vinifera ach freisin as speicis eile den ghéinis Vitis, chomh maith le táirgí as cineálacha fíniúna a thagann as crosáil idir speicis éagsúla den speiceas éagsúla den ghéineas Vitis.

Réasúnú

Níl aon údar bailí chun cineálacha nach Vitis vinifera iad a eisiamh as tairbhe a bhaint as sonrúcháin tionscnaimh. Déantar cineálacha iomráiteacha amhail ‘Uhudler’ nó ‘fragolino’ a shaothrú de ghnáth i réigiúin shonracha san Eoraip, ina bhfuil siad daingnithe go láidir sna cultúir áitiúla agus baineann tábhacht shocheacnamaíoch leo. Ba cheart na cineálacha sin a chosaint i gcoinne aon fhoirm de mhí-úsáid trí bhíthin sonraíochtaí cruinn táirgthe, agus is éard a bheadh mar thairbhe bhreise air sin ná go n-áiritheofar caighdeáin ardcháilíochta.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Ba chóir an sainmhíniú ar an rud is sonrúchán tionscnaimh ann a thabhairt chun comhréire leis an sainmhíniú a dhéantar air sa Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (‘Comhaontú TRIPS’)12, arna fhormheas le Cinneadh 94/800/EC ón gComhairle13, agus go háirithe ba chóir é a thabhairt chun comhréire le hAirteagal 22(1) de, is é sin é a bheith sa chaoi go dtabharfadh an t ainm tásc ar an réigiún nó ar an áit áirithe inar tionscnaíodh an táirge.

scriosta

__________________

 

12 Babhta Uragua den Chaibidlíocht Iltaobhach Trádála (1986–1994) – Iarscríbhinn 1 – Iarscríbhinn 1C – Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (an Eagraíocht Dhomhanda Trádála) ( IO L 336, 23.12.1994, lch. 214).

 

13 Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála (1986–1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (1986–1994) (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).

 

Réasúnú

Ós rud é go bhfuil an sainmhíniú ar shonrúchán tionscnaimh a thugtar i gComhaontú idirnáisiúnta Liospóin coinnithe againn, ní mheastar go bhfuil an aithris seo iomchuí mar go déantar tagairt inti do shainmhíniú eile ar shonrúchán tionscnaimh atá le fáil sa Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS).

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19a)  Chun dóthain faisnéise do thomhaltóirí á áirithiú, bheadh sé iomchuí an dearbhú cothaithe agus liosta na gcomhábhar i Rialachán 1169/2011 a bhunú mar shonraí éigeantacha i gcomhair lipéadú agus cur i láthair fíona.

Réasúnú

Ar mhaithe le soiléireacht agus le comhsheasmhacht, bheadh sé níos fearr faisnéis chothúcháin agus comhábhair fíona a rialú sa rialachán maidir le faisnéis bhia do thomhaltóirí (AE 1169/2011).

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21a)  A luaithe a bhunóidh an Coimisiún rialacha comhchoiteanna i gcomhair lipéadú comhábhair agus luachanna cothúcháin do dheochanna alcólacha, mar a leagtar amach in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus sa Tuarascáil ón gCoimisiún COM (2017) 58, ba cheart go mbeadh faisnéis maidir leis na comhábhair agus luachanna cothúcháin ar lipéad gach táirge fíniúna.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)  Maidir le creidmheasanna onnmhairíochta, ráthaíochtaí creidmheasa onnmhairíochta agus cláir árachais, fiontair thrádála de chuid stát easpórtála talmhaíochta agus maidir le cabhair bhia idirnáisiúnta, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a thabharfaidh urraim do dhlí an Aontais. Ó tharla go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina gcomhaltaí de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, ba chóir go gcomhlíonfadh na bearta náisiúnta sin na rialacha a leagtar síos i gCinneadh Airí sin an 19 Nollaig 2015 de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, óir is é sin dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta.

(27)  Maidir le creidmheasanna onnmhairíochta, ráthaíochtaí creidmheasa onnmhairíochta agus cláir árachais, fiontair thrádála de chuid stát onnmhairiúcháin talmhaíochta agus maidir le cabhair bhia idirnáisiúnta, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a thabharfaidh urraim do dhlí an Aontais, lena n-áirítear comhtháthú beartais don fhorbairt de réir Airteagal 208 CFAE agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Ós rud é go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina gcomhaltaí de EDT, ba cheart go gcomhlíonfadh na bearta náisiúnta sin na rialacha a leagtar síos i gCinneadh Airí EDT an 19 Nollaig 2015, mar ghné de dhlí an Aontais agus den dlí idirnáisiúnta.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(31a)  Ina thuarascáil ó Mhárta 2017 maidir le liosta na gcomhábhar agus an dearbhú cothúcháin a bheith éigeantach ar lipéid deochanna alcólacha, luaigh an Coimisiún nár aithin sé aon fhorais oibiachtúla a thabharfadh údar le faisnéis maidir le comhábhair agus faisnéis chothúcháin gan a bheith ann agus d’iarr sé ar an tionscal togra féin-rialaitheach a fhorbairt laistigh de bhliain a mbeadh sé mar aidhm leis faisnéis maidir le comhábhair agus cothú a sholáthar le haghaidh gach deoch alcólach. Chun leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, ba cheart go n-áiritheoidh an cur chuige féin-rialaitheach, ar a laghad, go gcuirtear na comhábhair agus an fhaisnéis chothúcháin ar fáil ar an lipéad agus go gcomhlíonann faisnéis den sórt sin na coinníollacha maidir le 'Faisnéis Shaorálach Bhia' mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na tograí ón tionscal agus tuarascáil a fhoilsiú, a mbeidh, más iomchuí, togra reachtach ag gabháil léi, le díolúintí iomchuí do mhicreatháirgeoirí.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 2a

 

Comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt

 

I gcomhréir le hAirteagal 208 CFAE, déanfar na cuspóirí a bhaineann le comhar um fhorbairt, lena n-áirítear na cuspóirí sin a fhormheastar i gcomhthéacs na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, a chur san áireamh i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Bearta arna ndéanamh faoin Rialachán seo, ní dhéanfaidh siad díobháil d’acmhainneacht táirgeachta bia ná do shlándáil fhadtéarmach bia i dtíortha i mbéal forbartha, go háirithe sna tíortha is lú forbairt agus rannchuideoidh siad le baint amach ghealltanais an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú.”

Réasúnú

De réir Airteagal 208 CFAE, ní mór go gcuirfear cuspóirí forbartha san áireamh i ngach beartas AE, ar dócha go ndéanfaidís difear do thíortha i mbéal forbartha. Is iad príomhchuspóirí chomhar um fhorbairt an Aontais ná forbairt talmhaíochta a éascú i dtíortha is mbéal forbartha agus slándáil dhomhanda bia a fheabhsú. Bíonn éifeachtaí seachtracha ag baint le beartas talmhaíochta AE a imríonn tionchar ar thrádáil talmhaíochta go háirithe. Tá sé ina cheanglas ag prionsabal PCD go ndéanfar faireachán ar na hiarmhairtí ionchasacha ar mhargaí talmhaíochta áitiúla agus ar tháirgeoirí áitiúla i dtíortha i mbéal forbartha agus, go ndéanfar iad a sheachaint, nuair is féidir.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 63 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Cuirfidh na Ballstáit ar fáil, gach bliain, údaruithe le haghaidh plandálacha nua a bheidh de réir ceann amháin díobh seo a leanas:

1.  Déanfaidh na Ballstáit údaruithe le haghaidh planduithe nua i gcomhair táirgeadh fíona a chur ar fáil gach bliain a bheidh de réir ceann amháin díobh seo a leanas:

Réasúnú

Baineann údaruithe i gcomhair planduithe le cineálacha fíonchaor atá beartaithe do tháirgeadh fíona, ní úsáideacha eile amhail sú fíonchaor.

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 63 –mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  1 % den achar iomlán dá gcríocha a bheidh plandáilte faoi fhíniúnacha, agus an t-achar sin arna thomhas ar an 31 Iúil an bhliain roimhe sin; nó

(a)  1 % den limistéar iomlán a bheidh plandaithe faoi fhíniúnacha i gcomhair táirgeadh fíona go hiarbhír ina gcríoch, arna thomhas ar an 31 Iúil an bhliain roimhe sin; nó

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 63 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  1 % de achar arb é a bheidh ann an t-achar dá gcríocha a bheidh plandáilte faoi fhíniúnacha agus an t-achar sin arna thomhas ar an 31 Iúil an bhliain roimhe sin, agus iomlán an achair arna chumhdach ag na cearta plandála a dheontar do tháirgeoirí ina gcríocha i gcomhréir le hAirteagal 85h, le hAirteagal 85i nó le hAirteagal 85k de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus a raibh fáil air le haghaidh údaruithe ar an 1 Eanáir 2016, mar a thagraítear dó in Airteagal 68 den Rialachán seo.;

(b)  1 % de limistéar a bheidh comhdhéanta den limistéar a bheidh plandaithe faoi fhíniúnacha i gcomhair táirgeadh fíona go hiarbhír ina gcríoch, arna thomhas ar an 31 Iúil 2015, agus an limistéar iomlán atá cumhdaithe ag cearta plandaithe a dheonaítear do tháirgeoirí ar a gcríoch i gcomhréir le hAirteagal 85h, le hAirteagal 85i nó le hAirteagal 85k de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus a raibh fáil air le haghaidh tiontú chuig údaruithe ar an 1 Eanáir 2016, mar a thagraítear dó in Airteagal 68 den Rialachán seo.;

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 64 – mír 2 – pointe b

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(5a)  ‘in Airteagal 64, mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe b:

(b)   limistéir ina rannchuidíonn fíonghoirt leis an gcomhshaol a chaomhnú;

"(b)   limistéir ina rannchuidíonn na fíonghoirt le caomhnú an chomhshaoil nó le caomhnú acmhainní géiniteacha na gcineál fíniúna;”

Réasúnú

Ba cheart caomhnú acmhainní géiniteacha a chur san áireamh mar chritéar air ar féidir údaruithe a dheonú, má sháraíonn iarratais incháilithe i mbliain áirithe an t-achar atá ar fáil do phlanduithe nua.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 81 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

'2.  Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor a fhéadfar a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun críocha táirgthe fíona.

'2.  Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor a fhéadfar a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun críocha táirgthe fíona.

Féadfaidh na Ballstáit an t-aicmiú a dhéanamh ar na cineálacha fíonchaor nuair:

Féadfaidh na Ballstáit aicmiú a dhéanamh ar na cineálacha fíonchaor más rud é:

(a)  is cineálacha iad a bhaineann le ceann de na spéicis Vitis vinifera nó Vitis Labrusca; nó

(a)  gur cineál é a bhaineann leis an speiceas Vitis vinifera; nó

(b)  is cineálacha iad a fhaightear trí na spéicis Vitis vinifera, Vitis Labrusca a chrosáil le spéicis eile den ghéineas Vitis.

(b)  gur cineál é a fhaightear trí na spéicis Vitis vinifera, Vitis Labrusca a chrosáil le spéicis eile den ghéineas Vitis.

I gcás ina scriosfar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh amach laistigh de 15 bliana ó thráth an scriosta sin.';

I gcás ina scriostar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh amach laistigh de 15 bliana ó thráth an scriosta sin;

 

De mhaolú ar an dara fomhír, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt d’athphlandáil Vitis Labrusca i bhfíonghoirt stairiúla atá ann cheana ar choinníoll nach méadófar an t-achar talaimh faoi fhíniúnacha de Vitis Labrusca atá ann cheana.’;

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 92 – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(8a)  In Airteagal 92, leasaítear mír 1 mar a leanas:

"1. Beidh feidhm ag rialacha a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta atá leagtha síos sa Roinn seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i míreanna 1, 3 go 6, 8, 9, 11, 15 agus 16 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII.”

"1. Beidh feidhm ag rialacha a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta a leagtar síos sa Roinn seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i míreanna 1, 3 go 6, 8, 9, 11, 15 agus 16 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII, agus leo sin amháin.”

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 – pointe a

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 93 – mír 1 – pointe a – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  ciallaíonn ‘sonrúchán tionscnaimh’ ainm a dhéanann sainaithint ar tháirge, dá dtagraítear in Airteagal 92(1):

(a)  ciallaíonn “sonrúchán tionscnaimh” ainm réigiúin, ainm áite faoi leith nó, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, ainm tíre a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar tháirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1) a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

Réasúnú

Is éard is aidhm leis an leasú ná teacht an athuair ar an gcur chuige ghinearálta den sainmhíniú reatha trí aird a dhíriú ar an bhfíric go bhfuil fíon PDO bunaithe ar ainm réigiúin nó ar ainm áite faoi leith agus gur dlúthchuid de choincheap PDO iad na gnéithe daonna. Coinníonn an leasú bailí an togra chun úsáid chineálacha i gcomhair táirgthe fíonta PDO a dhéanamh solúbtha.

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 – pointe a

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 93 – mír 1 – pointe a – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)  ar timpeallacht gheografach ar leith gona gnéithe dúchasacha nádúrtha, agus más iomchuí sin, gona gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe;

(i)  ar timpeallacht gheografach ar leith, lena gnéithe nádúrtha agus lena gnéithe daonna, is cúis go bunúsach nó go heisiach lena cháilíocht nó lena shaintréithe;

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 96 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.  Féadfaidh an Coimisiún, nuair is cuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun scrúdú an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 97(2) a fhionraí go dtí go mbeidh breithniú déanta ag cúirt náisiúnta nó ag comhlacht náisiúnta eile i dtaca le dúshlán a tugadh faoi iarratas ar chosaint ar iarratas é a ndearna an Ballstát a chinneadh ina leith gur chomhlíon sé na ceanglais i nós imeachta náisiúnta um réamhrialú i gcomhréir le mír 5.

scriosta

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.’;

 

Réasúnú

Leis an leasú, féachtar le diúltú don mholadh atá déanta ag an gCoimisiún, arb é bheadh mar thoradh air ná córas na PDOnna/GInna a bheith bunaithe níos mó ar chúirteanna agus a d’fhéadfadh bac a chur ar an gcóras ar fad i bhfianaise an méid ama atá de dhíth i gcomhair imeachtaí breithiúnacha. Sa bhreis ar éiginnteacht dhlíthiúil a chruthú d’oibreoirí, tá sé sin contrártha don phrionsabal nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag caingne le haghaidh neamhniú roimh chúirteanna náisiúnta nó cúirteanna Eorpacha.

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18 – pointe a a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 119 – mír 1 – pointe g a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

“(g a)  dearbhú cothúcháin, is féidir a bheith teoranta don mheánluach fuinnimh agus dó sin amháin;”

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18 – pointe a b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 119 – mír 1 – pointe g b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ab)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

“(gb)  Táirgí fíniúna dí-alcólaithe ina bhfuil níos lú ná 1,2 % alcóil de réir toirte, ní mór dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le foráil fhaisnéis bhia do thomhaltóirí, an fhaisnéis éigeantach a bheith ar an lipéad acu.”

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18 – pointe b a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 119 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

“4a. Maidir leis an luach fuinnimh:

 

(a)  déanfar é a shloinneadh le huimhreacha agus focail nó siombailí;

 

(b)  déanfar é a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfachtóir coinbhéartachta atá liostaithe in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) 1169/2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí;

 

(c)  déanfar é a shloinneadh in aghaidh an 100ml. Sa bhreis air sin, féadfar é a shloinneadh in aghaidh an aonaid tomhaltais, ar shlí a bheidh so-aitheanta don tomhaltóir, ar choinníoll go ndéantar an t-aonad a mbaintear feidhm as a chainníochtú ar an lipéad agus go sonraítear líon na n-aonad atá sa phacáiste.

 

(d)  déanfar na meánluachanna lena aghaidh a shloinneadh bunaithe ar:

 

(i)  Anailís an táirgeora ar an bhfíon; nó

 

(ii)  Ríomh ó shonraí seanbhunaithe agus a nglactar go coiteann leo agus atá bunaithe ar na meánluachanna a bhíonn ann do ghnáthfhíonta agus d’fhíonta tréitheacha.”

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20 – pointe a a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 122 – mír 1 – pointe b – pointe v a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

“(va)  forálacha maidir le léiriú na faisnéise cothúcháin agus le ríomh an luacha fuinnimh;”

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 149 – mír 2 – pointe c

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22a)  in Airteagal 149, mír 2, leasaítear pointe c mar seo a leanas:

(c)  ar choinníoll, i gcás eagraíocht táirgeoirí áirithe, go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas: (i) nach mó ná 3,5 % de tháirgeadh iomlán an Aontais toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin

(c)  ar choinníoll, i gcás eagraíocht táirgeoirí áirithe, go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas: (i) nach mó ná 7,5 % de tháirgeadh iomlán an Aontais toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin

(ii) maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í, agus

(ii) maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 45 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í, agus

(iii) maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a sheachadtar in aon Bhallstát ar leith, ní mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í;”

(iii) maidir le toirt an bhainne amh a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin agus a sheachadtar in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 45 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í;

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561965818889&from=EN)

Réasúnú

Níl oibreoirí atá ar chéim níos airde sa slabhra soláthair faoi réir srianta ar chomhchruinniú atá chomh dian sin, agus in a lán Ballstát/réimse, tá comhchruinniú suntasach ann de phróiseálaithe, mar shampla. Dá bharr sin, ba cheart go mbeadh eagraíochtaí táirgeoirí in ann céatadán níos mó den táirgeadh a chomhthiomsú, chun tuilleadh nirt a thabhairt dóibh i gcaibidlíocht chonarthach.

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 149 – mír 2 – pointe d

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22b)  In Airteagal 149, mír 2, scriostar pointe d.

(d)  ar choinníoll nach bhfuil na feirmeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin ar son na bhfeirmeoirí freisin, mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an gcoinníoll sini gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla ag feirmeoirí.

 

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561965818889&from=EN)

Réasúnú

Níor cheart na féidearthachtaí a dtáirgeacht a chomhthiomsú i gcaibidlíocht chonarthach a chrosadh ar bhaill d'eagraíochtaí táirgeoirí.

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 149 – mír 2 – pointe e

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(22c)  in Airteagal 149, mír 2, scriostar pointe e.

(e)  ar choinníoll nach mbeidh an bainne amh cumhdaithe ag aon oibleagáid chun seachadta a eascróidh ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomarchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann uathu; agus

 

 

 

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013R1308&qid=1561965818889&from=EN)

Réasúnú

Déanann baill de chomharchumainn sciar shuntasach de tháirgeadh bainne san Aontas a sheachadadh chuig a gcomharchumainn. Níor cheart na féidearthachtaí a dtáirgeacht a chomhthiomsú i gcaibidlíocht chonarthach a chrosadh ar bhaill de chomharchumainn.

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 152 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22d) in Airteagal 152, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

“(1a)  Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi mhír 1 den Airteagal seo táirgeacht a phleanáil, barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe agus conarthaí a chur ar an margadh agus a chaibidil chun táirgí talmhaíochta a sholáthar, thar ceann a comhaltaí dá dtáirgeacht iomlán nó do chuid dá dtáirgeacht.”

Réasúnú

Is deacair na comhaontuithe, na cleachtais, agus na cinntí a thagann faoi mhisin agus faoi chuspóirí eagraíochtaí tairgeoirí arna sainiú ag an reachtóir i gComheagrú na Margaí Talmhaíochta, mar a mheabhraigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach i gcás cúirte na “searbhán” maidir le rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm. Eascraíonn an díolúine sin as an ngá atá le comhlíonadh na gcúraimí arna gcur ar phríomhghníomhaithe na n-eagraíochtaí idirchraoibhe ag an reachtóir. Scriostar an tagairt d’Airteagal 101(1) mar nach bhfuil sé ábhartha a thuilleadh. Tá an leasú seo agus an leasú ar Airteagal 206, an chéad fhomhír, comhlántach.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 e (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 152 – mír 1 – pointe c – pointe vii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22e) in Airteagal 152, mír 1, pointe c, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

“(viia)  tionscnaimh a fhorbairt a spreagann luachshocrú sheachtháirgí agus sreafaí iarmharaigh;”

Réasúnú

Chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh, ní hamháin chun seachtháirgí agus dramhaíl a bhainistiú agus a laghdú, ach freisin chun bealaí nuálacha a lorg chun luach a fháil ar sheachtháirgí agus ar dhramhaíl.

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 f (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 157 – mír 1 – pointe c – pointe vii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22f)  in Airteagal 157, mír 1, pointe c, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

“(viia)  an fhaisnéis riachtanach a sholáthar agus an taighde riachtanach a dhéanamh chun nuáil, cuíchóiriú, feabhsú agus coigeartú a dhéanamh ar an táirgeacht agus, i gcás inarb iomchuí, ar an bpróiseáil agus ar an margaíocht, chun go soláthrófar táirgí a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus d'ionchais tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí, lena n-áirítear saintréithe sonracha na dtáirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, agus maidir le cosaint an chomhshaoil; an fhaisnéis a sholáthar agus taighde a dhéanamh atá riachtanach chun nuáil, cuíchóiriú, feabhsú agus coigeartú a dhéanamh ar an táirgeacht agus, i gcás inarb infheidhme, ar an bpróiseáil agus ar an margaíocht, i dtreo táirgí atá níos oiriúnaí do riachtanais an mhargaidh agus do roghanna tomhaltóirí agus a bhfuil siad ag dréim leis, go háirithe i dtaca le cáilíocht an táirge, lena n-áirítear airíonna sonracha tháirgí le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, agus cosaint an chomhshaoil, na haeráide agus leas ainmhithe;”

Réasúnú

Níos mó agus níos mó, bíonn tomhaltóirí freisin ag súil leis go ndéanfaidh táirgeoirí iarrachtaí leanúnacha chun leas ainmhithe a fheabhsú agus chun athrú aeráide a chosc agus a mhaolú (e.g. iarrachtaí chun astaíochtaí CO2 a laghdú). Leis seo, ceartaítear an t-easnamh sa liosta.

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 g (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 157 – mír 1 – pointe c – pointe xiv a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22g)  in Airteagal 157, mír 1, pointe c, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

“(xiva)  clásail chaighdeánacha a bhunú i gcomhair cúiteamh cóir ar na costais arna dtabhú ag feirmeoirí as ucht ceanglais sheachbhreithiúnacha i dtaca le leas ainmhithe, le sláinte ainmhithe, leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, lena n-áirítear modhanna chun na costais sin a ríomh, a chomhlíonadh;”

Réasúnú

I theannta clásail chaighdeánacha maidir le comhroinnt luacha féadfaidh eagraíochtaí idirchraoibhe clásail chaighdeánacha a bhunú freisin a sholáthraíonn tuilleadh míreanna sonracha i dtaca le hábhar chonarthaí caighdeánacha reatha chun cúiteamh cuí a áirithiú, lena n-áirítear conas cúiteamh réasúnta a ríomh do chostais bhreise a bhaineann le táirgí a dhéanamh a chomhlíonann ceanglais sheachbhreithiúnacha i dtaca le leas ainmhithe, le sláinte ainmhithe, leis an gcomhshaol agus leis an aeráid.

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 h (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 157 – mír 1 – pointe c – pointe xiv b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22h)  in Airteagal 157, mír 1, pointe c, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

“(xivb)  tionscnaimh a fhorbairt a spreagann luachshocrú sheachtháirgí agus sreafaí iarmharaigh;”

Réasúnú

Chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, ba cheart iarrachtaí breise a dhéanamh agus iad a dhéanamh indéanta, ní hamháin chun seachtháirgí agus dramhaíl a bhainistiú agus a laghdú, ach freisin chun bealaí nuálacha a lorg chun luach a fháil ar sheachtháirgí agus ar dhramhaíl.

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 i (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 164 –mír 4 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22i)  in Airteagal 164, mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

“(ca)  conarthaí agus clásail chaighdeánacha, go háirithe le haghaidh comhroinnt an luacha agus cúiteamh cuí, a tharraingt suas atá ag luí le rialacha an Aontais”

Réasúnú

Is é cuspóir an leasaithe seo ná chun ligean d’eagraíochtaí idirchraoibhe a iarradh go ndéanfaí clásail chaighdeánacha maidir le comhroinnt luacha agus clásail chaighdeánacha maidir le cúiteamh cuí a leathnú amach chun tuilleadh trédhearcachta i gcaidrimh chonarthacha laistigh d'earnálacha a áirithiú.

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 j (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 188 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22j)  I gCaibidil III, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 188a

 

Ní féidir táirgí talmhaíochta agus táirgí agraibhia a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin má chomhlíonann siad caighdeáin agus oibleagáidí táirgthe i gcomhréir leo siúd arna nglacadh, go háirithe i réimsí an chomhshaoil agus i réimse na cosanta sláinte, do na táirgí céanna arna mbuaint san Aontas nó a próiseáladh ó tháirgí den sórt sin. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha na comhréireachta is infheidhme ar oibreoirí i dtaca le hallmhairí, ag cur san áireamh comhaontuithe cómhalartacha le tríú tíortha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).'; ”

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Cuid II – pointe 18 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Féadfar an téarma ‘dí-alcólaithe’ a úsáid i dteannta ainm na dtáirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointí 4 go 9, i gcás táirgí ar fíor an méid seo fúthu:

(18)  Ciallaíonn fíon “dí-alcólaithe” nó an focal “dí-alcólaithe” (a bheith le hainm na catagóire táirge fíniúna a úsáidtear chun é a tháirgeadh) táirgí ar fíor an méid seo fúthu:

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Cuid 3 – pointe 18 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  táirge é a fuarthas ó fhíon den chineál a shainítear i bpointe 1, ó fhíon súilíneach den chineál a shainítear i bpointe 4, ó fhíon súilíneach ardcháilíochta den chineál a shainítear i bpointe 5, ó fhíon súilíneach cumhraithe den chineál a shainítear i bpointe 6, ó fhíon súilíneach aeraithe den chineál a shainítear i bpointe 7, ó fhíon leath-shúilíneach den chineál a shainítear i bpointe 8, nó ó ó fhíon leath-shúilíneach aeraithe den chineál a shainítear i bpointe 9;

(a)  nach bhfuil an táirge faoi chosaint ag tásc geografach (GI) agus a fhaightear ó fhíon, ó fhíon nua atá fós ag coipeadh, ó fhíon licéir, ó fhíon súilíneach, ó fhíon súilíneach ardcháilíochta, ó fhíon súilíneach cumhraithe ardcháilíochta, ó fhíon súilíneach aeraithe, ó fhíon leathshúilíneach, ó fhíon leathshúilíneach aeraithe, ó fhíon ó fhíonchaora rísínithe, nó ó fhíon ó fhíonchaora ró-aibí;

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú na táirgí nuálacha sin a áireamh i gComheagrú na Margaí mar chatagóir nua, chun méid áirithe solúbthachta a cheadú nuair a bheidh rialacha níos mionsonraithe á bhforbairt maidir lena sainmhíniú, a léiriú agus leis na próisis táirgthe údaraithe.

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Cuid II – pointe 18 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  táirge é a ndearnadh cóiriú dí-alcólúcháin air i gcomhréir leis na próisis a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII; agus

(b)  is táirge é a ndearnadh cóiriú dí-alcólúcháin air i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII; agus

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Cuid 2 – pointe 19 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)  Féadfar an téarma ‘páirt-dhí-alcólaithe’ a úsáid i dteannta ainm na dtáirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointí 4 go 9, i gcás táirgí ar fíor an méid seo fúthu:

(19)  Ciallaíonn “fíon páirt-dhí-alcólaithe’ nó an focal “páirt-dhí-alcólaithe” (a bheith le hainm na catagóire táirge fíniúna a úsáidtear chun é a tháirgeadh) táirgí ar fíor an méid seo fúthu:

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Cuid II – pointe 19 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  táirge é a fuarthas ó fhíon den chineál a shainítear i bpointe 1, ó fhíon súilíneach den chineál a shainítear i bpointe 4, ó fhíon súilíneach ardcháilíochta den chineál a shainítear i bpointe 5, ó fhíon súilíneach cumhraithe den chineál a shainítear i bpointe 6, ó fhíon súilíneach aeraithe den chineál a shainítear i bpointe 7, ó fhíon leath-shúilíneach den chineál a shainítear i bpointe 8, nó ó ó fhíon leath-shúilíneach aeraithe den chineál a shainítear i bpointe 9;

(a)  nach bhfuil an táirge faoi chosaint ag tásc geografach (GI) agus a fhaightear ó fhíon, ó fhíon nua atá fós ag coipeadh, ó fhíon licéir, ó fhíon súilíneach, ó fhíon súilíneach ardcháilíochta, ó fhíon súilíneach cumhraithe ardcháilíochta, ó fhíon súilíneach aeraithe, ó fhíon leathshúilíneach, ó fhíon leathshúilíneach aeraithe, ó fhíon ó fhíonchaora rísínithe, nó ó fhíon ó fhíonchaora ró-aibí;

Réasúnú

Tá sé mar aidhm leis an leasú na táirgí nuálacha sin a áireamh i gComheagrú na Margaí mar chatagóir nua, chun méid áirithe solúbthachta a cheadú nuair a bheidh rialacha níos mionsonraithe á bhforbairt maidir lena sainmhíniú, a léiriú agus leis na próisis táirgthe údaraithe.

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Iarscríbhinn VII – Cuid II – pointe 19 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  táirge é a ndearnadh cóiriú dí-alcólúcháin air i gcomhréir leis na próisis a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII; agus

(b)  is táirge é a ndearnadh cóiriú dí-alcólúcháin air i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear i Roinn E de Chuid I d’Iarscríbhinn VIII; agus

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 3 – mír 1 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)  in Airteagal 3, mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

"(ca)  táirgí fíona cumhraithe dí-alcólaithe:”

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 3 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 3 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b)  in Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

 

"4a.  Is é is táirge fíona cumhraithe dí-alcólaithe ann ná deoch:

 

(a)  a fhaightear faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 2, 3 agus 4;

 

(b)  a ndearnadh cóireáil uirthi chun an t-alcól a bhaint aisti;

 

(c)  ar lú ná 0,5% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte.”

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 3 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 4 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3c)  in Airteagal 4, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

 

"4a.  Beidh feidhm ag na cleachtais fíoneolaíocha arna sainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún ar tháirgí fíona cumhraithe”.

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 4 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 5 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)  in Airteagal 5, cuirtear isteach an mhír nua seo a leanas:

 

"5a.  I gcás ina bhfuil táirgí fíona cumhraithe le honnmhairiú, féadfaidh na Ballstáit ainmníochtaí díolacháin a cheadú cé is moite dóibh siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn II, más rud é go gceanglaítear na hainmníochtaí díolacháin sin a dhéanamh de réir reachtaíocht na tríú tíre faoi thrácht. Féadfaidh na sonraí sin a bheith i dteangacha eile cé is moite de theangacha oifigiúla an Aontais.”

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 4 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 5 – mír 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)  in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

"5b.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun forbairt theicniúil, forbairtí eolaíocha agus forbairtí sa mhargadh, sláinte tomhaltóirí nó an gá atá ag tomhaltóirí d’fhaisnéis a chur san áireamh.”

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 4 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 6 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4c)  in Airteagal 6, mír 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

"3a.  Féadfaidh bliain an fhíona a bheith ar lipéid tháirgí ar choinníoll gurb ionann an táirge fíniúna agus 75 % ar a laghad den toirt iomlán agus gur baineadh 85 % ar a laghad de na caora fíniúna a úsáideadh chun na táirgí sin a dhéanamh sa bhliain i dtrácht.”

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 4 d (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Airteagal 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4d)  Cuirtear isteach Airteagal 7a nua:

 

“Airteagal 7a

 

An liosta comhábhar

 

1.  Beidh an liosta comhábhair do tháirgí fíona cumhraithe ar an lipéad nó curtha in iúl ar bhealaí eile seachas ar an bpacáiste nó ar an lipéad.

 

2.  Nuair a dhéantar an liosta comhábhar a sholáthar ar bhealaí eile seachas ar an bpacáiste nó ar an lipéad, beidh an fhaisnéis sin so-rochtain agus sonrach, agus bheidh sí deighilte go feiceálach ó ábhar margaíochta don fhíon.

 

3.  Léireofar comhábhair de réir a n-ainm sonrach. Ba cheart caitheamh leis an bhfíon bunúsach mar bhuntáirge aonair. Mar thoradh air sin, níor cheart go mbeadh gá leis na chomhábhair a liostú.

 

4.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun na rialacha maidir le léiriú liosta comhábhair tháirgí fíona cumhraithe a mhionsonrú tuilleadh.”

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 7 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Iarscríbhinn 1 – mír 1 – pointe a – pointe iii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)  in Iarscríbhinn I, mír 1, pointe a, cuirtear an pointe iiia seo a leanas leis:

 

“(iiia) Deochanna biotáilleacha (nach mó ná 1 % den chainníocht fhoriomlán).”

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 7 b (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Iarscríbhinn II – Roinn B – pointe 8

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(7b)  i Roinn B d’Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

(8) Glühwein

"(8) Glühwein

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

– a fhaightear ó fhíon dearg ó fhíon bán amháin,

– a fhaightear go heisiach ó fhíon dearg agus/nó ó fhíon geal,

– atá blaistithe le cainéal agus/nó le clóibh den chuid is mó,

– atá blaistithe le cainéal agus/nó le clóibh den chuid is mó, agus

– a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

– a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

Gan dochar do na cainníochtaí uisce a thig as cur i bhfeidhm Iarscríbhinn I, pointe 2, tá cosc ar uisce a chur léi.

Gan dochar do na cainníochtaí uisce a thagann as cur i bhfeidhm Iarscríbhinn I, pointe 2, tá cosc ar uisce a chur léi.

I gcás ina bhfuil sí ullmhaithe le fíon bán, ní foláir focail lena léirítear fíon bán, ar nós an fhocail “bán”, a chur mar fhorlíonadh leis an ainmníocht díolacháin “Glühwein”;

I gcás ina bhfuil sí ullmhaithe le fíon geal, ní foláir focail lena léirítear fíon geal, ar nós an fhocail “geal”, a chur mar fhorlíonadh leis an ainmníocht díolacháin “Glühwein”;”

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – pointe 7 c (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

Iarscríbhinn II – roinn C a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7c)  In Iarscríbhinn II cuirtear roinn nua léi:

 

"Ca.  TÁIRGÍ FÍONA CUMHRAITHE DÍ-ALCÓLAITHE

 

(1)  Táirge fíona cumhraithe dí-alcólaithe nó an focal “dí-alcólaithe” (a bheith le hainm an táirge fíona cumhraithe a úsáidtear chun é a tháirgeadh)" Táirgí a chomhlíonann an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 3(5)."

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.  Fíonta a chuirtear ar an margadh nó a gcuirtear lipéid orthu roimh chur chun feidhme na bhforálacha ábhartha agus nach gcomhlíonann na sonraíochtaí sa Rialachán seo, féadfar iad a mhargú go dtí go n-ídítear na stoic.

Réasúnú

Baineann an leasú seo le lipéadú fíonta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin nua, go háirithe an chuid den rialachán a bhaineann le hoibleagáidí nua lipéadaithe.

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh feidhm ag Airteagal 119, mír 1, pointe i, Airteagal 119, mír 4, agus Airteagal 122, mír 1, pointe b, pointe vi, amhail ó [5 bliana] tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach.

Tagairtí

COM(2018)0394 – C8-0246/2018 – 2018/0218(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AGRI

11.6.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

11.6.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Herbert Dorfmann

10.7.2018

Pléite sa choiste

26.11.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

29.1.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

44

7

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Affronte, Margrete Auken, Pilar Ayuso, Zoltán Balczó, Catherine Bearder, Ivo Belet, Paul Brannen, Soledad Cabezón Ruiz, Nessa Childers, Birgit Collin-Langen, Miriam Dalli, Seb Dance, Mark Demesmaeker, Bas Eickhout, José Inácio Faria, Francesc Gambús, Elisabetta Gardini, Gerben-Jan Gerbrandy, Jens Gieseke, Julie Girling, Sylvie Goddyn, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, Jytte Guteland, Anneli Jäätteenmäki, Jean-François Jalkh, Benedek Jávor, Karin Kadenbach, Urszula Krupa, Giovanni La Via, Jo Leinen, Peter Liese, Valentinas Mazuronis, Susanne Melior, Miroslav Mikolášik, Rory Palmer, Massimo Paolucci, Bolesław G. Piecha, Pavel Poc, John Procter, Julia Reid, Michèle Rivasi, Davor Škrlec, Renate Sommer, Ivica Tolić, Adina-Ioana Vălean, Damiano Zoffoli

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Herbert Dorfmann, Fredrick Federley, Eleonora Forenza, Christophe Hansen, Babette Winter, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

José Blanco López, Andor Deli

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

44

+

ALDE :

Catherine Bearder, Fredrick Federley, Gerben‑Jan Gerbrandy, Anneli Jäätteenmäki, Valentinas Mazuronis

ECR:

Mark Demesmaeker, Urszula Krupa, Bolesław G. Piecha

GUE/NGL :

Eleonora Forenza

NI :

Zoltán Balczó

PPE:

Pilar Ayuso, Ivo Belet, Birgit Collin Langen, Andor Deli, Herbert Dorfmann, José Inácio Faria, Francesc Gambús, Elisabetta Gardini, Jens Gieseke, Julie Girling, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, Christophe Hansen, Giovanni La Via, Peter Liese, Miroslav Mikolášik, Ivica Tolić, Adina Ioana Vălean

S&D:

José Blanco López, Paul Brannen, Soledad Cabezón Ruiz, Nessa Childers, Miriam Dalli, Seb Dance, Jytte Guteland, Karin Kadenbach, Jo Leinen, Susanne Melior, Rory Palmer, Massimo Paolucci, Pavel Poc, Babette Winter, Damiano Zoffoli, Carlos Zorrinho

7

-

EFDD:

Julia Reid

VERTS/ALE:

Marco Affronte, Margrete Auken, Bas Eickhout, Benedek Jávor, Michèle Rivasi, Davor Škrlec

4

0

ECR:

John Procter

EFDD :

Sylvie Goddyn

ENF :

Jean‑François Jalkh

PPE :

Renate Sommer

Eochair do na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

TUAIRIM ÓN gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (21.1.2019)

chuig an gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach.

(COM(2018)0394 – C8-0246/2018 – 2018/0218(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Younous Omarjee

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach ar an gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ ("Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta") an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta ("CBT") tar éis 2020. Ar na cuspóirí seo tá, inter alia, an gá atá ann an Comhbheartas Talmhaíochta a bheith dírithe níos mó ar thorthaí a bhaint amach, ar bhorradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena n-áirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, agus ar chuidiú le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin sin a bhíonn ar thairbhithe ar ualach é a thagann de reachtaíocht an Aontais.

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The Future of Food and Farming’ (“Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta”) an 29 Samhain 2017, leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) todhchaíoch i ndiaidh 2020. Ar na cuspóirí seo áirítear, inter alia, an gá atá ann go mbeadh CBT dírithe níos mó ar ioncam inmharthana a bhaint amach d’fheirmeoirí agus faoin CBT go ndéanfaí borradh a chur faoin nuachóiriú agus faoin inbhuanaitheacht, lena n-áirítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta, comhshaoil agus aeráide na limistéar talmhaíochta, foraoiseachta agus tuaithe, ag teacht le Clár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe agus le Comhaontú Aeráide Pháras agus go gcuideofaí le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhíonn ar thairbhithe agus a thagann as reachtaíocht an Aontais.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt an Chomhbheartais Talmhaíochta do na dúshláin agus do na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus ar leibhéal an Aontais, ní mór rialachas an Chomhbheartais Talmhaíochta a chomhchuibhiú agus an chaoi a seachadann sé cuspóirí an Aontais a fheabhsú agus an t ualach riaracháin a laghdú go suntasach. I gComhbheartas Talmhaíochta atá bunaithe ar fheidhmíocht a sheachadadh ("an tsamhail seachadta"), ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus na bunriachtanais, agus san am céanna ba cheart freagracht níos mó a bheith ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus a mbainfidh siad spriocanna amach. Le coimhdeacht fheabhsaithe, féadtar na dálaí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh ar dhóigh níos fearr, agus ar an dóigh sin an tacaíocht a chur in oiriúint ionas go rannchuideofaí, ar an dóigh is mó is féidir, le cuspóirí an Aontais.

(2)  Ós rud é gur gá faobhar a chur ar fhreagairt CBT do na dúshláin agus do na deiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn ar an leibhéal an Aontais, ar na leibhéil idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus ar leibhéal na feirme, is gá rialachas il-leibhéil CBT a shruthlíniú, údaráis réigiúnacha agus áitiúla mar aon le geallsealbhóirí a rannpháirtiú agus feabhas a chur ar an gcaoi a seachadann sé cuspóirí an Aontais, agus an t-ualach riaracháin a laghdú go suntasach. In CBT atá bunaithe ar fheidhmíocht a seachadadh (‘an tsamhail seachadta’), á mheabhrú gurb é an cuspóir atá mar phríomhfhócas ná ioncam inbhuanaithe a sholáthar do tháirgeoirí, ba cheart don Aontas na bunpharaiméadair bheartais a shocrú, amhail cuspóirí CBT agus na bunriachtanais. Le coimhdeacht fheabhsaithe, is indéanta na dálaí agus na riachtanais áitiúla a chur san áireamh ar dhóigh níos fearr tríd an tacaíocht a shainoiriúnú ionas go n-uasmhéadófar an rannchuidiú le cuspóirí an Aontais.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)  I gcomhréir le hAirteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart cur chun feidhme CBT a bheith comhsheasmhach leis na cuspóirí a bhaineann le comhar um fhorbairt.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Chun comhleanúnachas an Chomhbheartais Talmhaíocht a áirithiú, ba chóir idirghabhálacha CBT uile na todhchaí a bheith ina gcuid de phlean tacaíochta straitéiseach a mbeadh mar chuid de, freisin, idirghabhálacha áirithe de réir earnála a leagadh síos cheana le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10.

(3)  Chun comhleanúnachas CBT a áirithiú, ba cheart do gach idirghabháil den CBT todhchaíoch prionsabail na forbartha inbhuanaithe, an chomhionannais inscne agus na gceart bunúsach a urramú, agus ba cheart go mbeadh na prionsabail sin ina gcuid de phlean tacaíochta straitéiseach ina mbeadh idirghabhálacha áirithe de réir earnála mar a leagadh síos cheana i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10.

_________________

_________________

10 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007) ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

10 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007) ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(24a)  Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, cinneadh a dhéanamh níos mó ná aitheantas amháin a thabhairt d’eagraíocht táirgeoirí a oibríonn i mórán earnálacha, ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht lena mbaineann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 154(1) den Rialachán seo.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 16 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)  In Airteagal 16, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

 

3a.   Foilseoidh na Ballstáit faisnéis ar chéannacht na ngnólachtaí a bhain leas as idirghabháil phoiblí agus freisin ar chéannacht na gceannaitheoirí stoc idirghabhála poiblí.

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 81 – mír 2 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh na Ballstáit an t-aicmiú a dhéanamh ar na cineálacha fíonchaor nuair:

Ní fhéadfaidh Ballstáit ach na cineálacha fíonchaor a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a aicmiú:

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 81 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  is cineálacha iad a bhaineann le ceann de na spéicis Vitis vinifera nó Vitis Labrusca;

(a)  is cineálacha iad a bhaineann leis an speiceas Vitis vinifera nó a fhaightear nuair a chrosáiltear an speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis;

Réasúnú

Tá Vitis Labrusca ar cháilíocht i bhfad níos ísle ná Vitis vinifera agus táirgeann sé fíonchaora nach n-úsáidtear go hiondúil chun fíon a dhéanamh. Anuas air sin, le tabhairt isteach ábhar nua plandaí d’fhéadfadh sé tarlú go scaipfí galair atá níos tromchúisí ná na galair a bhfuil an t-ábhar nua ceaptha iad a chomhrac, mar a tharla san am atá caite le tabhairt isteach fiollacsara san Eoraip, ar an gcúis gur lorgaíodh frithsheasmhacht i gcoinne galair chrioptagamacha.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) Uimh. 1038/2013

Airteagal 81 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  is cineálacha iad a fhaightear trí na spéicis Vitis vinifera, Vitis Labrusca a chrosáil le spéicis eile den ghéineas Vitis.

(b)  nach ceann díobh seo a leanas an cineál: Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton ná Herbemont.

Réasúnú

Tá Vitis Labrusca ar cháilíocht i bhfad níos ísle ná Vitis vinifera agus táirgeann sé fíonchaora nach n-úsáidtear go hiondúil chun fíon a dhéanamh. Anuas air sin, le tabhairt isteach ábhar nua plandaí d’fhéadfadh sé tarlú go scaipfí galair atá níos tromchúisí ná na galair a bhfuil an t-ábhar nua ceaptha iad a chomhrac, mar a tharla san am atá caite le tabhairt isteach fiollacsara san Eoraip, ar an gcúis gur lorgaíodh frithsheasmhacht i gcoinne galair chrioptagamacha.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 26 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Airteagal 222 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a)   in Airteagal 222, cuirtear isteach mír 1a mar a leanas:

 

1a.   Maidir le raon feidhme na gcomhaontuithe agus na cinntí a dhéanann eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí nó comhlachais d’eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta a ghlacadh de bhun na míre roimhe seo, féadfar é a leathnú amach i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 164, faoi na coinníollacha a shocraíonn an Ballstát lena mbaineann, fiú mura bhfuil aon cheann de na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 164(4) ag gabháil leis na comhaontuithe sin.

Réasúnú

Ní mór go mbeadh deis ag na heagraíochtaí táirgeoirí, ag na comhlachais d’eagraíochtaí táirgeoirí agus ag na heagraíochtaí idirchraoibhe, i gcás géarchéim thromchúiseach, raon feidhme na gcomhaontuithe arna gcur i gcrích de bhun Airteagal 22 a leathnú amach.

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír -1 (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Aithris 20 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cuirtear isteach Aithris (20a) mar a leanas:

 

“(20a) Is oibreoirí iad na heagraíochtaí talmhaíochta idirchraoibhe, a aithnítear de bhun Airteagal 157 de Rialachán 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta, a bhfuil ról ríthábhachtach acu le haghaidh earnálacha talmhaíochta a fhorbairt chun na réigiúin is forimeallaí a éagsúlú, go háirithe ó thaobh na n-earnálacha beostoic de. I ngeall ar a mbeagmhéid agus a n-oileánachas, tá baol ar leith ag baint le hathruithe praghais i gcás mhargaí áitiúla na réigiún is forimeallaí, arb athruithe praghsanna iad a bhaineann leis na sreafaí allmhairithe ón gcuid eile den Aontas nó ó thríú tíortha. Tugann na heagraíochtaí idirchraoibhe talmhaíochta le chéile na hoibreoirí, idir oibreoirí réamhtheachtacha agus oibreoirí iartheachtacha, atá gníomhach ar an margadh. Ar an mbunús sin, cuirtear gníomhaíochtaí comhchoiteanna i bhfeidhm lena gcumasaítear don táirgeacht áitiúil fanacht ar a margadh, go háirithe trí ghníomhaíochtaí amhail sonraí a bhailiú nó faisnéis a scaipeadh. I bhfianaise na haidhme sin, agus d’ainneoin Airteagail 28, 29 agus 110 CFAE, ba cheart go bhféadfadh an Ballstát lena mbaineann na comhaontuithe idirchraoibhe agus na ranníocaíochtaí a bhailíonn na heagraíochtaí sin de bharr na gcomhaontuithe sin a leathnú chuig na táirgí talmhaíochta uile a chuirtear ar an margadh áitiúil, gan beann ar a dtionscnamh, lena n-áirítear i gcás ina maoiníonn na ranníocaíochtaí sin gníomhaíochtaí nach bhfuil i bhfabhar ach an táirgeadh áitiúil nó i gcás ina ngearrtar na ranníocaíochtaí sin ag céim eile sa phróiseas tráchtála.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/TXT/HTML/?uri=CELEX:32013R0228&from=ga)

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír -1 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 22 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cuirtear isteach Airteagal 22a mar a leanas:

 

"Airteagal 22a

 

Comhaontuithe idirchraoibhe

 

1. Féadfaidh Ballstát, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, raon feidhme comhaontú idirchraoibhe a leathnú amach agus a chur de cheanglas ar na hoibreoirí eacnamaíocha aonair uile nó grúpaí oibreoirí atá gníomhach ar mhargadh i gceann de na réigiúin is forimeallaí ranníocaíochtaí airgeadais a shocrófar go cruinn sa chomhaontú sin a íoc, i gcás na nithe seo a leanas:

 

- rinneadh an comhaontú idirchraoibhe a ghlacadh ag eagraíocht idirchraoibhe talmhaíochta a aithnítear de bhun Airteagal 157 de Rialachán 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus a oibríonn i réigiún is forimeallaí, agus

 

- baineann an comhaontú idirchraoibhe le táirgeacht talmhaíochta atá dírithe ar an margadh áitiúil sa réigiún is forimeallaí ar leith sin, agus ar an margadh sin amháin. Díreofar na ranníocaíochtaí airgeadais chun na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chomhaontú idirchraoibhe sin a chumhdach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá beartaithe ar an táirgeadh áitiúil a chur chun cinn agus é sin amháin.

 

2. Maidir le leathnú amach raon feidhme an chomhaontaithe, beidh feidhm aige sin ar feadh tréimhse bliana, a fhéadfar a athnuachan.

 

3. Cuirfidh an Ballstát i dtrácht an Coimisiún ar an eolas maidir le haon chomhaontú a mbeidh a raon feidhme leathnaithe amach i gcomhréir leis an Airteagal seo.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/TXT/HTML/?uri=CELEX:32013R0228&from=ga)

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 2 – fleasc 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  sna ranna Francacha thar lear: EUR 267 580 000

–  sna ranna Francacha thar lear: EUR 278 410 000

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 2 – fleasc 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  na hAsóir agus Maidéara: EUR 102 080 000

–  na hAsóir agus Maidéara: EUR 106 210 000

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 2 – fleasc 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  na hOileáin Chanáracha: EUR 257 970 000

–  na hOileáin Chanáracha: EUR 268 420 000

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 3 – pointe 1 – fleasc 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  sna ranna Francacha thar lear: EUR 25 900 000

–  sna ranna Francacha thar lear: EUR 35 000 000

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 3 – pointe 1 – fleasc 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  na hAsóir agus Maidéara: EUR 20 400 000

–  na hAsóir agus Maidéara: EUR 21 200 000

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 30 – mír 3 – pointe 1 – fleasc 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

–  na hOileáin Chanáracha: EUR 69 900 000

–  na hOileáin Chanáracha: EUR 72 700 000

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír -1 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Airteagal 32 – mír 4

 

An téacs atá ann

Leasú

 

Leasaítear Airteagal 32(4) mar a leanas:

4.   Cuirfidh an Coimisiún caibidil shonrach san áireamh sna hanailísí, sa staidéar agus sna measúnuithe a dhéanann sé i gcomhthéacs comhaontuithe trádála agus an chomhbheartais talmhaíochta le haghaidh aon ábhair ina bhfuil leas ar leith ag na réigiúin is forimeallaí.

‘4.   Sula gcuirfear tús le haon chaibidlíocht tráchtála a bhféadfadh impleachtaí a bheith aici ar thalmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí, déanfaidh an tAontas staidéir, anailísí agus measúnuithe maidir le tionchar féideartha na caibidlíochta sin agus cuirfidh sé a shainordú don chaibidlíocht in oiriúint dóibh sin chun srianta sonracha na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh agus chun gach tionchar diúltach sna réigiúin sin a sheachaint. Is iad na critéir sin arna leagan síos ag na Náisiúin Aontaithe a úsáidfidh an Coimisiún chun na measúnuithe tionchair sin a dhéanamh.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/TXT/HTML/?uri=CELEX:32013R0228&from=ga)

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 229/2013

Airteagal 18 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV suas le huasmhéid bliantúil EUR 23 000 000.

2.  Maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV suas le huasmhéid bliantúil EUR 23 930 000.

Réasúnú

Éilítear leis an leasú go ndéanfaí an t-imchlúdach reatha a choinneáil.

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 229/2013

Airteagal 18 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  An méid a leithdháilfear gach bliain chun na socruithe sonracha soláthair dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú, ní fhéadfaidh sé EUR 6 830 000 a shárú.’

3.  An méid a leithdháilfear chun na socruithe sonracha soláthair dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú, ní fhéadfaidh dul thar EUR 7 110 000.

Réasúnú

Éilítear leis an leasú go ndéanfaí an t-imchlúdach reatha a choinneáil.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach.

Tagairtí

COM(2018)0394 – C8-0246/2018 – 2018/0218(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AGRI

11.6.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

11.6.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Younous Omarjee

20.6.2018

Pléite sa choiste

13.12.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

17.1.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

30

1

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Arimont, Franc Bogovič, Rosa D’Amato, Tamás Deutsch, Aleksander Gabelic, Iratxe García Pérez, Michela Giuffrida, Krzysztof Hetman, Marc Joulaud, Sławomir Kłosowski, Constanze Krehl, Louis-Joseph Manscour, Martina Michels, Iskra Mihaylova, Andrey Novakov, Younous Omarjee, Konstantinos Papadakis, Mirosław Piotrowski, Stanislav Polčák, Liliana Rodrigues, Fernando Ruas, Monika Smolková, Ruža Tomašić, Ramón Luis Valcárcel Siso, Monika Vana, Matthijs van Miltenburg, Lambert van Nistelrooij, Derek Vaughan, Kerstin Westphal, Joachim Zeller

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Ivana Maletić, Bronis Ropė, Maria Gabriela Zoană, Damiano Zoffoli

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

30

+

ALDE

Iskra Mihaylova, Matthijs van Miltenburg

EFDD

Rosa D'Amato

GUE/NGL

Martina Michels, Younous Omarjee

PPE

Pascal Arimont, Franc Bogovič, Tamás Deutsch, Krzysztof Hetman, Marc Joulaud, Ivana Maletić, Lambert van Nistelrooij, Andrey Novakov, Stanislav Polčák, Fernando Ruas, Ramón Luis Valcárcel Siso, Joachim Zeller

S&D

Aleksander Gabelic, Iratxe García Pérez, Michela Giuffrida, Constanze Krehl, Louis-Joseph Manscour, Liliana Rodrigues, Monika Smolková, Derek Vaughan, Kerstin Westphal, Maria Gabriela Zoană, Damiano Zoffoli

VERTS/ALE

Bronis Ropė, Monika Vana

1

-

NI

Konstantinos Papadakis

3

0

ECR

Sławomir Kłosowski, Mirosław Piotrowski, Ruža Tomašić

Eochair:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach.

Tagairtí

COM(2018)0394 – C8-0246/2018 – 2018/0218(COD)

Dáta tíolactha chun PE

1.6.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AGRI

11.6.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

5.7.2018

BUDG

11.6.2018

CONT

5.7.2018

ENVI

11.6.2018

 

REGI

11.6.2018

PECH

5.7.2018

 

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

BUDG

28.6.2018

PECH

20.6.2018

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Eric Andrieu

28.6.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

1.4.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

29

7

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

John Stuart Agnew, Clara Eugenia Aguilera García, Eric Andrieu, Daniel Buda, Nicola Caputo, Matt Carthy, Michel Dantin, Paolo De Castro, Albert Deß, Diane Dodds, Jørn Dohrmann, Herbert Dorfmann, Norbert Erdős, Luke Ming Flanagan, Karine Gloanec Maurin, Martin Häusling, Esther Herranz García, Jan Huitema, Peter Jahr, Jarosław Kalinowski, Norbert Lins, Philippe Loiseau, Mairead McGuinness, James Nicholson, Marijana Petir, Maria Lidia Senra Rodríguez, Ricardo Serrão Santos, Czesław Adam Siekierski, Marc Tarabella, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Paul Brannen, Maria Heubuch, Karin Kadenbach, Annie Schreijer-Pierik, Giancarlo Scottà, Thomas Waitz

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

João Pimenta Lopes

Dáta don chur síos

7.5.2019

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

29

+

ECR

Jørn Dohrmann, James Nicholson

GUE/NGL

Luke Ming Flanagan

NI

Diane Dodds

PPE

Daniel Buda, Michel Dantin, Albert Deß, Herbert Dorfmann, Norbert Erdős, Esther Herranz García, Peter Jahr, Jarosław Kalinowski, Norbert Lins, Mairead McGuinness, Marijana Petir, Annie Schreijer‑Pierik, Czesław Adam Siekierski

S&D

Clara Eugenia Aguilera García, Eric Andrieu, Paul Brannen, Nicola Caputo, Paolo De Castro, Karine Gloanec Maurin, Karin Kadenbach, Ricardo Serrão Santos, Marc Tarabella

Verts/ALE

Maria Heubuch, Martin Häusling, Thomas Waitz

7

-

EFDD

Marco Zullo

ENF

John Stuart Agnew, Philippe Loiseau, Giancarlo Scottà

GUE/NGL

Matt Carthy, João Pimenta Lopes, Maria Lidia Senra Rodríguez

1

0

ALDE

Jan Huitema

Eochair do na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 4 Iúil 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais