Tuarascáil - A9-0166/2020Tuarascáil
A9-0166/2020

TUARASCÁIL maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Comhlachais AE le Poblacht na Moldóive

28.9.2020 - (2019/2201(INI))

An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Rapóirtéir: Dragoş Tudorache


Nós Imeachta : 2019/2201(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0166/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0166/2020
Téacsanna arna nglacadh :

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN - ACHOIMRE AR FHÍORAIS AGUS AR FHIONNACHTANA

Cruthaíonn an daonlathas rathúnas agus cothaíonn sé é. Is féidir le saoránaigh de thíortha daonlathacha leas a bhaint as éifeachtaí an rathúnais ar an ábhar go mbíonn cearta an duine agus saoirse cainte ag croílár na sochaí ina dtíortha. Tá sé buntábhachtach breathnú go díreach agus gan idirghabhálaí ar an réaltacht sin, agus Poblacht na Moldóive á plé againn, tír atá ar cheann de na tíortha is boichte san Eoraip de réir tuarascálacha ón mBanc Domhanda, ar tír í ina raibh éabhlóid sách diúltach le deich mbliana anuas, de réir tháscairí an daonlathais agus an éillithe.

Níor cheart dúinn dearcadh diúltach a fhorbairt i leith Phoblacht na Moldóive bunaithe ar na táscairí sin amháin. Ina ionad sin, ba cheart dúinn a bheith ar an eolas faoi na deacrachtaí a raibh ar an tír sin aghaidh a thabhairt orthu agus ba cheart dúinn tacaíocht a thabhairt dá saoránaigh, agus iad ag iarraidh staid chrua a dtíre a shárú. Is aontas de stáit muid agus táimid ag tosú, diaidh ar ndiaidh, “Eoraip” a thabhairt ar an aontas sin. Ós rud é gur maith is eol dúinn cén tionchar a bhí ag an ngaireacht sin agus ag an struchtúr polaitiúil sin ar shaoránaigh ár dtíortha, ó thaobh na staire de agus ó thaobh mothúchán de, is maith an rud é a mheabhrú gurb é is Eoraip ann, i ndáiríre, rud is mó fiú ná struchtúr polaitiúil a dhéanann gach duine againn rannchuidiú ina leith. Tá codanna d’Oirthear na hEorpa nó de na Balcáin Thiar chomh hEorpach agus atá ceann ar bith dár dtíortha; is é an t-aon difríocht atá ann ná gur ghlac siad conair dhifriúil san am a chuaigh thart, mar gheall ar dhrochimeachtaí stairiúla. Ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar chinntí polaitiúla a rinneadh sa am atá caite – na cinntí sin a réab an mhór-roinn seo as a chéile.

Is é an dualgas polaitiúil atá orainn ná a chinntiú go bhfuil na cearta polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha céanna ag saoránaigh uile na hEorpa. Is ina fhianaise sin ba cheart dúinn breathnú ar Phoblacht na Moldóive agus ar fheidhmiú na tíre sa Chomhaontú Comhlachais leis an Aontas Eorpach. Ba cheart dúinn pionós a ghearradh ar aon éagsúlacht le prionsabail dhaonlathacha, aon sárú ar chomhaontuithe déthaobhacha a chur in iúl, agus an tsraith cheart de bhearta a mholadh chun cosc a chur ar aon dul siar. Ach ní mór gné bhunúsach den phróiseas sin a urramú, cibé cén cinneadh a dhéanaimid le chéile: is saoránaigh Eorpacha iad saoránaigh Phoblacht na Moldóive agus ní mór dúinn smaoineamh ar dtús ar a bhfolláine. Bíonn polaiteoirí ag teacht agus ag imeacht; fanann na saoránaigh i gcónaí.

Is stát dothuartha go fóill í Poblacht na Moldóive. Amharcann a cuid saoránach i dtreo an Aontais Eorpaigh, ach níl a haicme pholaitiúil in ann cobhsaíocht pholaitiúil agus ceannaireacht iontaofa a chur ar fáil. Ar chúinse na neodrachta dearbhaithe, déanann polaiteoirí na Moldóive beartais a roghnú i ndiaidh a chéile trína mbeidís i bhfabhar na Bruiséile nó Moscó, ag brath ar a leasanna pearsanta. Nuair a bhíonn staid pholaitiúil ilroinnte agus an-chorraitheach ann, cuirtear bac ar chomhdhearcadh náisiúnta maidir le todhchaí Phoblacht na Moldóive. Is é an t-aon chinnteacht sa chomhthéacs sin ná go bhfuil an staid fós suaite agus dothuartha, le ráitis a thagann salach ar a chéile, le teanga dhébhríoch, agus le cinntí nach mbíonn ar aon dul i gcónaí le leas shaoránaigh na Moldóive. Sa ráiteas comhpháirteach a thug siad i mí na Nollag 2019, dúirt Poblacht na Moldóive, an Úcráin agus an tSeoirsia go ndéanfadh siad iarrachtaí leanúnacha teacht chun bheith ina mbaill den Aontas Eorpach. Cúpla mí ina dhiaidh sin, chuir Uachtarán agus Príomh-Aire na Moldóive in iúl go raibh amhras orthu faoina dtír a bheith ag teacht chun bheith ina ball den Aontas Eorpach nó den Aontas Eoráiseach. Ba dhona an chodarsnacht é sin, agus ba thuairim é a bhí contrártha leis an treo ar gheall an tír go rachadh sí ann, cé nach raibh aon athrú ar an toghchán rialtais nó uachtaránachta sa tréimhse idir an dá ráiteas. Is fiú an méid a dúirt an tUachtarán Igor Dodon a lua go beacht: “Ní dóigh liom go mbeimis inár mbaill den Aontas sna 10-15 bliana atá amach romhainn. Ná den Aontas Eoráiseach. Cén fáth a dteastaíonn an Comhaontú Comhlachais le AE uainn? Chun athchóirithe a dhéanamh agus chun cáilíocht ár saoil a fheabhsú, ní mór dúinn leas a bhaint as an tacaíocht sin. Tá a chion féin d’fhadhbanna ag AE”. Tá an ráiteas ábhartha: léirítear ann nach i gcónaí a mholann an tAontas Eorpach agus a phrionsabail an urraim do cheannaireacht pholaitiúil na Moldóive, cé go dtuigeann polaiteoirí na Moldóive go hiomlán na buntáistí eacnamaíocha a bhaineann le naisc níos dlúithe le AE.

Mar sin féin, ní hionann an dearcadh sin agus tiomantas do luachanna; gnó atá ann, agus sin a bhfuil de. Tá Comhpháirtíocht an Oirthir agus an Comhaontú Comhlachais bunaithe ar phrionsabail an Aontais Eorpaigh, ar an gceangal atá acu le luachanna daonlathacha, agus ar an gcreideamh go bhfuil cearta agus saoirsí bunúsacha ag saoránaigh na hEorpa, bíodh a dtír ina cuid den Aontas Eorpach nó ná bíodh.

Tá tionchar diúltach sofheicthe ar éabhlóid na tíre ag an easpa muiníne atá ag an aicme pholaitiúil as conair Eorpach, as an gceangal thar cuimse atá ag roinnt polaiteoirí le luachanna na hEorpa agus as an ascalú idir an tIarthar agus an tOirthear. Níor éirigh le Poblacht na Moldóive ach cuid den chúnamh macrairgeadais a mhealladh ón Aontas Eorpach. Ní dhearnadh na coinníollachtaí sa chomhaontú a shínigh an dá pháirtí a chomhlíonadh ach i bpáirt. Is beag forbairt atá déanta ar phríomhchaibidlí a bhaineann le hurraim do chearta an duine, leis an smacht reachta agus le rialú ar chur isteach polaitiúil ar an gcóras ceartais, leis an tsochaí shibhialta nó leis an tsaoirse cainte. Ó thaobh na polaitíochta de, b’fhearr i gcónaí le cuid áirithe d’aicme pholaitiúil na Moldóive status quo díobhálach a choinneáil seachas páirt a ghlacadh in athchóirithe comhsheasmhacha struchtúracha. Tá méadú ag teacht ar an ngá atá le hidirghabháil chinntitheach agus le hathchóirithe a chur chun feidhme.

Ó bunaíodh Comhpháirtíocht an Oirthir agus go dtí deireadh na bliana 2018, fuair Poblacht na Moldóive níos mó ná billiún euro ón mBruiséil i dtionscadail a comhaontaíodh go comhpháirteach. Léiríonn staidreamh go n-aithníonn saoránaigh na Moldóive go bhfuil rathúnas eacnamaíoch (83%), cearta an duine (79%), agus saoirse cainte (78%) ag roinnt leis an Aontas Eorpach agus le Comhpháirtíocht an Oirthir. Níl aon iontas ar bith sna sonraí seo, toisc go léiríonn siad réaltacht eacnamaíoch agus shóisialta. Is chuig tíortha an Aontais Eorpaigh a théann breis agus 70% d’easpórtálacha na Moldóive. Na deacrachtaí eacnamaíocha a bhí ann mar thoradh ar thrádbhac na Rúise, rinneadh iad a shárú taobh istigh de thréimhse ghairid trí mhalartuithe eacnamaíocha le tíortha Eorpacha. Tá os cionn milliún saoránach ón Moldóiv ina gcónaí agus ag obair laistigh de theorainneacha an Aontais.

D’ainneoin sin, tá an neamhréir chéanna ann fós idir uimhreacha agus iompar polaitiúil agus is cúis imní í an neamhréir sin. De ghnáth, ba cheart an réaltacht pholaitiúil a bheith mar thúsphointe dár gcinntí agus iad a léiriú i mbearta eacnamaíocha atá oiriúnach d’iompar polaitiúil. Ní rogha inbhuanaithe é tarrtháil a thabhairt i leith ainmheasarthacht pholaitiúil ná neamhaird a dhéanamh uirthi ar chúiseanna eacnamaíocha. Mar sin féin, is mithid rogha a dhéanamh an méid atá tógtha againn a chosaint agus breathnú ar an staid pholaitiúil mar atá, chun saoránaigh na Moldóive a chosaint sula ndéanfar an tír a bhunú ó thaobh na polaitíochta de. Is rómhinic gnáthdhaoine ag fulaingt toisc nach bhfuil na polaiteoirí a dhéanann ionadaíocht orthu ag comhlíonadh a gcuid freagrachtaí. Tá na milliúin duine i bPoblacht na Moldóive, ar Eorpaigh lasmuigh de theorainn an Aontais Eorpaigh iad, a ndéanann a bpolaiteoirí ionadaíocht orthu. Ní mór dúinn ár n-iarrachtaí polaitiúla agus eacnamaíocha a dhíriú orthu, chun a bheith in ann, ag an am céanna, na smachtbhannaí is déine is féidir a chur ar gach botún polaitiúil lena ndéanfaí saoránaigh na Moldóive a chur i mbaol agus an tír a threorú óna conair Eorpach.

Is í Parlaimint na hEorpa an áit cheart chun treoir pholaitiúil nua a sheoladh do Phoblacht na Moldóive. Tá sainordú aici ó na saoránaigh, agus an ionadaitheacht a ghabhann le vóta daonlathach. Is mithid anois an ról atá againn mar ionadaithe ar shaoránaigh na hEorpa a admháil agus aire a thabhairt dá gcuid leasanna, fiú má tá roinnt saoránach Eorpach scartha óna chéile fós ag teorainneacha stairiúla. Luath nó mall, beidh na saoránaigh sin ina gcuid d’Eoraip aontaithe. Go dtí sin, ní mór dúinn grinnscrúdú a dhéanamh ar éabhlóid na bpróiseas daonlathach agus na n-athchóirithe struchtúracha gan dearmad a dhéanamh ar ár ndualgas i leith gach saoránaigh Eorpaigh, bídís ina saoránaigh de chuid na mBallstát nó ná bídís, fiú má dhéanann na polaiteoirí atá i gcumhacht dearmad ar an méid sin.

A chomhghleacaithe córa, iarraim oraibh deis a thabhairt do mhuintir na Moldóive lán a gcumais a bhaint amach agus a bheith ag súil le todhchaí níos fearr in Eoraip aontaithe.

 


TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Comhlachais AE le Poblacht na Moldóive

(2019/2201(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 8 agus do Theideal V, go háirithe Airteagail 21, 22, 36 agus 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), mar aon le Cuid a Cúig den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (CC), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (LDCST) agus a tháinig i bhfeidhm go hiomlán an 1 Iúil 2016,

 ag féachaint do bhunú córais gan víosa do shaoránaigh Phoblacht na Moldóive i mí an Mhárta 2014, mar thoradh ar na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle,

 ag féachaint do shíniú, i mí na Samhna 2017, Meabhráin Tuisceana, Comhaontaithe Saoráide Iasachta agus Comhaontaithe Deontais maidir le cúnamh micreairgeadais do thréimhse 2017-2018 ar fiú EUR 100 milliún é,

 ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na Moldóive maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Comhlachais Phoblacht na Moldóive agus an Aontais Eorpaigh (NAPIAA) do 2017-2019,

 ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir le Poblacht na Moldóive, go háirithe an rún roimhe seo maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Comhlachais AE-na Moldóive an 14 Samhain 2018[1], dá rún an 5 Iúil 2018 maidir leis an ngéarchéim pholaitiúil sa Mholdóiv tar éis neamhbhailíochtú na dtoghchán méarachta in Chișinău[2], an 15 Samhain 2017, maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir sa tréimhse roimh Chruinniú Mullaigh i mí na Samhna 2017[3], an 4 Iúil 2017, maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive[4], agus an 21 Eanáir 2016 maidir le Comhaontuithe Comhlachais/Limistéir Dhoimhne Chuimsitheacha Shaorthrádála leis an tSeoirsia, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin[5],

 ag féachaint don chinneadh a rinne AE i mí Iúil 2018 eisíocaíocht na chéad tráthchoda den chúnamh macrairgeadais a chalcadh, tar éis don Chúirt Uachtarach rialú a dhéanamh ar thoghchán méarachta Chișinău agus tar éis an chinnidh a rinne sí i mí na Samhna 2018 a cúnamh airgeadais a chiorrú, mar thoradh ar ábhair imní faoin smacht reachta agus faoi chúlú daonlathach na tíre,

 ag féachaint don chinneadh a rinne an tAontas ina dhiaidh sin i mí Iúil 2019 tús a chur arís le heisíocaíochtaí tacaíochta buiséadaí i bhfianaise an ghealltanais a thug an Mholdóiv an córas ceartais a athchóiriú,

 ag féachaint do chinneadh an Aontais Eorpaigh i mí Dheireadh Fómhair 2019 maidir leis an gcéad tráthchuid den chúnamh macrairgeadais ar fiú EUR 30 milliún í a eisíoc, mar thoradh ar chur chun feidhme athchóirithe lárnacha chun caighdeáin dhaonlathacha a fheabhsú agus chun an smacht reachta a chosaint,

 ag féachaint don doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) (SWD(2019)0325) i ndáil leis an Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme an Chomhlachais maidir le Poblacht na Moldóive an 11 Meán Fómhair 2019,

 ag féachaint don toradh ar an gcúigiú cruinniú de chuid na Comhairle Comhlachais idir AE agus Poblacht na Moldóive an 30 Meán Fómhair 2019,

 ag féachaint do na Dearbhuithe Comhpháirteacha ó Chruinnithe Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, arbh é an ceann is déanaí díobh an ceann an 24 Samhain 2017 sa Bhruiséil,

 ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le Poblacht na Moldóive an 26 Feabhra 2018,

 ag féachaint do Rún 2308 ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa (PACE) an 3 Deireadh Fómhair 2019 maidir le ‘Feidhmiú institiúidí daonlathacha i bPoblacht na Moldóive’,

 ag féachaint do liosta braistinte 2019 de chuid ‘Transparency International’ i dtaca le heilliú ina bhfuil Poblacht na Moldóive san 120ú háit as 180 tír agus críoch a ndearnadh measúnú orthu (is í an chéad áit an áit is fearr), cé go raibh Poblacht na Moldóive sa 117ú háit ar liosta braistinte 2018 de chuid ‘Transparency International’ i dtaca le héilliú,

 ag féachaint d’Innéacs Daonlathach 2018 Aonad um Fhaisnéis The Economist, ina n-aicmítear Poblacht na Moldóive ina ‘Réimeas Hibrideach’,

 ag féachaint don tuarascáil ó Freedom House in 2020 dar teideal ‘Freedom in the World’, ina dtugtar measúnú ‘saor go páirteach’ do Phoblacht na Moldóive, agus an tuarascáil 2020 uaidh ‘Nations in Transit’, ina ndéantar measúnú ar Phoblacht na Moldóive mar ‘Réimeas Idirthréimhseach nó Hibrideach’,

 ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na Moldóive maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv, an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Cearta an Duine 2018-2022, an Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac 2018-2023, ina luaitear go sainráite daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl,

 ag féachaint do na hanailísí agus do na moltaí a d’eisigh an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), go háirithe an 8 Márta 2018 maidir le Moldóiv Óg: Fadhbanna, Luachanna agus Mianta;  agus an 20 Aibreán 2018 maidir leis an Athbhreithniú ar Bheartas Folláine don Óige ar an Moldóiv,

 ag féachaint do thuairimí agus do mholtaí na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) agus ó Choimisiún na Veinéise de chuid Chomhairle na hEorpa, go háirithe an 15 Márta 2018 maidir le hathchóiriú toghchánaíochta sa Mholdóiv, an 24 Meitheamh 2019 maidir leis an staid bhunreachtúil le tagairt ar leith don fhéidearthacht go ndíscaoilfí an pharlaimint, agus an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an dréacht-dlí i ndáil le hathchóiriú na Cúirte Uachtaraí Breithiúnais agus Oifig an Ionchúisitheora,

 ag féachaint don Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún maidir le “Beartas Comhpháirtíochta an Oirthir tar éis 2020 – Athneartú na hAthléimneachta, Comhpháirtíocht an Oirthir a dhéanfaidh beart do chách” an 18 Márta 2020,

 ag féachaint do chonclúidí na Comhairle an 11 Bealtaine 2020 maidir le Beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020,

 ag féachaint don Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 8 Aibreán 2020 maidir le freagairt dhomhanda an Aontais do COVID-19 agus do Chinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19,

 ag féachaint don Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, an Tríú tuarascáil faoin sásra fionraíochta víosaí, agus an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi, a foilsíodh an 10 Iúil 2020,

 ag féachaint don mholadh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin /Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, sa tréimhse ag druidim le cruinniú mullaigh mhí an Mheithimh 2020,

- ag féachaint do mholtaí agus do ghníomhaíochtaí Choiste Parlaiminteach Comhlachais AE-na Moldóive, Thionól Parlaiminteach Euronest, Fhóram Sochaí Sibhialta Chomhpháirtíocht an Oirthir, Ardán Sochaí Sibhialta AE-na Moldóive agus ionadaithe eile ón tsochaí shibhialta i bPoblacht na Moldóive,

 ag féachaint don Ráiteas agus do na Moltaí a glacadh ag an 7ú Cruinniú de Choiste Parlaiminteach Comhlachais AE-an Mholdóiv, a tionóladh in Strasbourg an 18-19 Nollaig 2019,

 ag féachaint do na conclúidí ó mhisean breathnóireachta toghcháin Pharlaimint na hEorpa chuig toghcháin pharlaiminteacha Phoblacht na Moldóive an 24 Feabhra 2019 arna lánpháirtiú sa mhisean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán faoi stiúir ESCE/ODIHR,

 ag féachaint don phacáiste cúnaimh eacnamaíoch ón gCoimisiún a glacadh an 29 Márta 2020 chun cabhrú le Poblacht na Moldóive, i measc tíortha eile, ina comhrac i gcoinne phaindéim COVID-19, lenar áiríodh atreorú na n-ionstraimí atá ann cheana chun tionchar socheacnamaíoch na géarchéime a mhaolú;

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e), agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis, den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0166/2020),

A. de bhrí, tríd an gComhaontú Comhlachais/LDCST, gur gheall AE agus Poblacht na Moldóive comhlachas polaitiúil a chur chun cinn agus comhtháthú eacnamaíoch a ghnóthú, agus gur gheall Poblacht na Moldóive acquis AE a ionchorprú ina dlíthe agus ina cleachtais féin i líon mór réimsí; de bhrí, chun tacú leis na hiarrachtaí sin, gur gheall an tAontas cúnamh substaintiúil airgeadais agus buiséadach a sholáthar do Phoblacht na Moldóive, ar choinníoll go n-urramaítear luachanna agus prionsabail lárnacha Eorpacha, amhail an smacht reachta, cearta an duine agus cearta daonlathacha agus go ráthaítear an comhrac i gcoinne na caimiléireachta, na coireachta eagraithe, an sciúrtha airgid, na struchtúr olagarcach agus an fhiníochais; de bhrí gur féidir, i gcásanna tromchúiseacha cúlaithe, an comhar a aisiompú;

B. de bhrí  gur ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle cinneadh an 13 Meán Fómhair 2017 cúnamh macrairgeadais ar fiú EUR 100 milliún é a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive i gcomhthéacs chlár CAI chun tacú le hathchóirithe eacnamaíocha agus airgeadais na tíre sin;

C. de bhrí gur chuir AE a imní in iúl arís agus arís eile faoin smacht reachta, faoin easpa dul chun cinn maidir le hionchúiseamh na ndaoine sin atá freagrach as an gcalaois bhainc a nochtadh in 2014, agus faoi sháruithe leanúnacha ar chearta an duine;

D. de bhrí go léirítear, i liosta braistinte 2018 de chuid ‘Transparency International’ i dtaca le heilliú agus i dtuarascálacha 2020 ó Freedom House, gur beag an dul chun cinn atá déanta le fíordhéanaí i bPoblacht na Moldóive, agus go léiríonn an treocht fhoriomlán sna hinnéacsanna sin, chomh maith leis an Innéacs Daonlathais, treocht fhadtéarmach atá ag dul in olcas i staid an daonlathais, an éillithe, na gceart polaitiúil agus na saoirsí sibhialta i bPoblacht na Moldóive;

E. de bhrí, in ainneoin athruithe sa rialtas, go bhfuil institiúidí Stáit Phoblacht na Moldóive fós lag agus go bhfuil Poblacht na Moldóive fós ag streachailt le fadhb an ghreamaithe Stáit, toisc nár tháinig laghdú suntasach ar chomhchruinniú cumhachta agus ar an rialú ar gach earnáil agus institiúid thábhachtach ar an leibhéal is airde rialtais;

F. de bhrí, de bharr sáruithe tromchúiseacha ar an smacht reachta agus ar an bpróiseas daonlathach, go ndearna AE eisíocaíocht an dá thráthchuid dheireanacha faoi athchóiriú na hearnála ceartais a chur ar fionraí in 2018;

G. de bhrí, an 11 Meitheamh 2019, gur chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (i gcás Ozdil agus Daoine Eile v. Poblacht na Moldóive) gur sháraigh Poblacht na Moldóive na cearta chun saoirse, slándála, príobháideachais agus shaol an teaghlaigh nuair a choinnigh a Seirbhís Faisnéise agus Slándála (SIS) i Meán Fómhair 2018 cúigear saoránach Turcach a raibh tearmann á lorg acu agus nuair a chuir sí iad ar ais go héigeantach chuig an Tuirc; de bhrí nach bhfuil san eiseachadadh ceilte sin ach sampla amháin de phatrún córasach d’fhuadach éigeantach agus ainneonach, de choinneáil mhídhleathach agus de dhíbirt chuig an Tuirc a dhéantar ar náisiúnaigh Thurcacha i ndosaen tíortha ar fud an domhain;

H. de bhrí, tar éis rialtas a bhunú i mí an Mheithimh 2019 a gheall athchóirithe uaillmhianacha agus clár dírithe ar athchóiriú na mbreithiúna, gur eisíoc an Coimisiún an chéad tráthchuid den Chúnamh Macrairgeadais agus gur chuir sé tús arís le cláir tacaíochta buiséadaí earnála, agus é á dhearbhú aige ag an am céanna go leanfadh sé de choinníollacht dhocht a chur i bhfeidhm; de bhrí gur fhormheas an Coimisiún an 10 Iúil 2020 eisíocaíocht an dara tráthchuid, agus na tráthchoda deiridh, de 30 milliún euro óna chlár um Chúnamh Macrairgeadais (MFA);

I. de bhrí, áfach, nach raibh Poblacht na Moldóive in ann rochtain a fháil ar an gcuid eile de na cistí atá ar fáil faoin gclár seo, áfach, ar cistí iad a d’imigh in éag i mí Iúil 2020; de bhrí go bhfuil an cúnamh sin coinníollach ar athchóirithe a comhaontaíodh roimhe seo a chur chun feidhme, go háirithe na hathchóirithe sin arb é is aidhm dóibh an smacht reachta agus caighdeáin dhaonlathacha a neartú agus torthaí nithiúla a bhaint amach do na saoránaigh;

J. de bhrí, i mí an Mheithimh 2019, gur rith Parlaimint na Moldóive rún mímhuiníne sa Rialtas a bunaíodh i mí an Mheithimh 2019 agus gur cuireadh le chéile rialtas mionlaigh agus comhrialtas nua ina dhiaidh sin; de bhrí gur chuir ionadaithe ó institiúidí an Aontais in iúl go bhfuil imní orthu faoin gcaoi a ndearnadh ionadú ar an seanrialtas agus faoin bpróiseas athchóirithe a ghabh Poblacht na Moldóive de láimh tríd an gComhaontú Comhlachais/LDCST;

K. de bhrí go bhfuil tromlach an chomhrialtais nua i bParlaimint Phoblacht na Moldóive ag laghdú i gcónaí de réir mar a thréigean ionadaithe an comhaontas atá i réim; de bhrí go dtionólfaidh Poblacht na Moldóive toghcháin Uachtaránachta sa fhómhar agus go bhfuil géarthréimhse éagobhsaíochta polaitiúla ann faoi láthair; de bhrí gur chuir an tUachtarán Igor Dodon in iúl go gcaithfear an Pharlaimint a lánscor agus go gcaithfear toghcháin luatha a reáchtáil a luaithe is féidir; de bhrí gur rialaigh Cúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Moldóive an 7 Iúil 2020 nach bhféadfaí toghcháin luatha a reáchtáil go dtí tar éis na dtoghchán Uachtaránachta;

L. de bhrí, an 17 Aibreán 2020, gur shínigh rialtas na Rúise agus na Moldóive comhaontú d’iasacht EUR 200 milliún a chuirfidh Cónaidhm na Rúise ar fáil do Phoblacht na Moldóive le ráta fabhrach úis 2%, a rinne uachtaráin an dá thír a chaibidliú; de bhrí gur daingníodh an comhaontú sin an 23 Aibreán agus, an lá céanna, tar éis achomharc a rinne comhaltaí an fhreasúra pharlaimintigh, go ndearna Cúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Moldóive dlí daingniúcháin an chomhaontaithe iasachta a chur ar fionraí go dtí go gcríochnódh sé an scrúdú ar a chomhoiriúnacht leis an mBunreacht; de bhrí, ar an 6 Bealtaine, gur thuairiscigh Uachtarán na Cúirte Bunreachtúla go raibh brú á chur ag údaráis na Moldóive ar an gCúirt Bhunreachtúil, agus go ndearna sé iarrachtaí míchlú a tharraingt ar a breithiúna; de bhrí gur dhearbhaigh an Chúirt Bhunreachtúil an 7 Bealtaine 2020 go raibh an comhaontú iasachta míbhunreachtúil; de bhrí go bhfuil comhaontú iasachta nua le Cónaidhm na Rúise faoi chaibidil faoi láthair;

M. de bhrí gur chruthaigh paindéim COVID-19 go bhfuil gá níos mó is níos mó le comhordú chun dul i ngleic le bagairtí comhchoiteanna a gcaithfidh an tAontas agus tíortha comharsanachta aghaidh a thabhairt orthu; de bhrí gur thug an tAontas freagra ar an ngá sin trí phacáiste cabhrach airgeadais a chur ar fáil dá chomharsana, i measc uirlisí eile;

N. de bhrí go bhfuil dlúthpháirtíocht le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir ríthábhachtach le linn ghéarchéim COVID-19 agus gur thug an tAontas tacaíocht shuntasach chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na ráige sa réigiún; de bhrí, sa chomhthéacs sin, go mbainfidh Poblacht na Moldóive tairbhe as 87 milliún euro i gcistiú déthaobhach atreoraithe;

O. de bhrí go bhfuil iasachtaí breise cúnaimh macrairgeadais de EUR 100 milliún á gcur ar fáil ag an Aontas do Phoblacht na Moldóive, mar chuid den chinneadh tacaíocht mhacrairgeadais a chur ar fáil do dheich dtír chomhpháirtíochta sa chomharsanacht chun cabhrú leo teorainn a chur leis drochiarmhairtí eacnamaíocha ó phaindéim an choróinvíris; de bhrí go ndéanfar an chéad tráthchuid den phacáiste eisceachtúil CMA a eisíoc chomh tapa agus is féidir, ós rud é gur daingníodh an Meabhrán Tuisceana le Poblacht na Moldóive; de bhrí, chun an dara tráthchuid a fháil, atá le heisíoc laistigh de bhliain ón Meabhrán Tuisceana a shíniú, go mbeidh ar an tír coinníollachtaí áirithe a urramú; de bhrí gur réamhchoinníoll amháin a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais sin a dheonú ná gur gá don tír sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n-áirítear córais pharlaiminteacha ilpháirtí, an smacht reachta agus urramú chearta an duine; de bhrí gur cheart gur díol sásaimh é an Meabhrán Tuisceana a thabhairt i gcrích, ba cheart cur chun feidhme na ngealltanas a gabhadh de láimh a ráthú;

P. de bhrí go bhfuil gealltanais idirnáisiúnta agus náisiúnta tugtha ag Poblacht na Moldóive chun comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil bearta glactha ag an tír chun ionadaíocht pholaitiúil na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chuóta inscne éigeantach 40% a ghlacadh do liostaí toghcháin na bpáirtithe polaitiúla; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun cuspóirí na Straitéise Náisiúnta um Chomhionannas Inscne 2017-2021 a chur chun cinn, lena n-áirítear cistiú iomchuí agus sásraí cur chun feidhme níos láidre;

Q. de bhrí, in ainneoin an dul chun cinn eacnamaíoch ar fad, go raibh tionchar sóisialta an chúnaimh airgeadais agus na n-iarrachtaí athchóirithe sách imeallach; de bhrí go bhfuil Poblacht na Moldóive fós ar cheann de na tíortha is boichte san Eoraip, agus í i ndrochstaid shóisialta le sráidbhailte tréigthe agus fíorbhochtaineacht; de bhrí in 2018 go raibh 38.5 % de na hoibrithe i bPoblacht na Moldóive fostaithe go neamhfhoirmiúil agus nach raibh aon rochtain acu ar chosaint shóisialta de chineál ar bith;

R. de bhrí, ó 1989 i leith, go bhfuil daonra Phoblacht na Moldóive laghdaithe beagnach aon trian; de bhrí, i dtéarmaí déimeagrafaice, gurb iad sin na figiúirí is measa san Eoraip ar fad; de bhrí go bhfágann Moldóivigh an tír ar mhaithe le pá níos airde agus oideachas agus saoráidí níos fearr; de bhrí go bhfuil iarmhairtí doimhne, fadtéarmacha polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta ag an bhforbairt sin; de bhrí go bhfuil ar Phoblacht na Moldóive aghaidh a thabhairt ar ghanntanas saothair agus ar easpa gairmithe amhail altraí agus dochtúirí; de bhrí gurb iad daoine scothaosta, a bhfuil cuid mhór díobh ag brath ar íocaíochtaí, na daoine is leochailí i bPoblacht na Moldóive agus go bhfuil siad i mbaol na bochtaineachta;

S. de bhrí nach féidir réiteach ar fhadhbanna Phoblacht na Moldóive a fháil ó lasmuigh den tír agus gur gá feabhas a chur ar an úinéireacht a ghlacann muintir na Moldóive chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na tíre; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach i gcónaí aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin amhail an comhrac i gcoinne an éillithe agus struchtúr na nOlagarcach, cloí le caighdeáin dhaonlathacha, agus an gá atá le réitigh a fháil ar na fadhbanna ilghnéitheacha sóisialta, iolrachas na meán a áirithiú agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an eisimirce;

Luachanna coiteanna agus prionsabail ghinearálta

1. ag meabhrú go bhfuil na luachanna coiteanna ar a bhfuil an tAontas tógtha, eadhon an daonlathas, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus an smacht reachta, i gcroílár an chomhlachais pholaitiúil agus an lánpháirtithe eacnamaíoch idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive; ag athdhearbhú thiomantas an Aontais tacú le conair Eorpach Phoblacht na Moldóive trí chomhlachas polaitiúil, trí lánpháirtiú eacnamaíoch agus trí na hathchóirithe faoi seach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Comhaontú Comhlachais/LDCST fós ríthábhachtach d’fhorbairt Phoblacht na Moldóive, go háirithe sa tréimhse eisceachtúil ina bhfuilimid faoi láthair, agus ag moladh rannpháirtíocht leanúnach shochaí agus údaráis na Moldóive sa phróiseas sin; á mheabhrú di, áfach, nach mór tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir lena chur chun feidhme, chun a acmhainneacht agus a leasanna iomlána a chur ar fáil, go háirithe trí dhíriú ar neamhspleáchas na n-institiúidí Stáit, ar a dteacht aniar i gcoinne an tionchair a bhíonn ag olagarcaí, ar an gcomhrac i gcoinne na caimiléireachta, ar an gceartas, ar an smacht reachta a neartú agus ar dhálaí maireachtála na saoránach a fheabhsú; á chur i bhfios gurbh é an Comhaontú Comhlachais/LDCST an príomhphointe a thug spreagadh agus tacaíocht do phróiseas na n-athchóirithe struchtúracha, an daonlathais agus an smachta reachta;

2. á chur in iúl gur geal léi gach rún atá ag an tír chun lánpháirtiú polaitiúil, daonna agus eacnamaíoch níos dlúithe a bhaint amach leis an Aontas i gcomhréir le prionsabal na difreála agus bunaithe ar fheidhmíocht, ar thorthaí agus ar ardaidhmeanna údaráis agus shochaí Phoblacht na Moldóive;

3. ag tabhairt dá haire conclúidí ó chomhairliúchán CAI i Márta 2020 maidir le hAirteagal IV agus an séú hathbhreithniú, arb é an ceann críochnaitheach é, ó Bhord CAI ar fheidhmíocht eacnamaíoch na Moldóive faoin tSaoráid Chreidmheasa Shínte agus faoi na socruithe maidir le Saoráid Chistiúcháin Fhadaithe Shínte, go háirithe maidir le córas baincéireachta na Moldóive a athshlánú agus rialachas na hearnála airgeadais a neartú;

4. á chur in iúl gur geal léi eisíoc an dara tráthchuid de TMA an Aontais; ag aithint iarrachtaí athchóirithe Phoblacht na Moldóive i réimsí amhail an comhrac i gcoinne an éillithe, an creat frithsciúrtha airgid a neartú, dlí nua maidir le gníomhaíochtaí ENRanna a ghlacadh, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil Poblacht na Moldóive páirteach i gclár athbhreithnithe na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) i gcoinne éilliú piaraí (Plean Gníomhaíochta Iostanbúl);

5. den tuairim gur cheart, tar éis don dara tráthchuid de Chlár an Aontais Eorpaigh don Chúnamh Macrairgeadais don tréimhse 2017-2020 a bheith eisíoctha, d’údaráis na Moldóive iarrachtaí a dhéanamh chun na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh sna réimsí a bhaineann leis an gcreat frithsciúrtha airgid a neartú, ar cheart dó torthaí inláimhsithe, marthanacha a bhaint amach ina leith, chomh maith le neamhspleáchas an bhainc náisiúnta a neartú;

6. á iarraidh ar Rialtas na Moldóive agus ar AE oibriú i gcomhar le chéile chun tionchar diúltach ghéarchéim COVID-19 ar an bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch a shárú;

7. á chur in iúl gur geal léi toradh na caibidlíochta i ndáil leis an Meabhrán Tuisceana maidir le clár eisceachtúil nua AE um chúnamh macrairgeadais arb é is aidhm dó tionchar diúltach eacnamaíoch phaindéim COVID-19 a chomhrac;

á chur in iúl a thábhachtaí atá cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais sna forbairtí polaitiúla leanúnacha agus sa tréimhse ag druidim leis na Toghcháin Uachtaránachta a bheidh ar siúl an 1 Samhain;

8. ag tabhairt dá haire nach bhfuil Clár Gníomhaíochta Phoblacht na Moldóive i mí na Samhna 2019 chomh huaillmhianach le Clár Oibre Domhanda 2030 an rialtais a bhí ann roimhe sin, agus á chur in iúl gurb ábhar imní é go bhfuil éagobhsaíocht pholaitiúil agus athruithe rialta rialtais ag cur isteach ar chur chun feidhme fhorálacha an Chomhaontaithe Comhlachais/LDCST agus lena gcuirtear teorainn le luas na n-athchóirithe; ag tacú leis an gcéad Chlár Oibre Comhlachais eile a cheangal le NAPIAA nua agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go nglacfar an Clár Oibre nua go pras mar ionstraim chun dlús a chur le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais agus chun a thosaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta le rannpháirtíocht ghníomhach pharlaiminteach agus le hionchur parlaiminteach gníomhach ón tsochaí shibhialta agus ó gheallsealbhóirí eile san Aontas agus i bPoblacht na Moldóive; á áitiú go mbeidh leanúint de thacaíocht bhuiséadach earnála AE fós á chur de choinníoll ar athchóiriú nithiúla a chur i gcrích, go háirithe maidir leis na breithiúna; i ndáil leis an méid sin, ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé na hathchóirithe tosaíochta uile a comhaontaíodh sa Chlár Oibre Comhlachais a chur chun feidhme agus a thábhachtaí atá comhlíonadh na gcoinníollachtaí a comhaontaíodh maidir le dara agus tríú tráthchodanna TMA a eisíoc;

9. á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú cuiditheach Phoblacht na Moldóive leis an gcomhar laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir agus malartú polaitiúil buan agus níos dlúithe á chur chun cinn aici idir tíortha atá mar chuid de AA/DCFTAnna agus an Coimisiún maidir le hathchóirithe a bhaineann le comhlachas; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid chuí a bhaint as na sásraí atá ann cheana chun leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme nithiúil na n-athchóirithe agus sásra um choinníollacht a fhorbairt, lena n-áirítear tagarmharcanna soiléire, le rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta, go háirithe ar an leibhéal áitiúil; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach, sa chomhthéacs sin, dlús a chur leis an tacaíocht airgeadais do ESSanna, a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le rannpháirtíocht a chothú i ndíospóireachtaí poiblí agus maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht údaráis na Moldóive agus ar éifeachtacht bheartais an Aontais i leith na tíre; thairis sin, ag moladh go n-úsáidfí taithí an Ghrúpa Tacaíochta don Úcráin chun struchtúr comhchosúil a chruthú do Phoblacht na Moldóive, chun éifeachtacht agus infheictheacht thacaíocht an Aontais a mhéadú;

10. á chur i bhfios go láidir gur cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid i bPoblacht na Moldóive go fadtéarmach, lena n-áirítear le linn na tréimhse réamhthoghcháin, i gcomhréir le gnáthchleachtais agus gnáthchaighdeáin ESCE/ODIHR, go háirithe le linn na tréimhse géarchéime seo, ós rud é gur tastáil ar an daonlathas agus an smacht reachta sa tír a bheidh sa toghcháin uachtaránachta atá ar na bacáin;

11. i ndáil leis sin, á iarraidh ar údaráis na Moldóive a áirithiú go mbeidh saorthoghcháin chóra uachtaránachta ann an 1 Samhain 2020 agus á iarraidh ar údaráis na Moldóive tuilleadh feabhais a chur ar an reachtaíocht toghcháin chun éifeachtacht an chirt vótála, cothroime na bhfeachtas toghchánaíochta, trédhearcacht an phróisis reachtaigh agus an mhaoirseacht dhaonlathach a áirithiú, ionas go bhféadfar grinnscrúdú poiblí leormhaith a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an rialtais agus na parlaiminte; á éileamh nach n-athróidh údaráis na Moldóive rialacha agus rialacháin mar luaíocht pholaitiúil, rud is cúis le corraíl pholaitiúil agus le héagobhsaíocht a dhéanann difear do thiomantas na n-athchóirithe struchtúracha; ag féachaint do na toghcháin a bheidh ann amach anseo, ag cur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlisteanacht dhaonlathach an rialtais, trédhearcacht i dtaobh comhghuaillíocht a bhunú, urraim do thoil na vótálaithe agus a thábhachtaí atá sé le tromlach rialtais go léirítear vóta na ndaoine;

12. á iarraidh ar údaráis na Moldóive sásraí daonlathacha a neartú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus meáin shaora, neamhspleácha agus iolraíocha a áirithiú mar aon le rochtain chothrom ar airgeadas agus ar na meáin; sa chomhthéacs sin, á éileamh go ndéanfadh údaráis na Moldóive an athléimneacht a neartú i gcoinne na bréagaisnéise agus na cúblála faisnéise ag gníomhaithe baile agus eachtracha, ar líne agus as líne, agus go ndéanfaidh siad bearta a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar an ngá níos práinní fós dul i ngleic le ceannach vótaí, imeaglú breathnóirí toghcháin, breabaireacht toghcháin agus cleachtais éillitheacha eile, mar aon le mí-úsáid acmhainní Stáit, ós rud é leis na cleachtais sin go mbaintear an bonn de na hiarrachtaí daonlathacha go léir a dhéanann gníomhaithe polaitiúla Phoblacht na Moldóive agus go ndéantar iad a scriosadh;

13. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hiomaíocht pholaitiúil láidir agus chothrom i measc iarrthóirí uachtaránachta, rud nach bhféadfaí a dhéanamh gan córas sláintiúil agus trédhearcach maidir le maoiniú páirtithe agus maoiniú an fheachtais uachtaránachta;

14. ag tathant ar rialtas na Moldóive gach beart is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh Phoblacht na Moldóive atá ina gcónaí i réigiún Tras-dnístria agus lasmuigh de Phoblacht na Moldóive páirt a ghlacadh i dtoghcháin ar bhealach cuimsitheach, trédhearcach agus cothrom, saor ó chur isteach eachtrach;

Athchóirithe agus creat institiúideach

15. is díol sásaimh di na hathchóirithe ba chúis le córas gan víosa a thabhairt isteach leis an Aontas; bhain saoránaigh Phoblacht na Moldóive úsáid fhorleathan as an gclár agus is dea-shampla é den chaoi a mbaineann cur chun feidhme CC/LDCST le saol na saoránach trí theagmháil idirphearsanta a chothú le hEorpaigh eile; á iarraidh ar an Aontas agus ar Phoblacht na Moldóive teagmháil agus malartú idir dhaoine a fheabhsú tuilleadh chun íomhánna dearfacha dá chéile a fhorbairt i measc a saoránach;

16. á chur in iúl gur geal léi gur bhain níos mó ná 2,3 milliún saoránach ón Moldóiv tairbhe as an gcóras gan víosa ó 2014 i leith agus á thabhairt dá haire, de réir na tuarascála is déanaí ón gCoimisiún, go bhfuil ceanglais maidir le léirscaoileadh víosaí fós á gcomhlíonadh ag Poblacht na Moldóive agus go bhfuil tairbhí dearfacha eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha ag baint le gluaiseacht gan víosa don Aontas agus do Phoblacht na Moldóive araon; á mholadh don dá thaobh seasamh le saorghluaiseacht daoine le linn géarchéimeanna;

17. ag aithint na hiarrachtaí a rinne údaráis na Moldóive chun na moltaí a leagtar amach sna tuarascálacha bliantúla maidir leis an sásra fionraíochta víosaí a chur chun feidhme; ag moladh go leanfaí le cur chun feidhme na dtagarmharcanna a bhaineann leis an mbeartas maidir le léirscaoileadh víosaí, agus ag iarraidh ar na húdaráis leanúint de na hiarrachtaí sin chun tagarmharcanna léirscaoilte víosaí a shásamh, go háirithe i réimsí an fhrith-éillithe, chun na breithiúna a neartú, chun an reachtaíocht i gcoinne sciúradh airgid a chur i bhfeidhm agus chun gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an méadú ar iarratais tearmainn gan bhunús; i ndáil leis sin, is cúis imní di an méadú atá tagtha ar líon na náisiúnach ón Moldóiv atá ag fanacht go neamhdhleathach i limistéar Schengen+ (méadú 47 %) agus an méadú atá tagtha ar iarratais ar thearmann (méadú 48 %); ag tathant ar údaráis na Moldóive na gealltanais a tugadh i gcomhthéacs an chórais maidir le léirscaoileadh víosaí i dtaca le limistéar Schengen i réimse an bhainistithe imirce éifeachtaigh a chur chun feidhme tuilleadh agus cearta tearmainn a áirithiú d’iarratasóirí ó thríú tíortha i bPoblacht na Moldóive;

18. is díol sásaimh di gur ghlac Parlaimint Phoblacht na Moldóive an iliomad gníomhartha reachtacha i gcomhréir le gealltanais na tíre a chumhdaítear in CC, eadhon gealltanais a bhaineann le riarachán poiblí, bainistiú airgeadais phoiblí agus athchóirithe ar an gcóras ceartais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé na gníomhartha sin a chur chun feidhme ina n-iomláine, lena n-áirítear trí reachtaíocht thánaisteach a ghlacadh;

19. á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le bainistiú airgeadais phoiblí agus á iarraidh ar údaráis na Moldóive dlús a chur le cur chun feidhme athchóirithe eile de chuid CC/DCFTA atá bunaithe ar an smacht reachta a fheabhsú;

20. ag aithint céimeanna riachtanacha a thug Poblacht na Moldóive chun feidhmíocht an riaracháin phoiblí a mhéadú; chun na críche sin, á iarraidh ar rialtas na Moldóive a áirithiú go gcuirfear an tAthchóiriú ar an Riarachán Poiblí don tréimhse 2016-2020 chun feidhme ina iomláine i gcomhréir le prionsabail ECFE/SIGMA an riaracháin phoiblí; thairis sin, á mholadh d’údaráis na Moldóive an trédhearcacht a mhéadú agus éilliú forleathan sa riarachán poiblí a chomhrac mar aon le scoil náisiúnta riaracháin phoiblí a bhunú;

21. á chur i bhfios go láidir gur cur chun feidhme CC níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe a eascraíonn as riar gairmiúil neamhchlaonta institiúidí agus gníomhaireachtaí; i ndáil leis an méid sin, á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an ganntan tiomantais leanúnaigh d’fheabhsuithe san earnáil phoiblí, lena ndíspreagtar daoine inniúla ó ghairmréim sa riarachán poiblí a shaothrú, agus lena gcuirtear béim ar an ngá atá le riarachán poiblí gairmiúil a fhorbairt agus le daoine óga a spreagadh chun dul i mbun gairme san earnáil phoiblí, chun riarachán níos trédhearcaí a bhaint amach, áit nach mbeidh polaitiú leanúnach mar thoradh ar fhiníochas agus ar fhabhraíocht ann;

22. á áitiú go gcuirfí tús le hathchóiriú níos cuimsithí ar an dílárú a luaithe is féidir, lena n-áirítear athchóiriú ar chóras riaracháin-chríochach Phoblacht na Moldóive, forbairt réigiúnach agus dílárú riaracháin, agus an deis ann cánacha áitiúla a ghiniúint; i ndáil leis sin, á chur i bhfios go láidir an gá atá le comhar níos doimhne agus níos leithne idir na húdaráis áitiúla, chun go dtiocfaidh laghdú ar líon na riarachán áitiúil agus chun go mbeidh bearta breise ann chun neamhspleáchas níos mó a áirithiú dóibh agus na costais oibriúcháin ina leith a laghdú; á iarraidh ar údaráis na Moldóive seasamh le prionsabail an daonlathais áitiúil agus an neamhspleáchais áitiúil i gcomhréir leis an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil trí inniúlachtaí cuí agus cistiú leormhaith a sholáthar do na rialtais áitiúla agus trína n-éifeachtacht a áirithiú;

23. ag cur in iúl gur cúis bhuartha di ardleibhéal comhchruinnithe agus polaitithe in earnálacha na meán agus na fógraíochta, rud is cúis le leibhéal íseal muiníne sna meáin a bheith ag an bpobal; á iarraidh ar údaráis na Moldóive leanúint den athchóiriú ar earnáil na meán le rannpháirtíocht níos láidre na sochaí sibhialta sa phróiseas, go háirithe, á iarraidh ar Phoblacht na Moldóive an cód closamhairc a athbhreithniú agus an margadh fógraíochta a léirscaoileadh i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha maidir le saoirse agus iolrachas na meán, mar a mhol an Coimisiún agus Coimisiún na Veinéise, d’fhonn trédhearcacht iomlán úinéireacht na meán agus an mhargaidh fógraíochta a áirithiú;

24. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh neartú iolrachas na meán agus neamhspleáchas na meán mar thosaíocht ag an Aontas agus ag Poblacht na Moldóive ina gcaidreamh comhpháirtíochta agus gur cheart é sin a léiriú freisin sna leithdháiltí airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún níos mó tacaíochta a thabhairt do na meáin neamhspleácha, lena n-áirítear sna réigiúin; ag tathant ar údaráis na Moldóive gan leas a bhaint as paindéim COVID-19 chun bearta a ghlacadh lena laghdaítear saoirse cainte agus lena gcuirtear teorainn le cumas na meán gach gné den tionchar atá ag géarchéim Corona ar an tsochaí a thuairisciú ar bhealach neamhspleách agus neamhchlaonta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di scaipeadh na bréagnuachta agus na bréagaisnéise i bPoblacht na Moldóive le linn ghéarchéim an choróinvíris, agus á chur in iúl gur gá do na húdaráis áitiúla agus don Aontas cláir shonracha a fhorbairt lena gcuirtear litearthacht sna meáin chun cinn, lena ndéantar bréagaisnéis a chomhrac agus lena dtacaítear le hábhar meán a bhfuil seiceáil fíricí déanta orthu;

25. ag tathant ar údaráis na Moldóive meáin shaora neamhspleácha a chothú, lena n-áirítear trí iniúchadh neamhspleách a dhéanamh, chun éifeachtacht na Comhairle Closamhairc a áirithiú mar rialtóir neamhspleách lena ndéantar imeaglú leanúnach iriseoirí, polaitiú agus easpa trédhearcachta institiúidí poiblí agus rialála, easpa rochtain phoiblí ar fhaisnéis agus ar ábhar ardcháilíochta na meán a chomhrac, agus lena ndéantar trédhearcacht úinéireacht na meán a áirithiú;

26. á chur i bhfios gurb é an tAontas an soláthraí cabhrach is mó do Phoblacht na Moldóive; ag tabhairt faoi deara, agus is cúis imní di, na feachtais leanúnacha bolscaireachta, bréagaisnéise agus na teachtaireachtaí dímheasúla ó pholaiteoirí rialaithe i gcoinne an Aontais, ina ndéantar léargas saofa neamhréalaíoch a thabhairt agus a chur chun cinn ar theilifís phoiblí agus sna meáin; ag cur in iúl gur saoth léi na hionsaithe poiblí sin ar chúnamh agus íomhá an Aontais toisc go mbaineann siad an bonn de chur chun feidhme an chaidrimh idir CC agus AE agus Poblacht na Moldóive; á iarraidh ar údaráis na Moldóive deireadh a chur leis na feachtais bréagaisnéise agus bolscaireachta frith-Eorpaí a bhfuil saoránaigh Phoblacht na Moldóive i gcoitinne faoi lé agus dlús a chur leis an tacaíocht don chomhrac i gcoinne na bréagnuachta, cogaíocht hibrideach sa chumarsáid, feachtais bhréagaisnéise spriocdhírithe agus díghrádú chláir na meán; á chur i bhfios go láidir, le rannpháirtíocht pholaitiúil i mórmheáin chumarsáide, go mbaintear an bonn go struchtúrach de shaoirsí bunúsacha agus de rochtain ar fhaisnéis;

27. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil rialtas reatha Chișinău ag scoiteadh amach ón gconair Eorpach go céimnitheach, rud a rachadh chun dochair do thoilmhianta daonlathacha na tíre agus ag tathant ar na páirtithe polaitiúla uile atá ar son na hEorpa go dtiocfaidís ar réitigh trí idirphlé, chun leanúnachas phróiseas lánpháirtíochta na hEorpa maidir le Poblacht na Moldóive a áirithiú agus chun lántairbhe a bhaint as na buntáistí uile a ghabhann le CC/LDCST;

28. á iarraidh ar údaráis na Moldóive níos mó iarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go sroichfidh deiseanna CC/LDCST agus cúnamh agus cláir AE an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear in áiteanna iargúlta den tír, go háirithe i gceantair thuaithe, chun a chur ar chumas na n-áitritheoirí athruithe dearfacha a éileamh ina bpobail, go háirithe in áiteanna atá níos leochailí ó thaobh meonta iar-Shóivéadacha agus ionramháil na Rúise;

29. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do na húdaráis faisnéis thrédhearcach a chur ar fáil maidir leis an gcúnamh seachtrach atá beartaithe acu a lorg agus gur cheart maoiniú ó Chónaidhm na Rúise a phlé go hoscailte sa Pharlaimint agus le saineolaithe agus leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear maidir leis na coinníollachtaí geostraitéiseacha agus an tionchar fadtéarmach ar an ngeilleagar a eascraíonn as maoiniú den chineál sin; á mheas, i gcás coinníollachtaí a ghabhann le cúnamh airgeadais an Aontais, gur cheart do na húdaráis na míniúcháin is gá a thabhairt don phobal; á chur i bhfios go láidir go bhféachtar ar choinníollachtaí an Aontais mar dheiseanna chun na hathchóirithe riachtanacha a dhéanamh;

30. á thabhairt chun suntais gur gá bréagaisnéis na Rúise a chomhrac le faisnéis atá bunaithe ar fhíricí agus atá inrochtana agus le feachtais phoiblí a bhfuil sé d’aidhm acu feasacht an phobail a mhéadú; á mholadh d’údaráis Phoblacht na Moldóive comhar níos cuimsithí leis an Aontas agus lena Bhallstáit a lorg chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na ndea-chleachtas agus na réiteach chun bréagaisnéis, bolscaireacht, ionramháil agus tionchar naimhdeach arna ndéanamh ag fórsaí seachtracha a chomhrac, arb é is aidhm dóibh scarúint, díchobhsú, agus an bonn a bhaint de shláine na bpróiseas polaitiúil inmheánach agus den chaidreamh leis an Aontas;

31. ag aithint an dul chun cinn atá déanta ag Parlaimint na Moldóive i dtaca leis an dlí nua maidir le heagraíochtaí neamhthráchtála a ghlacadh, mar chuid de na ceanglais choinníollachta chun MFA AE a fháil; ag dréim go ndéanfar cearta agus saoirsí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a urramú go hiomlán mar aon leis an tsaoirse comhlachais a urramú go pras agus go héifeachtach, agus go ndéanfar an tsaoirse comhlachais a urramú go hiomlán agus á iarraidh go dtacódh rialtas na Moldóive níos mó leis an tsochaí shibhialta a fhorbairt; ag cur in iúl an ról lárnach atá ag ENRanna in aon sochaí dhaonlathach agus ag cur in iúl go bhfuil súil aici go bhfeabhsóidh an reachtaíocht nua trédhearcacht na cinnteoireachta poiblí agus go gcuirfear creat nuachóirithe ar fáil léi d’fheidhmiú na sochaí sibhialta sa tír; ag tathant ar údaráis na Moldóive staonadh ó aon bhrú ar ENRanna agus ar ghníomhaithe sibhialta eile; ag cur in iúl gurb oth léi meon oifigeach polaitiúil agus iad ag plé leis an tsochaí shibhialta i gcoitinne agus mímhuinín agus naimhdeas acu ina leith; ag áitiú go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach ar bhealach níos fónta agus níos gníomhaí sna próisis ceaptha beartais agus chur chun feidhme, go háirithe i ndáil le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, ina bhféadfadh ENRanna gníomhú mar eagraíocht mhaoirseachta a mbeadh na hinstitiúidí Stáit faoi seach cuntasach di; agus aird á tabhairt ar an méid sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht pholaitiúil, theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil don tsochaí shibhialta agus ag tathant ar institiúidí an Aontais rialacha soiléire a bhunú lena seachnófar deontais a chur ar fáil do “GONGOnna” (ENRanna arna mbunú agus arna maoiniú ag rialtais trí bhealaí neamhfhoirmiúla);

32. á iarraidh ar údaráis na Moldóive trédhearcacht sa chinnteoireacht phoiblí a chur chun cinn agus rannpháirtíocht agus comhairliúchán cuí le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta a áirithiú ag gach céim, rud a chuirfidh leis an ngrinnscrúdú poiblí agus le hinghlacthacht shóisialta na n-athchóirithe a dhéanfar;

33. á chur in iúl gur geal léi na leasuithe ar an reachtaíocht toghcháin a glacadh i mí Lúnasa 2019, agus rialú Chúirt Bhunreachtúil na Moldóive i mí Feabhra 2020 maidir leis na ceanglais chríochacha i dtaobh páirtithe polaitiúla a bhunú;

34. á chur in iúl gur léiríodh le géarchéim COVID-19 go bhfuil córas sláinte Phoblacht na Moldóive tearcfhorbartha agus go bhfuil sé ag streachailt i ngeall ar an mborradh a tháinig ar líon na gcásanna le déanaí; ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar Phoblacht na Moldóive cur leis an gcomhar maidir le hathléimneacht na sláinte poiblí, dea-chleachtais a mhalartú agus oibriú leis an tsochaí shibhialta, le pobail ghnó agus pobail FBManna maidir le straitéisí eipidéime a bhunú lena ndíreofar ar na grúpaí is leochailí sa tsochaí; á iarraidh ar rialtas na Moldóive an córas cúraim sláinte a neartú, caighdeáin sláintíochta a fheabhsú, go háirithe sna hospidéil, chomh maith leis an bhfaisnéis ábhartha uile faoin bpaindéim a chur ar fáil dá phobal ar bhealach trédhearcach agus cuimsitheach;

Comhar i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) agus dul chun cinn maidir le coinbhleachtaí Tras-dnístria a réiteach

35. á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht Poblacht na Moldóive i misin agus in oibríochtaí an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC), i ndáil le himscrúduithe cibearshlándála agus cibearchoireachta, mar aon le comhar Phoblacht na Moldóive le ECAT agus a hailíniú le Dearbhuithe CBES an Aontais; á iarraidh ar institiúidí an Aontais Poblacht na Moldóive a áireamh i mbealaí nua comhair maidir leis an gcibearshlándáil, bagairtí hibrideacha agus imscrúduithe ar chibearchoireacht;

36. ag aithint a thábhachtaí atá Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh chuig an Moldóiv agus chuig an Úcráin (EUBAM) maidir le bainistiú teorainneacha agus córas custaim a chomhchuibhiú le córas an Aontais, agus maidir le réiteach shaincheist Tras-dnístria;

37. ag aithint taithí agus saineolas uathúil Phoblacht na Moldóive agus an rannchuidiú is féidir léi a chur ar fáil do bheartas comhchoiteann slándála agus cosanta an Aontais agus ag cur chun cinn comhar níos dlúithe i mbeartais cosanta a bhaineann leis an Aontas, lena n-áirítear rannpháirtíocht in PESCO, a luaithe a bheidh soiléiriú ann i dtaobh na saincheiste maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha;

38. ag cur in iúl an athuair tacaíocht an Aontais do cheannasacht agus d’iomláine chríochach Phoblacht na Moldóive agus do na hiarrachtaí i gcreat phróiseas caibidlíochta 5+ 2 teacht ar réiteach síochánta, marthanach, cuimsitheach, polaitiúil ar choinbhleacht Tras-dnístria, bunaithe ar urraim do cheannasacht agus iomláine chríochach Phoblacht na Moldóive laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, a mbeadh stádas speisialta aige le haghaidh na Tras-dnístria, lena n-áiritheofaí cosaint chearta an duine ar na críocha sin nach bhfuil á rialú faoi láthair ag údaráis bhunreachtúla; á mheabhrú gur ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún an 22 Meitheamh 2018 inar áitíodh ar Chónaidhm na Rúise a trúpaí agus armálacha a tharraingt amach gan choinníoll ó chríoch Phoblacht na Moldóive, agus ag cur in iúl an athuair an tacaíocht don rún sin a chur chun feidhme láithreach;

39. á mholadh do Rialtas na Moldóive leanúint de thimpeallacht atá fabhrach do réiteach coinbhleachtaí a chur chun cinn agus de thacú le gníomhaíochtaí a mhéadaíonn muinín agus teagmhálacha idirphearsanta sna pobail atá scoilte ag an gcoinbhleacht;

40. ag aithint go bhfuil an méadú ar an idirspleáchas slándála idir Poblacht na Moldóive agus réigiún Tras-dnístria dá cuid agus an chobhsaíocht sa dá áit ar an bpríomhthoisc chun na dúshláin slándála a chosc agus a réiteach amhail bagairtí hibrideacha, cibear-ionsaithe, cur isteach cibear ar thoghcháin, feachtais bhréagaisnéise agus bolscaireachta, agus cur isteach tríú páirtí ar na próisis pholaitiúla, toghcháin agus dhaonlathacha eile;

41. is díol sásaimh di iarrachtaí rialtas na Moldóive tairbhí LDCST agus an chórais saor ó víosaí a leathnú chuig réigiún Tras-dnístria, rud a d’fhág gur tháinig fás suntasach ar shoghluaisteacht agus ar thrádáil leis an réigiún mar aon le gach gníomhaíocht a chuireann leis an gcomhar eacnamaíoch agus a mhéadaíonn leibhéal na malartuithe earraí agus seirbhísí idir Poblacht na Moldóive agus an Tras-dnístria;

42. á mheas, trí rochtain saor ó tharaifí ar mhargaí an Aontais a ráthú do ghnólachtaí Tras-dnístria atá cláraithe ar bhruach thiar Dniester agus a ndéanann oifigigh de chuid na Moldóive seiceálacha custaim orthu, a bhuí le LDCST gur tháinig méadú as cuimse ar thrádáil ón Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach a bheith ag bogadh i dtreo an Aontais; á mholadh d’údaráis na Moldóive tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na trádála agus na rannpháirtíochta le margaí AE chun rochtain ar an margadh, trédhearcacht agus dea-chleachtais ghnó a fheabhsú agus chun cumas cúblála margaidh agus monaplachta i measc olagarcaí a laghdú;

43. ag cur i bhfios le haon aon réiteach ar cheist Tras-dnístria go gcaithfear ceart ceannasach na Moldóive a urramú a treoshuíomh cosanta agus beartas eachtrach féin a roghnú;

44. ag tathant ar údaráis Phoblacht na Moldóive breithniú a dhéanamh ar fhorbairt agus cur chun feidhme an phacáiste dlíthe maidir le coinbhleachtaí a chosc agus géarchéim a bhainistiú a bhí mar chuid de NAPIAA in 2017-2019;

An smacht reachta agus dea-rialachas

45. á chur in iúl gur ábhar imní di a mhall agus atá na hathchóirithe ar an smacht reachta agus ar institiúidí daonlathacha; ag tathant ar Rialtas na Moldóive athchóirithe breithiúnacha a thabhairt chun críche gan mhoill agus dá bhrí sin, tá údar maith le  neamhspleáchas, neamhchlaontacht agus éifeachtacht na mbreithiúna agus institiúidí speisialaithe frith-éillithe a bheith ann; agus an méid sin á dhéanamh aige, á iarraidh ar rialtas na Moldóive próiseas trédhearcach a áirithiú maidir le dréachtú na leasuithe ar Bhunreacht na Moldóive i ndáil le hArdchomhairle Giúistísí (SCM), agus maidir lena nglacadh ina dhiaidh sin, agus fasaigh agus dea-chleachtais idirnáisiúnta a úsáid, i gcomhréir leis na moltaí ó Choimisiún na Veinéise agus i gcomhairle le Comhairle na hEorpa agus le saineolaithe AE, leis an tsochaí shibhialta agus le gníomhaithe leasmhara eile; ag cur in iúl gurb oth léi go bhfuil na leasuithe maidir le comhaltaí SCM a cheapadh á mbrú tríd an bParlaimint; ag cur i bhfios gur gá neamhspleáchas SCM a áirithiú agus ag iarraidh ar údaráis na Moldóive a áirithiú go ndéanfar breithiúna a roghnú agus ardú céime a thabhairt dóibh ar bhonn fiúntais;

46. á iarraidh ar na húdaráis leanúint de na comhairliúcháin éifeachtacha chun plean coincheapa agus gníomhaíochta a ghlacadh don athchóiriú ceartais bunaithe ar dhiagnóisic chuimsitheach, lena n-áirithítear go mbeidh comhaontú forleathan ó pháirtithe leasmhara ann agus go mbeifear ag cloí go docht le Bunreacht na Moldóive agus le caighdeáin Eorpacha;

47. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an leibhéal íseal muiníne in ionracas agus éifeachtacht na mbreithiúna agus soghabhálacht an bhrainse bhreithiúnaigh i dtaobh brú polaitiúil, rud a chuireann bac ar a neamhspleáchas; á iarraidh ar údaráis Phoblacht na Moldóive trédhearcacht a áirithiú sna próisis ceapacháin bhreithiúnacha agus go n-oibreodh an tIonchúisitheoir Ginearálta, a fhoireann, agus ionchúisitheoirí poiblí i gcoitinne, go neamhspleách agus go gcloífidh siad leis na caighdeáin is airde gairmiúlachta agus ionracais;

48. i ndáil leis sin, á thabhairt le fios go bhfuil easpa acmhainní agus easpa eolais faoin dea-rialachas, faoin smacht reachta agus faoi chearta an duine ag dul i bhfeidhm ar fheidhmiú éifeachtach riarachán na Moldóive agus ag déanamh dochar dó agus á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú a mhéadú trí bhíthin na n-ionstraimí tacaíochta buiséadaí agus cúnaimh theicniúil dá bhfuil ar fáil, atá dírithe ar chumas agus éifeachtúlacht na n-údarás ceartais agus forfheidhmithe dlí a neartú, agus an dul chun cinn i gcur chun feidhme na n-athchóirithe á gcur san áireamh;

49. ag tathant ar údaráis Phoblacht na Moldóive neamhspleáchas iomlán na Cúirte Bunreachtúla a neartú, agus a áirithiú nach ndéantar cur isteach polaitiúil d’aon chineál ina coinne; ag diultú go láidir d’aon iarracht imeaglaithe nó brú ar bhreithiúna na Cúirte Bunreachtúla agus ag cáineadh an dúmháil agus an ciaptha a rinneadh ar bhreithiúna na Cúirte agus an brú ollmhór a cuireadh orthu sula ndearnadh an cinneadh maidir le hiasacht na Rúise; á chur in iúl gurb oth léi go mór na hiarrachtaí chun uirlis pholaitiúil a dhéanamh den Chúirt Bhunreachtúil agus neamhghníomhaíocht na n-ionchúisitheoirí agus an ionaid frithéillithe maidir le neamhspleáchas na Cúirte Bunreachtúla a chosaint;

50. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb ann don treocht fhadtéarmach leanúnach nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an éilliú i bPoblacht na Moldóive, agus, dá bhrí sin, ag tathant ar an Rialtas dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus greamú stáit, agus i gcoinne sciúradh airgid, smuigleála agus coireacht eagraithe, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine; á iarraidh ar rialtas Phoblacht na Moldóive bearta nithiúla a ghlacadh chun neamhspleáchas, sláine agus éifeachtacht Oifig an Lárionaid Náisiúnta Frithéillithe agus Oifig an Ionchúisitheora i gcoinne Éillithe a threisiú, mar aon le dípholaitiú institiúidí poiblí frithéillithe agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a áirithiú; ag cur in iúl go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha agus comhsheasmhacha chun éilliú ardleibhéil agus coireacht eagraithe a chosc agus a ionchúiseamh; ag cur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb é sin an t-aon bhealach amháin chun muinín shaoránaigh na Moldóive a athbhunú agus chun a áirithiú go ndéanfar athchóirithe buana a achtú i bPoblacht na Moldóive; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht i bhfad níos comhsheasmhaí a chur ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann faireachán ar chalaois agus ar ghníomhaíochtaí sciúrtha airgid;

51. ag tathant ar na húdaráis dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh an choireacht eagraithe a chomhrac agus scéimeanna coiriúla a bhaint as a chéile;

52. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh an dlí maidir le smachtbhannaí i gcoinne sciúradh airgid an 21 Bealtaine 2020 agus á iarraidh go gcuirtear treoirlínte i dtoll a chéile go pras maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, agus maidir le hoiliúint speisialaithe do na húdaráis lena mbaineann; á iarraidh ar na páirtithe leasmhara uile leanúint de na hiarrachtaí comhsheasmhacha a dhéanamh chun smuigleáil, sciúradh airgid a chomhrac, líonraí coiriúla a bhaint as a chéile agus tionchar olagaric a laghdú; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann le Europol, Interpol, agus le heagraíochtaí custaim amhail Líonraí Frith-éillithe EDC agus ECFE;

53. ag tabhairt dá haire conclúidí Thuarascáil 2019 ón gCoimisiún agus ó SEGS ar Chur Chun Feidhme Comhlachais na Moldóive ina ndeirtear go bhfuil moill ar bhunú ionstraimí agus comhlachtaí a bhfuil sé d’aidhm acu calaois agus sciúradh airgid a chosc; ag dréim go gcuirfidh an Rialtas nua leis na céimeanna a thug an rialtas roimhe sin le déanaí maidir leis an éilliú a chomhrac agus scéimeanna sciúrtha airgid agus coiriúla a chur ó rath;

54. ag tabhairt dá haire an gníomh a rinneadh chun leanúint d’ionchúiseamh na mórchalaoise baincéireachta a nochtadh in 2014 agus cásanna eile sciúrtha airgid mar sin féin, á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an mhainneachtain leanúnach ionchúiseamh trédhearcach a dhéanamh orthu siúd go léir atá freagrach as an gcalaois bhainc a nochtadh in 2014, mar aon le haisghabháil a bheith á déanamh go mall ar shócmhainní goidte; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di nach ndearnadh aon aisghabháil shuntasach sócmhainní go dtí seo agus á chur i bhfios go láidir gur gá tuilleadh céimeanna a thabhairt sa treo sin; á iarraidh ar údaráis na Moldóive dlús a chur leis an bpróiseas ionchúisimh, iad siúd atá freagrach a thabhairt os comhair na cúirte gan a thuilleadh moille agus cistí míleithreasaithe a aisghabháil; á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht shuntasach a thabhairt d’údaráis Phoblacht na Moldóive agus an cás á imscrúdú má bhíonn aon iarrataí air sin;

55. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh an dlí nua an 18 Meitheamh 2020 chun deireadh a chur leis an gClár Infheistíochta um Shaoránacht amhail ón 1 Meán Fómhair 2020, ag deireadh an mhoratóra reatha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur beart bunriachtanach é sin chun na rioscaí a bhaineann le héilliú, imghabháil cánach agus sciúradh airgid i bPoblacht na Moldóive a laghdú; á thabhairt dá haire, go dtí go gcuirfear an clár ar ceal, nach leanfar den phróiseáil ach ar na hiarratais atá ann cheana amháin agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán cúramach a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfar é sin;

56. ag tathant ar údaráis Phoblacht na Moldóive cur leis an trédhearcacht maidir le cistiú páirtithe polaitiúla, agus gach míréireacht a fhiosrú ar bhealach cóir agus neamhchlaonta; á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic leis an éilliú laistigh d’aicme pholaitiúil na Moldóive; á chur in iúl gur cúis mhór imní di líomhaintí a rinneadh le déanaí maidir le breab a thabhairt d’Fheisirí den Pharlaimint chun cleamhnacht pholaitiúil a athrú, mar aon le líomhaintí maidir le fuadach, imeaglú agus brú ar ionadaithe tofa; ag cur in iúl nach mór na líomhaintí sin a imscrúdú agus go bhfuil iompar den sórt sin ar neamhréir leis na luachanna atá i gcroílár CC le Poblacht na Moldóive; ag tarraingt aird freisin ar an bhfreagracht atá ar pháirtithe polaitiúla dul i ngleic leis an éilliú laistigh dá bpáirtithe féin; thairis sin, á iarraidh ar na húdaráis a áirithiú nach n-úsáidfear aon chistí d’fhondúireachtaí carthanachta san fheachtas toghcháin; ag tathant ar na húdaráis cosc a chur le húsáid na gcistí riaracháin i bhfabhar na haicme polaitiúla rialaithe le linn an fheachtais toghcháin;

Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha

57. ag aithint go bhfuil feabhas tagtha ar an reachtaíocht maidir le cearta an duine a chosaint, go háirithe mar thoradh ar Phlean Gníomhaíochta nua 2018-2022 maidir le Cearta an Duine; á iarraidh ar údaráis na Moldóive na hiarrachtaí atá á ndéanamh a mhéadú agus bearta cur chun feidhme agus reachtaíocht thánaisteach a ghlacadh chun seasamh leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha sin, lena n-áirítear go háirithe i gcás mionlach agus grúpaí leochaileacha, amhail mná agus leanaí a bhfuil á mí-úsáid ag gáinneálaithe ar dhaoine, mionlaigh teanga, daoine faoi mhíchumas, Romaigh agus daoine LGBT+, agus ar an gcaoi sin urraim do chearta an duine a aithint mar chritéar ríthábhachtach agus mar choinníoll ríthábhachtach do shochaí dhaonlathach; ag cur in iúl gur cúis imní di go bhfuil fadhbanna suntasacha maidir le cearta an duine fós gan réiteach agus gan phíonós, amhail brú agus ionchúisimh agus coinneáil arb í an pholaitíocht is cúis leo, céasadh, coinneáil threallach, coinníollacha príosúin déine ar baol don bheatha iad, cur isteach treallach nó neamhdhleathach ar phríobháideachas, saothar leanaí éigeantais nó éigeantach a úsáid;

58. á chur in iúl gur cúis bhuartha staid mhuintir na Moldóive atá sáinnithe i mBallstáit an Aontais mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 gan cosaint shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú, i gcomhthéacs COVID-19, go gcaithfear go cothrom le hoibrithe séasúracha tríú tír agus le náisiúnaigh AE, mar a luaitear i dTreoir 2014/36/AE, á mheabhrú go bhfuil na cearta saothair agus sóisialta céanna ag oibrithe den sórt sin agus atá ag saoránaigh AE; á iarraidh ar na Ballstáit tithíocht d’ardchaighdeán a áirithiú d’oibrithe trasteorann agus séasúracha, ar cheart í a dhíchúpláil óna luach saothair, agus saoráidí cuibhiúla agus príobháideachas tionónta a áirithiú agus go mbeidh conarthaí tionóntachta i scríbhinn á bhforfheidhmiú ag cigireachtaí saothair, agus caighdeáin i ndáil leis a bhunú;

59. ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di a theoranta atá cur chun feidhme na ngealltanas a eascraíonn ón gcomhaontú comhlachais sa réimse sóisialta, go háirithe i réimsí na cigireachta saothair, na mbeart frith-idirdhealaitheach agus an idirphlé shóisialta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach leor fós an dul chun cinn i dtaca le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí macra-airgeadais chun borradh suntasach a chur faoi chaighdeáin mhaireachtála agus go bhfuil sé anois i mbaol i ngeall ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19; á áitiú go mbeadh rannpháirtíocht na gceardchumann, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, éigeantach i gcur chun feidhme na gComhaontuithe Comhlachais;

60. á chur i bhfios go láidir nach foláir don Aontas, Poblacht na Moldóive a thabhairt chun cuntais as na gealltanais a thug sí maidir le gné shóisialta CC; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha mionsonraithe bliantúla ar dhul chun cinn a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme saincheisteanna sóisialta agus saincheisteanna a bhaineann leis an saothar faoin gComhaontú Comhlachais, ar tuarascálacha iad a dhéanann anailís ní hamháin ar thrasuí na dtreoracha agus na noirm ábhartha de chuid an Aontais, ach ar a gcur chun feidhme iarbhír freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún glacadh le moltaí ó shaineolaithe saothair i dtaobh sásra a thabhairt isteach chun smachtbhannaí a fhorchur i leith sáruithe ar na caighdeáin a comhaontaíodh; á mholadh go mbainfí úsáid as eisíocaíochtaí MFA mar ghiaráil nó choinníollacht chun tabhairt ar Phoblacht na Moldóive dálaí oibre a lucht saothair a fheabhsú;

61. á chur in iúl gur cúis bhuartha di cúrsaí maidir le hurraim do chearta an duine i réigiún Tras-dnístria, go háirithe i bhfianaise phaindéim COVID-19;

62. á iarraidh ar an gCoimisiún uasghrádú a dhéanamh ar réimsí de CCanna a ligeadh i bhfaillí, lena n-áirítear réimsí tábhachtacha beartais amhail inscne, an Comhaontú Glas don Eoraip agus géarchéimeanna sláinte a chosc;

63. á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll lárnach é an comhionannas inscne d’fhorbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach; ag tathant ar rialtas agus ar údaráis na Moldóive bearta a chur chun feidhme chun ionadaíocht na mban agus cóir chomhionann a fheabhsú tuilleadh ar gach leibhéal den saol polaitiúil agus sochaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfar comhionannas inscne a phríomhshruthú ina chuid beartas, clár agus gníomhaíochtaí uile i ndáil le Poblacht na Moldóive agus ag spreagadh údaráis Phoblacht na Moldóive cláir a mbeidh gné chomhsheasmhach an chomhionannais inscne san áireamh leo a chur chun cinn, níos mó tacaíochta a thabhairt do na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus is leochailí sa tsochaí agus reachtaíocht a chur chun feidhme chun fuathchaint agus foréigean fisiciúil a dhéantar i gcoinne na ngrúpaí is leochailí a chomhrac;

64. ag tathant ar údaráis na Moldóive, Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú, a shínigh Poblacht na Moldóive an 6 Feabhra 2017, ach a bhfuil a dhaingniú tite ar gcúl in ainneoin a bheith luaite mar chuspóir sainráite den Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Cearta an Duine 2018-2020 agus den Straitéis Naisiúnta maidir le Foréigean i gcoinne na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac 2018-2023; á mheabhrú gur ann go forleathan don fhoréigean i gcoinne na mban agus na gcailíní i bPoblacht na Moldóive agus gur fhulaing beirt as cúigear ban foréigean fisiciúil agus/nó gnéasach faoi lámha páirtí nó faoi lámha duine nach páirtí é ó bhí siad 15 bliana d’aois;

65. á iarraidh go ndéanfaí bearta breise i gcur chun feidhme na reachtaíochta náisiúnta chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus go gcuirfí go mór le cáilíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil d’íospartaigh mar aon le tuilleadh cosanta, cúnaimh agus tacaíochta d’íospartaigh na coireachta, go háirithe leanaí, le linn imscrúduithe agus tar éis an phróisis bhreithiúnaigh; sa bhreis air sin, á iarraidh go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta le linn athimeascadh sóisialta na n-íospartach; á iarraidh go mbeadh comhar méadaithe ann idir údaráis bhreithiúnacha agus gníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin Poblacht na Moldóive agus na Ballstáit, chun an choireacht trasteorann a laghdú, go háirithe gáinneáil ar dhaoine agus gáinneáil ar dhrugaí neamhdhleathacha;

66. á iarraidh ar an húdaráis an ceart chun triail chóir a fháil agus an urraim do chearta an duine i saoráidí coinneála agus ceartúcháin a ráthú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar fhorálacha neamhleora cúraim sláinte; i ndáil leis sin, á chur i bhfáth an gá atá le timpeallacht shábháilte a chur ar fáil do phríosúnaigh; sa bhreis air sin, a iarraidh go ndéanfaí bearta chun ceartas roghnaitheach agus atá faoi spreagadh na polaitíochta a sheachaint;

67. ag athdhearbhú a hiarrata ar údaráis na Moldóive a áirithiú go ndéanfar aon iarrataí ar eiseachadadh a thagann ó thríú tíortha a phróiseáil ar bhealach trédhearcach agus nósanna imeachta breithiúnacha á leanúint go hiomlán i gcomhréir le prionsabail agus caighdeáin Eorpacha;

68. á iarraidh go ndéanfar tuilleadh bearta nithiúla a chur i gcrích ar mhaithe le dálaí coinneála a fheabhsú agus go gcuirfear deireadh le coinneáil daoine faoi mhíchumas in ospidéil shíciatracha in aghaidh a dtola; á iarraidh go gcuirfear deireadh go huile agus go hiomlán le céasadh agus drochíde i bpríosúin mar mhodh chun lucht freasúra polaitiúil atá i bpríosún nó faoi choinneáil a chur faoi bhrú;

69. ag aithint na mbeart atá déanta ar an leibhéal náisiúnta chun céasadh a chosc agus a chomhrac, ach á chur i bhfios go láidir go leantar den cháineadh a dhéantar go minic ar Phoblacht na Moldóive ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine i ngeall ar chéasadh agus drochíde; ag tathant, dá bhrí sin, go gcuirfí gníomhaireacht ar bun a bheidh go hiomlán neamhspleách chun imscrúdú a dhéanamh go sonrach ar líomhaintí maidir le céasadh agus sáruithe eile ar chearta an duine a bhíonn á ndéanamh ag na póilíní nó ag oifigigh eile forfheidhmithe dlí;

70. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur ann i gcónaí do chásanna fuathchainte sa díospóireacht phoiblí, a thagann ó pholaiteoirí agus ó cheannairí reiligiúnacha agus pobail chomh maith; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur díríodh go háirithe ar mhná agus ar dhaoine LADTI+; á iarraidh ar oifigigh phoiblí staonadh ó bheith rannpháirteach i bhfuathchaint agus fuathchaint a shéanadh go poiblí aon uair a tharlaíonn sí agus á iarraidh ar an húdaráis mionchoigeartú a dhéanamh ar an gcreat dlí agus institiúideach ar mhaithe le fuathchaint a chomhrac chun cur i gcoinne an fheiniméin leis na sásraí uile a bhfuil fáil orthu;

71. á mheabhrú go bhfuil dréachtbhille lena mbunaítear reachtaíocht de chineál Magnitsky tugtha isteach cheana i bParlaimint na Moldóive; ag spreagadh an chomhlachta reachtaigh dul ar aghaidh leis an scrúdú ar an dlí lena rannchuideofaí, dá nglacfaí é, le sáruithe ar chearta an duine, éilliú agus sciúradh airgid a chomhrac;

Trádáil agus comhar eacnamaíoch

72. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go leanfaí de chúnamh AE a thabhairt do Phoblacht na Moldóive chun tosaíocht a thabhairt do chaighdeáin mhaireachtála na saoránach a fheabhsú, lena ndírítear ar réimsí amhail an fhorbairt ar FBManna a éascú, cabhrú leis an óige, mar aon le hathchóiriú ginearálta a dhéanamh ar an hearnálacha oideachais agus sláinte;

73. á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh fiontraíochta a bhfuil mar aidhm leo forbairt a dhéanamh ar bhráid nuathionscanta na Moldóive; á aithint, áfach, go bhfuil gá le tuilleadh athchóirithe agus cúnaimh airgeadais san earnáil phoiblí chun deiseanna fostaíochta breise a chruthú lena meallfar daoine óga agus oibrithe oilte chun filleadh ar a dtír thionscnaimh;

74. á iarraidh ar an gCoimisiún rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha a bhfuil ar dhaoine óga i bPoblacht na Moldóive a dhul i ngleic leo trí infheistíocht a dhéanamh i gcláir lena bhfabhrófar fiontraíocht na hóige agus fiontraíocht shóisialta agus an nasc atá idir athchóiriú an chórais oideachais agus éilimh mhargadh an tsaothair a neartú; á chur i bhfáth an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i gcláir atá dírithe ar dhaoine óga ar as ceantair thuaithe dóibh, ós rud é go bhfuil an chatagóir sin ar cheann de na catagóir is leochailí agus gur ann d’easpa deiseanna socheacnamaíocha, i gcomparáid le daoine óga ó cheantair uirbeacha;

75. á aithint go léirítear le “feiniméan imirce daoine oilte”, ar minic le heaspa iontaobhais sna breithiúna, an finíochas agus easpa athchóirithe cuí sa tír a bheith ina chúis leis, bagairt thromchúiseach do thodhchaí na Moldóive agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di eisimirce ar mhórscála shaoránaigh na Moldóive, a chuireann le treochtaí diúltacha déimeagrafacha; ag moladh do rialtas na Moldóive bearta breise a chur chun feidhme chun an feiniméan sin a chosc agus chun cur ina choinne, go háirithe trí dheiseanna a chruthú agus dálaí agus pá a fheabhsú do dhaoine óga ina dtír dhúchais, ionas gur féidir leo filleadh abhaile tar éis staidéar a dhéanamh nó oiliúint a fháil thar lear, agus trí thacú le fiontraíocht na hóige; á iarraidh ar an gCoimisiún díriú ar an tsaincheist sin ina chuid clár;

76. á chur in iúl gur geal léi éagsúlú gheilleagar na Moldóive agus an méadú suntasach ar thrádáil idir Poblacht na Moldóive agus an tAontas, mar aon leis an bhfíoras gurb é an tAontas an t-infheisteoir is mó sa tír; á chur in iúl gur geal léi, in 2018, gurbh ionann agus 70% onnmhairí iomlána Phoblacht na Moldóive chuig an Aontas agus gurbh ionann agus 56% a trádáil iomlán leis an Aontas; ag moladh go ndéanfaí tuilleadh dul chun cinn i réimsí amhail an cód custaim, an chosaint ar chearta maoine intleachtúla lena n-áirítear tásca geografacha, na caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta a fheabhsú, feabhas a chur ar dhálaí an mhargaidh i réimse an fhuinnimh, an tsoláthair phoiblí agus na rochtana ar mhaoiniú do FBManna;

77. ag moladh go ndéanfaí LDCST a chur chun feidhme ina iomláine chun an trádáil dhéthaobhach agus an caidreamh infheistíochta idir AE – Poblacht na Moldóive a mhéadú tuilleadh, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le bacainní neamhtharaife ar thrádáil, rochtain ar an margadh aonair a éascú agus trí dhul chun cinn a dhéanamh maidir lena chomhtháthú sa mhargadh aonair; á mheabhrú nach foláir do LDCST le Poblacht na Moldóive na rialacha a leagtar amach sna caibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe a urramú, i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta, go háirithe Comhaontú Pháras, agus rialacha EDT;

78. ag moladh Parlaimint na Moldóive as cur chuige Eorpach LEADER a ghlacadh mar bhonn dá beartas tuaithe náisiúnta; mar sin féin, ag spreagadh Poblacht na Moldóive, lena n-áirítear trí bhearta tiomnaithe sa chéad Straitéis um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe eile, lánúsáid a bhaint as deiseanna tosaíochta onnmhairithe isteach san Aontas trí thalamh feirme a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe, mar aon le rochtain níos daonlathaí ar thalamh a bheith ann agus úsáid níos daonlathaí a bhaint as, lena nginfí, dá bhrí sin, táirgí talmhaíochta a dhéanfadh buntáistí coibhneasta talmhaíochta Phoblacht na Moldóive a mhéadú;

79. á chur in iúl gur geal léi an comhfhogasú rialála le acquis AE, agus ag spreagadh an Choimisiúin cúnamh teicniúil agus airgeadais a chur ar fáil d’institiúidí na Moldóive agus don riarachán poiblí don iarracht sin agus don chur chun feidhme a dhéanfar ina dhiaidh sin; á chur i bhfáth gur cheart an cúnamh sin a úsáid chun an t-eolas ar chearta an duine agus ar an smacht reachta a mhéadú agus á iarraidh ar údaráis na Moldóive dul chun cinn ar bhonn níos mire a dhéanamh i dtaca le comhfhogasú do CC/LDCST, lena n-áirítear maidir le caighdeáin sláinte ainmhithe agus sábháilteachta bia;

80. á chur in iúl gur geal léi an Straitéis Náisiúnta ‘An Moldóiv Dhigiteach 2020’ ach á éileamh ar an gCoimisiún tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do chláir agus d’athchóirithe a bhaineann le litearthacht meán agus faisnéise chun léiriú a thabhairt ar an aois dhigiteach atá ann faoi láthair, chomh maith le feabhas a chur ar an gcomhar earnálach sa gheilleagar digiteach; á iarraidh ar Phoblacht na Moldóive geilleagar margaidh digiteach iontaofa a fhorbairt, lena bhfeabhsófar an gá atá le dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh sonraí oscailte de, lena leathnófar an cead do chórais dhigiteacha a aimsiú agus lena méadófar an rochtain do shaoránaigh ar sheirbhísí leictreonacha agus ar réitigh éagsúla chumarsáide;

81. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an infheistíocht in earnálacha a bhfuil acmhainneacht forbartha, fáis agus iomaíochais in AE acu, go háirithe sna trí earnáil a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo (i.e. fuinneamh agus aeráid inbhuanaithe, an margadh aonair digiteach agus cibearshlándáil agus iompar);

82. á iarraidh ar rialtas na Moldóive díriú freisin ar an ngné shóisialta den trádáil agus forbairt inbhuanaithe trí chaighdeáin saothair a urramú agus a fhorfheidhmiú, coinbhinsiúin uile EIS a dhaingniú agus a chur chun feidhme go hiomlán, agus deireadh a chur leis na heasnaimh atá fós sa chóras cigireachta saothair mar aon le haghaidh a thabhairt ar theorannuithe agus easnaimh an chórais cigireachta saothair agus ar na fadhbanna a bhaineann le córas na mbreithiúna, a bhfuil tionchar diúltach acu ar fhorfheidhmiú na gcaighdeán saothair;

83. á iarraidh ar údaráis na Moldóive beartais a ghlacadh agus a chur chun feidhme lena ndírítear ar rialáil a dhéanamh i leith rannpháirtíocht na n-eintiteas ó dhlínsí nach ndéanann caighdeáin idirnáisiúnta trédhearcachta a chur chun feidhme (dlínsí eischósta) nó na ngnólachtaí atá faoi rialú díreach nó indíreach na gcuideachtaí sin ó thrádáil a dhéanamh le húdaráis phoiblí (soláthar poiblí, príobháidiú, lamháltas, agus comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí);

84. á iarraidh ar AE féachaint an bhféadfadh tíortha a bhfuil CC/LDCST acu le AE aontú don Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA), ós rud é go rachadh sé chun tairbhe do na saoránaigh agus go gcuirfeadh sé deiseanna nua ar fáil do FBManna forbairt a dhéanamh;

Fuinneamh, an comhshaol agus an t-athrú aeráide

85. á iarraidh ar Rialtas na Moldóive an earnáil fuinnimh a athchóiriú tuilleadh chun athléimneacht, trédhearcacht i gcostais agus i gconarthaí san earnáil a mhéadú, agus neamhspleáchas agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, go háirithe trí fheabhas a chur ar idirnaisc fuinnimh leis an Aontas, foinsí fuinnimh a éagsúlú, lena n-áirítear fuinneamh inathnuaite, agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá na gnéithe sin go léir do shlándáil fuinnimh na tíre a fheabhsú;

86. á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí chun acmhainneacht institiúideach agus neamhspleáchas an rialtóra fuinnimh a neartú agus ag moladh na mbeart riachtanach agus práinneach a bheidh le déanamh chun an Tríú Pacáiste Fuinnimh a chur chun feidhme, go háirithe i réimse an gháis nádúrtha, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán acquis an Chomhphobail Fuinnimh; go háirithe, á iarraidh ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Rialáil Fuinnimh i bPoblacht na Moldóive go ndéanfar rialacha margaidh fuinnimh a fhormheas bunaithe ar iomaíocht chóir agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh rannpháirtithe uile an mhargaidh na rialacha sin, lena n-áirítear trádálaithe atá faoi úinéireacht an Stáit;

87. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an comhar bonneagair sa réigiún a mhéadú, d’fhonn soláthairtí fuinnimh Phoblacht na Moldóive a éagsúlú freisin, agus chun nascacht earnáil fuinnimh Phoblacht na Moldóive a fheabhsú agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil á áirithiú ag an am céanna;

88. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá éagsúlú chóras leictreachais Phoblacht na Moldóive; ag tathant ar údaráis na Moldóive a áirithiú go ndéanfar an tionscadal a cur chun feidhme go tráthúil chun córais leictreachais Phoblacht na Moldóive-na Rómáine a idirnascadh tríd an tacaíocht agus na hacmhainní is gá a chur ar fáil;

89. ag moladh d’údaráis na Moldóive leanúint de na hiarrachtaí i leith slándáil fuinnimh na tíre a neartú agus ag moladh tabhairt chun críche phíblíne gháis Ungheni – Chișinău faoi dheireadh 2020; thairis sin, á iarraidh ar an gCoimisiún Poblacht na Moldóive a áireamh sna tástálacha struis a dhéantar don mhargadh inmheánach fuinnimh;

90. ag moladh na socruithe a comhaontaíodh idir Poblacht na Moldóive, an Úcráin agus an Rómáin i mí na Nollag 2019, chun aistrithe gáis chuig an Úcráin agus chuig Poblacht na Moldóive a chumasú tríd an bpíblíne Thras-Bhalcánach, agus ag moladh Phlean Gníomhaíochta mhí Feabhra 2020 chun neamhspleáchas oibreoir an chórais tarchurtha Moldovatransgaz a áirithiú;

91. á chur in iúl gur geal léi na bearta atá déanta chun córas leictreachais Phoblacht na Moldóive a idirnascadh go haisioncrónach le AE tríd an Rómáin, ar cloch mhíle shuntasach é chun bonneagar fuinnimh Phoblacht na Moldóive a neartú agus a éagsúlú; á iarraidh ar na húdaráis uile an cuspóir a chomhlíonadh maidir le Poblacht na Moldóive a nascadh le greille cumhachta na Rómáine faoi 2024, le tacaíocht ó AE;

92. á chur in iúl gur geal léi pacáiste mhí Feabhra 2019 maidir leis an aeráid agus an comhshaol ó Phoblacht na Moldóive agus an fhreagairt náisiúnta ina leith, a d’fhág go raibh sí ar an gceathrú tír ar domhan chun a Rannchuidiú nuashonraithe arna Chinneadh go Náisiúnta (NDC2) a thíolacadh, lena n-áirítear uaillmhian mhéadaithe i leith astaíochtaí GCT a laghdú, chuig Rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC); á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise maidir leis na gealltanais náisiúnta a bhaineann le Comhaontú Pháras 2015 chun an t-athrú aeráide a chomhrac, mar aon le príomhshruthú an athraithe aeráide a chur chun feidhme i ngach réimse den cheapadh beartais;

93. á iarraidh ar Phoblacht na Moldóive a rannpháirtíocht sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide a fheabhsú tuilleadh, go háirithe ó thaobh bainistiú dramhaíola, agus bainistiú uisce ó abhainn Nistru de, agus á iarraidh ar an gCoimisiún freisin rannpháirtíocht Phoblacht na Moldóive sa Chomhaontú Glas don Eoraip a éascú agus chun a áirithiú nach mbeidh LDCST contrártha do na cuspóirí agus tionscnaimh chomhshaoil a leagtar síos ann;

94. á aithint a thábhachtaí atá sé nuachóiriú breise a dhéanamh ar an gcóras oideachais i bPoblacht na Moldóive, mar aon le ról méadaitheach na hóige in earnálacha uile an tsaoil, agus á iarraidh ar AE tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET), chun freastal ar riachtanais mhargadh an tsaothair; á chur i bhfáth an gá atá le deiseanna sa tsaorálaíocht agus i rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn do dhaoine óga agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i ndaoine óga trí mhaoiniú a leathnú d’ionadaithe ón Moldóiv sna cláir soghluaisteachta atá cheana ann, amhail Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta agus Fís 2020 agus rannpháirtíocht na n-ionadaithe sin a mhéadú;

95. ag spreagadh an Choimisiúin dul i mbun comhairliúcháin, cláir shaincheaptha a ullmhú agus a chruthú do shaoránaigh lena n-áirítear teagmháil dhíreach le tairbhithe tríd an ardán ar líne chun úsáid na gcistí a chuirtear ar fáil leis na cláir sin a chur i bhfeidhm agus a thuairisciú; á iarraidh, ina leith sin, machnamh a dhéanamh ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, mar aon le riachtanais laethúla na saoránach i bPoblacht na Moldóive;

Forálacha Institiúideacha

96. á chur i bhfáth d’uireasa rún daingean na haicme polaitiúla i leith athchóiriú a dhéanamh ar an tír agus CC leis an Aontas a chur chun feidhme go hiarbhír, nach bhféadfaí forbairt a bheadh fíor agus fadmharthanach a bhaint amach; i ndáil leis sin, ag moladh do ghníomhaithe polaitiúla agus d’fhórsaí polaitiúla uile sa tír rannchuidiú le formáidí ilpháirtí agus comhoibriú a thionscnamh de mheon macánta i dtaca le spriocanna straitéiseacha Phoblacht na Moldóive, ag rannchuidiú le cáilíocht an daonlathais ar an gcaoi sin agus le dálaí maireachtála na ndaoine a fheabhsú; i bhfianaise an mhéid sin, ag moladh d’údaráis na Moldóive úsáid a bhaint as Idirphlé Jean Monnet chun tacú leis an idirphlé idirpháirtí agus le fothú acmhainneachta parlaimintí;

97. á iarraidh ar institiúidí uile AE agus ar na Ballstáit, i ndlúthchomhar le húdaráis Phoblacht na Moldóive, tairbhí CC/LDCST agus cúnamh AE a chur in iúl ar bhealach níos fearr do shaoránaigh na Moldóive;

98. á iarraidh ar an gCoimisiún an Toscaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh chuig Poblacht na Moldóive a neartú, faireachán a threisiú agus an fhoireann tionscadail in Chișinău a neartú, ionas go gcabhrófar le Poblacht na Moldóive a comhfhogasú do dhlí AE a chur in iúl go héifeachtach, comhrac a dhéanamh i gcoinne na bréagaisnéise agus íomhanna dearfacha de AE agus de Phoblacht na Moldóive a chur chun cinn do na páirtithe uile lena mbaineann;

°

° °

99. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Beartas Slándála, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na Moldóive.


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA (4.9.2020)

chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha

maidir leis an tuarascáil cur chun feidhme bhliantúil ar chomhaontú comhlachais AE leis an Moldóiv

(2019/2201(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Markéta Gregorová

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta ar an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur in iúl gur geal léi na torthaí dearfacha a baineadh amach sa trádáil agus sa gheilleagar le cur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála (LDCST), lenar ceadaíodh trádáil Phoblacht na Moldóive (‘an Mholdóiv’ anseo feasta) a atreorú agus méadú suntasach a dhéanamh ar an trádáil le AE, arb ionann é agus 54 % dá trádáil iomlán in 2019; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gurb é AE an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Moldóiv agus gurb é an t-infheisteoir is mó sa tír é freisin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndeachaigh cur chun feidhme LDCST chun tairbhe don dá pháirtí, go háirithe do na hearnálacha talmhaíochta agus bia;

2. á iarraidh ar údaráis na Moldóive machnamh a dhéanamh ar chomhfhogasú rialála le acquis AE agus ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú iomchuí na reachtaíochta ábhartha; agus leanúint den dul chun cinn agus d’athchóirithe a chur chun feidhme, ós rud é gur deis thábhachtach i gcomhair fáis é cur chun feidhme LDCST do gheilleagar na Moldóive agus d’fhorbairt gnó sa Mholdóiv, lena n-áirítear leathnú leanúnach LDCST agus na tairbhí a bhaineann leis do réigiún Tras-dnístria, agus tagairt ar leith á déanamh do CBL a thabhairt isteach agus tacú le FBManna, arb iad an earnáil is mó de gheilleagar na Moldóive iad;

3. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Ballstáit tacú le sprioc straitéiseach na Moldóive chun tuilleadh leasa a bhaint as an bhfíoracmhainneacht a thairgtear trí shaorthrádáil le AE, lena gcuirtear deireadh le bacainní neamhtharaife, lena ndéantar rochtain agus dul chun cinn a éascú a mhéid a bhaineann le comhtháthú sa margadh aonair;

4. á chur in iúl gur geal léi eisíocaíocht an dara tráthchuid den Cúnamh Macrairgeadais (MFA) leis an Moldóiv agus ag aithint na hiarrachtaí atá déanta ag an Moldóiv na coinníollachtaí ábhartha a chomhlíonadh; ag cur in iúl a tacaíochta do thabhairt i gcrích an Mheabhráin Tuisceana (MT) maidir le clár eisceachtúil nua AE MFA atá dírithe ar thionchar diúltach eacnamaíoch phaindéim COVID-19 a chomhrac agus ag dréim leis na gealltanais bhunúsacha a chur chun feidhme; á mheabhrú a thábhachtaí atá coinníollachtaí MFA, eadhon an soláthar cúnaimh ar bhonn fíorathchóirithe daonlathacha, lena ndéanfaí na critéir a chomhlíonadh agus a mbeadh comhfhogasú acquis mar thoradh orthu, agus á mheabhrú an gá atá leis an dreasacht ‘tuilleann breis tuilleadh’; á chur in iúl gurb oth léi, ina leith sin, leibhéal míshásúil comhlíonta na Moldóive le ceanglais AE, go háirithe a mhéid a bhaineann lena hearnáil ceartais, athchóiriú fuinnimh agus an cód custaim, a raibh an cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an tríú tráinse de MFA do Phoblacht na Moldóive a chur ar ceal mar thoradh air; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an dul chun cinn atá déanta san imscrúdú ar chalaois na mbanc in 2014 agus ar an aisghabháil sócmhainní lena mbaineann teoranta go fóill; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh a chur ar fáil d’údaráis na Moldóive an cás sin a imscrúdú, más gá, agus saineolas neamhspleách a lorg agus comhoibriú le sochaí shibhialta na Moldóive chun measúnú iomlán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta;

5. á chur in iúl gur geal léi tabhairt chun críche agus glacadh cód nua custaim na Moldóive, a rannchuideoidh le timpeallacht infheistíochta agus iomaíoch ghnó níos fearr a bheith ann; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos mó agus níos tiomanta i leith dea-rialachais agus go ndéanfaí a chaighdeáin maidir leis an smacht reachta a chomhfhogasú, go háirithe na hiarrachtaí sin lena ndírítear ar bhreithiúna neamhspleácha a neartú; á mheabhrú gur bonn do shochaí dhaonlathach iad na meáin neamhspleácha atá saor ó thionchar agus ó chur isteach polaitiúil;

6. á chur i bhfáth go bhfuil gá le hathchóirithe chun an trédhearcacht a fheabhsú, lena n-áirítear i mbeartais a bhaineann leis an trádáil agus ag spreagadh na Moldóive chun leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh i réimse an tsoláthair phoiblí chun nuachóiriú a áirithiú agus an t-éilliú a chomhrac; á mheabhrú gur gá do AE agus don Mholdóiv tacaíocht chomhsheasmhach a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann faireachán ar chalaois agus ar ghníomhaíochtaí sciúrtha airgid, ós rud é go bhfuil ról tábhachtach acu i sásraí rialála neamhspleácha;

7. á iarraidh ar an Moldóiv na cuspóirí agus na tionscnaimh chomhshaoil a leagtar amach in LDCST, agus a ghealltanais idirnáisiúnta maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a urramú go hiomlán, go háirithe Comhaontú Pháras; á chur in iúl gur geal léi pacáiste mhí Feabhra 2019 maidir leis an aeráid agus an comhshaol ón Moldóiv agus an fhreagairt náisiúnta ina leith, a d’fhág go raibh sí ar an gceathrú tír ar domhan chun a Rannchuidiú nuashonraithe arna Chinneadh go Náisiúnta (NDC2) a thíolacadh, lena n-áirítear uaillmhian mhéadaithe i leith astaíochtaí GCT a laghdú, chuig Rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC);

8. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an infheistíocht in earnálacha a bhfuil acmhainneacht forbartha, fáis agus iomaíochais in AE acu, go háirithe sna trí earnáil a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo (i.e. fuinneamh agus aeráid inbhuanaithe, an margadh aonair digiteach agus cibearshlándáil agus iompar);

9. á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta AE, lena n-áirítear sláinte ainmhithe agus sábháilteacht bia, a chur chun feidhme de réir a chéile;

10. á iarraidh ar Rialtas na Moldóive díriú ar an ngné shóisialta den trádáil agus forbairt inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar theorannuithe agus easnaimh an chórais cigireachta saothair agus ar na fadhbanna a bhaineann le córas na mbreithiúna, a bhfuil tionchar diúltach acu ar fhorfheidhmiú na gcaighdeán saothair;

11. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cláir don óige atá i bhfabhar na fiontraíochta sóisialta agus díriú ar an óige ó cheantair thuaithe chun córais oideachais a neartú agus chun a áirithiú go ndéanfaidh siad éilimh mhargadh an tsaothair a shásamh, chun na daoine is leochailí a chosaint agus deiseanna leormhaithe socheacnamaíocha a áirithiú;

12. á iarraidh ar AE féachaint an bhféadfadh tíortha Comhaontaithe Comhlachais (CC)/LDCST aontú don Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA), ós rud é go rachadh sé chun tairbhe do na saoránaigh agus go gcuirfeadh sé deiseanna nua ar fáil do FBManna forbairt a dhéanamh;

 á iarraidh ar an gCoimisiún uasghrádú a dhéanamh ar réimsí de CCanna a ligeadh i bhfaillí, lena n-áirítear réimsí tábhachtacha beartais amhail inscne, an Comhaontú Glas don Eoraip agus géarchéimeanna sláinte a chosc;

14. á iarraidh ar an gCoimisiún an Toscaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh chuig Poblacht na Moldóive a neartú, faireachán a threisiú agus an fhoireann tionscadail in Chisinau a neartú, ionas go gcabhrófar leis an Moldóiv a comhfhogasú do dhlí AE a chur in iúl go héifeachtach, comhrac a dhéanamh i gcoinne na bréagaisnéise agus íomhanna dearfacha de AE agus den Mholdóiv a chur chun cinn do na páirtithe uile lena mbaineann;

15. á iarraidh go mbeadh feabhsuithe leanúnacha ann a mhéid a bhaineann le nascacht lena n-éascaítear r-thráchtáil agus trádáil dhigiteach agus á chur in iúl gur geal léi an straitéis náisiúnta ‘An Mholdóiv Dhigiteach 2020’ agus ag aithint iarrachtaí na Moldóive i leith geilleagar margaidh digiteach iarbhír a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Moldóiv tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do chláir agus d’athchóirithe atá dírithe ar an gcomhar earnálach sa gheilleagar digiteach a uasghrádú.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

3.9.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

3

2

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Anna-Michelle Asimakopoulou, Tiziana Beghin, Geert Bourgeois, Saskia Bricmont, Udo Bullmann, Jordi Cañas, Daniel Caspary, Anna Cavazzini, Miroslav Číž, Arnaud Danjean, Paolo De Castro, Emmanouil Fragkos, Raphaël Glucksmann, Markéta Gregorová, Enikő Győri, Roman Haider, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Herve Juvin, Karin Karlsbro, Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Bernd Lange, Margarida Marques, Gabriel Mato, Emmanuel Maurel, Maxette Pirbakas, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Helmut Scholz, Liesje Schreinemacher, Sven Simon, Dominik Tarczyński, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt, Marie-Pierre Vedrenne, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Jan Zahradil

 


VÓTAIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

 

37

+

ECR

Geert Bourgeois, Emmanouil Fragkos, Dominik Tarczynski, Jan Zahradil

GUE/NGL

Emmanuel Maurel, Helmut Scholz

NI

Tiziana Beghin, Carles Puigdemont i Casamajó

PPE

Anna Michelle Asimakopoulou, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Enikő Győri, Danuta Maria Hübner, Gabriel Mato, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler

RENEW

Barry Andrews, Jordi Cañas, Karin Karlsbro, Samira Rafaela, Liesje Schreinemacher, Marie-Pierre Vedrenne

S&D

Udo Bullmann, Miroslav Číž, Paolo De Castro, Raphaël Glucksmann, Bernd Lange, Margarida Marques, Inma Rodríguez Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt

VERTS/ALE

Saskia Bricmont, Anna Cavazzini, Markéta Gregorova, Heidi Hautala

 

3

-

ID

Herve Juvin, , Danilo Oscar Lancini, Maxette Pirbakas

 

2

0

ID

Roman Haider, Maximilian Krah

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

21.9.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

56

2

10

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alviina Alametsä, Alexander Alexandrov Yordanov, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Anna Bonfrisco, Reinhard Bütikofer, Fabio Massimo Castaldo, Włodzimierz Cimoszewicz, Katalin Cseh, Tanja Fajon, Anna Fotyga, Michael Gahler, Kinga Gál, Sunčana Glavak, Raphaël Glucksmann, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Márton Gyöngyösi, Sandra Kalniete, Dietmar Köster, Andrius Kubilius, Ilhan Kyuchyuk, David Lega, Miriam Lexmann, Nathalie Loiseau, Antonio López-Istúriz White, Lukas Mandl, Thierry Mariani, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Javier Nart, Gheorghe-Vlad Nistor, Urmas Paet, Demetris Papadakis, Kostas Papadakis, Tonino Picula, Manu Pineda, Kati Piri, Giuliano Pisapia, Jérôme Rivière, María Soraya Rodríguez Ramos, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Andreas Schieder, Radosław Sikorski, Jordi Solé, Sergei Stanishev, Tineke Strik, Hermann Tertsch, Harald Vilimsky, Idoia Villanueva Ruiz, Viola Von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz, Charlie Weimers, Isabel Wiseler-Lima, Salima Yenbou, Željana Zovko

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Özlem Demirel, Angel Dzhambazki, Assita Kanko, Arba Kokalari, Dragoş Tudorache, Mick Wallace, Elena Yoncheva, Marco Zanni

 

 

 



 

 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

56

+

EPP

Alexander Alexandrov Yordanov, Traian Băsescu, Michael Gahler, Kinga Gál, Sunčana Glavak, Sandra Kalniete, Andrius Kubilius, David Lega, Miriam Lexmann, Antonio López-Istúriz White, David McAllister, Lukas Mandl, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Gheorghe-Vlad Nistor, Radosław Sikorski, Isabel Wiseler-Lima, Željana Zovko, Arba Kokalari

S&D

Maria Arena, Włodzimierz Cimoszewicz, Tanja Fajon, Raphaël Glucksmann, Sven Mikser, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Kati Piri, Giuliano Pisapia, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Andreas Schieder, Sergei Stanishev, Elena Yoncheva

RENEW

Petras Auštrevičius, Katalin Cseh, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Javier Nart, Urmas Paet, María Soraya Rodríguez Ramos, Dragoş Tudorache

GREENS

Alviina Alametsä, Reinhard Bütikofer, Jordi Solé, Tineke Strik, Viola Von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz, Salima Yenbou

ECR

Anna Fotyga, Hermann Tertsch, Angel Dzhambazki, Assita Kanko

NI

Fabio Massimo Castaldo, Márton Gyöngyösi

 

2

-

ID

Harald Vilimsky

NI

Kostas Papadakis

 

10

0

S&D

Dietmar Köster

ID

Anna Bonfrisco, Marco Zanni, Thierry Mariani, Jérôme Rivière

ECR

Charlie Weimers

GUE

Manu Pineda, Idoia Villanueva Ruiz, Özlem Demirel, Mick Wallace

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

An nuashonrú is déanaí: 19 Deireadh Fómhair 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais