Tuarascáil - A9-0167/2020Tuarascáil
A9-0167/2020

TUARASCÁIL ar mholadh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcaidreamh leis an Bhealarúis

28.9.2020 - (2020/2081(INI))

An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Rapóirtéir: Petras Auštrevičius


Nós Imeachta : 2020/2081(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0167/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0167/2020
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTMHOLADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcaidreamh leis an Bhealarúis

(2020/2081(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagail 2, 3 agus 8 agus Teideal V, go háirithe Airteagail 21, 22, 36 agus 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus de Chuid a Cúig den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir leis an Bhealarúis an 15 Feabhra 2016,

 ag féachaint do sheoladh Chomhpháirtíocht an Oirthir i bPrág an 7 Bealtaine 2009 mar iarracht choiteann ag AE agus ag a shé Chomhpháirtí ó Oirthear na hEorpa, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin,

 ag féachaint do na Dearbhuithe Comhpháirteacha ó Chruinnithe Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir 2009 i bPrág, 2011 i Vársá, 2013 i Vilnias, 2015 i Ríge agus 2017 sa Bhruiséil, agus don fhíschomhdháil idir ceannairí Chomhpháirtíocht an Oirthir a reáchtáladh in 2020,

 ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a ligean ar ais, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 20201,

 ag féachaint don chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le heisiúint víosaí a éascú2, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2020,

 ag féachaint don 6ú babhta den Idirphlé maidir le Cearta an Duine idir AE agus an Bhealarúis a reáchtáladh an 18 Meitheamh 2019 sa Bhruiséil,

 ag féachaint do Ráiteas Chomhpháirteach ón Ardionadaí/Leas-Uachtarán Josep Borrell agus ón gCoimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú Olivér Várhelyi an 10 Lúnasa 2020, agus do dhearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis na toghcháin uachtaránachta sa Bhealarúis an 11 Lúnasa 2020,

 ag féachaint don ráiteas ó Urlabhraí SEGS an 19 Meitheamh 2020 maidir le forbairtí le déanaí sa Bhealarúis agus do na ráitis ón Ardionadaí/Leas-Uachtarán Josep Borrell a bhain leis na todhcháin sa Bhealarúis an 14 Iúil 2020, an 7 Lúnasa 2020 agus an 17 Lúnasa 2020,

 ag féachaint do na ráitis ó Urlabhraí SEGS maidir le cur i bhfeidhm an phionóis báis sa Bhealarúis, go háirithe an 30 Iúil 2019, an 28 Deireadh Fómhair 2019, an 20 Nollaig 2019, an 11 Eanáir 2020, agus an 7 Márta 2020,

 ag féachaint dá moladh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, roimh chruinniú mullaigh mhí an Mheitheamh 2020,

 ag féachaint don Tuarascáil ón Rapóirtéir Speisialta ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe (NA) um Chearta an Duine ar staid chearta an duine sa Bhealarúis an 10 Iúil 2020,

 ag féachaint do ráitis NA maidir leis an staid sa Bhealarúis, go háirithe na ráitis ó Ardchoimisinéir NA um Chearta an Duine an 12 Lúnasa 2020, ó Rapóirtéirí Speisialta NA um chearta an duine an 13 Lúnasa 2020, agus ón Urlabhraí d’Ardchoimisinéir NA um Chearta an Duine an 21 Lúnasa 2020,

 ag féachaint don ráiteas ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 13 Lúnasa 2020 inar iarradh deireadh a chur leis an bhforéigin sa Bhealarúis;

 ag féachaint don ráiteas chomhpháirteach maidir leis an mBealarúis ó cheannairí polaitiúla na ngrúpaí PPE, S&D, Renew Europe, na Glasaigh/SCE, ECR i bParlaimint na hEorpa an 17 Lúnasa 2020,

 ag féachaint do na príomhthorthaí ó chruinniú urghnách Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an 14 Lúnasa 2020 agus do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 Lúnasa 2020 maidir leis an staid sa Bhealarúis tar éis na dtoghchán uachtaránachta a bhí ar siúl an 9 Lúnasa 2020;

 ag féachaint don litir oscailte ar ghníomhaíochtaí Diplomatic Watch le linn thoghcháin uachtaránachta 2020 sa Bhealarúis (Mionsc, an 13 Lúnasa 2020)

 ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,

 ag féachaint do Straitéis Dhomhanda AE agus do Bheartas athbhreithnithe Comharsanachta na hEorpa,

 ag féachaint dá rúin maidir leis an mBealarúis, go háirithe rúin an 24 Samhain 2016 maidir leis an staid sa Bhealarúis[1], an 6 Aibreán 2017 maidir leis an staid sa Bhealarúis[2], an 19 Aibreán 2018 ar an mBealarúis[3], agus an 4 Deireadh Fómhair 2018 maidir le meathlú shaoirse na meán sa Bhealarúis, go háirithe cás Chairt 97[4],

 ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0167/2020),

A. de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka cóiriúil agus i gcoinne luachanna Eorpacha, phrionsabail an daonlathais, agus thoil mhuintir na Bealarúise; de bhrí, in ainneoin na srianta bunúsacha ar shaoirsí bunúsacha agus ar chearta an duine atá fós i bhfeidhm sa Bhealarúis, gur tháinig roinnt torthaí as beartas an Aontais maidir le teagmháil chriticiúil leis an mBealarúis i bhfoirm comhaontuithe sínithe agus comhar méadaithe i réimsí amhail an comhshaol agus nascacht, comhar trasteorann agus bainistiú teorainneacha, ach tháinig torthaí neamhdhóthanacha as maidir leis an réimeas a bheith ag cloí le luachanna Chomhpháirtíocht an Oirthir; de bhrí go gcuireann gníomhaíochtaí neamhdhleathacha réimeas na Bealarúise na torthaí sin i mbaol agus ní mór an caidreamh idir AE agus an Bhealarúis a bheith faoi réir athbhreithniú críochnúil i bhfianaise nach gcloíonn an réimeas lena ghealltanais féin faoin dlí idirnáisiúnta agus lena chomhaontuithe le AE; de bhrí go saineofar caidreamh sa todhchaí idir AE agus an Bhealarúis sna Tosaíochtaí Comhpháirtíochta atá le comhaontú ag AE agus na húdaráis dhlisteanacha nua tofa go daonlathach sa Bhealarúis, agus ba cheart é a bheith bunaithe ar na comhluachanna ar a bhfuil AE fothaithe;

B de bhrí go bhfuil oidhreacht agus cultúr coiteann Eorpach ag muintir na Bealarúise i dtír atá i gcomharsanacht dhíreach le trí Bhallstáit de chuid an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhféadfadh an staid sa Bhealarúis tionchar díreach a bheith aici ar AE;

C. de bhrí nach raibh ceann ar bith de na toghcháin pharlaiminteacha ná uachtaránachta a reáchtáladh sa Bhealarúis ó 1994 go dtí seo saor agus cóir, ach in ainneoin na ndálaí diana neamhdhaonlathacha sin, ba léir gur vótáil muintir na Bealarúise chun athraithe, tar éis níos mó ná scór bliain de chos ar bolg; de bhrí nach raibh na toghcháin uachtaránachta le déanaí saor ná cóir agus loiteadh iad ar bhonn níos measa ná toghcháin roimh sin mar gheall ar an neamhaird ar shaoirsí bunúsacha comhthionóil, comhlachais agus cainte, agus mar gheall gur reáchtáladh iad tar éis tréimhse teoranta feachtasaíochta agus laistigh de thimpeallacht shriantach a raibh cur faoi chois ina shaintréith ann agus nach ndearnadh foráil fhiúntach do thacaíocht pholaitiúil iomaíoch fhoriomlán;

D. de bhí nár chomhlíon údaráis na Bealarúise le híoschaighdeáin idirnáisiúnta i gcomhair próiseas saorthoghcháin uachtaránachta inchreidte, trédhearcach, agus cóir;

E. de bhrí gur loiteadh feachtas an toghcháin uachtaránachta mar gheall ar an gcur isteach forleathan maorlathach a rinneadh i bhfabhar an tsealbhóra oifige, imeaglú agus cur faoi chois i leith iarrthóirí eile, agus a dteaghlach agus a lucht tacaíochta, diúltú do chlárú iarrthóirí a raibh líon leordhóthanach sínithe bailithe acu, gabhálacha líonmhaire, agus iarrachtaí iriseoirí agus blagálaithe neamhspleácha a chur ina dtost agus suíomhanna gréasáin easaontacha a dhúnadh síos;

F. de bhrí gur coisceadh formhór na n-iarrthóirí rannpháirt a ghlacadh mar gheall ar próiseas clárúcháin sriantach agus treallach, lena n-áirítear gur gabhadh príomhiarrthóir uachtaránachta, Viktar Babaryka, agus Siarhei Tsikhanouski, fear céile Sviatlana Tsikhanouskaya, ar príomhiarrthóir eile í, agus dhiúltaigh an Coimisiún Lárnach Toghchán (CEC) do Valery Tsapkala, príomhiarrthóir freasúra, clárú i dtaobh líon neamhdhóthanach sínithe bailí lena dtugtar rochtain ar an mballóid gan aon deis an diúltú a athchomhrac; de bhrí go gcuireann sé sin i bhfios go láidir nádúr díréireach agus míréasúnta na mbacainní ar iarrthóireacht, atá contrártha le gealltanais ESCE agus caighdeáin idirnáisiúnta eile; de bhrí gur chuir eisiamh na n-iarrthóirí sin srian leis an bhféidearthacht a bhí ag muintir na Bealarúise roghnú as measc a n-iarrthóirí;

G. de bhrí, de réir ‘Chosantóirí Chearta an Duine ar son Toghcháin Shaora’, go ndearnadh bearta eile a chuir iarrthóirí freasúra faoi mhíbhuntáiste, amhail na láithreacha inar féidir gníomhaíochtaí toghcháin a chur ar bun go dleathach, daoine d’fhoirne feachtais na n-iarrthóirí a choimeád, agus bac a chur ar bheagnach gach ainmní ón bhfreasúra do Choimisiúin na dToghchán Ceantair (PECanna), agus é mar thoradh air gurb as páirtithe freasúra 1.1 % de líon iomlán na n-ainmnithe a toghadh agus gurb as páirtithe i bhfabhar an rialtais 96.7 % díobh.

H. de bhrí gur theip ar rialtas na Bealarúise cuireadh tráthúil a thabhairt do ESCE/ODIHR chun breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin uachtaránachta an 9 Lúnasa, agus go raibh sé mar thoradh air sin nach raibh aon bhreathnóir neamhspleách idirnáisiúnta ann le linn na dtoghchán sin;

I. de bhrí mar gheall ar na srianta a d’fhorchuir an Coimisiún Lárnach Toghchán le linn phaindéim an choróinvíris, cuireadh cosc ar bhreathnóirí áitiúla toghcháin a gcuid dualgas a chomhlíonadh go hiomlán le linn chéimeanna uile na vótála, eadhon vótáil luath, vótáil lá na dtoghchán, agus vótáil ón mbaile; de bhrí gur bhain réimeas na Bealarúise úsáid as vótáil luath chun áibhéil iomaí oiread a dhéanamh maidir le líon na ndaoine a chaith vóta, ag an am céanna tuairiscíodh go leor cásanna de vótáil éigeantais i measc catagóirí áirithe vótálaithe, mar shampla, de phearsanra míleata, de sheirbhísigh phoiblí, d’fhostaithe fiontar atá faoi úinéireacht stáit agus de shaoránaigh atá ina gcónaí i dtithíocht phoiblí; de bhrí, lá an toghcháin, gur coisceadh na breathnóirí áitiúla toghcháin faireachán a dhéanamh ar an gcomhaireamh, agus go raibh difear idir líon na vótálaithe agus na torthaí toghcháin a d’fhógair PECanna agus an Coimisiún Lárnach Toghchán, agus a bhí le faire ag na breathnóirí áitiúla toghcháin;

J. de bhrí go ndearna ardáin neamhspleácha arna mbunú ag eagraíochtaí sochaí sibhialta na Bealarúise (amhail Golos-Belarus2020.org) pobalbhreitheanna neamhspleácha agus rinne siad anailísiú ar prótacail de bhreis agus 200 PEC a d’eisigh fíorthorthaí a léiríonn go soiléir go bhfuair Sviatlana Tsikhanouskaya tromlach glan na vótaí (idir 71.1 % agus 97.6 %);

K. de bhrí gur fhógair an Coimisiún Lárnach Toghchán gurb é Aliaksandr Lukashenka buaiteoir an toghcháin, agus líomhnaítear go bhfuair sé 80.10 % de na vótaí agus go bhfuair an príomhiarrthóir a sheas ina choinne, Sviatlana Tsikhanouskaya, 10.12 % de na vótaí; de bhrí gur dtuairiscíodh neamhréireachtaí le linn laethanta na vótála go leanúnach, gur diúltaíodh do dhaoine a gceart vótála, agus gur falsaíodh prótacail ó PECanna;

L. de bhrí nár aithin an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit torthaí na dtoghchán uachtaránachta de bharr amhras suntasach faoina gcothroime, cháin siad húsáid an fhornirt a bhí díréireach agus do-ghlactha i gcoinne agóideoirí síochánta, agus thacaigh siad leis an gceart atá ag muintir na Bealarúise a dtodhchaí féin a chinneadh;

M. de bhrí go ndearnadh imeaglú ar Sviatlana Tsikhanouskaya, an tUachtarán toghaí dar le muintir na Bealarúise, agus cuireadh iachall uirthi an Bhealarúis a fhágáil dá lá tar éis na dtoghchán; de bhrí gur fhág gníomhaithe sibhialta agus polaitiúla eile agus ceannairí oibrithe an Bhealarúis freisin de bharr bagairtí ar a sábháilteacht féin nó ar shábháilteacht a dteaghlach;

N. de bhrí go ndiúltaíonn réimeas na Bealarúise dul isteach in idirphlé náisiúnta leis an bpobal agus nach n-aithníonn sé an Chomhairle Chomhordúcháin, a thionscain Sviatlana Tsikhanouskaya chun críche aistriú cumhachta síochánta agus dea-eagraithe a éascú trí idirphlé, agus chun na críche sin amháin, agus go bhfuil sé d’aidhm ag réimeas na Bealarúise imeaglú a dhéanamh ar an gComhairle Chomhordúcháin agus í a ruaigeadh trí dhíriú ar a gcomhaltaí agus cás coiriúil a sheoladh ina gcoinne; de bhrí nach bhfuil ann ach aon chomhalta den phraesaidiam den Chomhairle Chomhordúcháin, Svetlana Alexievich, nach ndearna údaráis na Bealarúise í a ghabhadh nó a eiseachadadh ón tír le fórsa go dtí seo;

O. de bhrí go raibh agóidí síochánta ar fud na tíre sa Bhealarúis nach bhfacthas cheana ag lorg saorthoghcháin chóra nua, tar éis thoghcháin uachtaránachta an 9 Lúnasa agus tar éis toradh falsaithe a fhógairt inar éilíodh bua don uachtarán atá in oifig faoi láthair; de bhrí gur tharla cniogbheartaíocht fhoréigneach de bharr na n-agóidí agus cuireadh na mílte Bealarúiseach faoi choinneáil, gur cuireadh na céadta san ospidéal, gur dearbhaíodh go bhfuil seisear ar a laghad marbh agus na scórtha fós ar iarraidh;

P. de bhrí go gcuireann Parlaimint na hEorpa in iúl go dtacaíonn sí le héilimh mhuintir na Bealarúise ar shaorthoghcháin chóra agus ar a gcumas cinntí a dhéanamh gan bhac maidir le todhchaí a dtíre;

Q. de bhrí go gcuireann Parlaimint na hEorpa in iúl gur geal léi agus spreagann sí eagrú síochánta leanúnach na n-agóidí ar fud na tíre, agus go molann sí ról agus ceannaireacht láidir mhná na Bealarúise;

R. ag féachaint do na teistiméireachtaí ó agóideoirí na Bealarúise maidir leis na dálaí agus an cóireáil chruálach faoina cuireadh iad le linn a gcoinneáil neamhdhleathach, lena n-áirítear léastaí, gníomhartha éignithe, cóireáil náiriúla, agus dálaí coinneála mídhaonnúla i gcillíní róphlódaithe gan rochtain ar uisce óil, ar bhia, ar shaoráidí sláintíochta ná ar chúnamh íocshláinte; de bhrí gur ghearr ceannaire an fhreasúra sa Bhealarúis agus príosúnach polaitiúil Paval Sieviaryniec, caol a lámha in agóid i gcoinne na céastóireachta agus i gcoinne dálaí coinneála mídhaonnúla; de bhrí, tar éis iad a scaoileadh saor, gur cuireadh go leor daoine san ospidéal agus gur tugadh dianchúram do roinnt daoine le gortaithe mar shampla, géaga briste, blaoscanna scoilte, agus radharc agus éisteacht damáistithe, agus go mbeidh tionchar ar feadh an tsaoil ag cuid acu, lena n-áirítear neamhthorthúlacht, mar aon leis an tráma síceolaíocha ar baineadh dóibh;

S. de bhrí gur gnáthchleachtas sa Bhealarúis anois le míonna anuas iad bearta díoltais i gcoinne lucht freasúra an réimis, breathnóirí toghcháin, iriseoirí, blagálaithe, ghníomhaithe na sochaí sibhialta, agus chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear trí fhoréigean fisiciúil, fuadach ag daoine anaithnide gan marcóirí aitheantais, fíneálacha riaracháin, bagairtí go gcaillfear coimeád linbh, imeachtaí coiriúla, chomh maith le céasadh fisiciúil agus síceolaíochta;

T. de bhrí go bhfuil cúnamh agus tacaíocht ón bpobal idirnáisiúnta de dhíth go géar ó mhuintir na Bealarúise;

U. de bhrí go n-éilíonn an staid sa Bhealarúis imscrúdú práinneach idirnáisiúnta maidir leis na sáruithe ar chearta an duine i gcoinne agóideoirí síochánta agus maidir le húsáid iomarcach an fhornirt ag réimeas na Bealarúise;

V. de bhrí go bhfuil an timpeallacht le haghaidh obair chosantóirí chearta an duine, ionadaithe an fhreasúra, na sochaí sibhialta agus na meán ag dul in olcas go leanúnach, le himeaglú agus ciapadh ar siúl go córasach agus srianta á gcur ar shaoirsí bunúsacha; de bhrí go ndiúltaítear go córasach d’eagraíochtaí chearta an duine agus d’eagraíochtaí eile ón tsochaí shibhialta clárú, agus gur coir é bheith mar chomhalta de grúpaí neamhchláraithe agus cistí eachtracha a fháil; de bhrí go gcuirtear toirmeasc ar dhlíodóirí chearta an duine gníomhaithe sibhialta agus polaitiúla atá faoi choinneáil, daoine nach féidir leo brath ar thriail chóir a fháil, a chosaint;

W.  de bhrí go rannchuidíonn an córas go mbíonn oifigigh fhorfheidhmithe dlí saor ó phionós le níos mó sáruithe ar chearta an duine agus níos mó díoltais i gcoinne chosantóirí chearta an duine agus daoine neamhchiontacha;

X. de bhrí go dtugann Tuarascáil an Rapóirtéara Speisialta maidir le staid chearta an duine sa Bhealarúis in Iúil 2020 dá haire nach bhfuil aon mhórfheabhsuithe ar chosaint dhlíthiúil agus rialála chearta an duine sa Bhealarúis agus, anuas ar na fadhbanna a chuirtear chun suntais thuas, go dtarraingítear aird ar chur i bhfeidhm leanúnach phionós an bháis, ar an idirdhealú forleathan in aghaidh grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear mná, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha agus daoine LADTIA, cleachtas leanúnach an tsaothair éigeantais, an chéasta agus cineálacha eile cóireála nó íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach nó pionós daoine atá á gcoinneáil, agus idirdhealú i gcás chainteoirí na Bealarúisise;

Y. de bhrí go bhfuil os cionn 50 duine faoi choinneáil ar chúiseanna polaitiúla sa Bhealarúis de réir eagraíochtaí chearta an duine sa Bhealarúis; de bhrí go bhfuil i measc lucht an fhreasúra sa Bhealarúis atá i bpriosún, Mikola Statkevich, iarrthóir daonlathach i dtoghcháin uachtaránachta 2010, a bhí ina phríosúnach coinsiasa ó 2011 go dtí 2017, comhaltaí den phraesaidiam de Chomhairle Chomhordúcháin na Bealarúise Maria Kalesnikava, Liliya Ulasava agus Maksim Znak, iarrathóir don uachtaránacht Viktar Babaryka, agus físbhlagálaí Siarhei Tsikhanouski;

Z. de bhrí go gcuireann Parlaimint na hEorpa a comhbhrón in iúl faoi bhás Alyaksandr Taraykouski, Alyaksandr Vikhor, Artsyom Parukou, Henadz Shutau agus Kanstantsin Shyshmakou dá dteaghlaigh agus do mhuintir iomlán na Bealarúise;

AA. de bhrí, an 14 Lúnasa 2020, gur dhiúltaigh réimeas na Bealarúise cead isteach sa tír do bheirt Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, Robert Biedroń, cathaoirleach na Toscaireachta don chaidreamh leis an mBealarúis, agus Petras Auštrevičius, rapóirtéir buan na Parlaiminte don Bhealarúis, cuairt a thabhairt ar an tír ar chuireadh ó shochaí shibhialta na Bealarúise, a bhí le cuairt a thabhairt ar an tír ar chuireadh ó shochaí shibhialta na Bealarúise;

AB.  de bhrí ó 2014 i leith, gur gearradh tréimhsí díréireacha fada príosúnachta idir 8 mbliana agus 15 bhliana ar 18 000 mionaoiseach Bealarúiseach, as cionta neamhfhoréigneacha a bhain le drugaí faoi Airteagal 328 den Chód Coiriúil; de bhrí le linn a gcoinneála agus a bpríosúnachta, go ndéantar sáruithe iomadúla ar chearta na mionaoiseach Bealarúiseach, lena n-áirítear foréigin fisiciúil agus céasadh, agus go nochtar iad do dhálaí oibre atá contúirteach don tsláinte;

AC. de bhrí gur chuir an tAontas deireadh leis an gcuid is mó de na smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise in 2016, cé is moite de thrádbhac arm agus smachtbhannaí i gcoinne ceathrar, ach ní mar gheall gur chomhlíon an Bhealarúis na coinníollacha go léir a rinneadh sin, ach bhíothas ag súil leis go dtiocfaidh feabhas ar an timpeallacht de réir a chéile le haghaidh rannpháirtíocht pholaitiúil agus shibhialta agus urraim á tabhairt do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha; de bhrí nach bhfuil aon dul chun cinn baint amach i réimsí an rialachais dhaonlathaigh agus chearta an duine, agus tá méadú tagtha ar an gcos ar bolg ó thaobh riaracháin agus airgeadais de agus go fisiciúil i gcoinne an fhreasúra dhaonlathaigh, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, iriseoirí agus blagálaithe, agus i gcoinne gnáthdhaoine, fiú;

AD. de bhrí gur aontaigh an Chomhairle Eorpach in 2020 smachtbhannaí a fhorchur ar líon mór daoine a bhí freagrach as foréigin, cos ar bolg agus torthaí na dtoghchán sa Bhealarúis a fhalsú, agus gur aontaigh siad bac a chur orthu teacht isteach in AE agus a sócmhainní airgeadais in AE a reo;

AE. de bhrí go bhfuil sé do-ghlactha más rud é nach gcáineann Ballstát an falsú, an foréigean agus an cos ar bolg a rinneadh go soiléir sa toghchán, agus más rud é go n-áiríonn Ballstát an Bhealarúis faoi cheannaireacht Lukashenka mar stát comhpháirtíoch, ós rud é go n-éilíonn an staid sa Bhealarúis go nglacfar seasamh daingean le prionsabail láidre agus go dtiocfar ar chomhaontú maidir le comhghníomhaíocht AE;

AF. de bhrí gur shéan údaráis na Bealarúise go raibh COVID-19 scaipthe sa tír, agus leis sin, ag cur am luachmhar amú a d’fhéadfaí a úsáid chun daonra na tíre a ullmhú agus a chosaint agus go háirithe a foireann leighis, níor cealaíodh ollimeachtaí - go háirithe paráid mhíleata an 9 Bealtaine a raibh na mílte rannpháirtithe i láth agus lá oibre bliantúil an phobail, ócáid ar fhreastail ceathrú cuid de dhaonra na Bealarúise uirthi - agus ina ionad sin chuaigh siad i mbun imeaglú ar iriseoirí, blagálaithe, an freasúra daonlathach agus ar ghnáthdhaoine a roinn faisnéis ríthábhachtach agus bearta riachtanacha réamhchúraim faoin bpaindéim, agus go bhfuil sé mar thoradh air sin, go bhfuil ceann de na rátaí ionfhabhtaithe de COVID-19 is airde per capita san Eoraip ag an mBealarúis agus gur bagairt í an Bhealaúis do shláinte an réigiúin ar fad; de bhrí gur theip ar an rialtas agus ar uachtarán na Bealarúise fíricí a chur ar fáil faoin bpaindéim agus gníomhú ina haghaidh go tráthúil, agus ina ionad sin, scaip siad bréagaisnéis go gníomhach a chuir sláinte na saoránach i mbaol;

AG. de bhrí gur sheas AE i ndlúthpháirtíocht le muintir na Bealarúise ó thús phaindéim COVID-19, agus leithdháil sé EUR 60 milliún ar an tír chun éifeachtaí láithreacha agus díreacha na ráige a mhaolú, agus gur tugadh, ina dhiaidh sin, mar fhreagairt ar an staid i ndiaidh an toghcháin sa Bhealarúis, EUR 53 mhilliún sa bhreis chun tacú le muintir na Bealarúise; de bhrí go bhfuil an Bhealarúis ag féachaint le cúnamh macra-airgeadais a fháil ó AE;

AH. de bhrí gur léirigh paindéim COVID-19 athléimneacht, diongbháilteacht láidir agus féineagrúchán nach bhfacthas cheana ó shochaí na Bealarúise, go háirithe i bhfianaise fhreagairt mharbhánta na n-údarás agus an séanadh fiú ó na húdaráis faoin bpaindéim agus a tionchar;

AI. de bhrí nach bhfuil aon ghníomhaireachtaí Bealarúiseacha neamhspleácha nuachta cláraithe sa tír, agus go bhfuil saoirse an phreasa imithe in olcas go mór ó 2015, mar a dheimhníonn an Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa go bliantúil, agus go bhfuil an staid níos measa fós tar éis na dtoghchán i mí Lúnasa 2020; de bhrí go bhfuil líon beag iriseoirí, blagálaithe, grianghrafadóirí nó asraonta meán neamhspleácha ann atá in ann feidhmiú sa tír agus sáruithe ar chearta an duine a cháineadh, go bhfuil siad faoi réir beart córasach ciaptha agus pionósach, amhail gabháil nó tionscnamh imscrúduithe coiriúla, lena n-áirítear maidir le cúisimh i ndáil le táirgeadh neamhdhleathach agus dáileadh faisnéise, antoisceachas, míchlú agus maslú an uachtaráin nó an uignis, agus gur méadaíodh líon na n-ionchúiseamh a tharla i leith ráiteas ar an idirlíon; de bhrí gur maraíodh beirt iriseoirí ar chearta an duine in 2000 agus in 2016 tar éis dóibh tuairisciú gníomhach a dhéanamh ar sháruithe ar chearta an duine agus beartais diansmachta rialtas forlámhach na Bealarúise a cháineadh;

AJ. de bhrí, tar éis na dtoghchán uachtaránachta, gur dhaingnigh réimeas na Bealarúise a ghreim ar shaoirse na meán agus ar cheart na ndaoine rochtain a fháil ar fhaisnéis agus í a roinnt, trí rochtain ar an idirlíon a bhlocáil, trí chur isteach ar phriontáil nuachtán, mar aon le hiriseoirí áitiúla agus comhfhreagraithe eachtracha a bhreathnaigh nó a chlúdaigh agóidí a ghabháil, chomh maith leo siúd a cháin beartas comhshaoil an stáit nó a bhfuil trácht déanta acu ar phaindéim COVID-19 sa Bhealarúis agus iad a nochtadh do chéasadh agus do chóireáil dhaonna; de bhrí gur díríodh go sonrach ar iriseoirí agus gur gortaíodh roinnt acu agus iad ag clúdach na cniogbheartaíochta a bhí údaraithe ag réimeas na Bealarúise ar agóideoirí síochánta; de bhrí nach gcumhdaíonn na stáisiúin teilifíse faoi úinéireacht an stáit na hagóidí leanúnacha ná ainghníomhartha réimeas Lukashenka agus go bhfuil na stáisiúin sin á n-úsáid chun bréagaisnéis a scaipeadh, chun Sviatlana Tsikhanouskaya, gníomhaithe polaitiúla agus lucht agóide síochánta a ionsaí agus míchlú a tharraingt orthu; de bhrí, tar éis d’iriseoirí éirí as sna stáisiúin teilifíse atá faoi úinéireacht an stáit, gur tháinig saineolaithe bolscaireachta ón Rúis ina n-ionad;

AK. de bhrí go ndéantar iriseoirí neamhspleácha atá i gcomhar leis na meáin eachtracha agus a oibríonn dóibh a ionchúiseamh faoi Airteagal 22.9 de Chód na gCionta Riaracháin, cód faoina bhfuil sé mídhleathach luaíochtaí airgeadais a fháil ó na meáin nach bhfuil cláraithe agus creidiúnaithe go cuí sa Bhealarúis; de bhrí nach bhfuil an cainéal teilifíse Belsat, atá cláraithe go hoifigiúil sa Pholainn, cláraithe sa Bhealarúis agus go bhfuil a chuid gníomhaíochtaí faoi bhrú agus faoi ionsaí leanúnach, lena n-áirítear coinneáil bhrúidiúil a iriseoirí agus fíneálacha arna bhforchur ar a ranníocóirí, ar fiú USD 101 791 san iomlán iad amhail ón 18 Meitheamh 2020;

AL. de bhrí go raibh an Bhealarúis faoi réir brú gan fasach ón Rúis chun a comhtháthú i gcomhthéacs an Aontais a dhoimhniú, chun dochar cheannasacht na Bealarúise, rud a d’fhág inter alia go raibh leamhsháinn ann maidir le hallmhairí ola agus gáis ón Rúis;

AM. de bhrí go bhfuil beartais a bhaineann leis an mbonn a bhaint de cheannasacht agus de neamhspleáchas na tíre agus de lagú fhéiniúlacht, oidhreacht agus chultúr na Bealarúise le sonrú sna 26 bliana atá caite i gcumhacht ag Lukashenka;

AN. de bhrí, ó thaobh na slándála de, go bhfuil dlúthnasc idir an Bhealarúis agus an Rúis, agus í ag brath ar an Rúis, agus tá sí ag gabháil do ghníomhartha atá ina mbagairt do Bhallstáit AE amhail freachnaimh neamhthrédhearcach mhíleata Zapad in 2017, freachnaimh mhíleata Zapad atá pleanáilte do 2021, agus suiteálacha núicléacha neamhshábháilte a thógáil;

AO. de bhrí, tar éis briseadh amach agóidí ollmhóra, go ndeachaidh Aliaksandr Lukashenka i dteagmháil leis an Rúis chun cúnamh a lorg chun a áirithiú go mairfeadh réimeas na Bealarúise, agus go bhféachann sé lena íomhá agus lena thacaíocht phoiblí a tharrtháil anois trí insintí bréagacha a chruthú faoi bhagairtí seachtracha don Bhealarúis ó ghníomhaithe eachtracha an Iarthair agus na bagairtí sin a úsáid chun bonn cirt a thabhairt le dlús a chur le gníomhaíochtaí agus gluaiseacht fhórsaí míleata na Bealarúise i réigiún Grodno ar an teorainn leis an bPolainn agus leis an Liotuáin, rud atá ina bhagairt dhíreach ar AE agus ar a Bhallstáit;

AP. de bhrí go bhfuil an Bhealarúis, i gcomhpháirtíocht le corparáid na Rúise ROSATOM, ag tógáil Ghléasra Cumhachta Núicléiche Astravyets ag láthair gan údar 20 ciliméadar ó theorainn sheachtrach AE agus 45 ciliméadar ó phríomhchathair na Liotuáine; de bhrí gur leanadh an tógáil de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Astravyets le heaspa measa ar chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach, sáruithe tromchúiseacha ar shábháilteacht núicléach agus mórtheagmhais, lena n-áirítear obair thógála leanúnach ar an láithreán in ainneoin ráig COVID-19; de bhrí go raibh sé beartaithe an chéad imoibreoir de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Astravyets a sheoladh roimh na toghcháin uachtaránachta i mí Lúnasa 2020 agus sula ndearnadh cur chun feidhme iomlán ar mholtaí na dtástálacha struis a rinne údaráis sábháilteachta núicléiche AE;

AQ. de bhrí go léiríonn an staid eacnamaíoch achrannach, atá le dul in olcas de bharr stailceanna ar fud na tíre agus toisc gur dhiúltaigh réimeas na Bealarúise dul i mbun idirphlé náisiúnta le muintir na Bealarúise, go bhfuil na teorainneacha bainte amach ag samhail eacnamaíoch na Bealarúise agus go bhféadfadh an tír dul isteach i dtréimhse aistrithe ina bhféadfadh AE ról lárnach cothromaíochta a imirt;

AR. de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an teagmháil le sochaí shibhialta na Bealarúise, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó AE agus tríd an teagmháil idir daoine a threisiú;

1. ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle, don Choimisiún agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:

An staid i ndiaidh an toghcháin sa Bhealarúis

(a) tacú go láidir le cinneadh an Aontais agus na mBallstát gan aitheantas a thabhairt do thorthaí calaoiseacha na dtoghchán mar a d’fhógair Coimisiún Lárnach Toghchán na Bealarúise (CEC), de bharr amhras shuntasach faoi chothroime na dtoghchán, gan aitheantas a thabhairt do Aliaksandr Lukashenka mar uachtarán dlisteanach ar an tír nuair a rachaidh a théarma oifige reatha in éag tráth nach déanaí ná an 5 Samhain 2020; iarraidh air urraim a thabhairt do thoil mhuintir na Bealarúise agus éirigh as go síochánta; iarraidh ar na Ballstáit uile cáineadh a dhéanamh ar an gcalaois toghcháin, ar an bhfreasúra agus an tsochaí shibhialta a chur faoi chois, ar na srianta ar chearta an duine, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán, agus ar shárú bunluachanna daonlathacha agus an smachta reachta;

(b) áitiú go mbeidh drochthionchar ag na forbairtí sin ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis;

(c) tacú, gan aon agó, le muintir na Bealarúise ina n-éilimh dhlisteanacha ar shaorthoghcháin chóra nua, nach mór a thionól a luaithe is féidir faoi mhaoirseacht ESCE agus breathnóirí neamhspleácha idirnáisiúnta; béim a chur ar an ngá atá le réiteach síochánta agus daonlathach ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, agus go mbeidh na meáin neamhspleácha, saora agus sochaí shibhialta láidir mar bhonn taca leis;

(d) áitiú go gcomhlíonfar go hiomlán na próisis toghcháin sa Bhealarúis le caighdeáin idirnáisiúnta, le moltaí ESCE agus le tuairimí Choimisiún na Veinéise, agus á iarraidh go ndéanfaí reachtaíocht toghcháin Phoblacht na Bealarúise a leasú chun coimircí suntasacha nós imeachta agus dlíthiúla a chur san áireamh lena bhfeabhsófar cuimsitheacht, sláine agus trédhearcacht gach céim den phróiseas toghcháin, agus go háirithe critéir agus sásraí soiléire réasúnacha a thabhairt maidir le hiarrthóirí a chlárú agus sínithe a fhíorú, lena n-áiritheofar go gcuirfear ionadaithe na ngníomhaithe uile sa phróiseas toghcháin san áireamh i gcoimisiúin toghcháin, agus go dtabharfar rochtain chothrom ar na meáin do gach rannpháirtí;

(e) tabhairt dá n-aire go bhfuil Sviatlana Tsikhanouskaya, a fuair níos mó ná leath de na vótaí i dtoghchán uachtaránachta 2020 de réir na suirbhéanna neamhspleácha socheolaíocha, ina hUachtarán tofa i súile mhuintir na Bealarúise;

(f)  an Chomhairle Comhordúcháin a thionscain Sviatlana Tsikhanouskaya a aithint mar ionadaí dlisteanach na ndaoine a éilíonn athrú daonlathach agus saoirse sa Bhealarúis, agus ag áitiú go rachaidh réimeas na Bealarúise i mbun idirphlé léi; géarleanúint ar chomhaltaí na Comhairle Comhordúcháin a cháineadh, agus á éileamh go gcuirfear deireadh le gach caingean dlí a dhéanann na húdaráis ina n-aghaidh agus go scaoilfear saor iad siúd go léir atá gafa agus faoi choinneáil;

(g)  tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gComhairle Comhordúcháin go mbeadh aistriú cumhachta síochánta agus daonlathach ann mar thoradh ar idirphlé cuimsitheach náisiúnta idir rialtas na Bealarúise agus an freasúra/an tsochaí shibhialta/an Chomhairle Comhordúcháin, lena n-áirítear ionadaithe eaglaisí mar idirghabhálaithe a bhfuil meas orthu agus atá neodrach; aon chúnamh is gá a chur ar fáil chun eagrúchán agus feidhmiú na Comhairle Comhordúcháin a threisiú;

(h) a áitiú go nglacfaidh Aliaksandr Lukashenka leis an tairiscint ó chathaoirleach ESCE atá in oifig faoi láthair agus an cathaoirleach nuacheaptha, chun idirphlé náisiúnta a éascú chun an ghéarchéim pholaitiúil agus an teannas sa tír a réiteach, agus a áirithiú go gcuirfidh AE cúnamh nithiúil ar fáil do ESCE maidir lena thogra chun ról idirghabhála a ghlacadh;

(i) a éileamh go gcuirfear deireadh láithreach leis an bhforéigean, leis an gcos ar bolg chruálach, leis an gcéasadh agus leis an gcniogbheartaíocht in aghaidh lucht agóide síochánta; iarraidh ar imscrúdú iomlán AE/idirnáisiúnta ar choireanna i gcoinne mhuintir na Bealarúise a rinne na húdaráis forfheidhmithe dlí de chuid réimeas Lukashenka, agus iarraidh ar na húdaráis rochtain ar cheartas a chur ar fáil do gach íospartach de sháruithe agus de mhí-úsáidí ar chearta an duine agus a gceart chun leigheas éifeachtach a áirithiú;

(j) ag cáineadh oirbheartaíocht réimeas na Bealarúise chun an Chomhairle Comhordúcháin a scaipeadh trína comhaltaí, chomh maith le polaiteoirí agus gníomhaithe an fhreasúra, a imeaglú agus iad a dhíbirt ón mBealarúis chun iad a scaradh ó na próisis pholaitiúla inmheánacha

(k) a iarraidh ar an mBealarúis gach príosúnach polaitiúil agus gach duine den tsochaí shibhialta, iriseoirí agus aon duine eile a choinnítear go treallach roimh an bhfeachtas toghchánaíochta, lena linn agus ina dhiaidh, a scaoileadh saor láithreach agus gan choinníoll agus na cúisimh sin a tharraingt siar; a éileamh go ndéanfar cearta agus saoirsí an duine a athbhunú agus a urramú go hiomlán, lena n-áirítear saoirse an phreasa, an tsaoirse comhthionóil agus saoirsí polaitiúla agus sibhialta eile sa Bhealarúis;

(l) na gníomhaíochtaí a rinne oibrithe in iliomad monarchana agus institiúidí ar fud na tíre a mholadh chun teacht isteach sna hagóidí ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear dul ar stailc, agus an tacaíocht is gá a chur ar fáil dóibh siúd ar chuir an réimeas pionós orthu as a gcearta daonlathacha a fheidhmiú;

(m) a bheith ar an airdeall i gcónaí maidir le daoine a ghabháil, daoine a bheith ar iarraidh agus ciapadh iarrthóirí, agóideoirí, gníomhaithe agus iriseoirí neamhspleácha, agus bearta leantacha a dhéanamh i gcomhar le húdaráis na Bealarúise;

(n) leanúint de shúil ghéar a choinneáil ar na cásanna ina ngabhtar agus ina n-imíonn daoine ar iarraidh sa Bhealarúis, aird údaráis na Bealarúise a tharraingt ar na cásanna sin agus gníomhaíocht chuí láithreach ina leith a iarraidh; clár cúnaimh spriocdhírithe de chuid AE a sheoladh chun cabhrú le híospartaigh atá faoi chois pholaitiúil agus faoi fhoréigin póilíneachta, go háirithe le rochtain a fháil ar dhlíodóir, ar chabhair ábhair agus leighis, agus le hathshlánú;

(o) imscrúdú neamhspleách agus éifeachtach a éileamh ar bhásanna Alyaksandr Taraykouski, Alyaksandr Vikhor, Artsyom Parukou, Henadz Shutau agus Kanstantsin Shyshmakou agus ar dhúnmharuithe na bhfreasúra polaitiúil Yuriy Zakharenko, Anatoliy Krasovskiy agus Victor Honchar a bhí ar siúl i 1999, chomh maith le dúnmharú na bhfreasúra polaitiúil, Yuriy Zakharenko, Anatoliy Krasovskiy agus Victor Honchar a tharla in 1999, chomh maith le cad a tharla do Dmitriy Zavadski, iriseoir a chuaigh ar iarraidh in 2000;

(p) a iarraidh ar an mBealarúis sainmhíniú sonrach ar an gcéastóireacht a thabhairt isteach ina Cód Coiriúil i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus a áirithiú go ngearrfar pionós uirthi le smachtbhannaí, maille le hathruithe reachtacha chun fuadach forfheidhmithe a choiriúlú;

(q) a iarraidh ar na húdaráis rochtain, infhaighteacht agus cáilíocht a fheabhsú a mhéid a bhaineann le cúram sláinte in áiteanna coinneála, go háirithe i bhfianaise phaindéim COVID-19, chomh maith le dálaí oibre na foirne leighis, i bhfianaise tuarascálacha faoi chosc á bheith á chur ag póilíní ar chabhair a thabhairt do léirsitheoirí gortaithe agus faoi oibrithe míochaine a bheith á ngabháil acu;

(r) na smachtbhannaí a chomhaontaigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais agus an Chomhairle Eorpach a chur chun feidhme, a luaithe is féidir agus i gcomhar fóinteach le comhpháirtithe idirnáisiúnta;

(s) na smachtbhannaí a leathnú tríd an ngrúpa daoine a mhéadú chun Aliaksandr Lukashenka agus líon suntasach oifigeach ardrangaithe agus meánrangaithe a áireamh, chomh maith le comhaltaí den CEC atá faoi dhliteanas i leith fhalsú thorthaí na dtoghchán uachtaránachta sa Bhealarúis, nó a rannchuidigh le falsú na dtorthaí sin, agus a sháraigh cearta sibhialta agus cearta an duine, nó a raibh lámh acu sna sáruithe sin; ba cheart don Aontas an liosta sin a chur i bhfeidhm ina iomláine agus é a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach agus a fhadú de réir leibhéal na gcoireanna a dhéanann réimeas Lukashenka;

(t) toirmeasc víosa agus smachtbhannaí airgeadais a fhorchur, lena n-áirítear sócmhainní a chalcadh, i gcoinne ionadaithe an réimis, i gcoinne daoine aonair atá faoi smachtbhannaí agus i gcoinne daoine dá dteaghlach;

(u)  sásra smachtbhannaí AE um chearta an duine a chur i ngníomh agus a chur chun feidhme go pras lena gceadaítear smachtbhannaí a chur i bhfeidhm atá cosúil le smachtbhannaí Ghníomh Magnitsky na Stát Aontaithe, in aghaidh daoine aonair agus cuideachtaí a bhfuil baint acu le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus atá freagrach as coireanna eile, agus iad a chur i bhfeidhm i gcoinne oifigigh na Bealarúise, lena n-áirítear imscrúdaitheoirí agus breithiúna a bhfuil cásanna coiriúla i gcoinne príosúnaigh pholaitiúla á seoladh acu, agus daoine aonair agus cuideachtaí eile a bhfuil baint acu le slógaí bailithe sínithe agus agóidí síochánta sa Bhealarúis a chur faoi chois go foréigneach trí chimí agus príosúnaigh pholaitiúla a chéasadh agus trí dhrochíde a thabhairt dóibh;

(v) breithniú a dhéanamh i dtaobh smachtbhannaí earnála a fhorchur ar an mBealarúis, ar smachtbhannaí iad a d’fhéadfadh cur leis an mbrú ar an réimeas ach nár cheart go mbeadh tionchar diúltach fadtéarmach acu ar an bpobal;

(w) tiomantas a thabhairt do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na Bealarúise; diúltú go láidir d’aon chur isteach seachtrach ceilte nó follasach ó aon tríú stát, lena n-áirítear Cónaidhm na Rúise, go háirithe i meáin stáit na Bealarúise agus sna fórsaí slándála; béim a leagan air go bhfuil agóidí na Bealarúise ar son an daonlathais agus nach de chineál geopholaitiúil iad; a athdhearbhú nach mbeadh an tAontas Eorpach toilteanach an caidreamh leis an tír a fhorbairt tuilleadh, go déthaobhach agus faoi chuimisiú Chomhpháirtíocht an Oirthir, mura rud é go gcomhlíonfadh an Bhealarúis na coinníollacha uile a comhaontaíodh roimhe seo maidir leis an daonlathas, leis an smacht reachta, le saorthoghcháin chóra, leis an dlí idirnáisiúnta agus le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha;

(x) a áitiú ar Chónaidhm na Rúise gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh a chuirfeadh ceannasacht agus iomláine chríochach na Bealarúise i mbaol; imní a chur in iúl maidir faoin úsáid a bhaineann sí as an gcaibidlíocht maidir le soláthar leanúnach ola agus gáis don Bhealarúis mar mhodh brú pholaitiúil; an cur isteach hibrideach a rinne Cónaidhm na Rúise ar bhealaí amhail saineolaithe meán, mar a thugtar orthu, a tharmligean chuig meáin stáit na Bealarúise, maille le comhairleoirí do na gníomhaireachtaí míleata agus forfheidhmithe dlí, a ainmniú go poiblí agus a cháineadh, agus bac a chur ar leanúint de na gníomhaíochtaí sin; rabhadh a thabhairt i gcoinne aon iarrachtaí ar an staid a mhíleatú agus teannas a chothú leis na tíortha comharsanachta;

(y)  a thabhairt chun suntais go ndearna cleachtadh míleata fhórsaí armtha na Bealarúise a bhí ar siúl ag deireadh mhí Lúnasa 2020 ar an teorainn leis an Liotuáin agus leis an bPolainn, ar lean feachtas faisnéise naimhdeach agus míthreorach é, teannas agus mímhuinín a mhéadú;

(z) a admháil, cé gur baineadh forbairtí áirithe amach sa chaidreamh déthaobhach mar thoradh ar an mbeartas idirghabhála criticiúla a leanadh roimh na toghcháin chalaoiseacha don uachtaránacht a bhí ann an 9 Lúnasa 2020, gur tharla cúlú i rith agus i ndiaidh na dtoghchán sin ar an dul chun cinn i réimsí lárnacha an daonlathais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha - lena n-áirítear saoirse cainte agus tuairimíochta agus saoirse na meán, agus freisin maidir le cearta saothair - agus an tsochaí shibhialta, agus go bhfuil an staid shocheacnamaíoch á tréithriú le hioncaim ísle do líonta tí agus le rátaí arda dífhostaíochta, agus go bhfuil an geilleagar ina stad agus é faoi mhórthionchar ag fiontair faoi úinéireacht stáit agus ag corbadh; de réir mar a bheidh an tAontas ag gabháil do chur chuige níos sainoiriúnaithe i leith Chompháirtíocht an Oirthir agus de réir mar a thabharfaidh sé faoi athbhreithniú iomlán ar an gcaidreamh idir AE agus an Bhealarúis, ba cheart smaoineamh ar an bprionsabal ‘tuilleann níos lú beagmhéid’ a chur i bhfeidhm sa chás go dtagann meathlú breise ar staid chearta an duine, ar rud é sin nár cheart dó difear a dhéanamh do rannpháirtíocht agus tacaíocht don tsochaí shibhialta, do chosantóirí chearta an duine, do na meáin neamhspleácha agus do phobal na Bealarúise, ós rud é, i gcodarsnacht leis sin, go gcaithfear tacaíocht pholaitiúil, airgeadais, theicneolaíoch agus faisnéise a bhrostú tuilleadh de réir an phrionsabail ‘tuilleann breis tuilleadh’ agus go gcaithfear spreagadh a thabhairt chun an tsochaí shibhialta a rannpháirtiú níos mó i dtionscnaimh agus i dtionscadail sa Bhealarúis a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó thíortha eile;

(a a) athbhreithniú cuimsitheach ar a bheartas i leith na Bealarúise a ullmhú, le béim ar leith ar thacaíocht AE don tsochaí shibhialta agus do mhuintir na Bealarúise, agus cásanna éagsúla forbairtí sa tír á gcur san áireamh, agus an chaibidlíocht maidir leis na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Bhealarúis a chur ar fionraí go dtí go reáchtálfar saorthoghcháin chóra uachtaránachta sa Bhealarúis; a áitiú go gcaithfidh AE a bheith aontaithe agus seasmhach agus é ag freagairt don staid sa Bhealarúis tar éis na dtoghchán uachtaránachta;

(a b) an dara rogha a thairiscint maidir le comhar neartaithe agus i bhfad níos dlúithe leis an mBealarúis ar cuid de freisin gealltanas airgeadais agus teicniúil ó AE atá i bhfad níos mó dá ndéanfaí athruithe daonlathacha, lena n-áirítear toghcháin nua;

(a c) clár cuimsitheach a fhorbairt don Bhealarúis tar éis na dtoghchán uachtaránachta nua agus comhdháil deontóirí a eagrú don Bhealarúis dhaonlathach, trína dtabharfaí le chéile institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, tíortha G7, Ballstáit agus institiúidí AE, agus daoine eile atá toilteanach pacáiste airgeadais ilbhilliún euro a ghealladh chun tacú leis na hiarrachtaí athchóirithe a dhéanfar amach anseo agus le hathstruchtúrú an gheilleagair;

(a d) deireadh a chur láithreach le haon eisíocaíochtaí de chúnamh airgeadais AE le húdaráis neamhdhlisteanacha na Bealarúise agus gan aon chistiú a sholáthar don rialtas ná do thionscadail atá faoi rialú stáit, lena n-áirítear cúnamh nó cistiú atá curtha i leataobh don tsochaí shibhialta a sholáthar trí na heintitis sin; coinníollacha soiléire a leagan síos chun a ráthú nach dtiocfaidh tacaíocht airgeadais AE don Bhealarúis ar lámha ionadaithe an réimis ná nach ndéanfaidh sí a chuid gníomhaíochtaí a dhlisteanú, mura rud é go gcuirfidh an réimeas deireadh leis an gcos ar bolg, go rachaidh sé i mbun idirphlé leis na saoránaigh agus go gceadóidh sé saorthoghcháin chóra nua a reáchtáil;

(a e) a áirithiú go bhfreastalóidh an tacaíocht bhreise de EUR 53 milliún ar riachtanais mhuintir na Bealarúise, rud a fhágfaidh, sa bhreis ar an bhfaoiseamh a bhaineann le COVID-19, go gcumhdófar cóireáil leighis mhuintir sin na Bealarúise a gortaíodh agus a fágadh suaite mar thoradh ar an dianchniogbheartaíocht bhrúidiúil in aghaidh agóideoirí, agus i leith na gcásanna is tromchúisí a éascaíonn, agus a thacaíonn le, cóireáil agus téarnamh i mBallstáit AE; a chur in iúl go dtacaíonn siad le heagraíochtaí agus gníomhaithe na sochaí sibhialta, lena n-áirítear iad siúd atá ar deoraíocht, d’eagraíochtaí cumasúcháin agus dlíodóirí a sholáthraíonn seirbhísí dlí d’íospartaigh réimeas na Bealarúise, do dhoiciméadú agus imscrúdú sáruithe ar chearta an duine, agus d’oibrithe na Bealarúise atá ar stailc agus do na ceardchumainn neamhspleácha, do na meáin neamhspleácha agus don iriseoireacht imscrúdaitheach;

(a f) straitéis a fhorbairt le haghaidh cistí AE a dháileadh i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus le hionadaithe daonlathacha mhuintir na Bealarúise, le AE agus le heagraíochtaí agus institiúidí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta a bhfuil taithí acu ar bheith ag obair leis an mBealarúis;

(a g) a áitiú nach mór cláir thacaíochta a chuirtear chun feidhme trí BEI, trí BEAF, tríd an mBanc Domhanda, trí na Náisiúin Aontaithe agus trí eagraíochtaí idirnáisiúnta eile a bheith coinníollach ar fheabhas a chur ar staid chearta an duine agus an daonlathais, agus ar na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach a chomhlíonadh; a thabhairt dá n-aire agus aghaidh a thabhairt ar an bhfíoras nach ndéantar, faoi láthair, sna cláir a chuirtear chun feidhme i gcomhar leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta agus na struchtúir stáit sin sa Bhealarúis geallsealbhóirí neamhspleácha a áireamh ina gcomhlachtaí rialaithe, rud a fhágann nach é amháin go bhfuil éachtaí amhrasacha sna cláir sin, ach go rannchuidíonn siad freisin le heasáitiú eagraíochtaí den tsochaí shibhialta ó struchtúr an chomhair leis an Aontas ag na heagraíochtaí poiblí atá faoi úinéireacht an stáit (eagraíochtaí neamhrialtasacha arna n-eagrú ag rialtas nó GONGOanna);

(a h) a chur in iúl gur geal léi an iliomad gníomhartha dlúthpháirtíochta le muintir na Bealarúise, lena n-áirítear tiomsú airgid agus cúnamh carthanachta agus daonnúil; ina leith sin, deireadh a bheith á chur leis an iompar cabhrach daonnúla a d’eagraigh ‘NSZZ Solidarnosc’ a cháineadh;

(a i) tacú le hobair fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha maidir le neartú a dhéanamh ar fhorbairt agus ról na saoránach i ndáil le gnóthaí poiblí a mhúnlú agus ceannairí polaitiúla na haimsire atá le teacht sa Bhealarúis a chumhachtú;

(a j) a mheabhrú d’údaráis na Bealarúise gur thug AE freagairt mhear ar riachtanais phráinneacha na tíre le linn phaindéim COVID-19, rud a d’fhág gur shlóg sé os cionn EUR 60 milliún chun cabhrú le dul i ngleic le riachtanais láithreacha, amhail tacaíocht d’earnáil na sláinte agus do phobail leochaileacha, chomh maith le riachtanais ghearrthéarmacha, chun tacú leis an téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch;

(a k) a áitiú go bhfuil aon tacaíocht macra-airgeadais de chuid AE chun iarmhairtí eacnamaíocha na paindéime COVID-19 a mhaolú ag brath ar dhianchritéir pholaitiúla, go háirithe iad siúd atá nasctha leis an daonlathas agus cearta an duine, go mór mór deireadh a chur le brú faoi chois polaitiúil agus gach príosúnach polaitiúil a scaoileadh saor; a thabhairt faoi deara go bhfuil an tsábháilteacht núicléach ina himní do Bhallstáit AE agus go bhfuil bagairtí ann mar gheall ar an gcomhar míleata idir an Bhealarúise agus an Rúis, agus a áitiú go ndéanfar bearta leormhaithe chun an víreas a chomhrac agus an pobal a chosaint;

(a l)  a áitiú nach mór dlúthfhaireachán a dhéanamh ar thacaíocht den sórt sin chun aon mhí-úsáid a bhainfí as cistí AE a chosc, amhail cógais thurgnamhach nó vacsaíní turgnamhacha a mhaoiniú;

(a m)  béim a leagan ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí réimeas na Bealarúise ar an mbréagaisnéis a scaipeadh, agus fós tacaíocht AE a léiriú mar thacaíocht don réimeas; imní a chur in iúl faoi scaipeadh na bréagnuachta agus na bréagaisnéise sa Bhealarúis le linn phaindéim COVID-19, agus a mholadh d’údaráis na Bealarúise agus do AE araon cláir shonracha a fhorbairt lena ndéantar an bhréagaisnéis agus an bholscaireacht a chomhrac;

(a n)  a iarraidh ar údaráis na Bealarúise aitheantas poiblí a thabhairt do bhagairt phaindéim COVID-19, an córas cúraim sláinte a neartú, faisnéis agus staidreamh ábhartha tarrthála maidir leis an bpaindéim a sholáthar do na saoránaigh ar bhealach trédhearcach agus cuimsitheach, na moltaí ó mhisean saineolaithe EDS chuig an mBealarúis a chur chun feidhme, dálaí oibre na foirne leighis a fheabhsú, agus rochtain ar an gcúram sláinte, infhaighteacht agus cáilíocht an chúraim sláinte a fheabhsú, lena n-áirítear in áiteanna coinneála;

(a o) saincheist na sábháilteachta núicléiche a chóiméad mar mhórábhar imní do AE de bharr na n-iarmhairtí tubaisteacha a d’fhéadfadh a bheith ag timpiste don réigiún iomlán; caitheamh go práinneach leis an tsaincheist i dtaobh Stáisiún Núicléach Astravets (NPP) agus é ag druidim le tús a chuid oibríochtaí, agus an chéad seachadadh de bhreosla núicléach a bheith faighte ón Rúis agus a bheith luchtaithe go dtí an chéad imoibreoir, agus a thuilleadh ullmhúchán teicniúil a bheith á ndéanamh chun tús a chur le giniúint leictreachais i mí na Samhna 2010;

(a p) a éileamh go gcuirfear siar coimisiúnú beartaithe Stáisiúin Núicléach Astravets go dtí go mbeidh na caighdeáin sábháilteachta núicléiche idirnáisiúnta comhlíonta, go dtionólfar éisteachtaí poiblí éigeantacha, agus go bhfuil staid pholaitiúil na Bealarúise tar éis cobhsú, i bhfianaise roinnt fadhbanna sábháilteachta núicléiche atá fós gan réiteach a sainaithníodh le linn tástálacha struis, breithniú deiridh ar shábháilteacht an ghléasra a bheith ar díth, acmhainn neamhleor stórála do bhreosla núicléach spíonta agus do chúltaiscí fuinnimh, agus an staid éagobhsaí sa Bhealarúis faoi láthair a fhágann bearta freagartha a bheith casta i gcás tionóisce, a bhfuil baol nios mó go dtarlóidh a leithéid le linn sheoladh an imoibreora;

(a q) a chur in iúl go bhfuil sé ina imní dóibh nach ndéanfaidh an Bhealarúis moltaí na dtástálacha struis a rinne údaráis sábháilteachta núicléiche an AE a chur chun feidhme go hiomlán sula seolfar an chéad imoibreoir de Stáisiún Núicléach Astravet, ag tabhairt faoi deara, thairis sin, go bhfuil SPN á thógáil gan a áirithiú go mbeidh cúlchiste rialaithe tánaisteach ann is gá chun go bhfeidhmeoidh sé go sábháilte;

(a r) a áitiú go n-urramófar go hiomlán caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach agus chomhshaoil, comhar trédhearcach, cuimsitheach agus cuiditheach le húdaráis idirnáisiúnta, agus go soláthrófar acmhainní rochtana agus faireacháin d’eagraíochtaí comhshaoil neamhspleácha sa Bhealarúis maidir le Stáisiún Núicléach Astravets, agus a gcur chun feidhme a nascadh le heisíoc thacaíocht airgeadais AE; tacú le hiarrachtaí ar dhlúthpháirtíocht Eorpach a áirithiú maidir le toirmeasc a chur ar allmhairí fuinnimh ó Stáisiún Núicléach Astravets isteach i margadh AE;

An staid pholaitiúil sa Bhealarúis

(a s) a iarraidh go dtionólfar saorthoghcháin chóra roimh phróiseas athchóirithe bunreachtúil trédhearcach agus cuimsitheach, faoi réir comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí ábhartha uile shochaí na Bealarúise, mar dheis ríthábhachtach chun fíorathruithe a thabhairt isteach, lena n-áirítear maidir le cearta agus saoirsí sibhialta bunúsacha, lena dtabharfaí aghaidh ar na laigí atá sa chóras polaitiúil reatha, lena n-áiritheofaí próiseas toghchánach trédhearcach agus iolraíoch, agus lena dtabharfaí deis do mhuintir na Bealarúise ionadaíocht a bheith á déanamh orthu i bparlaimint a thoghtar go daonlathach agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol polaitiúil agus i bpróisis pholaitiúla;

(a t) a iarraidh ar na húdaráis trédhearcacht a mhéadú, deireadh a chur leis na bacainní treallacha ar fúthu nár cláraíodh aon pháirtí polaitíochta nua sa Bhealarúis ó bhí 2000 ann, agus clárú páirtithe polaitiúla, eagraíochtaí reiligiúnacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ceardchumainn neamhspleácha a chumasú, agus deireadh a chur leis na srianta a chuirtear i bhfeidhm ar eagraíochtaí seanbhunaithe agus an ghéarleanúint a dhéantar ar fhreasúra polaitiúla an réimis;

(a u) aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ann do na ceardchumainn neamhspleácha, lena n-áirítear clárú a dhiúltú, a gceannairí a ionchúiseamh ar chúiseanna polaitiúla, agus iallach a chur ar fhostaithe nua ar conradh a bheith ina gcomhaltaí de cheardchumainn atá faoi rialú an stáit;

Cearta an duine agus saoirse na meán

(a v) muintir na Bealarúise a mholadh as a misneach agus as a ndiongbháilteacht agus tacú go láidir leis an dúil atá acu go ndéanfar athrú daonlathach, ceartas sóisialta agus saoirse a bhaint amach, todhchaí a dtíre a bhunú ar phrionsabail an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine, chun saoirse, neamhspleáchas, ceannasacht agus rathúnas Phoblacht na Bealarúise a áirithiú;

(a w) a áitiú gur gá reachtaíocht náisiúnta Phoblacht na Bealarúise a leasú chun cearta agus saoirsí sibhialta bunúsacha a áirithiú, amhail an tsaoirse comhthionóil, an tsaoirse comhlachais, an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse tuairimíochta, chomh maith le saoirse na meán, agus comhlíonadh comhaontuithe idirnáisiúnta agus treoirlínte ESCE maidir le saoirse comhthionóil shíochánta; a iarraidh ar an mBealarúis comhoibriú go hiomlán le Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le staid chearta an duine sa tír, lena n-áirítear cuairteanna ar an mBealarúis, agus le Coiste na Náisiún Aontaithe i gcoinne an Chéasta agus le Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chun athchóirithe thar am a dhéanamh chun cearta an duine a chosaint, chun an daonlathas a neartú agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na céastóireachta agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach ar dhaoine atá faoi choinneáil sa Bhealarúis;

(a x) cáineadh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm leanúnach phionós an bháis sa Bhealarúis agus leanúint ar aghaidh ag obair le húdaráis na Bealarúise i dtreo moratóir mar chéim tosaigh lena dhíothú go brách agus, go dtí go ndéanfar é a dhíothú, oibriú i dtreo ceart achomhairc i gcoinne pianbhreitheanna báis; a mholadh go dtreiseofar leis an díospóireacht phoiblí maidir le pionós an bháis a dhíothú, rud a réiteoidh an bealach do reifreann a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir leis an tsaincheist sin;

(a y) an t-imeaglú agus an ghéarleanúint atá á ndéanamh i gcónaí ar chosantóirí chearta an duine, ar dhaoine ón bhfreasúra, lena n-áirítear daoine a bhfuil gealladh fúthu don uachtaránacht, a lucht tacaíochta agus daoine dá dteaghlach, agóideoirí síochánta, gníomhaithe na sochaí sibhialta, breathnóirí toghcháin, cosantóirí chearta an chomhshaoil, ceannairí reiligiúnacha, agus iriseoirí neamhspleácha agus blagálaithe, a cháineadh, go háirithe an oirbheartaíocht a an fhuadaithe agus fíneálacha troma a chuireann na húdaráis i bhfeidhm; a iarraidh ar an mBealarúis deireadh a chur leis an gcos ar bolg sin agus a ráthú go mbeidh na daoine sin in ann a gcuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích gan eagla an díoltais agus gan aon srian a bheith orthu; tost agus imeaglú dochtúirí, pearsanra míochaine agus daoine eile a labhair go hoscailte faoi scaipeadh COVID-19 sa Bhealarúis, agus a thug rabhadh faoi, a cháineadh;

(a z) a thabhairt faoi deara na hiarrachtaí chun cur isteach ar na gníomhaíochtaí oibre, agus chun teorainn a chur leo, agus tuairisciú chomhaltaí an Ionaid um Chearta an Duine ‘Viasna’, go háirithe Aliaksandr Burakou, Ales Burakou, Raman Kisliak, Uladzimir Vialichkin, Alena Masliukova, Andrei Miadzvedzeu agus Siarhej Lacinski, a chiúnú agus a iarraidh go gcuirfear deireadh le coinneáil, ionchúiseamh agus imeaglú na ndaoine sin agus daoine dá dteaghlach;

(b a) aitheantas a thabhairt don éifeacht scáfar atá ag an mbrú faoi chois ar an tsochaí shibhialta agus don ról tábhachtach atá ag cosantóirí chearta an duine i ndáil le faireachán neamhspleách a áirithiú, go háirithe le linn toghchán;

(b b) iarrachtaí réimeas na Bealarúise ar bhac a chur ar Bhealarúisigh atá cáinteach faoi dul isteach sa tír, amhail ceann Eaglais Chaitliceach na Bealarúise, Ardeaspag Tadeusz Kondrusiewicz, chomh maith le hiriseoirí neamhspleácha, oibrithe chearta an duine agus ionadaithe ón bpobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear Feisirí de Pharlaimint na hEorpa;

(b c) nós imeachta soiléir agus acmhainneachtaí soiléire a fhorbairt i measc Bhallstáit AE chun dlús a chur le breithniú agus eisiúint víosaí Schengen agus chun conair dhaonnúil a chruthú do shaoránaigh na Bealarúise i gcásanna ina bhfuil géarghá le cúnamh leighis nó tearmann a lorg ar chúiseanna polaitiúla;

(b d)  an t-idirdhealú agus an stiogmatú leanúnach atá dírithe ar dhaoine faoi mhíchumas, ar dhaoine a bhfuil VEID orthu, ar mhionlaigh, ar dhaoine LGBTQI, agus ar theaghlaigh cimí ar fud na Bealarúise a cháineadh, agus a iarraidh go mbunófar comhlacht náisiúnta neamhspleách um chearta an duine maille le Plean Gníomhaíochta nua um Chearta an Duine, agus go nglacfar reachtaíocht chuimsitheach frith-idirdhealaithe;

(b e)  a mheabhrú gur dhaingnigh an Bhealarúis an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla daingnithe, ar dá réir nach mór an reachtaíocht náisiúnta a ráthú, ar fhoras ar bith, go ndéanfar an uile dhuine a chosaint go comhionann agus go héifeachtach in aghaidh an idirdhealaithe: cine, dath, gnéas, teanga, reiligiún, creideamh polaitiúil nó creideamh eile, bunadh náisiúnta nó sóisialta, stádas maoine, agus imthosca breithe nó eile; imní a chur in iúl faoi fheasacht agus eolas ar an gCúnant i measc oifigigh rialtais, breithiúna, ionchúisitheoirí agus dlíodóirí a bheith teoranta i gcónaí; a iarraidh ar údaráis na Bealarúise feabhas a chur ar an gcóras oideachais agus faisnéis a scaipeadh sna meáin chun dearcadh fulangach i leith grúpaí leochaileacha a chothú;

(b f)  a iarraidh go ndéanfar gníomhaíocht chun an steiréitíopáil agus an t-idirdhealú leanúnach a dhéanann difear do mhná a chomhrac go héifeachtach trína dtimpeallacht oibre a fheabhsú, trí rochtain a thabhairt do mhná ar gach earnáil fostaíochta, tríd an mbearna phá idir na hinscní a laghdú, agus trí rannpháirtíocht pholaitiúil na mban a chur chun cinn, i measc bearta eile; an comhionannas inscne a phríomhshruthú i gcaidreamh an Aontais leis an mBealarúis;

(b g) saincheist an idirdhealaithe i gcoinne chainteoirí Bealarúisise sa Bhealarúis a tharraingt anuas agus tacú le tionscnaimh lena ndírítear ar úsáid níos leithne theanga na Bealarúise a chur chun cinn san oideachas, sa saol poiblí agus cultúrtha agus sna meáin;

(b h) leitheadúlacht an tsaothair éignithe, a dhíríonn go díréireach ar chatagóirí leochaileacha daoine, lena n-áirítear fostaithe i bhfiontair agus riaracháin atá faoi úinéireacht an stáit, mic léinn, daoine atá á gcoinneáil in ionaid chóireála saothair, mar a thugtar orthu, príosúnaigh agus coinscríofaigh airm, a cháineadh go láidir; a iarraidh ar an mBealarúis an reachtaíocht go léir lena gceadaítear saothar éignithe a chúlghairm agus gan iallach a chur ar mhuintir na Bealarúise páirt a ghlacadh i lá oibre bliantúil an phobail;

(b i)  aghaidh a thabhairt ar shaincheist an phionóis dhíréirigh laistigh de chóras dlí na Bealarúise, go háirithe Airteagal 328 den Chód Coiriúil, faoina ngearrtar pionós ar mhionaoisigh as cionta neamhfhoréigneacha a bhaineann le drugaí agus lena ngabhann téarmaí príosúnachta atá díréireach fada;

(b j) a mholadh go leanfar den Idirphlé maidir le Cearta an Duine idir AE agus an Bhealarúis, ach a áitiú nach ó theagmhálacha institiúideacha amháin a thagann a fhíorúsáideacht ach ó dhul chun cinn intomhaiste, rud nach bhfuil ag tarlú de réir eagraíochtaí rannpháirteacha sin den tsochaí shibhialta sa Bhealarúis;

(b k) faireachán a dhéanamh ar staid shaoirse na meán sa Bhealarúis agus tacú le timpeallacht shábháilte oibre, mar aon lena cruthú, d’eagraíochtaí meán neamhspleácha, blagálaithe agus iriseoirí, lena n-áirítear iad siúd atá ag obair ar bhonn neamhspleách le meáin eachtracha neamhchláraithe, chomh maith leis na meáin atá lonnaithe sa Pholainn, amhail Belsat TV, Raidió na hEorpa don Bhealarúis agus Radio Racja, mar gur foinse thábhachtach faisnéise iad sin don Bhealarúis agus faoin mBealarúis araon, agus ina mbealach a bhfuil géarghá leis le haghaidh tuairimí éagsúla;

(b l)  an t-idirlíon agus na meáin a bheith á gcur faoi chois, bacainní bóthair, agus imeaglú creidiúnuithe iriseoirí agus tarraingt siar ollmhór creidiúnuithe d’iriseoirí chun stop a chur leis an sreabhadh faisnéise faoin staid sa tír a cháineadh go láidir, chomh maith le rochtain ar an mBealarúis a dhiúltú do na meáin idirnáisiúnta agus do chomhaltaí parlaiminte nó rialtais an chomhphobail dhaonlathaigh;

(b m) na gníomhaíochtaí a rinne iriseoirí agus fostaithe d’eagraíochtaí poiblí na meán arb amhlaidh, in ainneoin géarleanúna agus bagairtí ina gcoinne, a d’fhanadar dílis do mheon an iriseora agus a lean de thacaíocht a thabhairt don fhreasúra daonlathach agus ar tugadh bata agus bóthar dóibh ina dhiaidh sin; obair na meán neamhspleách, lena n-áirítear Cairt 97, Belsat TV, Radio Svoboda agus a thuilleadh nach iad a aithint; an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais agus ionstraimí eile a úsáid chun tacú leis na heagraíochtaí agus na hiriseoirí sin atá á gcur faoi chois ag an réimeas;

(b n) cur i gcoinne, ar bhealach airdeallach, bréagscéalta bolscaireachta agus bréagaisnéise arna scaipeadh ag meáin stát na Bealarúise trínar líomhnaíodh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit gur chuir siad isteach ar na próisis atá ar siúl faoi láthair sa Bhealarúis agus a bheith ina mbagairt slándála ar shláine críche na tíre, chomh maith le haon bhagairtí hibrideacha arna ndéanamh ag gníomhaithe tríú páirtí; a iarraidh go mbainfear na ‘hiriseoirí’ líomhnaithe a seoladh ón Rúis chun teacht in ionad na bhfostaithe a d’éirigh as stáisiúin theilifíse sin na Bealarúise atá faoi úinéireacht an stáit;

Comhar eacnamaíoch agus earnálach

(b o) a mheabhrú don Bhealarúis gurb é AE an dara comhpháirtí trádála is mó atá aici agus go bhféadfadh diansaothrú an chaidrimh eacnamaíoch cothromaíocht a bhfuil géarghá léi a thabhairt do thrádáil sheachtrach na Bealarúise, atá fós ag brath go mór ar an Rúis agus ar an Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach;

(b p)  béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé leanúint den phróiseas maidir le haontachas na Bealarúise leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), toisc go spreagfaidh sé nuachóiriú agus éagsúlú an gheilleagair, go rannchuideoidh sé le timpeallacht ghnó níos cobhsaí a chruthú sa tír, agus go n-éascóidh sé trádáil riailbhunaithe le AE;

(b q) a thabhairt faoi deara gurbh é Uachtarán na Síne an chéad duine a thréaslaigh le Lukashenka tar éis na dtoghchán; imní a chur in iúl faoin líon méadaitheach infheistíochtaí ón tSín i mbonneagar straitéiseach, agus rabhadh a thabhairt faoin éifeacht spleáchais a d’fhéadfadh a bheith ann don Bhealarúis dá bharr;

(b r)  a thabhairt faoi deara go bhfuil geilleagar na Bealarúise ag titim chun siléige agus go bhfuil níos mó ná aon chúigiú den phobal ag maireachtáil faoi fhíorbhochtaineacht, agus go bhféadfadh méadú teacht ar an líon daoine sin mar gheall ar ghéarchéim COVID-19; a thabhairt faoi deara gurb é 375 rúbal Bhealarúiseacha in aghaidh na míosa nó EUR 137 an pá íosta sa Bhealarúis, agus go bhfuil an tír i ngreim ag géarchéim dhéimeagrafach, agus go bhfuil an daonra in aois oibre ag laghdú agus imirce ollmhór saothair ón mBealarúis ag tarlú;

(b s)  a thabhairt faoi deara go raibh éifeachtaí díobhálacha ar gheilleagar na Bealarúise toisc gur dhiúltaigh an réimeas dul i mbun idirphlé leis na daoine, agus go háirithe na stailceanna leanúnacha ar fud na tíre i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit agus na stailceanna ag múinteoirí agus ag oibrithe sóisialta agus cultúrtha; a thabhairt faoi deara freisin go raibh éifeachtaí díobhálacha ar earnáil TF, arbh fhéidir nach ndéanfadh sí téarnamh a d’fhágfadh í a bheith sa staid ina raibh sí roimhe seo;

(b t) a chur in iúl go bhfuil aiféala orthu nach bhfuil údaráis na Bealarúise toilteanach cloí leis na moltaí ó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais amhail an Banc Domhanda agus CAI, ná athchóirithe a chur chun feidhme lena ndéanfaí an líon ollmhór fiontar atá faoi úinéireacht stáit a laghdú, an earnáil ghnó a athchóiriú, fiontraíocht a spreagadh, tacaíocht a thabhairt do FBManna, an fiachas poiblí a laghdú, na costais réalaíocha mhaireachtála a sheachfhoinsiú chuig an bpobal agus dálaí oibre ar mhargadh an tsaothair a fheabhsú;

(b u) a n-imní a chur in iúl faoi rialacháin stáit a dhéanann dochar don earnáil phríobháideach, go háirithe an ceanglas i dtaobh íosphá a íoc nach bhfuil níos ísle ná meánphá na ndeich bhfiontar faoi úinéireacht stáit is rathúla;

(b v) a n-imní a chur in iúl faoin éilliú sistéamach forleathan ar mhórscála in institiúidí poiblí na Bealarúise agus i gcuideachtaí atá faoi úinéireacht stáit, imscrúduithe agus feachtais faisnéise frith-éillithe a spreagadh, agus tacú leo, imní a chur in iúl faoi chiapadh agus géarleanúint iriseoirí a thuairiscíonn cásanna éillithe, agus á áitiú go mbeidh timpeallacht shábháilte ann d’iriseoirí iniúchacha agus do sceithirí;

(b w) a áitiú go ndéanfar imscrúdú cuimsitheach ar shreabhadh airgeadais theaghlach Aliaksandr Lukashenka agus ar shreabhadh airgeadais a chomhlach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fhiontair stáit na Bealarúise i limistéir amach ón gcósta, chomh maith le scéimeanna éillithe fhiontair na Bealarúise;

(b x) éagsúlacht fuinnimh na Bealarúise a chothú agus laghdú a spleáchais ar an Rúis a chothú agus a spreagadh trí allmhairí ola agus gáis ó sholáthraithe nua, lena n-áirítear trí chríoch AE; a mholadh freisin go gcuirfear feabhas ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus forbairt foinsí malartacha fuinnimh a spreagadh;

(b y) béim a leagan ar a thábhachtaí leis an Aontas atá an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, go háirithe tríd an gComhaontú Glás don Eoraip agus Comhaontú Pháras 2015 a chur chun feidhme, agus an Bhealarúis a spreagadh chun feabhas a chur ar a comhar leis an Aontas Eorpach maidir le hábhair chomhshaoil d’fhonn athrú glas, éifeachtúlacht fuinnimh, inbhuanaitheacht agus neodracht aeráide a bhaint amach, agus chun leas a bhaint as na deiseanna atá ann a bhuí le Comhpháirtíocht Éifeachtúlacht Fuinnimh agus Comhshaoil Oirthear na hEorpa, agus fós a áitiú nach mór deireadh a chur le ciapadh gníomhaithe comhshaoil; a iarraidh ar an mBealarúis dlús a chur leis na hiarrachtaí ar an athrú aeráide a chomhrac agus príomhshruthú an athraithe aeráide a chur chun feidhme i ngach réimse den cheapadh beartais;

(b z) béim a leagan ar thionscnaimh faoi chuimsiú faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht Comhshaoil Dhiminsean an Tuaiscirt (NDEP), atá dírithe ar dhul i ngleic leis na fadhbanna comhshaoil is práinní sa cheantar;

Teagmhálacha idirphearsanta

(c a) a áitiú go bhfuil suim ag AE sna teagmhálacha idirphearsanta is leithne is féidir mar an bealach is fearr chun AE agus an Bhealarúis a thabhairt níos gaire dá chéile, mar aon le comhthuiscint agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn; cláir mhalartaithe ag a bhfuil cuntas teiste cruthaithe a chur chun cinn, amhail an Scéim Soghluaisteachta do Theagmhálacha Idirphearsanta Spriocdhírithe (MOST), agus a athdhearbhú gur léiriú nithiúil ar an mbeartas sin é an comhaontú éascaithe víosaí;

(c b) fáiltiú roimh an dul chun cinn i ndáil leis an gComhpháirtíocht Soghluaisteachta agus na comhaontuithe um éascú víosaí agus um athligean isteach a chur chun feidhme mar chuid de thimpeallacht soghluaisteachta shábháilte agus dea-bhainistithe idir AE agus an Bhealarúis;

(c c) aitheantas a thabhairt don bhfíoras, agus úsáid a bhaint as, go méadaíonn soghluaisteacht mhéadaithe idir AE agus an Bhealarúis nochtadh na saoránach do luachanna Eorpacha agus an tacaíocht don chlaochlú daonlathach;

(c d) féachaint an bhféadfadh saoránaigh na Bealarúise taisteal gan víosa chun nach mbeadh an teagmháil idir dhaoine á cur faoi chois ag prionsabail neamhdhaonlathacha údaráis na Bealarúise;

(c e) tacú le comhar agus gluaiseacht trasteorann idir an Bhealarúis agus Ballstáit chomharsanachta AE, go háirithe údaráis na Bealarúise a spreagadh chun an córas tráchta teorann áitiúil leis an Liotuáin a chur chun feidhme, rud a rachadh chun tairbhe dóibh siúd atá ina gcónaí laistigh de raon 50 ciliméadar ar an dá thaobh den teorainn;

(c f) aitheantas a thabhairt don ról atá ag diaspóra na Bealarúise sa mhúscailt dhaonlathach sa Bhealarúis agus a chomhaltaí i mBallstáit AE a spreagadh lena bheith ina ngníomhaithe tábhachtacha in idirphlé náisiúnta sa Bhealarúis;

(c g) tacú le comhar i réimse an chultúir trí chláir amhail Eoraip na Cruthaitheachta, agus go háirithe tionscadail lena ndírítear ar chruthaitheacht a chothú, lena mbaineann eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus tionscnaimh ar an leibhéal áitiúil; dlúthpháirtíocht na hEorpa le sochaí na Bealarúise a chur chun cinn agus a shlógadh trí léirithe cultúrtha;

(c h) dlús a chur leis na hiarrachtaí chun a áirithiú go mbeidh daoine óga sa Bhealarúis in ann tairbhe a bhaint as oideachas ar chaighdeán níos fearr trí dhul chun cinn i gcur chun feidhme Phróiseas Bologna agus trí shoghluaiseacht acadúil agus deiseanna méadaithe chun staidéar a dhéanamh san Aontas trí chlár Erasmus+, is féidir a rannchuidiú, ar bhealach réadach agus fadtéarmach, le hathrú meoin sa Bhealarúis agus le haistriú nádúrtha luachanna Eorpacha chuig an tír agus a daonlathú;

(c i) tacaíocht a thabhairt d’ógra na Bealarúise nach gcuirfear oideachas orthu sa Bhealarúis mar gheall ar a rannpháirtíocht sna hagóidí ar fud na tíre, agus scoláireachtaí a sholáthar dóibh chun staidéar a dhéanamh in institiúidí oideachais Bhallstáit AE;

(c j) tacaíocht airgeadais AE d’Ollscoil na nDaonnachtaí Eorpacha (EHU), ollscoil Bhealarúiseach i Vilnias, a choinneáil;

(c k) scoláireachtaí a sholáthar i gcomhair acadóirí a chaill a bpoist teagaisc agus taighde toisc iad a bheith rannpháirteach sna hagóidí;

(c l) tacú le cláir oideachais le haghaidh athdhíriú gairmiúil státseirbhísigh na Bealarúise ar tugadh bata agus bóthar dóibh nó a d’fhág an státseirbhís go deonach;

(c m) tacú le digiteáil an oideachais tar éis ráig COVID-19 sa Bhealarúis;

(c n) a aithint go bhfuil a lán guthanna den réabhlóid dhaonlathach leanúnach sa Bhealarúis ina gcéimithe de chuid Bhallstáit AE nó ina rannpháirtithe i gcláir éagsúla a fhaigheann tacaíocht ó AE lena ndírítear ar a gcáilíochtaí gairmiúla a ardú agus ar ghníomhaíochtaí gairmiúla a chumasú;

(c o) pobal eolaíochta na Bealarúise a spreagadh chun comhar lena gcomhghleacaithe Eorpacha a mhéadú agus chun lán-úsáid a bhaint as Fís na hEorpa;

(c p) cláir tacaíochta daonlathais agus cumarsáid straitéiseach a neartú, agus tacú le for-rochtain níos mó do phobail áitiúla lasmuigh de na cohóirt thraidisiúnta ‘atá ar son na hEorpa’;

2. Á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

21.9.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

60

7

1

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alviina Alametsä, Alexander Alexandrov Yordanov, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Anna Bonfrisco, Reinhard Bütikofer, Fabio Massimo Castaldo, Włodzimierz Cimoszewicz, Katalin Cseh, Tanja Fajon, Anna Fotyga, Michael Gahler, Kinga Gál, Sunčana Glavak, Raphaël Glucksmann, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Márton Gyöngyösi, Sandra Kalniete, Dietmar Köster, Andrius Kubilius, Ilhan Kyuchyuk, David Lega, Miriam Lexmann, Nathalie Loiseau, Antonio López-Istúriz White, Lukas Mandl, Thierry Mariani, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Javier Nart, Gheorghe-Vlad Nistor, Urmas Paet, Demetris Papadakis, Kostas Papadakis, Tonino Picula, Manu Pineda, Kati Piri, Giuliano Pisapia, Jérôme Rivière, María Soraya Rodríguez Ramos, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Andreas Schieder, Radosław Sikorski, Jordi Solé, Sergei Stanishev, Tineke Strik, Hermann Tertsch, Harald Vilimsky, Idoia Villanueva Ruiz, Viola Von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz, Charlie Weimers, Isabel Wiseler-Lima, Salima Yenbou, Željana Zovko

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Özlem Demirel, Angel Dzhambazki, Assita Kanko, Arba Kokalari, Dragoş Tudorache, Mick Wallace, Elena Yoncheva, Marco Zanni

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

60

+

EPP

Alexander Alexandrov Yordanov, Traian Băsescu, Michael Gahler, Kinga Gál, Sunčana Glavak, Sandra Kalniete, Andrius Kubilius, David Lega, Miriam Lexmann, Antonio López-Istúriz White, David McAllister, Lukas Mandl, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Gheorghe-Vlad Nistor, Radosław Sikorski, Isabel Wiseler-Lima, Željana Zovko, Arba Kokalari

S&D

Maria Arena, Włodzimierz Cimoszewicz, Tanja Fajon, Raphaël Glucksmann, Dietmar Köster, Sven Mikser, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Kati Piri, Giuliano Pisapia, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Andreas Schieder, Sergei Stanishev, Elena Yoncheva

RENEW

Petras Auštrevičius, Katalin Cseh, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Javier Nart, Urmas Paet, María Soraya Rodríguez Ramos, Dragoş Tudorache

ID

Anna Bonfrisco, Marco Zanni

GREENS

Alviina Alametsä, Reinhard Bütikofer, Jordi Solé, Tineke Strik, Viola Von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz, Salima Yenbou

ECR

Anna Fotyga, Hermann Tertsch, Charlie Weimers, Angel Dzhambazki, Assita Kanko

NI

Fabio Massimo Castaldo, Márton Gyöngyösi

 

7

-

ID

Thierry Mariani, Jérôme Rivière

GUE

Manu Pineda, Idoia Villanueva Ruiz, Özlem Demirel, Mick Wallace

NI

Kostas Papadakis

 

1

0

ID

Harald Vilimsky

 

 

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 19 Deireadh Fómhair 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais