Inrochtaineacht ar shuíomh gréasáin Europarl

Ciallaíonn inrochtaineacht gréasáin, an déanamh deimhin de gur féidir le daoine a bhfuil an raon is leithne acmhainní acu rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis agus feidhmeanna a bhfuil fáil orthu ar an idirlíon.

Mar eagraíocht earnála poiblí, féachann Parlaimint na hEorpa le rochtain chomhionann ar fhaisnéis a áirithiú do gach úsáideoir, bídís faoi mhíchumas nó ná bíodh, gan beann ar an ngléas nó ar an mbogearra atá á úsáid acu agus ar an timpeallacht a mbíonn siad ag obair inti chun gur féidir leo úsáid a bhaint as an bhfaisnéis, seirbhísí agus uirlisi a chuirimid ar fáil.

Tá an Pharlaimint tiomanta do rochtain a thabhairt ar a suíomhanna gréasáin agus táimid ag obair go gníomhach chun taithí an úsáideora a fheabhsú do chách tríd an inrochtaineacht agus inúsáidteacht a mhéadú. Áirítear ar chuid den obair seo, a áirithiú go gcomhlíonfaimid na caighdeáin reatha maidir lenár dtáirgí agus ábhar, lena n-áirítear iad sin a liostaítear i dtreoir an Aontais maidir le hinrochtaineacht gréasáin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh), a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2016.

Sa treoir ceanglaítear ar eagraíochtaí earnála poiblí Íoslódáil an doiciméad Caighdeán Eorpach EN 301 549 a chur i bhfeidhm ar a suíomhanna gréasáin agus ar a n-uirlisí ar líne. Tá an caighdeán seo bunaithe ar an leagan is déanaí de na treoirlínte, Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1, leibhéal comhréireachta AA.

Rinne Cuibhreannas an Ghréasáin Dhomhanda (W3C) na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán a chruthú mar chuid den tionscnamh inrochtaineachta gréasáin. Tá siad ceaptha do gach soláthraí ábhair gréasáin, scríbhneoir, forbróir agus dearthóir.

Ba cheart go gcomhlíonfadh an t-ábhar inrochtana na ceithre phrionsabal maidir le hinrochtaineacht gréasáin (prionsabail ‘IIIS’):

  1. Inbhraite – ba cheart go mbeadh an t-ábhar ar fáil do cheann amháin ar a laghad de chéadfaí an úsáideora. Mar shampla, úsáidtear téacs malartach chun cur síos a dhéanamh ar íomhánna d’úsáideoirí lagamhairc.
  2. Inoibrithe – is féidir an t-ábhar a rialú le huirlisí éagsúla. Mar shampla, úsáid a bhaint as an méarchlár agus as sin amháin, do dhaoine nach bhfuil ábalta luchóg a úsáid.
  3. Intuigthe – teanga shoiléir agus shimplí agus comhéadain intuartha agus chomhsheasmhacha a úsáid. Cuidíonn sé seo le daoine atá faoi mhíchumas cognaíocha nó léitheoireachta.
  4. Stóinsithe – ba cheart go n-oibreodh an suíomh gréasáin nó aip go maith leis na hardáin, brabhsálaithe agus gléasanna éagsúla ar fad, lena n-áirítear teicneolaíocht chúnta.

Stádas comhlíonta

Tá barrfheabhsú á dhéanamh ar an suíomh gréasáin seo chun Íoslódáil an doiciméad Caighdeán Eorpach EN 301 549 a chur i bhfeidhm air agus tá sé ag cloí go páirteach le caighdeán leibhéal AA i dtaca leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1.

Ba cheart go mbeifeá in ann:

  • zúmáil isteach suas le 300% a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan aon fhadhb
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach an méarchlár a úsáid
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht chúnta amhail léitheoir scáileáin nó formhéadaitheoir scáileáin

In ainneoin ár n-iarrachtaí i leith inrochtaineacht ar shuíomhanna gréasáin a bhaint amach, tá ábhar áirithe amhail físeáin a úsáidtear ar leathanaigh ar leith go mb’fhéidir nach ndearnadh iad a bharrfheabhsú fós. Déanaimid faireachán leanúnach ar an inrochtaineacht atá ar ár suíomh gréasáin agus leanaimid d’fheabhsuithe a dhéanamh ar na gnéithe inrochtaineachta.

Aiseolas

Trí do thaithí a thuairisciú, cuideoidh sé linn an inrochtaineacht ar ár suíomh gréasáin a fheabhsú tuilleadh.

Cuir in iúl dúinn é le do thoil má bhíonn aon fhadhb agat, más gá duit rochtain a fháil ar fhaisnéis dorochtana nó má fheictear duit go bhfuil aon cheann dár ngnéithe úsáideach ar bhealach ar leith. Beimid i dteagmháil leat a luaithe agus is féidir.