Déantar na tairiscintí i gcomhair rún agus na tuarascálacha a leagann Feisirí agus coistí Parlaiminteacha síos a chur chun vóta sa chruinniú iomlánach le díospóireacht nó dá héagmais. Tar éis an vóta, déantar na téacsanna deiridh arna nglacadh a fhoilsiú agus a chur ar aghaidh chun na n-údarás lena mbaineann.