Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Samhain 2023
EPUB 159kPDF 726k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 3 : CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA

Riail 136 : Ceisteanna i gcomhair freagra ó bhéal maille le díospóireacht

1.   Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún nó chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus iarraidh ag gabháil leo go gcuirfear ar chlár oibre na Parlaiminte iad.

Cuirfear ceisteanna den sórt sin faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn. Déanfaidh an tUachtarán iad a tharchur láithreach chuig Comhdháil na nUachtarán.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh i dtaobh an gcuirfear nó nach gcuirfear na ceisteanna sin ar an dréachtchlár oibre i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 157. Maidir le ceisteanna nach gcuirtear ar dhréachtchlár oibre na Parlaiminte laistigh de thrí mhí ón tráth a thíolactar iad, titfidh siad ar lár.

2.   Déanfar ceisteanna arna ndíriú chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a tharchur chuig an seolaí seachtain amháin ar a laghad roimh an suí iomlánach a mbeidh na ceisteanna sin ar a chlár oibre agus déanfar ceisteanna arna ndíriú chuig an gComhairle a tharchur chuici trí seachtaine ar a laghad roimh an dáta sin.

3.   I gcás ina mbaineann na ceisteanna leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta, ní bheidh feidhm ag na teorainneacha ama dá bhforáiltear i mír 2, agus ní mór an freagra a thabhairt sách pras ionas go gcoimeádfar an Pharlaimint ar an eolas go cuí.

4.   Déanfaidh Feisire arna ainmniú roimh ré ag na ceistitheoirí an cheist a thairiscint sa Pharlaimint. Mura bhfuil an Feisire sin i láthair, titfidh an cheist ar lár. Freagróidh an seolaí.

5.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 132(2) go (8) a bhaineann le tairiscintí i gcomhair rúin a chur síos agus le vótáil a dhéanamh orthu.

An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais