Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Samhain 2023
EPUB 159kPDF 726k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 3 : CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA

Riail 138 : Ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn

1.   Féadfaidh aon Fheisire, grúpa polaitiúil nó coiste ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn a dhíriú chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún nó chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i gcomhréir le critéir arna leagan síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo. Is ar údair na gceisteanna a bheidh an fhreagracht iomlán as inneachar na gceisteanna sin. (1)

2.   Cuirfear ceisteanna i bhfoirm leictreonach faoi bhráid an Uachtaráin. Is é an tUachtarán a shocróidh saincheisteanna faoi inghlacthacht ceiste. Ní bheidh cinneadh an Uachtaráin bunaithe go heisiach ar fhorálacha na hiarscríbhinne dá dtagraítear i mír 1 ach beidh sé bunaithe ar fhorálacha na Rialacha Nós Imeachta seo i gcoitinne. Cuirfear cinneadh réasúnaithe an Uachtaráin in iúl don cheistitheoir.

3.   Féadfaidh gach Feisire, grúpa polaitiúil nó coiste fiche ceist ar a mhéad in aghaidh tréimhse leanúnach trí mhí a thíolacadh. Mar riail ghinearálta, freagróidh an seolaí na ceisteanna laistigh de thréimhse sé seachtaine ón tráth ar cuireadh na ceisteanna chuige. Féadfaidh aon Fheisire, grúpa polaitiúil nó coiste ceann amháin dá cheisteanna a ainmniú mar "cheist tosaíochta" a bheidh le freagairt ag an seolaí laistigh de thrí seachtaine ón tráth a cuireadh chuige í.

4.   Féadfaidh Feisirí eile seachas an t-údar cuidiú le ceist. Ní chuirfear na ceisteanna sin san áireamh ach in uaslíon ceisteanna an údair agus ní in uaslíon an chuiditheora faoi mhír 3.

5.   Murar fhreagair an seolaí ceist laistigh den spriocdháta dá bhforáiltear i mír 3, féadfaidh an coiste freagrach a chinneadh é a chur ar an gclár oibre dá chéad chruinniú eile.

6.   Déanfar na ceisteanna agus na freagraí, lena n-áirítear na hiarscríbhinní a bhaineann leo, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

(1) Féach Iarscríbhinn III.
An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais